AN FHIANN AGUS AN FHIANNAIDHEACHD.
“A' bhfeicir na Goill-fhir ag luighe seach 'na n-aonluchd,
'S go mbeirid a gcinn tar na Cyclops le chéile?
Atáid annsúd, uch! trúip na Féinne,
Go hárdhach, lúbach, lúthmhar, léimneach!”
Is iomdha caith-mhíleadh cródha
calma agus féinnidh fial feardha do
Chlannaibh Gaedheal do mhair le
linn na haimsire atá caithte.
Maiseadh féin, níor mhair riamh
i nÉirinn iath-ghlais oileánaigh, ná
i nAlbain achd chomh beag, aon
dream do Ghaedhealaibh do sháruigh
ar cháil ná ar chlú, ar threise ná
ar thréineas, ar fhéile ná ar fhíor-
uaisleachd, an drong mhórdha
mhear-mheanmnach úd .i. Fianna
glan-áilne Gaedheal. Tá do mhéid an
mheasa do bhí ag Gaedhealaibh ar an bhFéinn
go bhfuil an Fhiannaidheachd .i. sgéalaidheachd
fá'n bhFéinn ar an gcuid is mó líonmhaireachd
do litridheachd na hÉireann indiu. Tá fós
do mhéid na suime atá ag Gaedhealaibh na
haimsire seo féin 'sa' bhFéinn, gurab iad
Fionn agus an Fhiann is mó atá mar ádhbhar
sgéalaidheachda ag Gaedhilgeoiríbh Éireann
agus Alban. Gach cnoc is gach sliabh, gach linn
is gach eas dá bhfuil ó Dhonnchadh Daoi go
Tigh Mhóir, is amhlaidh atá sgéalaidheachd
Fhéinne le n-a haithris ag na sean-daoinibh
fútha go léir. Dá bhfeicfeá cloch mhór liath
agus í suidhte fá thaobh sléibhe nó ar mhaoilinn
chnuic cheann-ghairbh, níor mhór dhuit bheith
deimhneach gurab é Fionn mac Cumhaill do
chaith an chloch soin le fathach nó le hallmhurach
éigin do bhí ar teann-ruathar teichidh roimhe,
gurab amhlaidh do shuidh an chloch ar an láthair
sin ar mhodh go bhfuil sí ann go dtí an lá
indiu. Dá gcasfaidhe sgailp mhór leat agus í
ag déanamh dhá leath do chnoc nó do mhór-
shliabh, d'fhéadfá bheith cinnte gurab amhlaidh
do bhí Fionn nó duine éigin do'n Fhéinn ag
teann-tóruigheachd fathaigh nó Lochlannaigh
lá, gur bhuail sé buille claidhimh faoi i gcaoi
gur theip air a amus gur sgoilteadh an sliabh
leis an mbuille sin.
Ba mhór iad tréithe na Féinne gan aon
amhras, má's fíor a léighthear i sgéalaidheachd
na hÉireann. Maith an bhuidean do bhí 'na
maithibh (amhail adubhairt Gráinne inghean
Chormaic mhic Airt le Dáire Duanach mac
Mórna), mar atá, Fionn fial fír-eolgach
mac Cumhaill, Oisín uasal mac Finn,
Osgar an-ghlonnach mac Oisín, Gall glan-
bhéimeannach mac Mórna, Caoilte caol-
chosach mac Rónáin, Diarmaid déid-gheal
dreach-sholais ua Duibhne, mac Luighdheach
láimh-éachdach .i. mac inghine d'Fhionn, Fearghus
Finn-Bhéil mac Fhinn, Diorraing mac Dhobhair
Uí Bhaoisgne, agus go mor-mhór Conán maol
mallachdach na Féinne, fear millte agus mór-
bhuaidheartha gacha cuideachdan.
Níl fúm, ámh, tráchd fá'n bhFéinn féin do'n
dul so, achd beag. Ar bheith i bhféagmhais
anma dhom 'seadh thugas “An Fhiann agus an
Fhiannaidheachd” ar an aisde seo. Déan-
faidh sé an gnó, b'fhéidir, chomh maith le n-a
mhalairt d'ainm. 'Sé rud atá romham, ámh,
sgrúdughadh agus géar-lorgaireachd do dhéanamh
ar an bhFiannaidheachd, — 'sé sin le rádh, ar a
bhfuil sgríobhtha agus ceaptha ag Gaedhealaibh
Éireann agus Alban d'fhilidheachd agus do chaint-
sgurtha ag baint leis an bhFéinn. Ní dhéan-
fad, ar a shon soin, achd a bhfuil ráidhte
cheana ag luchd seanchasa do sgrudughadh,
bíodh sé i nGearmáinis, i bhFrainncis, nó
i mBéarla, d'ath-aithris i nGaedhilg.
Maiseadh, le tosnughadh ar an sgéal, tá
an Fhiannaidheachd so ar n-a roinnt 'na trí
rannaibh, do réir aimsire a ceaptha. An
chéad roinn díobh, Fiannaidheachd do cumadh
(nó do cuireadh síos, mar badh chirte dhom a
rádh) i rith na haonmhadh haoise déag agus na
dara haoise déag; caint sgurtha a furmhór
so, achd tá filidheachd uirthi freisin. An
dara roinn, Fiannaidheachd do sgríobhadh síos
le linn na ceathramhadh haoise déag agus na
cúigeadh haoise déag. An tríomhadh roinn,
Fiannaidheachd do cuireadh le chéile ó'n
gcúigeadh haois déag go dtí an lá atá
indiu ann. Béidh cur-síos gearr agam ar
gach roinn do na rannaibh seo.
(1) Maidir leis an gcéad roinn, ní mór
le rádh í i dtaobh a líonmhaireachda, achd is
maith is fiú sgrúdughadh í 'na dhéidh sin.
Caithfear a rádh ar an gcéad rud, cé gur
fá'n aonmhadh haois déag no fá'n dara haois
déag do sgríobhadh síos a furmhór, nach
bhfágann soin ná gur cumadh mór-chuid di i
bhfad roimhe sin. Is deimhin gur cumadh agus í
do bheith mar bhéal-oideas ag luchd sgéal-
aidheachda le ciantaibh sul má sgríobhadh síos
í. Do réir mar adeir Aelfread Nutt,
féadfaidhe a bhfuil le fagháil d'Fhiannaidheachd
ar n-a cur síos roimh an dara haois déag
do chur i gclódh i leabhairín nach mbeadh ann
acht céad leathanach; achd dár ndóigh, is ró-
dhearbhtha gur ceapadh a lán d'Fhiannaidheachd
le linn an dá aois sin agus gan í ar fagháil
indiu. Is baramhlach gur dóigheadh nó gur
sgaipeadh leis an ngaoith na céadta do
shean-leabhraibh a raibh neart Fiannaidheachda
ionnta. Agus rud eile: ó'n mbeagán so
do sgéalaidheachd do cumadh le linn an dá
aois úd, 'seadh d'fhás na mílte do sgéaltaibh
atá le fagháil ins na leabhraibh lámh do
sgríobhadh i rith na seacht gcéad bliadhan so
ghabh tharainn; agus fós gach cinéal sgéil dá
bhfuil ar fagháil anois againn, is amhlaidh atá
a mhac-samhail le fagháil ar an sean-Fhiann-
aidheachd so.
Tá rud eile is ion-chuirthe síos dom i
dtaobh na sean-Fhiannaidheachda. Tá a fhios
ag an saoghal mór ar fad — nó, muna bhfuil,
badh cheart go mbéadh — gurbh é Oisín do
mhair i ndéidh na Féinne eile, do réir na
nua-sgéalaidheachda, gur aithris sé a n-im-
theachda is a sgéala do Phádraig Naomhtha.
Ní hé sin, ámh, dálta na sean-Fhiannaidheachda.
D'á réir siud ba hé Caoilte mac Rónáin .i.
giolla turais Fhinn do mhair d'éis na Féinne
is d'innis a sgéala do Ghaedhealaibh. Is
ionann cás do'n dara roinn ar a dtráchdfad
anois.
(2.) 'Sé is ion-tuigthe as laighead na sean-
Fhiannaidheachda agus sgéalaidheachd Chon-culainn
do bheith chomh líonmhar fairsing sin, gur mhó
go mór an spéir do chuiridís na sean-
Ghaedhil — agus go haírithe uaisle na sean-
Ghaedheal — i sgéalaidheachd Chon-culainn ná
mar chuiridís i bhFiannaidheachd. Achd, cé
nach feasach dhúinn cad fó ndear, tháinig
atharughadh mór ar an nGaedhealtachd le
linn na dara haoise déag. Ó shoin anuas
is follas gur cuireadh ní ba mhó suime i
bhFiannaidheachd ná i n-aon saghas sgéalaidh-
eachda eile. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an
méid d'Fhiannaidheachd do cumadh ó'n am
soin anuas go dtí an t-am atá i láthair
indiu againn, i gcoimh-mheas le n-ar cumadh
do sgéalaidheachd Chon-culainn. Agus ní hé
amháin go ndeachaidh sgéalaidheachd Chon-
culainn i laige, achd is amhlaidh do ghabh an
fhiannaidheachd ag fás agus ag síor-fhás, ag
leathadh agus ag síor-leathadh ionnas gurab í
atá ar dhá dtrian dh'á bhfuil againn d'fhinn-
sgéalaidheachd indiu.
Cad fó ndear an t-atharrughadh mór so?
'Sí tuairim Aelfread Nutt gurab é do
b'fháth leis, Dál gCais do theachd chum tosaigh
le linn Bhriain Bhóirmhe. Le n-a linn-sean
'seadh so fuair maithe Mumhan an lámh
uachdair ar Uíbh-Néill ar an gcéad uair.
An fhaid do bhí sliochd Néill i righe Éireann,
níor bhaoghalach ná gurab i sgéalaidheachd
Uladh, .i. sgéalaidheachd Chon-culainn, ba mhó
do cuireadh suim ag Gaedhealaibh idir Ulaidh
agus chách eile. Achd, iar mbaint áird-cheannais
Éireann do Bhrian do Mhaoilsheachlainn,
tháinig atharrughadh 'sa' sgéal. Cuireadh
sgéalaidheachd Mhumhan i n-áirde agus do thuit
sgéalaidheachd Uladh chum deiridh. Tá dá
bhárr soin, is dócha, gur mó d'fhás an Fhiann-
aidheachd, ar a raibh blas Mumhan riamh, ná
aon chinéal sgéalaidheachda eile.
Bíodh soin mar atá, is deimhin go bhfuil a
lán mór d'Fhiannaidheachd, idir chaint sgurtha,
chaint chumaisg agus fhilidheachd, ar an dara
roinn do na trí rannaibh seo atá déanta
againn. “Agallamh na Seanórach” an aisde
is mó cáil agus luach dá mbaineann leis an
dara roinn seo. Caint chumaisg atá 'san
aisde seo .i. filidheachd a leath agus caint
sgurtha a leath eile. Ar dhinnseanchas na
hÉireann 'seadh is mó thráchdas sí, agus 'sé
Caoilte mac Rónáin fear innsde an sgéil.
(3.) Tá orm 'sa' tríomhadh háit breathnughadh
ar na nua-fhiannaidheachd .i. ar ar cumadh do
sgéalaidheachd Fhéinne le linn na gceithre
aois seo do ghabh tharainn. Téirigh isteach i
n-Acadamh Ríoghamhail na hÉireann, nó i
gColáisde na Trionóide nó i n-aon cheann
eile do na leabharagánaibh móra atá ar bun
i nÉirinn, i nAlbain, i Sasana nó 'san
Eoraip féin. Féach go cruinn ar a bhfuil le
feicsint ins na háitibh seo do nua-fhian-
naidheachd, agus geallaim-se dhuit-se go gcuir-
fear iongnadh an tsaoghail ort. Táid le
fagháil annsoin na mílte — na mílte, an eadh?
ní headh, achd na céadta agus na mílte do
mhíltibh — do láimh-sgríbhnibh agus iad ar n-a
líonadhle sgéalaidheachd fá'n bhFéinn. Dá
dtaisdealfá an Roinn Eorpa ó'n taobh thiar
go dtí an taobh thoir agus ó'n taobh ó thuaidh go
dtí an taobh ó dheas, ní fheicfeá 'sa' mhéid
do'n chruinne do shiubhalfá, a samhail eile do
litridheachd láimh-sgríobhtha ar líonmhaireachd,
ar áilne, ar uaisle ná ar iongantachd.
Chaithfidhe deich míle leathanach 8uo do
cheangal le chéile agus leabhar do dhéanamh dhíobh
dá mb'áil linn a bhfuil le fagháil do nua-
fhiannaidheachd do chur i gclódh i n-aon leabhar
amháin, agus gan an t-iomlán do bheith thíos
againn 'na dhéidh sin, mar tá mhórán mór
do'n fhiannaidheachd gan sgríobhadh síos fós.
Caithfear dhá roinn do chéanamh do'n nua-
fhiannaidheachd so: filidheachd an chéad roinn,
agus caint sgurtha agus caint chumaisg an roinn
eile. Maidir leis an bhfilidheachd is é an
leabhar mór úd do cuireadh le chéile fá'n
mbliadhain 1518 ag Séamus Mac Griogara,
deagh-dhuine eolgach do Ghaedhealaibh Alban,
an cnuasach is sine dhí dá bhfuil againn. Tá
an leabhar so ar n-a choimeád, má's fíor
dhom, i Leabhragán na dTagarthóir i nDún
Éadain. Tá ar an gceann is sine seachas
sin láimh-sgríbhinn atá i Mainisdir Bhráithreach
Naoimh Proinsias i mBaile Átha Cliath. 'Sa'
bhliadhain 1627 'seadh do sgríobhadh í siud.
Caithfear dhá roinn eile do dhéanamh do'n
chaint sgurtha. Tá ar an gcéad roinn díobh-
so sgéalta ar a bhfuil cuma sdaire fírinnighe,
agus is amhlaidh atáid seo, agus fírinne agus bréagachd
ar n-a measgadh tré n-a chéile ionnta.
Maidir leis an dara roinn, níl innti achd
finn-sgéalaidheachd fhilidheachda amhail do-
bheir an Céitinneach uirthi.
Ó thárla dhom an oiread tráchda do dhéan-
amh fá fhiannaidheachd, is dóighthe go bhfiafró-
char dhiomh cia hiad an Fhiann? Níor mhor
dhom iarraidh do dhéanamh ar an gceisd sin
d'fhuasgailt.
Ní fhéadaim, ámh, an cheisd úd atá dá
tagairt ag luchd-eolais na cruinne le
tamall, .i. an raibh Fionn agus an Fhiann riamh ann?
í do leigint tharm. Dar le n-a lán, níor
mhaireadar riamh. Cia an t-ughdar atá le
fiannaidheachd, mar sin? Tá dream ann
adeir gurab é rud do bhí i bhFionn ná an
ghrian! Is iomdha nós aisdeach dá chleachdadh
ag an mbuidhin eolais, agus tá ar nós do na
nósaibh seo a rádh nach raibh ins gach laoch agus
gach curadh do mhair i n-allód achd an ghrian.
Luchd eolais na Gearmáine is mó is cionn-
tach leis an mbaramhail seo do chraobhsgaoi-
leadh. Dhá réir siud ní raibh i gCoin-chulainn,
i bhFionn, ná i n-aon laoch eile do laochaibh
an domhain achd an ghrian. Tá sé ar eolas
ag gach aon'ne gur dhearbhuigh duine aca nach
raibh Naomh Pádraig féin riamh ann. Le
fonómhad fá'n dream so 'seadh do chum
duine éigin leabhar ag dearbhughadh go cruinn
nár mhair Napóleon riamh.
Ag tráchd dom ar an gceisd seo, ámh, is é
is in-déanta dhom na hargóinte do-bheir na
daoine seo le n-a mbaramhail do dheimh-
niughadh do chur síos i ndéidh a chéile. Is
beag le rádh iad, do réir mo mheasda-sa,
achd ar a shon soin, seo iad anois im' dhéidh:—
1. Is ionann “Fionn” agus “geal”; agus dar
ndóigh, nach bhfuil an ghrian geal a dóthain?
2. 'Sé ainm tugadh ar bhrathach Fhinn Gil
Ghréine (nó an Ghal Ghréine do réir druinge
eile).
3. Sealgaire mór do bhí i bhFionn, agus
sealgaire do bhí i nApollo .i. an ghrian leis.
4. Bhí an-dúil ag Fionn i bhfilidheachd, agus
ba mhór an file é féin; maiseadh, bhí Apollo
'na fhilidh chomh maith céadna.
5. Ba ghnáthach le Fionn oill-phéisde agus a
leithéidí do mharbhadh, má's fíor do luchd
sgéalaidheachda: cleachduigheadh an nós
céadna le hApollo, do réir ughdar na
Gréige.
Ní chromfad ar na hargóintibh seo do
bhréagnughadh, ó nach fiú liom baint leo. Ní
dhéarad achd nach dtugann na sgoláirí is mó
ughdarthás dá sgríobhann ar an bhFéinn aon
chreideamhaint dóibh. Sul ma chromfas mé,
ámh, ar a bhfuil ráidhte ag nua-ughdaraibh na
haimsire seo i dtaobh na Féinne do chur síos,
is amhlaidh is cóir dhom a dhéanamh féachaint
caidé atá le rádh ag na sean-ughdaraibh is
mó meas do Ghaedhealaibh agus do Ghallaibh; agus
fós caidé is ion-mheasda as seanchas agus as
sgéalaidheachd na hÉireann i leith na Féinne
do bheith ann.
An chéad chás de, tá fiannaidheachd le
fagháil is na sean-leabhraibh is sine atá
againn, mar atá Leabhar na hUidhre agus Leabhar
Laighean. Tá ortha so sgéal i dtaobh Fhinn
do cumadh fá'n ochdmhadh haois. Tráchdtar
fós ar Fhionn i Sanas Chormaic do cuireadh
le chéile fá'n mbliadhain 908, nó tamall
gearr 'na déidh. Agus rud eile: tá
anmanna a seachd is ceithre fichid is céad
sgéal thíos ag fear sgríobhtha Leabhair Laigh-
ean, agus fiannaidheachd ortha. Anois, má's
fíor do'n rí-sgoláire úd D'Arbois De
Iubainuille, cuireadh na hanmanna so i
ndéidh a chéile fá cheann na seachdmhadh
haoise. Is ion-tuigthe as sin go raibh
fiannaidheachd ann roimh an aois sin, agus meas
agus cáil uirthi leis.
Níl mórán le rádh ag Tighearnach i dtaobh
na Féinne. Ní thráchdann sé fá dhuine ar
bith díobh seachas Fionn féin, ná fá dhuine ar
bith eile dá luaidhtear i bhfiannaidheachd
seachas Cormac mac Airt agus Cairbre Lifea-
chair mac Chormaic. Cuireann sé síos ámh
go bhfuair Fionn bás 'sa' bhliadhain 283. Ní
thig Giolla Caomháin, fear comh-aimsire do
Thigearnach, leis seo, óir is ion-tuigthe as a
n-abair seisean gur 'sa' bhliadhain 252 'seadh
d'éag Fionn. Tigid Annála Ríoghachda
Éireann le Tighearnach.
Maidir le Seathrún Céitinn, príomh-sdar-
aidhe na hÉireann, tá cur-síos fada aige
fá'n bhFéinn; agus ó ghabh sé le n-ais an Fhiann
agus an fhiannaidheachd do chaomhnadh ar úghdaraibh
na nua-Ghall, ní mór liom a bhfuil ráidhte
aige d'ath-aithris.
“Cibé adéaradh,” ar' sé, “nach raibhe
Fionn iná an Fhiann ann, ní fíor dhó é, óir
atáid againn-ne re suidhiughadh na Féinne
do bheith ann, na trí neithe le n-a ndearbhthar
fírinne gach sdaire 'san bhith leath amuigh do'n
Bhíobla, mar atá béal-oideas na sean, sean-
sgríbhne agus seod-chomharthaidhe dá ngoirthear
i Laidin monumenta. Óir támuid dá chlos
ó bhéal go béal go raibhe Fionn agus an Fhiann
ann. Agus fós atáid sgríbhne go fóir-
leathan dá fhaisnéis. Atáid mar an gcéadna
sean-chomharthaidhe ar n-a n-ainmniughadh uatha,
mar atá Suidhe Finn ar Shliabh na mBan ó
Fhionn Ua Baoisgre, agus Gleann Ghairbh i n-Uibh
Faithche ó Gharbh mac Mórna, agus Leabaidh
Dhiarmada Uí Dhuibhne agus Ghráinne ag Poll
Tighe Liabáin i n-Uibh Fiachrach Aidhne d'á
ngoirthear Duthaigh Sheachnasaigh indiu; agus mar
sin do mhórán d'áitibh eile i nÉirinn.
“Agus dá n-abróchadh aon'ne nach in-
chreidte mórán dar sgríobhadh ar an bhFéinn,
is deimhin gurab fíor dhó é, óir ní raibh ríogh-
achd 'san bhith is nach sgríobhtaoi re linn na
pagántachda sgéal dá ngoirthí Fabula.
Féach, Ridire na Gréine, Bevis of Hampton,
Huon of Burdex, agus a shamhail eile sin do
sgríobhadh re linn an chreidimh féin. Gidheadh
ní fhuil críoch 'san bhith is nár sgríobhadh sdaire
fírinneacha in-chreidte. Mar an gcéadna,
tar cheann gur sgríobhadh iomad d'fhinn-
sgéaltaibh filidheachda ar Fhionn agus ar an
bhFéinn, mar atá Cath Fionn-trágha, Bruighean
an Chaorthainn, agus Imtheachda an Ghiolla Dhea-
cair, agus a shamhail sin de chaitheamh aimsire,
tairis sin is dearbh gur sgríobhadh sdaire
in-chreidte fírinneacha ortha. Agus is dearbh
fós nach raibh ain-mhéid 'na bpearsanaibh
achd mar an druing do mhair le n-a linn féin.
“Agus ní raibhe ionnta acht buannadha do
ríghthibh Éireann re cosnamh agus re caomhnughadh
na críche dhóibh, amhail bhíd Caiptíní agus saighdiurí
ag gach rígh indiu re cosnamh a chríche féin.”
Agus deir an Céitinneach fós: “'Sé
gnáthshluagh,” ar sé, “do bhíodh fá bhuannachd
fá Fhionn trí catha na Gnáith-Fhéinne, agus trí
míle 'sa' chath, an tan fá síothach fir Éireann
re chéile. Gidh eadh an tan d'fhás easaontas
idir aon luchd d'uaislibh Éireann agus an tÁird-
Rí, nó an tan fá héigin sluagh do chur i
nAlbain no neartughadh le Dál Riada i
n-aghaidh allmhurach, do bhíodh seachd gcatha ag
Fionn ionnas go mbíodh furthain sluaigh aige
re dul d'fhurtachd Dáil Riada i nAlbain, agus
re Éirinn do choimeád ar fóirneart eachd-
rannach mar an gcéadna. Is iomdha árd-
taoiseach do bhíodh fá Fhionn ar an bhFéinn,
mar atá Caith-mhíleadh os cionn Catha amhail
bhíos Colonel os cionn Regiment, Ceann
Feadhma Céid amhail bhíos Caiptín anois,
Taoiseach Caogaid amhail bhíos Lieutenant,
Taoiseach Tríochaid amhail bhíos Corporal, agus
Taoiseach Naonbhair amhail do bhíodh Decurio
ag an Rómhánach … Agus an tan
luaidhtear i Sdair na hÉireann fear comh-
lainn céid nó caogaid nó naonbhair nó a
samhail eile sin do bheith do'n Fhéinn, ní
headh is ion-tuigthe asda gurab dá láimh
féin do mhuirbheochadh sé céad nó caogad nó
naonbhar, achd is eadh is ion-tuigthe as gur
bharánta caogaid nó céid nó naonbhair é,
agus go mbíodh ion-chomhlainn dá bhuidhin re n-a
samhail féin do bharánta ag a mbíodh samhail
na buidhne céadna aige.”
Is follas as a n-abair an Céitinneach go
raibh drong ann le linn an Chéitinnigh féin
nár chreid an Fhiann do bheith ann riamh.
Cad atá le rádh ag na nua-sgoláiríbh is
mó ughdárthas indiu i dtaobh na Féinne?
Tigid Seaghán Ua Donnabháin agus Eoghan Ua
Cómhraidhe leis an gCéitinneach. B'í tuairim
Eoghain Uí Chómhraidhe gur mhair Fionn chomh
cinnte is mhair Iul Céasar 'sa' Róimh. Deir
Windisch, ag tráchd dó ar an gcuma bréag-
achda atá ar fhurmhór na fiannaidheachda, nach
bhfágann soin gan an Fhéinn do mharthain
amhail do-bheir seanchas na hÉireann teist
uirthi. Tig D'Arbois De Iubainuille leis sin.
Achd, má's fíor do'n Chéitinneach agus do
luchd a leanamhna a n-abraid i leith na
Féinne do bheith 'na harm cosanta ag áird-
ríghthibh na hÉireann, tá ceisd eile againn
le socrughadh. Cia hiad na hallmhuraigh seo
ar a mbídís ag cosnamh cuanta na críche
chomh dian dícheallach soin? “Lochlannaigh”
an t-ainm is mó thugtar ortha 'sa' sgéal-
aidheachd. Cia hiad na Lochlannaigh seo?
'Sí baramhail a láin gurab iad na Rómhánaigh
iad. Ní féidir, ámh, do réir na nua-ughdar
is mó eolas ar an gcúis, creideamhaint do'n
bharamhail seo. An chéad chás de, níor chrom-
adar Rómhánaigh riamh ar Éirinn do chur
fá neart a lámh. “Do bhí Éire ó thús saor
ó ruathar an uile chinidh choigcríche,” agus ní hé
amháin go raibh Éire saor ó iomruagadh na
Rómhánach, achd do ghnídís Gaedhil ruathair
uatha féin do thabhairt fá Bhreatain agus fá na
críochaibh eile do bí fá chumhachdaibh Rómhánach,
ag cosgar agus ag sgiobadh ar thárla leo. Ní
fhéadfaidhe a mheasadh mar sin go raibh
d'fhiachaibh ar Ghaedhealaibh Éire do choimeád
ar fhóirneart na Rómhánach, agus ní dócha, dá
réir sin, gurab iad na Rómhánaigh do bhí ins
na Lochlannachaibh seo. Cia hiad féin mar
sin? Tá an ceisd sin gan reidhteach againn
go fóill.
Do réir measda Aelfread Nutt, an fear
is mó eolas ar fhiannaidheachd agus ar sgéal-
aidheachd daoine dá bhfuil beo fá'n am so,
féadfaidhe nár mhair an Fhiann 'san tríomhadh
haois, amhail innsdear sgéala ortha achd, má
mhaireadar i n-aon chor, gur mhaireadar fá'n
naomhadh haois; agus gurab é rud do bhí ionnta
ná luchd amhsaine do bhí fá chíos agus fá thuaras-
dal ag maithibh Éireann le cathughadh i
n-aghaidh Lochlannach. Cé go bhfuil cuma
fírinne ar an mbaramhail seo, ní féidir
leigint léi. Óir, mar adubhart anois beag,
tá sgéalta fá'n bhFéinn le fagháil do cumadh
fá cheann na hochdmhadh haoise. Tá fós an-
manna na sgéalta bhfiannaidheachda úd i
Leabhar Laighean ar n-a n-áireamh fá cheann na
seachdmhadh haoise. Anois, tá a fhios ag
an gcoitcheannachd nach dtáinig Lochlannaigh
i dtír i nÉirinn go dtí an bhliadhain 795, agus
nár shuidheadar ann go dtí an bhliadhain 832.
“Cá bhfios dúinn,” ar Fear Eagair Iris-
leabhair na Gaedhilge, ag cur síos dó ar
leabhar do leabhraibh Aelfread Nutt, “nár
mhair Fionn agus an Fhiann 'san tríomhadh haois,
agus gur cuireadh na Lochlannaigh i gcionn an
sgéil i ndéidh a n-aimsire sin, dálta mar
do cuireadh anmanna Bhriain Bhóirmhe agus
Murchaidh insan sgéalaidheachd i ndéidh catha
Cluana Tairbh, amhail adeir an t-ughdar féin
tamall anonn 'san leabhar?”
Is móide is ion-mheasda fírinne an neith
adeir Eagarthóir an Irisleabhair, an rud
adeir an t-oide eolgach úd, Rhys, i dtaobh
an fhocail “Lochlannach”. 'Sí ciall atá leis
an bhfocal so ins na sean-sgéaltaibh, dá réir
siud, ná duine chomhnuigheas fá chuantaibh agus
fá lochaibh, agus is amhlaidh tugadh Lochlannaigh
ar dhream d'allmhurachaibh draoidheachda do
mhaireadh fá chuantaibh agus fá lochaibh an domhain
thiar. Má's amhlaidh atá, is ró-dhóigh gur
leis an druing seo bhaineas a n-innsdear i
bhfiannaidheachd i dtaobh Lochlannach, agus gur
cuireadh na Lochlannaigh i gceann an sgéil i
ndéidh a n-aimsire féin, mar adeir Fear an
Irisleabhair.
Tá baramhail eile craobhsgaoilte le
tamall ag an sgoláire mór úd Zimmer.
Do réir mar cheapas seisean is Lochlannaigh
do bhí i bhFionn agus 'sa' bhFéinn féin! Maidir
leis an mbaramhail seo, ní thig aon sgoláire
do sgoláiribh Gaedhilge an domhain léi, ní
nach iongnadh; agus go dearbhta ní fhéadfadh
duine ar bith teachd leis, ó thárla go bhfuil
fiannaidheachd againn do ceapadh i bhfad sul
tháinig na Lochlannaigh ó'n Roinn Eorpa
anoir ar chor ar bith.
Gurab é sin a bhfuil le cur síos agam i
dtaobh na Féinne agus na fiannaidheachda go
nuige seo.
Pádraig Mac Piarais.