Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Oireachtas.

Title
The Oireachtas.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 525


ÓID DO'N OIREACHTAS, 1900.



I.
Do chruthaigh Dia Éire le buaidh gaoithe 's gréine
Le drúchtaibh as na spéarthaibh ag cur fáis i n-a cré
Le bláthaibh mar na reultaibh ar páirceannaibh breágh
feurmhar
Le gleanntaibh is le sléibhtibh is le bántaibh míne
réidhe.


L. 526


Le machairibh breágh glasa, le talamh geal raibh snas air
Nár chrap an fuacht 's nár lasadh le teas i meadhón
an lae,
Le lochaibh líonmhar lána, le h-abhnaibh dul le fánaidh
Ag snámh do'n mhuir go h-áluinn, ag crónán molta
Dé.



II.
Annsin do thogh sé daoine le teacht i gcionn na tíre
Ghlaodh sé ar clannaibh Mhíleadh agus thángadar ann so,
Do thug Sé dhóibh mar sealbh na coillte le n-a crannaibh
Na sléibhte le n-a gleanntaibh is na páirceanna
gan ceó.
Do thug Sé dhóibh an t-eallach ag beathughadh ar an talamh
Ná h-éisg ag snámh na mara, is níor fág sé iad gan
seóil,
Do b'aoibhinn a slighe bheatha san tír lán bainne 's
meala,
Móinfheura breágha geala, agus éanlaith deunamh ceóil.



III.
Do thug Sé dhóibh an teanga budh mhilse bhí ar talamh
Budh láidre is budh shnasta is budh chaoine bhí le
fagháil,
Is dubhairt sé leó na fágaidh an teanga aoibhinn áluinn
Do rinne mé chomh láidir ar son Éireannach amháin.
Chomh fad is béidh sí agaibh ní baoghal daoibh bheith
caillte;
Má tá go mbéidh sibh creachta ar feadh tamaill, no
faoi sgáil,
Tá buaidh annsan teangaidh, éireóchaidh sibh go tapa
Ní bhéidh sibh choidhche sgartha is ní chaillfidh sibh bhar
gcáil.



IV.
Sin é anois an sgiath do fuaradar ó Dhia
Mar chosaint is mar dídean ar gach sgrios agus
gach crádh
Is minic bhíodar creachta acht o' fhad a's bhí sí aca
D'éirighidís go tapaidh is níor chailleadar an lá.
Do bhíodh siad lán céille, d'aithnighidís a chéile
Níor cailleadh croidhe na féile, an Dóchas ná an Grádh,
Bhí meisneach annsan gcine 's coráiste anns gach duine
Dubhairt siad “ní bheidh sinn-ne i n-ár sglabhaidhthibh
go bráth.”



V.
Och! bhfuil ar sgiath briste? Och! bhfuil ár ndídean
sgriosta?
Ar goideadh as ar gciste an Chiall agus an Grádh?
Ar cailleadh an coráiste do rinne fear de'n pháiste?
D'imthigh an teanga ársa — ar imthigh an t-iomlán?
Ní h-eadh! ní h-eadh! níor imthigh seód cosanta an chinidh,
Tá splannca beag de'n teinidh i gcómhnuidhe beó le
fagháil,
Is rachamaoid le chéile ó theach go teach i n-Éirinn
D'á shéideadh 's d'á shior-shéideadh, go lasfaidh sé i
n-áird.



VI.
Chífimid fós i n-Éirinn go h-árd ar bhárr na sléibhte
An splanc atámaoid shéideadh 'rith ann sin agus ann so,
Tabhairt soluis do na daoinibh faoi dhorchadas na
h-oidhche,
Ó thaoibh go taoibh na tíre go bríoghmhar is go beó.
Cuirfimid sop ag séideadh anocht ar feadh na h-Éireann
Chomh lonnrach leis na reultaibh ag tabhair sholuis
mhóir gan ceó
Solus ameasg na mílte, solus i lár an chroidhe-stigh,
Sé an t-ainm air an t-Saoirse, 's ní múchfaidhear é
go deó.



AN CHRAOIBHÍN AOIBHINN.



"Éire uasal inis na
naomh. Má's fada an oidhche tagann an lá fa dheireadh. -
Argentina."



Beannacht o Chonn-
radh Aimeirioca ar an Oireachtas. Rath nios fearr
gach bliadhian orraibh. Mac Risteaird, Uachtaran
Connradh , Aimerioca."



"Teidh air aghaidh.
Go mbudh buan lan brioghmhar d Eirinn an tOireachtas.
Ta cuig punt deug air an mhuir dhaoibh Cumann na
Gaedhilge."



"Go raibh an t-ádh ar
an Oireachtas Sin guidhe an tsaoghail Éireannaigh Mac
Giollarnath.



"Ta caogad dollar ar bealach chugaibh
go mbuaidhidh Dia libh.



"Beannacht an Iarthar chu-
gaibh o chraoibh na Gaillimhe."



Mo bheannacht
don Oireachtas o mo chroidhe amach. Seacht fearr go
raibh sibh bliadhain o ndiu. O'Flannghaile, Londain."



"Buadh agus treise leibh
guidheann muintir Mhaghcromda. Runaire."



"Beannacht De ar an obair."



"Sonas ar bhur nobair anocht.
Teanga na nGaodhal a buadh. Connradh Gaedhilge,
Lunndain. O Faithigh Uachdaran.



"Buaidh agus treise do'n Oireachtas.
Go-n-éirighidh an gnó libh go geal. Neart agus sláinte
do cháirdibh na h-Éireann, agus 'céad míle fáilte roimh
Chlainn na bhFiann.' Pádraic Mac Ceanglaigh."



"Buaidh
agus Beannacht do'n Oireachtas agus do chúis na Gaedhilge."


L. 527


ANAM TÍRE A TEANGA.
(Oráid an Oireachtais).



A Chraoibhín Aoibhinn, agus a dhaoine uaisle, —



Is minic do cuirthear an cheist seo orainn, ”Cad
é an mhaitheas dúinn Gaedhilg?” agus is minic do freagar-
thar í, acht, dar liomsa, is é an freagra is oireamhnaighe
do thabhairt d'á leithéid sin de cheisteóir, a rádh leis
gurab í an Ghaedhilg ar dteanga féin agus gur cóir dúinn
í bheith againn mar atá a dteanga féin ag gach aon
aicme eile.



Má chuireann Éireannach ceart a leithéid sin de
cheist, ceapaim nách féidir dó bheith dáiríribh agus is é is
dóich liom go dteasduigheann leathsgéal uaidh mar tá
sé ro-leisgeamhail chum teanga a shinnsear d'fhoghluim.



Tá daoine eile ann, Éireannaigh cuid aca, adéarfaidh
leat, nár bhfeárr dhom Fraincis d'fhoghluim, bhainfinn
slíghe bheatha aisti sin mar is aos marguidheachta an
t-aos so, acht ní fhuil aon sgilling amháin le baint as
Gaedhilg.



Féachamuis go cruinn ar an gceist seo. Ceapaim
go bhfuil suas le seacht míle duine gach bliadhain ag
foghluim Fraincise ar sgoil ar fud na tíre seo.
Cuirim ceist ar an gceisteóir. An mó (cá mhéad)
duine aca so, is dóich leat, do bhaineann slíghe bheatha
as Fraincis? Ní fhuil beirt 'sa chéad.



Deirthear go bhfuil níos 'mó marguidheacht ag Béal-
Feirsde leis an bhFrainc 'ná tá ag aon chathair eile i
nÉirinn agus cloisim nách bhfuil da fhichid tigh ceannuigh-
eachta ins an gcathair sin go bhfuil sgríbhneóir Frain-
cise ar tuarasdal acu, agus ní hé sin amháin é, ní fuláir
do na sgriobhnóiríbh úd eólas ar ghnóthaibh eile bheith aca
seachas Fraincis sul a dtabharfar tuarasdal dóibh.
Dá réir sin má fhoghlamuighthear Fraincis ar sgoil le
súil go mbainfidh duine slíghe bheatha aisti, bíodh fhios
aige go bhfuil a ghnó gan sochar, gan tairbhe.



Tá muintir na hÉireann meallta le fada bhliadhan-
taibh. Is dóich leo go ndéanfaidh na teangtha iasachta
so maith éigin d'á gcloinn, agus caithid mórán airgid
ortha. Is cómhartha foghluime é adeirid, agus ní mhúinfídhe
ar na hárdsgolaibh na teangtha deórata so muna
mbiadh go bhfuil maitheas éigin ionnta. Tá maitheas
ionnta má fhoghlamuighthear i gceart iad agus má chaitheann
an sgoláire aimsir a dhóthain 'gá bhfoghluim go mbeidh
sé i n-ann smuaineadh ionnta agus iad do labhairt i
gceart. Ní chreidim go bhfuil aon mhaitheas d'inntleacht,
'ná d'inntinn duine i dteanga iasachta nách féidir dó
smuaineadh nó cuimhneamh innti, agus is beag Éireannach
gur féidir leis smuaineadh ins an Fhraincis 'ná ins an
nGearmáinis. Sin é an fáth go gcaithid a bhfurmhór
uatha na teangtha so chómh luath agus do thugaid siad
cúl ar an sgoil agus dá reír sin bhiadh sé cómh maith
aca bheith ag rith i ndiaidh féileacán ar feadh na haimsire
do chaitheadar ag béal-aithris na dteangtha úd.



Ní mar a chéile sin do'n Ghaedhilg. Tá greim ag an
dteanga sain ar inntinn an Éireannaigh óig nách bhfuil
ag aon teanga eile. Tá sé dall, bodhar, agus balbh
go bhfuair sé í. Ní túisge ghnídheann sé taithíghe léi
ná go labhrann sí leis. Tá anmanna ar na cnocaibh,
anmanna ar na bailtíbh, anmanna ar na haibhnibh go
bhfuil brígh leó agus fáth leó. Labhrann na hanmanna
so leis d'á aindeóin féin mar do bhaist a shinnsear iad
agus do bhaisteadar gach aon cheann aca le hainm chómh
h-oireamhnach sain go n-iompuighid siad inntinn an
Ghaedhilgeóra ar smuaineadh ins an Ghaedilg láithreach.
Cuirfidh na hanmanna ag smuaineadh é mar deirid
daoine tuigsionacha go bhfuil an focal agus an
smuaineadh pósda le chéile. Tá brígh agus breó-
inntinne le n-a leithéidibh seo d'fhoclaibh, “Súil gréine,”
“Dún dá radharc,” “Cnoc Maol Donn”, “Cnoc na
hEargal”, “Sliabh Beárnach”, agus na mílte eile,
agus má deireas duine liomsa go bhfuil do réir
nádúir do'n Éireannach smuaineadh do dhéanamh ins an
teanga Fraincis chómh luath leis an nGaedhilg, deirim
leis an bhfear sain nách bhfuil fhios aige cad é an bhríg
tá le smuaineadh i dteanga i n-aon chor agus gur
cosmhail a cheann féin le h-ubh ghlugair.



Admhuighim do réir dheallraimh go bhfuil sé i gcumas
duine smuaineadh i dteanga iasachta má chaitheann se
aimsir a dhóthain 'gá foghluim, acht deirim ar an am
gcéadna má chuireas tú Éireannach óg ag foghluim
Fraincise agus Gaedhilge ar sgoil agus cómh-oiread
aimsire do thabhairt 'á mhúineadh, má mhúintear i gceart
é gur feárr go mbeidh se ag sgríobhadh i nGaedhilg
agus ag smuaineadh innti, acht ní bheidh beann i n-aon
chor aige ar an Fhraincis. Beidh an seanrádh fíor go
deó - “briseann an dúthchas thre shúilibh an chait.” Is
beag an beann do bhí ag Clár-léighinn na hÉireann ar
an ndúthchas so agus tá a rian air, tá doilbh-cheó na
h-aineolachta ar ár n-aos óg.



Má deireas daoine nách cóir milleán do thabhairt


L. 528


do'n Chlár-léighinn mar ná'r thugadar cead chum na
teangan so do mhúineadh, deirimse libh go bhfuil an
Clár-léighinn mar ba dhual dóibh, go holc agus go
cionntach, acht ar a shon sain is eile gur orainn-ne féin
atá an locht mar gur fhulaingeamar uatha réim léighinn
do chur ar bun atá ag milleadh agus ag lot inntinne
na hÉireann ar feadh trí glúine.



Ní le bréithre binne do chuir fear deireadh leis an
milleadh so, acht le hobair, le hobair, mar ní h-indiu
'na indé do tháinig an milleadh ar Chlanna Gaedheal.
Is fíor gur thosnuigh sé linn nuair do thug na Géanna
Fiadhna a gcúl ar chathair Luimníghe agus tá sé ar nós
nimhe ag ithe ár bhfola agus ár bhfeóla ó shoin, acht níor
ith sé isteach go smior ionnainn go dtí deireadh na
haoise seo tá gabháil tharainn.



Tá dóchas againn go leighisfeamuid ár gcineadh ó'n
aicíd seo. Tá an chineadh sin sgapuighthe ar fud an
domhain agus i gcontabhairt bheith slugtha suas ag cinídhibh
eile, acht cuirfeam cosg leis sin feasda le congnamh
Dé mar tá ar dtreibh 'na dúiseacht, agus is mithid é.



An Té rinne fíon de'n uisge agus adubhairt le hAbraham
go gcruitheóchadh Sé sluaighte as gainimh na trágha, thug
Sé sin cogar do mhuintir na hÉireann tá tamall ó
shoin agus dubhairt leo, “Seachnaighidh!” Chualaidh fo-
cheann an cogar abhfus is tall i measg na nGaedheal
agus tá glór an chogair ag dul i dtreise ó lá go lá.
Thug an cogar sain ath-anam dúinn, thuit an púicín
draoidheachta ó n-ár súilibh agus thuigeamar láithreach
gurab í an teanga dhúthchais do chongaibh buidhean le
chéile riamh agus do choingbheochaidh go deo.



Ná'r mhór an iongnadh ná'r thuig na hÉireannaigh
fadó an fhírinne shoiléir sin. D'fhág ós cionn trí
mhilliún duine tír na hÉireann ar feadh an t-ochtmhadh
aois déag so ghabh tharainn agus thugadar a n-aghaidh ar
Roinn na hEórpa; phós a bhfurmhór súd agus bhí clann
aca mar bhí na hÉireannaigh foirtill agus rathmhar, bhí an
fhuil ba thréine, ba theó, agus ba ghlaine ar domhan ag
sruthughadh i bhféitheannaibh a gcorp. Is beag duine
searg do bhí 'na measg.



Ca bhfuil a síolradh súd? Cá'r ghabhadar? Cad
imthigh ortha?



Cad imthígheann ar uisge na Sionna? Cé gur doimhin
agus leathan an abha í siúd, idir Clár agus Ciarruighe,
measgann sí leis an bhfairrge mhór agus cailltear í ar
nós a cúbhráin féin. Sin mar déineadh leis na hÉir-
eannaigh úd, Rúisínigh, Gearmánaigh, Francaigh, Spáinnigh
is eadh iad indiu, agus is mór an t-adhbhar caointe agus
cúmhaidh dhúinn é, mar dá mbiadh teanga a sinnsear i
n-úsáid aca i dteannta teangan a dtír cómhnuidhthe ba
mhór an tairbhe d'Éirinn é mar bhiadh cúil bháire againn
ar fud na hEórpa chum troda ar ár son agus cabhrúghadh
linn i n-aon chúmhangach go mbeimís.



Chuaidh Éireannaigh na hEórpa amúgha uainn ins an
tríomhadh glún agus ní bhfagham go bráth arís iad, agus
imthéochaidh Éireannaigh Americá uainn ar an gcuma
gcéadna munab é toil Dé go gcoingbheochaid siad an
Ghaedhilg.



Ná bíodh aon dearmad ar éinne' 'na thaobh so. Ní
fhuil aon chuma eile ar ar féidir le buidhean dlúthúghadh
le chéile acht le teanga dhúthchais. Fuair na Iúdaighidh
amach an rún so fadó agus tá a rian air, ta cómhcheangal
eatortha. Lábhrann an Iúdaigheach-Rúsach an Rúisis, agus
an Iúdaigheach-Almánach an Ghearmáinis, agus mar sin dóibh,
acht tá gach n-aon aca fá gheasaibh cineál de'n teangadh
Hebréis do mhúineadh d'á chloinn gibé áit ar domhan
go mbeidh sé 'na chómhnuidhe agus muna mbiadh sain do
bheidís slugtha suas agus measguighthe le cinídhibh eile míle
bliadhan ó shoin.



Ní teanga bhreágh bhinn an Hebréis úd, tá sí tuathalach
le sgríobhadh, ní fhuil mórán focal innti agus is beag é a
litridheacht, acht mar sin féin cuireann sí i gcuimhne
do na Iúdaigheacha stair a sinnsear, is leó féin amháin
í, congbhuigheann sí le chéile smaointe an aicme gidh go
bhfuil na daoine seo sgartha ó na chéile agus 'na gcómhnuidhe
annso is annsúd ar fud an tsaoghail. Bhí dhá threibh
déag aca so ann ar dtúis, níor fhill ar n-ais ó
bhraighdineas na Babilóine acht dhá threibh díobh, d'fhan
na deich gcinn eile annsúd, chailleadar a dteanga agus
táid siad imthighthe nós sgamal na maidne.



Do b'fhiú do threibh teanga do cheapadh agus do
chumadh dhóibh féin muna mbiadh teanga dhúthchais aca
cheana, mar ní oirfeadh aon teanga iasachta dhóibh chómh
maith leis an dteangaidh do cheapfuidís féin. Tá an
méid sin do réir nádúir mar gibé rud do chumann
agus do cheapann inntleacht daoine is é sin is fear
d'oireann d'á n-inntinn. D'á chómhartha sain ní fhuil
tuairisg i stair 'ná i seanchuidheacht gur chaith aon
dream uatha riamh a dteanga féin go toileamhail
agus gur thógadar chúca féin teanga dhaoine eile 'na
hionad, acht do b'é an chuma eile ó thúis é mar gibé
áit ar domhan go bhfuair dream an lámh-uachdair ar
dhream eile ní rabhadar sásta go raibh a dteanga agus
a nósa fá mheas ag an ndream eile seo, ar ais nó
ar éigin. Agus gan amhras bhí an leathsgéal céadna
ag an ndream láidir atá ag daoinibh áirighthe indiu
gur mar mhaithe leis an ndream lag do bhíodar.



Támuid bodhar, breán, ó'n bhfear gaoithe sin Seaghan
Buidhe d'á dhingeadh isteach 'nár gcluasaibh gur cóir
dúinn bheith buidheach, beannachtach mar gur bhronn sé
orainn a theanga, agús deir sé 'nuair do bhíonn braon
ólta aige go mbeidh an Béarla Sagsan 'na theanga fós
ag gach aicme ar druim an domhain. Má's mar sin e
beidh sé riachtanach ar Sheaghan na Fraincigh, na Gear-
mánaigh, na Rúisínigh, agus an iomad eile de dhaoinibh
cruadha do mharbhadh amach, agus ceapaim sul a mbiadh
an méid sin déanta aige ná biadh an oiread de féin
le chéile agus do dhéanfadh greim do ghob priacháin.



Ná bíodh aon mhearthall ar éinne' 'ná aon amhras
aige go gcaithfidh muintir aon tíre uatha a dteanga
dhúthchais le na dtoil féin mar dá gcaithfidís ní gábhadh
dhóibh bheith ag brath ar eirghe go bráth arís, mar tá a
ngnó déanta; 'tá deireadh leó mar threibh. Tá a n-inn-
tinn agus a n-anam pósda leis an dtreibh do thugann
úrlabhra dhóibh, beidh an treibh sin mar mháighistir ortha
agus mar mhúinteóir dóibh i gcómhnuidhe, caithfid aithris
do dhéanadh ar an máighistir, caithfid smuaineadh mar


L. 529


do smuaineóchaidh a múinteóir. Ní fhuil dul uaidh aca,
táid siad dlúth-cheangailte dhe, cuimhneóchaid siad mar
do chuimhneochaidh seisean agus is é daoirseacht inn-
tinne an tubaiste is measa do tháinig ar dhaoinibh
riamh.



Cad é an dallacht atá an mhuintir na hÉireann go
gcaithfear bheith ag síor-chómhairle dhóibh go bhfuil fé
riachtanach ortha a dteanga féin do chongbháil má's
maith leó bheith buan, agus gurab é cómhartha na buile
nó cómhartha an bháis d'aon mhuintir cúl do thabhairt
ar a sinnsear agus náire bheith ortha 'na dtaobh. Ní
raibh ár sinnsear gan locht — is beag duine nách bhfuil
locht éigin air — acht deirim é seó ná'r bhuail riamh
liom i stair aon tíre eile fir agus mná ba mhó cáile
agus ceannas 'ná mórán aca súd do tháinig rómhainn.
Éistimíd go foidhneach le dailthín éigin ag fághail locht
ar ár sinnsear agus 'ga rádh gur chóir dóibh an rud so
agus an rud eile do dhéanadh, agus creidheann a lán
é, gidh d'á mbiadh an lochtóir seo le n-a linn siúd go
mbiadh áthas air cead d'fhághail chum iallacha a mbróg
do sgaoileadh.



D'fhágadar súd an dá oighreacht uasal, an creideamh
agus an teanga, againn, agus gidh go raibh a gcuid
fola d'á taosgadh ar machaire is gleann níor ghéill-
eadar riamh. Tá an dá oighreacht so againn fós, moladh
le Dia. Is beag ná'r chailleamar an teanga acht tá
sí indiu i dtreó bheith fuasgailte ó throm-ualach na
faillighe bhí ag brúthadh an anma aisde. Ní cóir
dúinn maoidheamh as an méid sin, 'ná an buabhthall
buadhthach do shéideadh mar gheall air mar ní raibh sé
ró-dheacair le déanadh d'á gcuirimís le chéile. Ní
raibh ann acht fearamhlacht agus níor chreideas féin riamh
go raibh sliocht Bhriain agus Airt chómh buailte, meata,
agus go leigfidís do theanga Chuinn Chéadcathaigh
agus Eóghain Taidleach bás d'fhághail fá na láimh, mar
d'á dtuitfeadh a leithéid sin de thubaiste orainn bhí an
ceann faoi ar ár dtreibh go bráth na beatha.



Is gnáthach linn bheith dhár mealladh féin go bhfuil
grádh againn d' Éirinn níos 'mó 'ná tá ag aon treibh
eile d'á dtír dhúthchais, acht, a dhaoine mo chroidhe ní
chreidfear uainn an méid sin go deó má chaitheamuid
uainn nósa agus teanga ár dtíre.



Dubhairt páipéar i Londain go ngoirthear an
“Times” air, gur bhualamar speach ar an nGaedhilg
agus gur chaitheamar an dorus amach í. Tá beagán
de'n fhírinne ins an méid sin, acht bhíomar ar meisge
nuair rinneamar an choir sin. Is feárr agus is
fearamhla dhúinn ár locht d'admháil 'ná bheith i gcómh-
nuidhe ag gabháil ár leathsgéil féin agus ag cur an
mhilleáin ar dhaoinibh eile. Tá gach aon saghas leath-
sgéil againn. Bhí na dlíghthe pianamhla i bhfeidhm go
dtí le deidheanaighe agus is gnáthach le daoinibh do
rádh gur bh'í annsbioraid na ndlighthe úd fá ndeara
do na Gaedhealaibh a dteanga do chailleamhaint. Acht
níor chailleadar an uair sin i n-aon chor í, do b'í an
t-aon chompórd amháin do bhí aca í, a habhráin áilne, a
sgéalta breádhdha, a ceól is a haoibhneas do thug
dóchas dóibh ar feadh na hoidhche pianamhla dorcha go
raibh lá na fuasgailte ag teacht. Ní hiad na dlighthe
pianamhla go deimhin do chuir ar feóthadh an Ghaedhilg
mar ní raibh sí riamh ó labhair duine í níos blasda 'ná
bhí sí an uair sin agus níor cúmadh abráin innte ar
feadh a beatha níos binne.



Is ar mhuintir na haoise seo amháin is cóir milleán
mheatha na Gaedhilge do chur mar leigeadar go socair
do'n Bhéarla Gallda teacht laistig di. Bhí sé 'na
gcumas a dteanga féin do chongbháil agus an Béarla
d'fhoghluim leis, mar rinne a sinnsear rómpa le
Laidin; mar tá fiadnaise againn go raibh Laideann
d'á labhairt go coitcheann i dteannta Gaedhlge ins an
tsean-aimsir i nÉirinn, ní h-imeasg cléir amáin acht
le tuataidhe.



Is maith dhúinn ar uairibh baramhail duine dheórata
d'fhághail ar ár sinnsear. Is beag duine nár chualaidh
trácht thar loingeas na Spáinne, do ghléas rí Pilib
chum Sasana do chlaoidh, tá breis is trí cheád bliadhan
ó shoin. Agus cloistear gur shéid an ghaoth agus gur
éirigh an fhairrge, gur bhris an tonn agus an t-anfadh
an loingeas uaibhreach úd agus gur chaith an sáile aníos
na mílte corp ar imeall-bórdaibh Uladh agus Chon-
nacht. Acht imeasg na bhfear do fuasgladh ó'n duibh-
eag an bhí captaen airm d'ár bh'ainm Cuéller agus do
sgríobh seisean tuairisg ins an teanga Spáinnis ar
a thurus. Ní fhuil baint agam le n-a sgríbhinn an cor
so acht amáin do rádh gur shiúblaigh an Spáinneach úd
thre chúigí Uladh agus Chonnacht agus ná raibh easba
fear teangan air mar do labhair gach duine leis idir
uasal agus íosal i Laidin. Gaedilg agus Laidin
mar theangtha labhartha! Ní chreidfídhe an tuairisg seo
d'á mba Eireannach do sgriobh é mar d'éisteamar le
suainseán na Sasanach ag áiteamh orainn gur daoine
fiadhna ar sinnsear agus fá dheireadh thugamar féin
cluas do'n chúlchaint agus dubhramar gur dócha go
raibh an fhírinne ann!



Sin é an luach-saothair do fuaramar as ár dteanga
dhúthchais do chaitheamh uainn gan ghábhadh agus easonóir
do thabhairt d'ainm urramach na bhfear agus na mban
do tháinig rómhainn, do ghaisge na laoch agus léigheann
na mbárd agus na naomh.



Bhíomar ag dul ar aimhleas acht tá an seirg-líghe
imthighthe. Tá súla na buidhne fosgailte agus an
bóthar lonnrach, réidh rómpa.



Bíodh misneach ar gach n-aon agus muinghin againn
asainn féin, tá an Ghaedhilg ag teacht ar n-ais. Clois-
fear ar altóir í, cloisfear ar margadh í, cloisfear
arís an mháthair ag crónán innte ag luasgadh an
chliabháin, cloisfear an bhean óg aimsir eadartha ag
bréagadh na bó léi, cloisfear ar tír is ar tráigh í,
cloisfear i gcúm an tsléibhe í agus i lár na cathrach,
caithfear í labhairt ó Oileán Toire go Buidhe Bhéara
mar is é anam Tíre a Teanga agus níor cheaduigh Rí
na Cruinne go múchfaidhe amach as an gcinidh daonna
síol na nGaedeal do shil na deóir i mbruid agus
do throid ar son a dtíre ar feadh na gcéadta
bliadhan.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services