Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Staraidheacht Nua-Dhéanta - An Fhiann agus an Fhiannaidheachd.
Title
Staraidheacht Nua-Dhéanta - An Fhiann agus an Fhiannaidheachd.
Author(s)
Mac Piarais, Padraig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN FHIANN AGUS AN FHIANNAIDHEACHD. “A' bhfeicir na Goill-fhir ag luighe seach 'na n-aonluchd, 'S go mbeirid a gcinn tar na Cyclops le chéile? Atáid annsúd, uch! trúip na Féinne, Go hárdhach, lúbach, lúthmhar, léimneach!” Is iomdha caith-mhíleadh cródha calma agus féinnidh fial feardha do Chlannaibh Gaedheal do mhair le linn na haimsire atá caithte. Maiseadh féin, níor mhair riamh i nÉirinn iath-ghlais oileánaigh, ná i nAlbain achd chomh beag, aon dream do Ghaedhealaibh do sháruigh ar cháil ná ar chlú, ar threise ná ar thréineas, ar fhéile ná ar fhíor- uaisleachd, an drong mhórdha mhear-mheanmnach úd .i. Fianna glan-áilne Gaedheal. Tá do mhéid an mheasa do bhí ag Gaedhealaibh ar an bhFéinn go bhfuil an Fhiannaidheachd .i. sgéalaidheachd fá'n bhFéinn ar an gcuid is mó líonmhaireachd do litridheachd na hÉireann indiu. Tá fós do mhéid na suime atá ag Gaedhealaibh na haimsire seo féin 'sa' bhFéinn, gurab iad Fionn agus an Fhiann is mó atá mar ádhbhar sgéalaidheachda ag Gaedhilgeoiríbh Éireann agus Alban. Gach cnoc is gach sliabh, gach linn is gach eas dá bhfuil ó Dhonnchadh Daoi go Tigh Mhóir, is amhlaidh atá sgéalaidheachd Fhéinne le n-a haithris ag na sean-daoinibh fútha go léir. Dá bhfeicfeá cloch mhór liath agus í suidhte fá thaobh sléibhe nó ar mhaoilinn chnuic cheann-ghairbh, níor mhór dhuit bheith deimhneach gurab é Fionn mac Cumhaill do chaith an chloch soin le fathach nó le hallmhurach éigin do bhí ar teann-ruathar teichidh roimhe, gurab amhlaidh do shuidh an chloch ar an láthair sin ar mhodh go bhfuil sí ann go dtí an lá indiu. Dá gcasfaidhe sgailp mhór leat agus í ag déanamh dhá leath do chnoc nó do mhór- shliabh, d'fhéadfá bheith cinnte gurab amhlaidh do bhí Fionn nó duine éigin do'n Fhéinn ag teann-tóruigheachd fathaigh nó Lochlannaigh lá, gur bhuail sé buille claidhimh faoi i gcaoi gur theip air a amus gur sgoilteadh an sliabh leis an mbuille sin. Ba mhór iad tréithe na Féinne gan aon amhras, má's fíor a léighthear i sgéalaidheachd na hÉireann. Maith an bhuidean do bhí 'na maithibh (amhail adubhairt Gráinne inghean Chormaic mhic Airt le Dáire Duanach mac Mórna), mar atá, Fionn fial fír-eolgach mac Cumhaill, Oisín uasal mac Finn, Osgar an-ghlonnach mac Oisín, Gall glan- bhéimeannach mac Mórna, Caoilte caol- chosach mac Rónáin, Diarmaid déid-gheal dreach-sholais ua Duibhne, mac Luighdheach láimh-éachdach .i. mac inghine d'Fhionn, Fearghus Finn-Bhéil mac Fhinn, Diorraing mac Dhobhair Uí Bhaoisgne, agus go mor-mhór Conán maol mallachdach na Féinne, fear millte agus mór- bhuaidheartha gacha cuideachdan. Níl fúm, ámh, tráchd fá'n bhFéinn féin do'n dul so, achd beag. Ar bheith i bhféagmhais anma dhom 'seadh thugas “An Fhiann agus an Fhiannaidheachd” ar an aisde seo. Déan- faidh sé an gnó, b'fhéidir, chomh maith le n-a mhalairt d'ainm. 'Sé rud atá romham, ámh, sgrúdughadh agus géar-lorgaireachd do dhéanamh ar an bhFiannaidheachd, — 'sé sin le rádh, ar a bhfuil sgríobhtha agus ceaptha ag Gaedhealaibh Éireann agus Alban d'fhilidheachd agus do chaint- sgurtha ag baint leis an bhFéinn. Ní dhéan- fad, ar a shon soin, achd a bhfuil ráidhte cheana ag luchd seanchasa do sgrudughadh, bíodh sé i nGearmáinis, i bhFrainncis, nó i mBéarla, d'ath-aithris i nGaedhilg. Maiseadh, le tosnughadh ar an sgéal, tá an Fhiannaidheachd so ar n-a roinnt 'na trí rannaibh, do réir aimsire a ceaptha. An
chéad roinn díobh, Fiannaidheachd do cumadh (nó do cuireadh síos, mar badh chirte dhom a rádh) i rith na haonmhadh haoise déag agus na dara haoise déag; caint sgurtha a furmhór so, achd tá filidheachd uirthi freisin. An dara roinn, Fiannaidheachd do sgríobhadh síos le linn na ceathramhadh haoise déag agus na cúigeadh haoise déag. An tríomhadh roinn, Fiannaidheachd do cuireadh le chéile ó'n gcúigeadh haois déag go dtí an lá atá indiu ann. Béidh cur-síos gearr agam ar gach roinn do na rannaibh seo. (1) Maidir leis an gcéad roinn, ní mór le rádh í i dtaobh a líonmhaireachda, achd is maith is fiú sgrúdughadh í 'na dhéidh sin. Caithfear a rádh ar an gcéad rud, cé gur fá'n aonmhadh haois déag no fá'n dara haois déag do sgríobhadh síos a furmhór, nach bhfágann soin ná gur cumadh mór-chuid di i bhfad roimhe sin. Is deimhin gur cumadh agus í do bheith mar bhéal-oideas ag luchd sgéal- aidheachda le ciantaibh sul má sgríobhadh síos í. Do réir mar adeir Aelfread Nutt, féadfaidhe a bhfuil le fagháil d'Fhiannaidheachd ar n-a cur síos roimh an dara haois déag do chur i gclódh i leabhairín nach mbeadh ann acht céad leathanach; achd dár ndóigh, is ró- dhearbhtha gur ceapadh a lán d'Fhiannaidheachd le linn an dá aois sin agus gan í ar fagháil indiu. Is baramhlach gur dóigheadh nó gur sgaipeadh leis an ngaoith na céadta do shean-leabhraibh a raibh neart Fiannaidheachda ionnta. Agus rud eile: ó'n mbeagán so do sgéalaidheachd do cumadh le linn an dá aois úd, 'seadh d'fhás na mílte do sgéaltaibh atá le fagháil ins na leabhraibh lámh do sgríobhadh i rith na seacht gcéad bliadhan so ghabh tharainn; agus fós gach cinéal sgéil dá bhfuil ar fagháil anois againn, is amhlaidh atá a mhac-samhail le fagháil ar an sean-Fhiann- aidheachd so. Tá rud eile is ion-chuirthe síos dom i dtaobh na sean-Fhiannaidheachda. Tá a fhios ag an saoghal mór ar fad — nó, muna bhfuil, badh cheart go mbéadh — gurbh é Oisín do mhair i ndéidh na Féinne eile, do réir na nua-sgéalaidheachda, gur aithris sé a n-im- theachda is a sgéala do Phádraig Naomhtha. Ní hé sin, ámh, dálta na sean-Fhiannaidheachda. D'á réir siud ba hé Caoilte mac Rónáin .i. giolla turais Fhinn do mhair d'éis na Féinne is d'innis a sgéala do Ghaedhealaibh. Is ionann cás do'n dara roinn ar a dtráchdfad anois. (2.) 'Sé is ion-tuigthe as laighead na sean- Fhiannaidheachda agus sgéalaidheachd Chon-culainn do bheith chomh líonmhar fairsing sin, gur mhó go mór an spéir do chuiridís na sean- Ghaedhil — agus go haírithe uaisle na sean- Ghaedheal — i sgéalaidheachd Chon-culainn ná mar chuiridís i bhFiannaidheachd. Achd, cé nach feasach dhúinn cad fó ndear, tháinig atharughadh mór ar an nGaedhealtachd le linn na dara haoise déag. Ó shoin anuas is follas gur cuireadh ní ba mhó suime i bhFiannaidheachd ná i n-aon saghas sgéalaidh- eachda eile. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an méid d'Fhiannaidheachd do cumadh ó'n am soin anuas go dtí an t-am atá i láthair indiu againn, i gcoimh-mheas le n-ar cumadh do sgéalaidheachd Chon-culainn. Agus ní hé amháin go ndeachaidh sgéalaidheachd Chon- culainn i laige, achd is amhlaidh do ghabh an fhiannaidheachd ag fás agus ag síor-fhás, ag leathadh agus ag síor-leathadh ionnas gurab í atá ar dhá dtrian dh'á bhfuil againn d'fhinn- sgéalaidheachd indiu. Cad fó ndear an t-atharrughadh mór so? 'Sí tuairim Aelfread Nutt gurab é do b'fháth leis, Dál gCais do theachd chum tosaigh le linn Bhriain Bhóirmhe. Le n-a linn-sean 'seadh so fuair maithe Mumhan an lámh
uachdair ar Uíbh-Néill ar an gcéad uair. An fhaid do bhí sliochd Néill i righe Éireann, níor bhaoghalach ná gurab i sgéalaidheachd Uladh, .i. sgéalaidheachd Chon-culainn, ba mhó do cuireadh suim ag Gaedhealaibh idir Ulaidh agus chách eile. Achd, iar mbaint áird-cheannais Éireann do Bhrian do Mhaoilsheachlainn, tháinig atharrughadh 'sa' sgéal. Cuireadh sgéalaidheachd Mhumhan i n-áirde agus do thuit sgéalaidheachd Uladh chum deiridh. Tá dá bhárr soin, is dócha, gur mó d'fhás an Fhiann- aidheachd, ar a raibh blas Mumhan riamh, ná aon chinéal sgéalaidheachda eile. Bíodh soin mar atá, is deimhin go bhfuil a lán mór d'Fhiannaidheachd, idir chaint sgurtha, chaint chumaisg agus fhilidheachd, ar an dara roinn do na trí rannaibh seo atá déanta againn. “Agallamh na Seanórach” an aisde is mó cáil agus luach dá mbaineann leis an dara roinn seo. Caint chumaisg atá 'san aisde seo .i. filidheachd a leath agus caint sgurtha a leath eile. Ar dhinnseanchas na hÉireann 'seadh is mó thráchdas sí, agus 'sé Caoilte mac Rónáin fear innsde an sgéil. (3.) Tá orm 'sa' tríomhadh háit breathnughadh ar na nua-fhiannaidheachd .i. ar ar cumadh do sgéalaidheachd Fhéinne le linn na gceithre aois seo do ghabh tharainn. Téirigh isteach i n-Acadamh Ríoghamhail na hÉireann, nó i gColáisde na Trionóide nó i n-aon cheann eile do na leabharagánaibh móra atá ar bun i nÉirinn, i nAlbain, i Sasana nó 'san Eoraip féin. Féach go cruinn ar a bhfuil le feicsint ins na háitibh seo do nua-fhian- naidheachd, agus geallaim-se dhuit-se go gcuir- fear iongnadh an tsaoghail ort. Táid le fagháil annsoin na mílte — na mílte, an eadh? ní headh, achd na céadta agus na mílte do mhíltibh — do láimh-sgríbhnibh agus iad ar n-a líonadhle sgéalaidheachd fá'n bhFéinn. Dá dtaisdealfá an Roinn Eorpa ó'n taobh thiar go dtí an taobh thoir agus ó'n taobh ó thuaidh go dtí an taobh ó dheas, ní fheicfeá 'sa' mhéid do'n chruinne do shiubhalfá, a samhail eile do litridheachd láimh-sgríobhtha ar líonmhaireachd, ar áilne, ar uaisle ná ar iongantachd. Chaithfidhe deich míle leathanach 8uo do cheangal le chéile agus leabhar do dhéanamh dhíobh dá mb'áil linn a bhfuil le fagháil do nua- fhiannaidheachd do chur i gclódh i n-aon leabhar amháin, agus gan an t-iomlán do bheith thíos againn 'na dhéidh sin, mar tá mhórán mór do'n fhiannaidheachd gan sgríobhadh síos fós. Caithfear dhá roinn do chéanamh do'n nua- fhiannaidheachd so: filidheachd an chéad roinn, agus caint sgurtha agus caint chumaisg an roinn eile. Maidir leis an bhfilidheachd is é an leabhar mór úd do cuireadh le chéile fá'n mbliadhain 1518 ag Séamus Mac Griogara, deagh-dhuine eolgach do Ghaedhealaibh Alban, an cnuasach is sine dhí dá bhfuil againn. Tá an leabhar so ar n-a choimeád, má's fíor dhom, i Leabhragán na dTagarthóir i nDún Éadain. Tá ar an gceann is sine seachas sin láimh-sgríbhinn atá i Mainisdir Bhráithreach Naoimh Proinsias i mBaile Átha Cliath. 'Sa' bhliadhain 1627 'seadh do sgríobhadh í siud. Caithfear dhá roinn eile do dhéanamh do'n chaint sgurtha. Tá ar an gcéad roinn díobh- so sgéalta ar a bhfuil cuma sdaire fírinnighe, agus is amhlaidh atáid seo, agus fírinne agus bréagachd ar n-a measgadh tré n-a chéile ionnta. Maidir leis an dara roinn, níl innti achd finn-sgéalaidheachd fhilidheachda amhail do- bheir an Céitinneach uirthi. Ó thárla dhom an oiread tráchda do dhéan- amh fá fhiannaidheachd, is dóighthe go bhfiafró- char dhiomh cia hiad an Fhiann? Níor mhor dhom iarraidh do dhéanamh ar an gceisd sin d'fhuasgailt. Ní fhéadaim, ámh, an cheisd úd atá dá tagairt ag luchd-eolais na cruinne le
tamall, .i. an raibh Fionn agus an Fhiann riamh ann? í do leigint tharm. Dar le n-a lán, níor mhaireadar riamh. Cia an t-ughdar atá le fiannaidheachd, mar sin? Tá dream ann adeir gurab é rud do bhí i bhFionn ná an ghrian! Is iomdha nós aisdeach dá chleachdadh ag an mbuidhin eolais, agus tá ar nós do na nósaibh seo a rádh nach raibh ins gach laoch agus gach curadh do mhair i n-allód achd an ghrian. Luchd eolais na Gearmáine is mó is cionn- tach leis an mbaramhail seo do chraobhsgaoi- leadh. Dhá réir siud ní raibh i gCoin-chulainn, i bhFionn, ná i n-aon laoch eile do laochaibh an domhain achd an ghrian. Tá sé ar eolas ag gach aon'ne gur dhearbhuigh duine aca nach raibh Naomh Pádraig féin riamh ann. Le fonómhad fá'n dream so 'seadh do chum duine éigin leabhar ag dearbhughadh go cruinn nár mhair Napóleon riamh. Ag tráchd dom ar an gceisd seo, ámh, is é is in-déanta dhom na hargóinte do-bheir na daoine seo le n-a mbaramhail do dheimh- niughadh do chur síos i ndéidh a chéile. Is beag le rádh iad, do réir mo mheasda-sa, achd ar a shon soin, seo iad anois im' dhéidh:— 1. Is ionann “Fionn” agus “geal”; agus dar ndóigh, nach bhfuil an ghrian geal a dóthain? 2. 'Sé ainm tugadh ar bhrathach Fhinn Gil Ghréine (nó an Ghal Ghréine do réir druinge eile). 3. Sealgaire mór do bhí i bhFionn, agus sealgaire do bhí i nApollo .i. an ghrian leis. 4. Bhí an-dúil ag Fionn i bhfilidheachd, agus ba mhór an file é féin; maiseadh, bhí Apollo 'na fhilidh chomh maith céadna. 5. Ba ghnáthach le Fionn oill-phéisde agus a leithéidí do mharbhadh, má's fíor do luchd sgéalaidheachda: cleachduigheadh an nós céadna le hApollo, do réir ughdar na Gréige. Ní chromfad ar na hargóintibh seo do bhréagnughadh, ó nach fiú liom baint leo. Ní dhéarad achd nach dtugann na sgoláirí is mó ughdarthás dá sgríobhann ar an bhFéinn aon chreideamhaint dóibh. Sul ma chromfas mé, ámh, ar a bhfuil ráidhte ag nua-ughdaraibh na haimsire seo i dtaobh na Féinne do chur síos, is amhlaidh is cóir dhom a dhéanamh féachaint caidé atá le rádh ag na sean-ughdaraibh is mó meas do Ghaedhealaibh agus do Ghallaibh; agus fós caidé is ion-mheasda as seanchas agus as sgéalaidheachd na hÉireann i leith na Féinne do bheith ann. An chéad chás de, tá fiannaidheachd le fagháil is na sean-leabhraibh is sine atá againn, mar atá Leabhar na hUidhre agus Leabhar Laighean. Tá ortha so sgéal i dtaobh Fhinn do cumadh fá'n ochdmhadh haois. Tráchdtar fós ar Fhionn i Sanas Chormaic do cuireadh le chéile fá'n mbliadhain 908, nó tamall gearr 'na déidh. Agus rud eile: tá anmanna a seachd is ceithre fichid is céad sgéal thíos ag fear sgríobhtha Leabhair Laigh- ean, agus fiannaidheachd ortha. Anois, má's fíor do'n rí-sgoláire úd D'Arbois De Iubainuille, cuireadh na hanmanna so i ndéidh a chéile fá cheann na seachdmhadh haoise. Is ion-tuigthe as sin go raibh fiannaidheachd ann roimh an aois sin, agus meas agus cáil uirthi leis. Níl mórán le rádh ag Tighearnach i dtaobh na Féinne. Ní thráchdann sé fá dhuine ar bith díobh seachas Fionn féin, ná fá dhuine ar bith eile dá luaidhtear i bhfiannaidheachd seachas Cormac mac Airt agus Cairbre Lifea- chair mac Chormaic. Cuireann sé síos ámh go bhfuair Fionn bás 'sa' bhliadhain 283. Ní thig Giolla Caomháin, fear comh-aimsire do Thigearnach, leis seo, óir is ion-tuigthe as a n-abair seisean gur 'sa' bhliadhain 252 'seadh d'éag Fionn. Tigid Annála Ríoghachda Éireann le Tighearnach.
Maidir le Seathrún Céitinn, príomh-sdar- aidhe na hÉireann, tá cur-síos fada aige fá'n bhFéinn; agus ó ghabh sé le n-ais an Fhiann agus an fhiannaidheachd do chaomhnadh ar úghdaraibh na nua-Ghall, ní mór liom a bhfuil ráidhte aige d'ath-aithris. “Cibé adéaradh,” ar' sé, “nach raibhe Fionn iná an Fhiann ann, ní fíor dhó é, óir atáid againn-ne re suidhiughadh na Féinne do bheith ann, na trí neithe le n-a ndearbhthar fírinne gach sdaire 'san bhith leath amuigh do'n Bhíobla, mar atá béal-oideas na sean, sean- sgríbhne agus seod-chomharthaidhe dá ngoirthear i Laidin monumenta. Óir támuid dá chlos ó bhéal go béal go raibhe Fionn agus an Fhiann ann. Agus fós atáid sgríbhne go fóir- leathan dá fhaisnéis. Atáid mar an gcéadna sean-chomharthaidhe ar n-a n-ainmniughadh uatha, mar atá Suidhe Finn ar Shliabh na mBan ó Fhionn Ua Baoisgre, agus Gleann Ghairbh i n-Uibh Faithche ó Gharbh mac Mórna, agus Leabaidh Dhiarmada Uí Dhuibhne agus Ghráinne ag Poll Tighe Liabáin i n-Uibh Fiachrach Aidhne d'á ngoirthear Duthaigh Sheachnasaigh indiu; agus mar sin do mhórán d'áitibh eile i nÉirinn. “Agus dá n-abróchadh aon'ne nach in- chreidte mórán dar sgríobhadh ar an bhFéinn, is deimhin gurab fíor dhó é, óir ní raibh ríogh- achd 'san bhith is nach sgríobhtaoi re linn na pagántachda sgéal dá ngoirthí Fabula. Féach, Ridire na Gréine, Bevis of Hampton, Huon of Burdex, agus a shamhail eile sin do sgríobhadh re linn an chreidimh féin. Gidheadh ní fhuil críoch 'san bhith is nár sgríobhadh sdaire fírinneacha in-chreidte. Mar an gcéadna, tar cheann gur sgríobhadh iomad d'fhinn- sgéaltaibh filidheachda ar Fhionn agus ar an bhFéinn, mar atá Cath Fionn-trágha, Bruighean an Chaorthainn, agus Imtheachda an Ghiolla Dhea- cair, agus a shamhail sin de chaitheamh aimsire, tairis sin is dearbh gur sgríobhadh sdaire in-chreidte fírinneacha ortha. Agus is dearbh fós nach raibh ain-mhéid 'na bpearsanaibh achd mar an druing do mhair le n-a linn féin. “Agus ní raibhe ionnta acht buannadha do ríghthibh Éireann re cosnamh agus re caomhnughadh na críche dhóibh, amhail bhíd Caiptíní agus saighdiurí ag gach rígh indiu re cosnamh a chríche féin.” Agus deir an Céitinneach fós: “'Sé gnáthshluagh,” ar sé, “do bhíodh fá bhuannachd fá Fhionn trí catha na Gnáith-Fhéinne, agus trí míle 'sa' chath, an tan fá síothach fir Éireann re chéile. Gidh eadh an tan d'fhás easaontas idir aon luchd d'uaislibh Éireann agus an tÁird- Rí, nó an tan fá héigin sluagh do chur i nAlbain no neartughadh le Dál Riada i n-aghaidh allmhurach, do bhíodh seachd gcatha ag Fionn ionnas go mbíodh furthain sluaigh aige re dul d'fhurtachd Dáil Riada i nAlbain, agus re Éirinn do choimeád ar fóirneart eachd- rannach mar an gcéadna. Is iomdha árd- taoiseach do bhíodh fá Fhionn ar an bhFéinn, mar atá Caith-mhíleadh os cionn Catha amhail bhíos Colonel os cionn Regiment, Ceann Feadhma Céid amhail bhíos Caiptín anois, Taoiseach Caogaid amhail bhíos Lieutenant, Taoiseach Tríochaid amhail bhíos Corporal, agus Taoiseach Naonbhair amhail do bhíodh Decurio ag an Rómhánach … Agus an tan luaidhtear i Sdair na hÉireann fear comh- lainn céid nó caogaid nó naonbhair nó a samhail eile sin do bheith do'n Fhéinn, ní headh is ion-tuigthe asda gurab dá láimh féin do mhuirbheochadh sé céad nó caogad nó naonbhar, achd is eadh is ion-tuigthe as gur bharánta caogaid nó céid nó naonbhair é, agus go mbíodh ion-chomhlainn dá bhuidhin re n-a samhail féin do bharánta ag a mbíodh samhail na buidhne céadna aige.” Is follas as a n-abair an Céitinneach go raibh drong ann le linn an Chéitinnigh féin nár chreid an Fhiann do bheith ann riamh.
Cad atá le rádh ag na nua-sgoláiríbh is mó ughdárthas indiu i dtaobh na Féinne? Tigid Seaghán Ua Donnabháin agus Eoghan Ua Cómhraidhe leis an gCéitinneach. B'í tuairim Eoghain Uí Chómhraidhe gur mhair Fionn chomh cinnte is mhair Iul Céasar 'sa' Róimh. Deir Windisch, ag tráchd dó ar an gcuma bréag- achda atá ar fhurmhór na fiannaidheachda, nach bhfágann soin gan an Fhéinn do mharthain amhail do-bheir seanchas na hÉireann teist uirthi. Tig D'Arbois De Iubainuille leis sin. Achd, má's fíor do'n Chéitinneach agus do luchd a leanamhna a n-abraid i leith na Féinne do bheith 'na harm cosanta ag áird- ríghthibh na hÉireann, tá ceisd eile againn le socrughadh. Cia hiad na hallmhuraigh seo ar a mbídís ag cosnamh cuanta na críche chomh dian dícheallach soin? “Lochlannaigh” an t-ainm is mó thugtar ortha 'sa' sgéal- aidheachd. Cia hiad na Lochlannaigh seo? 'Sí baramhail a láin gurab iad na Rómhánaigh iad. Ní féidir, ámh, do réir na nua-ughdar is mó eolas ar an gcúis, creideamhaint do'n bharamhail seo. An chéad chás de, níor chrom- adar Rómhánaigh riamh ar Éirinn do chur fá neart a lámh. “Do bhí Éire ó thús saor ó ruathar an uile chinidh choigcríche,” agus ní hé amháin go raibh Éire saor ó iomruagadh na Rómhánach, achd do ghnídís Gaedhil ruathair uatha féin do thabhairt fá Bhreatain agus fá na críochaibh eile do bí fá chumhachdaibh Rómhánach, ag cosgar agus ag sgiobadh ar thárla leo. Ní fhéadfaidhe a mheasadh mar sin go raibh d'fhiachaibh ar Ghaedhealaibh Éire do choimeád ar fhóirneart na Rómhánach, agus ní dócha, dá réir sin, gurab iad na Rómhánaigh do bhí ins na Lochlannachaibh seo. Cia hiad féin mar sin? Tá an ceisd sin gan reidhteach againn go fóill. Do réir measda Aelfread Nutt, an fear is mó eolas ar fhiannaidheachd agus ar sgéal- aidheachd daoine dá bhfuil beo fá'n am so, féadfaidhe nár mhair an Fhiann 'san tríomhadh haois, amhail innsdear sgéala ortha achd, má mhaireadar i n-aon chor, gur mhaireadar fá'n naomhadh haois; agus gurab é rud do bhí ionnta ná luchd amhsaine do bhí fá chíos agus fá thuaras- dal ag maithibh Éireann le cathughadh i n-aghaidh Lochlannach. Cé go bhfuil cuma fírinne ar an mbaramhail seo, ní féidir leigint léi. Óir, mar adubhart anois beag, tá sgéalta fá'n bhFéinn le fagháil do cumadh fá cheann na hochdmhadh haoise. Tá fós an- manna na sgéalta bhfiannaidheachda úd i Leabhar Laighean ar n-a n-áireamh fá cheann na seachdmhadh haoise. Anois, tá a fhios ag an gcoitcheannachd nach dtáinig Lochlannaigh i dtír i nÉirinn go dtí an bhliadhain 795, agus nár shuidheadar ann go dtí an bhliadhain 832. “Cá bhfios dúinn,” ar Fear Eagair Iris- leabhair na Gaedhilge, ag cur síos dó ar leabhar do leabhraibh Aelfread Nutt, “nár mhair Fionn agus an Fhiann 'san tríomhadh haois, agus gur cuireadh na Lochlannaigh i gcionn an sgéil i ndéidh a n-aimsire sin, dálta mar do cuireadh anmanna Bhriain Bhóirmhe agus Murchaidh insan sgéalaidheachd i ndéidh catha Cluana Tairbh, amhail adeir an t-ughdar féin tamall anonn 'san leabhar?” Is móide is ion-mheasda fírinne an neith adeir Eagarthóir an Irisleabhair, an rud adeir an t-oide eolgach úd, Rhys, i dtaobh an fhocail “Lochlannach”. 'Sí ciall atá leis an bhfocal so ins na sean-sgéaltaibh, dá réir siud, ná duine chomhnuigheas fá chuantaibh agus fá lochaibh, agus is amhlaidh tugadh Lochlannaigh ar dhream d'allmhurachaibh draoidheachda do mhaireadh fá chuantaibh agus fá lochaibh an domhain thiar. Má's amhlaidh atá, is ró-dhóigh gur leis an druing seo bhaineas a n-innsdear i bhfiannaidheachd i dtaobh Lochlannach, agus gur cuireadh na Lochlannaigh i gceann an sgéil i
ndéidh a n-aimsire féin, mar adeir Fear an Irisleabhair. Tá baramhail eile craobhsgaoilte le tamall ag an sgoláire mór úd Zimmer. Do réir mar cheapas seisean is Lochlannaigh do bhí i bhFionn agus 'sa' bhFéinn féin! Maidir leis an mbaramhail seo, ní thig aon sgoláire do sgoláiribh Gaedhilge an domhain léi, ní nach iongnadh; agus go dearbhta ní fhéadfadh duine ar bith teachd leis, ó thárla go bhfuil fiannaidheachd againn do ceapadh i bhfad sul tháinig na Lochlannaigh ó'n Roinn Eorpa anoir ar chor ar bith. Gurab é sin a bhfuil le cur síos agam i dtaobh na Féinne agus na fiannaidheachda go nuige seo. Pádraig Mac Piarais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services