Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The Oireachtas.
Title
The Oireachtas.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÓID DO'N OIREACHTAS, 1900. I. Do chruthaigh Dia Éire le buaidh gaoithe 's gréine Le drúchtaibh as na spéarthaibh ag cur fáis i n-a cré Le bláthaibh mar na reultaibh ar páirceannaibh breágh feurmhar Le gleanntaibh is le sléibhtibh is le bántaibh míne réidhe.
Le machairibh breágh glasa, le talamh geal raibh snas air Nár chrap an fuacht 's nár lasadh le teas i meadhón an lae, Le lochaibh líonmhar lána, le h-abhnaibh dul le fánaidh Ag snámh do'n mhuir go h-áluinn, ag crónán molta Dé. II. Annsin do thogh sé daoine le teacht i gcionn na tíre Ghlaodh sé ar clannaibh Mhíleadh agus thángadar ann so, Do thug Sé dhóibh mar sealbh na coillte le n-a crannaibh Na sléibhte le n-a gleanntaibh is na páirceanna gan ceó. Do thug Sé dhóibh an t-eallach ag beathughadh ar an talamh Ná h-éisg ag snámh na mara, is níor fág sé iad gan seóil, Do b'aoibhinn a slighe bheatha san tír lán bainne 's meala, Móinfheura breágha geala, agus éanlaith deunamh ceóil. III. Do thug Sé dhóibh an teanga budh mhilse bhí ar talamh Budh láidre is budh shnasta is budh chaoine bhí le fagháil, Is dubhairt sé leó na fágaidh an teanga aoibhinn áluinn Do rinne mé chomh láidir ar son Éireannach amháin. Chomh fad is béidh sí agaibh ní baoghal daoibh bheith caillte; Má tá go mbéidh sibh creachta ar feadh tamaill, no faoi sgáil, Tá buaidh annsan teangaidh, éireóchaidh sibh go tapa Ní bhéidh sibh choidhche sgartha is ní chaillfidh sibh bhar gcáil. IV. Sin é anois an sgiath do fuaradar ó Dhia Mar chosaint is mar dídean ar gach sgrios agus gach crádh Is minic bhíodar creachta acht o' fhad a's bhí sí aca D'éirighidís go tapaidh is níor chailleadar an lá. Do bhíodh siad lán céille, d'aithnighidís a chéile Níor cailleadh croidhe na féile, an Dóchas ná an Grádh, Bhí meisneach annsan gcine 's coráiste anns gach duine Dubhairt siad “ní bheidh sinn-ne i n-ár sglabhaidhthibh go bráth.” V. Och! bhfuil ar sgiath briste? Och! bhfuil ár ndídean sgriosta? Ar goideadh as ar gciste an Chiall agus an Grádh? Ar cailleadh an coráiste do rinne fear de'n pháiste? D'imthigh an teanga ársa — ar imthigh an t-iomlán? Ní h-eadh! ní h-eadh! níor imthigh seód cosanta an chinidh, Tá splannca beag de'n teinidh i gcómhnuidhe beó le fagháil, Is rachamaoid le chéile ó theach go teach i n-Éirinn D'á shéideadh 's d'á shior-shéideadh, go lasfaidh sé i n-áird. VI. Chífimid fós i n-Éirinn go h-árd ar bhárr na sléibhte An splanc atámaoid shéideadh 'rith ann sin agus ann so, Tabhairt soluis do na daoinibh faoi dhorchadas na h-oidhche, Ó thaoibh go taoibh na tíre go bríoghmhar is go beó. Cuirfimid sop ag séideadh anocht ar feadh na h-Éireann Chomh lonnrach leis na reultaibh ag tabhair sholuis mhóir gan ceó Solus ameasg na mílte, solus i lár an chroidhe-stigh, Sé an t-ainm air an t-Saoirse, 's ní múchfaidhear é go deó. AN CHRAOIBHÍN AOIBHINN. "Éire uasal inis na naomh. Má's fada an oidhche tagann an lá fa dheireadh. - Argentina." Beannacht o Chonn- radh Aimeirioca ar an Oireachtas. Rath nios fearr gach bliadhian orraibh. Mac Risteaird, Uachtaran Connradh , Aimerioca." "Teidh air aghaidh. Go mbudh buan lan brioghmhar d Eirinn an tOireachtas. Ta cuig punt deug air an mhuir dhaoibh Cumann na Gaedhilge." "Go raibh an t-ádh ar an Oireachtas Sin guidhe an tsaoghail Éireannaigh Mac Giollarnath. "Ta caogad dollar ar bealach chugaibh go mbuaidhidh Dia libh. "Beannacht an Iarthar chu- gaibh o chraoibh na Gaillimhe." Mo bheannacht don Oireachtas o mo chroidhe amach. Seacht fearr go raibh sibh bliadhain o ndiu. O'Flannghaile, Londain." "Buadh agus treise leibh guidheann muintir Mhaghcromda. Runaire." "Beannacht De ar an obair." "Sonas ar bhur nobair anocht. Teanga na nGaodhal a buadh. Connradh Gaedhilge, Lunndain. O Faithigh Uachdaran. "Buaidh agus treise do'n Oireachtas. Go-n-éirighidh an gnó libh go geal. Neart agus sláinte do cháirdibh na h-Éireann, agus 'céad míle fáilte roimh Chlainn na bhFiann.' Pádraic Mac Ceanglaigh." "Buaidh agus Beannacht do'n Oireachtas agus do chúis na Gaedhilge."
ANAM TÍRE A TEANGA. (Oráid an Oireachtais). A Chraoibhín Aoibhinn, agus a dhaoine uaisle, — Is minic do cuirthear an cheist seo orainn, ”Cad é an mhaitheas dúinn Gaedhilg?” agus is minic do freagar- thar í, acht, dar liomsa, is é an freagra is oireamhnaighe do thabhairt d'á leithéid sin de cheisteóir, a rádh leis gurab í an Ghaedhilg ar dteanga féin agus gur cóir dúinn í bheith againn mar atá a dteanga féin ag gach aon aicme eile. Má chuireann Éireannach ceart a leithéid sin de cheist, ceapaim nách féidir dó bheith dáiríribh agus is é is dóich liom go dteasduigheann leathsgéal uaidh mar tá sé ro-leisgeamhail chum teanga a shinnsear d'fhoghluim. Tá daoine eile ann, Éireannaigh cuid aca, adéarfaidh leat, nár bhfeárr dhom Fraincis d'fhoghluim, bhainfinn slíghe bheatha aisti sin mar is aos marguidheachta an t-aos so, acht ní fhuil aon sgilling amháin le baint as Gaedhilg. Féachamuis go cruinn ar an gceist seo. Ceapaim go bhfuil suas le seacht míle duine gach bliadhain ag foghluim Fraincise ar sgoil ar fud na tíre seo. Cuirim ceist ar an gceisteóir. An mó (cá mhéad) duine aca so, is dóich leat, do bhaineann slíghe bheatha as Fraincis? Ní fhuil beirt 'sa chéad. Deirthear go bhfuil níos 'mó marguidheacht ag Béal- Feirsde leis an bhFrainc 'ná tá ag aon chathair eile i nÉirinn agus cloisim nách bhfuil da fhichid tigh ceannuigh- eachta ins an gcathair sin go bhfuil sgríbhneóir Frain- cise ar tuarasdal acu, agus ní hé sin amháin é, ní fuláir do na sgriobhnóiríbh úd eólas ar ghnóthaibh eile bheith aca seachas Fraincis sul a dtabharfar tuarasdal dóibh. Dá réir sin má fhoghlamuighthear Fraincis ar sgoil le súil go mbainfidh duine slíghe bheatha aisti, bíodh fhios aige go bhfuil a ghnó gan sochar, gan tairbhe. Tá muintir na hÉireann meallta le fada bhliadhan- taibh. Is dóich leo go ndéanfaidh na teangtha iasachta so maith éigin d'á gcloinn, agus caithid mórán airgid ortha. Is cómhartha foghluime é adeirid, agus ní mhúinfídhe ar na hárdsgolaibh na teangtha deórata so muna mbiadh go bhfuil maitheas éigin ionnta. Tá maitheas ionnta má fhoghlamuighthear i gceart iad agus má chaitheann an sgoláire aimsir a dhóthain 'gá bhfoghluim go mbeidh sé i n-ann smuaineadh ionnta agus iad do labhairt i gceart. Ní chreidim go bhfuil aon mhaitheas d'inntleacht, 'ná d'inntinn duine i dteanga iasachta nách féidir dó smuaineadh nó cuimhneamh innti, agus is beag Éireannach gur féidir leis smuaineadh ins an Fhraincis 'ná ins an nGearmáinis. Sin é an fáth go gcaithid a bhfurmhór uatha na teangtha so chómh luath agus do thugaid siad cúl ar an sgoil agus dá reír sin bhiadh sé cómh maith aca bheith ag rith i ndiaidh féileacán ar feadh na haimsire do chaitheadar ag béal-aithris na dteangtha úd. Ní mar a chéile sin do'n Ghaedhilg. Tá greim ag an dteanga sain ar inntinn an Éireannaigh óig nách bhfuil ag aon teanga eile. Tá sé dall, bodhar, agus balbh go bhfuair sé í. Ní túisge ghnídheann sé taithíghe léi ná go labhrann sí leis. Tá anmanna ar na cnocaibh, anmanna ar na bailtíbh, anmanna ar na haibhnibh go bhfuil brígh leó agus fáth leó. Labhrann na hanmanna so leis d'á aindeóin féin mar do bhaist a shinnsear iad agus do bhaisteadar gach aon cheann aca le hainm chómh h-oireamhnach sain go n-iompuighid siad inntinn an Ghaedhilgeóra ar smuaineadh ins an Ghaedilg láithreach. Cuirfidh na hanmanna ag smuaineadh é mar deirid daoine tuigsionacha go bhfuil an focal agus an smuaineadh pósda le chéile. Tá brígh agus breó- inntinne le n-a leithéidibh seo d'fhoclaibh, “Súil gréine,” “Dún dá radharc,” “Cnoc Maol Donn”, “Cnoc na hEargal”, “Sliabh Beárnach”, agus na mílte eile, agus má deireas duine liomsa go bhfuil do réir nádúir do'n Éireannach smuaineadh do dhéanamh ins an teanga Fraincis chómh luath leis an nGaedhilg, deirim leis an bhfear sain nách bhfuil fhios aige cad é an bhríg tá le smuaineadh i dteanga i n-aon chor agus gur cosmhail a cheann féin le h-ubh ghlugair. Admhuighim do réir dheallraimh go bhfuil sé i gcumas duine smuaineadh i dteanga iasachta má chaitheann se aimsir a dhóthain 'gá foghluim, acht deirim ar an am gcéadna má chuireas tú Éireannach óg ag foghluim Fraincise agus Gaedhilge ar sgoil agus cómh-oiread aimsire do thabhairt 'á mhúineadh, má mhúintear i gceart é gur feárr go mbeidh se ag sgríobhadh i nGaedhilg agus ag smuaineadh innti, acht ní bheidh beann i n-aon chor aige ar an Fhraincis. Beidh an seanrádh fíor go deó - “briseann an dúthchas thre shúilibh an chait.” Is beag an beann do bhí ag Clár-léighinn na hÉireann ar an ndúthchas so agus tá a rian air, tá doilbh-cheó na h-aineolachta ar ár n-aos óg. Má deireas daoine nách cóir milleán do thabhairt
do'n Chlár-léighinn mar ná'r thugadar cead chum na teangan so do mhúineadh, deirimse libh go bhfuil an Clár-léighinn mar ba dhual dóibh, go holc agus go cionntach, acht ar a shon sain is eile gur orainn-ne féin atá an locht mar gur fhulaingeamar uatha réim léighinn do chur ar bun atá ag milleadh agus ag lot inntinne na hÉireann ar feadh trí glúine. Ní le bréithre binne do chuir fear deireadh leis an milleadh so, acht le hobair, le hobair, mar ní h-indiu 'na indé do tháinig an milleadh ar Chlanna Gaedheal. Is fíor gur thosnuigh sé linn nuair do thug na Géanna Fiadhna a gcúl ar chathair Luimníghe agus tá sé ar nós nimhe ag ithe ár bhfola agus ár bhfeóla ó shoin, acht níor ith sé isteach go smior ionnainn go dtí deireadh na haoise seo tá gabháil tharainn. Tá dóchas againn go leighisfeamuid ár gcineadh ó'n aicíd seo. Tá an chineadh sin sgapuighthe ar fud an domhain agus i gcontabhairt bheith slugtha suas ag cinídhibh eile, acht cuirfeam cosg leis sin feasda le congnamh Dé mar tá ar dtreibh 'na dúiseacht, agus is mithid é. An Té rinne fíon de'n uisge agus adubhairt le hAbraham go gcruitheóchadh Sé sluaighte as gainimh na trágha, thug Sé sin cogar do mhuintir na hÉireann tá tamall ó shoin agus dubhairt leo, “Seachnaighidh!” Chualaidh fo- cheann an cogar abhfus is tall i measg na nGaedheal agus tá glór an chogair ag dul i dtreise ó lá go lá. Thug an cogar sain ath-anam dúinn, thuit an púicín draoidheachta ó n-ár súilibh agus thuigeamar láithreach gurab í an teanga dhúthchais do chongaibh buidhean le chéile riamh agus do choingbheochaidh go deo. Ná'r mhór an iongnadh ná'r thuig na hÉireannaigh fadó an fhírinne shoiléir sin. D'fhág ós cionn trí mhilliún duine tír na hÉireann ar feadh an t-ochtmhadh aois déag so ghabh tharainn agus thugadar a n-aghaidh ar Roinn na hEórpa; phós a bhfurmhór súd agus bhí clann aca mar bhí na hÉireannaigh foirtill agus rathmhar, bhí an fhuil ba thréine, ba theó, agus ba ghlaine ar domhan ag sruthughadh i bhféitheannaibh a gcorp. Is beag duine searg do bhí 'na measg. Ca bhfuil a síolradh súd? Cá'r ghabhadar? Cad imthigh ortha? Cad imthígheann ar uisge na Sionna? Cé gur doimhin agus leathan an abha í siúd, idir Clár agus Ciarruighe, measgann sí leis an bhfairrge mhór agus cailltear í ar nós a cúbhráin féin. Sin mar déineadh leis na hÉir- eannaigh úd, Rúisínigh, Gearmánaigh, Francaigh, Spáinnigh is eadh iad indiu, agus is mór an t-adhbhar caointe agus cúmhaidh dhúinn é, mar dá mbiadh teanga a sinnsear i n-úsáid aca i dteannta teangan a dtír cómhnuidhthe ba mhór an tairbhe d'Éirinn é mar bhiadh cúil bháire againn ar fud na hEórpa chum troda ar ár son agus cabhrúghadh linn i n-aon chúmhangach go mbeimís. Chuaidh Éireannaigh na hEórpa amúgha uainn ins an tríomhadh glún agus ní bhfagham go bráth arís iad, agus imthéochaidh Éireannaigh Americá uainn ar an gcuma gcéadna munab é toil Dé go gcoingbheochaid siad an Ghaedhilg. Ná bíodh aon dearmad ar éinne' 'na thaobh so. Ní fhuil aon chuma eile ar ar féidir le buidhean dlúthúghadh le chéile acht le teanga dhúthchais. Fuair na Iúdaighidh amach an rún so fadó agus tá a rian air, ta cómhcheangal eatortha. Lábhrann an Iúdaigheach-Rúsach an Rúisis, agus an Iúdaigheach-Almánach an Ghearmáinis, agus mar sin dóibh, acht tá gach n-aon aca fá gheasaibh cineál de'n teangadh Hebréis do mhúineadh d'á chloinn gibé áit ar domhan go mbeidh sé 'na chómhnuidhe agus muna mbiadh sain do bheidís slugtha suas agus measguighthe le cinídhibh eile míle bliadhan ó shoin. Ní teanga bhreágh bhinn an Hebréis úd, tá sí tuathalach le sgríobhadh, ní fhuil mórán focal innti agus is beag é a litridheacht, acht mar sin féin cuireann sí i gcuimhne do na Iúdaigheacha stair a sinnsear, is leó féin amháin í, congbhuigheann sí le chéile smaointe an aicme gidh go bhfuil na daoine seo sgartha ó na chéile agus 'na gcómhnuidhe annso is annsúd ar fud an tsaoghail. Bhí dhá threibh déag aca so ann ar dtúis, níor fhill ar n-ais ó bhraighdineas na Babilóine acht dhá threibh díobh, d'fhan na deich gcinn eile annsúd, chailleadar a dteanga agus táid siad imthighthe nós sgamal na maidne. Do b'fhiú do threibh teanga do cheapadh agus do chumadh dhóibh féin muna mbiadh teanga dhúthchais aca cheana, mar ní oirfeadh aon teanga iasachta dhóibh chómh maith leis an dteangaidh do cheapfuidís féin. Tá an méid sin do réir nádúir mar gibé rud do chumann agus do cheapann inntleacht daoine is é sin is fear d'oireann d'á n-inntinn. D'á chómhartha sain ní fhuil tuairisg i stair 'ná i seanchuidheacht gur chaith aon dream uatha riamh a dteanga féin go toileamhail agus gur thógadar chúca féin teanga dhaoine eile 'na hionad, acht do b'é an chuma eile ó thúis é mar gibé áit ar domhan go bhfuair dream an lámh-uachdair ar dhream eile ní rabhadar sásta go raibh a dteanga agus a nósa fá mheas ag an ndream eile seo, ar ais nó ar éigin. Agus gan amhras bhí an leathsgéal céadna ag an ndream láidir atá ag daoinibh áirighthe indiu gur mar mhaithe leis an ndream lag do bhíodar. Támuid bodhar, breán, ó'n bhfear gaoithe sin Seaghan Buidhe d'á dhingeadh isteach 'nár gcluasaibh gur cóir dúinn bheith buidheach, beannachtach mar gur bhronn sé orainn a theanga, agús deir sé 'nuair do bhíonn braon ólta aige go mbeidh an Béarla Sagsan 'na theanga fós ag gach aicme ar druim an domhain. Má's mar sin e beidh sé riachtanach ar Sheaghan na Fraincigh, na Gear- mánaigh, na Rúisínigh, agus an iomad eile de dhaoinibh cruadha do mharbhadh amach, agus ceapaim sul a mbiadh an méid sin déanta aige ná biadh an oiread de féin le chéile agus do dhéanfadh greim do ghob priacháin. Ná bíodh aon mhearthall ar éinne' 'ná aon amhras aige go gcaithfidh muintir aon tíre uatha a dteanga dhúthchais le na dtoil féin mar dá gcaithfidís ní gábhadh dhóibh bheith ag brath ar eirghe go bráth arís, mar tá a ngnó déanta; 'tá deireadh leó mar threibh. Tá a n-inn- tinn agus a n-anam pósda leis an dtreibh do thugann úrlabhra dhóibh, beidh an treibh sin mar mháighistir ortha agus mar mhúinteóir dóibh i gcómhnuidhe, caithfid aithris do dhéanadh ar an máighistir, caithfid smuaineadh mar
do smuaineóchaidh a múinteóir. Ní fhuil dul uaidh aca, táid siad dlúth-cheangailte dhe, cuimhneóchaid siad mar do chuimhneochaidh seisean agus is é daoirseacht inn- tinne an tubaiste is measa do tháinig ar dhaoinibh riamh. Cad é an dallacht atá an mhuintir na hÉireann go gcaithfear bheith ag síor-chómhairle dhóibh go bhfuil fé riachtanach ortha a dteanga féin do chongbháil má's maith leó bheith buan, agus gurab é cómhartha na buile nó cómhartha an bháis d'aon mhuintir cúl do thabhairt ar a sinnsear agus náire bheith ortha 'na dtaobh. Ní raibh ár sinnsear gan locht — is beag duine nách bhfuil locht éigin air — acht deirim é seó ná'r bhuail riamh liom i stair aon tíre eile fir agus mná ba mhó cáile agus ceannas 'ná mórán aca súd do tháinig rómhainn. Éistimíd go foidhneach le dailthín éigin ag fághail locht ar ár sinnsear agus 'ga rádh gur chóir dóibh an rud so agus an rud eile do dhéanadh, agus creidheann a lán é, gidh d'á mbiadh an lochtóir seo le n-a linn siúd go mbiadh áthas air cead d'fhághail chum iallacha a mbróg do sgaoileadh. D'fhágadar súd an dá oighreacht uasal, an creideamh agus an teanga, againn, agus gidh go raibh a gcuid fola d'á taosgadh ar machaire is gleann níor ghéill- eadar riamh. Tá an dá oighreacht so againn fós, moladh le Dia. Is beag ná'r chailleamar an teanga acht tá sí indiu i dtreó bheith fuasgailte ó throm-ualach na faillighe bhí ag brúthadh an anma aisde. Ní cóir dúinn maoidheamh as an méid sin, 'ná an buabhthall buadhthach do shéideadh mar gheall air mar ní raibh sé ró-dheacair le déanadh d'á gcuirimís le chéile. Ní raibh ann acht fearamhlacht agus níor chreideas féin riamh go raibh sliocht Bhriain agus Airt chómh buailte, meata, agus go leigfidís do theanga Chuinn Chéadcathaigh agus Eóghain Taidleach bás d'fhághail fá na láimh, mar d'á dtuitfeadh a leithéid sin de thubaiste orainn bhí an ceann faoi ar ár dtreibh go bráth na beatha. Is gnáthach linn bheith dhár mealladh féin go bhfuil grádh againn d' Éirinn níos 'mó 'ná tá ag aon treibh eile d'á dtír dhúthchais, acht, a dhaoine mo chroidhe ní chreidfear uainn an méid sin go deó má chaitheamuid uainn nósa agus teanga ár dtíre. Dubhairt páipéar i Londain go ngoirthear an “Times” air, gur bhualamar speach ar an nGaedhilg agus gur chaitheamar an dorus amach í. Tá beagán de'n fhírinne ins an méid sin, acht bhíomar ar meisge nuair rinneamar an choir sin. Is feárr agus is fearamhla dhúinn ár locht d'admháil 'ná bheith i gcómh- nuidhe ag gabháil ár leathsgéil féin agus ag cur an mhilleáin ar dhaoinibh eile. Tá gach aon saghas leath- sgéil againn. Bhí na dlíghthe pianamhla i bhfeidhm go dtí le deidheanaighe agus is gnáthach le daoinibh do rádh gur bh'í annsbioraid na ndlighthe úd fá ndeara do na Gaedhealaibh a dteanga do chailleamhaint. Acht níor chailleadar an uair sin i n-aon chor í, do b'í an t-aon chompórd amháin do bhí aca í, a habhráin áilne, a sgéalta breádhdha, a ceól is a haoibhneas do thug dóchas dóibh ar feadh na hoidhche pianamhla dorcha go raibh lá na fuasgailte ag teacht. Ní hiad na dlighthe pianamhla go deimhin do chuir ar feóthadh an Ghaedhilg mar ní raibh sí riamh ó labhair duine í níos blasda 'ná bhí sí an uair sin agus níor cúmadh abráin innte ar feadh a beatha níos binne. Is ar mhuintir na haoise seo amháin is cóir milleán mheatha na Gaedhilge do chur mar leigeadar go socair do'n Bhéarla Gallda teacht laistig di. Bhí sé 'na gcumas a dteanga féin do chongbháil agus an Béarla d'fhoghluim leis, mar rinne a sinnsear rómpa le Laidin; mar tá fiadnaise againn go raibh Laideann d'á labhairt go coitcheann i dteannta Gaedhlge ins an tsean-aimsir i nÉirinn, ní h-imeasg cléir amáin acht le tuataidhe. Is maith dhúinn ar uairibh baramhail duine dheórata d'fhághail ar ár sinnsear. Is beag duine nár chualaidh trácht thar loingeas na Spáinne, do ghléas rí Pilib chum Sasana do chlaoidh, tá breis is trí cheád bliadhan ó shoin. Agus cloistear gur shéid an ghaoth agus gur éirigh an fhairrge, gur bhris an tonn agus an t-anfadh an loingeas uaibhreach úd agus gur chaith an sáile aníos na mílte corp ar imeall-bórdaibh Uladh agus Chon- nacht. Acht imeasg na bhfear do fuasgladh ó'n duibh- eag an bhí captaen airm d'ár bh'ainm Cuéller agus do sgríobh seisean tuairisg ins an teanga Spáinnis ar a thurus. Ní fhuil baint agam le n-a sgríbhinn an cor so acht amáin do rádh gur shiúblaigh an Spáinneach úd thre chúigí Uladh agus Chonnacht agus ná raibh easba fear teangan air mar do labhair gach duine leis idir uasal agus íosal i Laidin. Gaedilg agus Laidin mar theangtha labhartha! Ní chreidfídhe an tuairisg seo d'á mba Eireannach do sgriobh é mar d'éisteamar le suainseán na Sasanach ag áiteamh orainn gur daoine fiadhna ar sinnsear agus fá dheireadh thugamar féin cluas do'n chúlchaint agus dubhramar gur dócha go raibh an fhírinne ann! Sin é an luach-saothair do fuaramar as ár dteanga dhúthchais do chaitheamh uainn gan ghábhadh agus easonóir do thabhairt d'ainm urramach na bhfear agus na mban do tháinig rómhainn, do ghaisge na laoch agus léigheann na mbárd agus na naomh. Bhíomar ag dul ar aimhleas acht tá an seirg-líghe imthighthe. Tá súla na buidhne fosgailte agus an bóthar lonnrach, réidh rómpa. Bíodh misneach ar gach n-aon agus muinghin againn asainn féin, tá an Ghaedhilg ag teacht ar n-ais. Clois- fear ar altóir í, cloisfear ar margadh í, cloisfear arís an mháthair ag crónán innte ag luasgadh an chliabháin, cloisfear an bhean óg aimsir eadartha ag bréagadh na bó léi, cloisfear ar tír is ar tráigh í, cloisfear i gcúm an tsléibhe í agus i lár na cathrach, caithfear í labhairt ó Oileán Toire go Buidhe Bhéara mar is é anam Tíre a Teanga agus níor cheaduigh Rí na Cruinne go múchfaidhe amach as an gcinidh daonna síol na nGaedeal do shil na deóir i mbruid agus do throid ar son a dtíre ar feadh na gcéadta bliadhan.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services