Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear "Is mór, taidhbhseach, iad adharca na mbó thar lear" Is fíor gur soilbhir, saidhbhir an tír Aimeriocá, acht atá teist níos mó uirthi ar an dtaobh so uisge 'ná thuilleann sí. Tá an iomad Éireannaigh adeir linn go dtuilleann sí mórán grádha uainn-ne, mar go bhfuair mórán d'ár ndaoinibh beatha mhaith innte. Ní fhuil ins an mhéid sin acht leath na fírinne. Cuireann gach aon spadalach é féin suas 'na bhreitheamh orainn-ne ag tabhairt cómhairle dhúinn an rud ceart, dar leis, do dhéanamh. Cloisimíd gur bhfeárr do na hÉireannaigh fanamhaint sa bhaile agus oibriughadh annso chómh saotharach a's do righnid annsud. Is annamh gur duine fóghanta a leithéid seo de chómhairleóir agus is annamh do chuir sé riamh lá maith oibre dhe. Dá mbadh linn tír na hÉireann, agus ár Riaghail féin, ní dócha gur gábhadh dúinn bheith ag brath ar Aimeriocá chun slighe bheatha d'fhághail, siúd a's go rachadh cuid againn ann pé sgéal é. Acht ní linn Éire, fairíor. Tá cuid mhaith dhi ag tighearnaibh talmhan agus ag daoinibh díomhaine eile agus ní fhuil leighis 'ná neart againn ar dhul tar lear. Mo shlán beo leo so go bhfuil sé riachtanach ortha tír a sinnsear d'fhágaint. Tá treabha eile níos oireamh- naighe ná ár ndaoine-ne chum slighe mhaireamhaint d'fhághail tar sáile. Bíodh a mhilleán sain ar Sheághan Bhuidhe agus ar an saghas múinte fhuighmíd ins na sgoile- annaibh ag baile - múineadh nách bhfuil ciall ná éifeacht leis. Múintear do na Siairmínigh, na Suidigh, agus do threibhibh eile na hEórpa, ceárda agus aicillídheacht lámh ins na sgoileannaibh, atá úsáideach dhóibh ins na tíorthaibh i gcéin, agus atá fulachtas nó cócaireacht, fritheóltacht, fuagháil, agus iomad eolais eile, múinte do na cailínibh ag baile do gheallann tuarasdal maith dhóibh tar lear. Is mór an iongnadh liom go bhfuil beatha chómh maith ag cuid d'ár ndaoinibh i nAimeiriocá agus a leithéid sin d'fhaillighe atá tabhartha leo ag an Riaghailtas sa' bhaile. Teasbánan sain go soilléir gur breágh é inntin ár ndaoine agus nách bhfuil ar druím an domhain aon treabh is clisde ná iad dá bhfuighfidís a gceart. Acht i dtaobh cúis ár ngrádha do Aimeiriocá ní chreidim féin go bhfuil fáth ná chiall leis sin. Féachamaois i gceart ar so. Fuair ár gcineadh obair le déanamh ann mar fuair gach cineadh eile, ní mó a's ní lúgha, agus ba mhaith an mhaise dhóibh é mar atáid ineámhail ar an obair do dhéanamh. I n-ionad sinne bheith buidheach, measaim gur ar na hAimeiriocánaigh atá an dualgus bheith buidheach dínn-ne. Thugamar na fir is feárr agus na mná is mánla atá thall dóibh. Muna mbiaidh go raibh na hÉireannaigh i mbeárna an bhaoghail i n-aimsir Chogaidh na gCarad do gheabhadh an Taobh Teas de chosaibh ins an Taobh Thuaidh. Cia choisg an ruagadh ag Macha na dTarbh? Cia bhris an brúsgar an namhaid fíochmhar i gCúm Seanabannda? Cia bhrúcht nós tuinne rabhartha thré gach beárna cosgairt, laetheannta an éirligh móir ag Geitisbiora? Cia h-iad go deimhin acht buidhean chosgarthach Cláir Liorc. Mar sin féin, atá dream thall do mheasaim áitreamh orainn gur de'n tSagsan-treibh gach áiteóir i nAimer- iocá! Is iad so lucht na mbonnaidhe móra, agus an lín- éadaigh mhín. Tá sparáin troma acu. Tá crot maith ortha, agus ceannaighthe shleamhain. Leigid siad pililiú luathgháireach asda nuair adeir Seághan Buidhe leo gurab iad a bhraithreacha iad. Tá a níos mó cúmhachta acu leis ins an Riaghaltas ná shamh- luighmíd. Tá caidreamh acu le mórán daoinibh saidhbhre agus tigearnaibh i Sasana thré chleamhnas agus ar chumaibh eile ná luaidhim an cor so, agus atáid siad féin agus na Sasanaigh ag oibriúghadh go folaightheach chum Cáirdeas Cogaidh do snadhmadh idir na Stáitibh agus an Bhreatain Mór. Tá na hÉireannaigh 'na choinnibh seo, nídh nách iongnadh, acht deir Seaghan Buidhe ná'r cheart dhóibh sin, mar gur léis féin iad. "Is de'n tSagsan-treibh sibh!" adeir sé leo. "Féach an teanga sain agaibh d'á chleachtadh - Béarla binn ar mo nós féin," adeir se. Aontuigheann páipéir Lúnduin leis seo. Deirid gurab é an Sacsbhéarla teanga dhúthchais gach duine do rugadh i nAimeiriocá, agus da réir sin, gibé ball de roinn na hEórpa thángadar as gur cóir Sagsan-threibh do ghlaodhach ortha. Sasanach gan Béarla, Frangcach gan Fraingcis, Éireannach gan Gaedhilg. Mo léir ghoim a cháirde, is greannamhar an sgeal é! Is ait an smuaineadh é! Tá na hAimeriocánaigh i nInnsibh Philipín ag cur cogaidh anois. Leigeadar ortha gur mhar mhaithe leis na h-Innseoiribh thángadar ann ar dtúis. Do bhuadhdar ar na Spáinnigh, acht tá droch-ionntaoibh ag an h-áiteoirí asda. Táid siad, ag iarraidh an rith do chur ar na h-Aimeriocánaigh dá dheasgaibh sin. Bhí bruighean-fhuil- teach acu an lá fá dheireadh ag Paisig. Buadhadh ar na Philipínigh bochta agus d'fhóbair ná h-eirígheadh leis an Taoiseach atá ortha. Aigináldo is ainm do. Is suarach ná'r rug na h-Aimeriocánaigh air. Ba dhóich le duine go bhfuil talamh a ndóthain acu cheana gan dúil do bheith acu ins na h-Innsibh Philipín. Má's iad an Sagsan-treibh iad táid siad ag déanamh mar ba dhual dóibh - ag creachadh a's ag cosgairt, a's ag goid tailimh daoine eile. "Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait." Goilleann sé orm, ámhach, gur Éireannaigh an chuid is mó d'á saighdiúraibh. Tá an iomad Feisirí i dTeach Riaghaltais Aimeriocá adeir go bhfuil droch-fhuadar fá an Riaghaltas, agus mórán thall seachas na nÉireannaigh, cheapann go bhfuil an t-Uachdarán Mac Fhionnlaoigh ag dul ar aimhleas. Do b'fhearr liom ná leigfeadh na hÉireannaigh do lucht na mbonnaidhe móra Nua Eabhrac agus Bhaisintiún an cath agus an cogadh do chur. Má bheidheas an báire leis na hAimeriocánaibh, ó is deárthach go mbéidh, beidhid siad go láidir ins na Farraigibh Oirthear. Reidhteóchaidh an méid sin go dian mhaith le Seághan Buidhe. Deirthear go bhfuil seisean a ngríosúghadh, i gcómhair congnamh do bheith aige i n-aghaidh na Rúisíneach, agus na bhFranncach, atá ag sanntúghadh chum na Síne do roinnt eatortha ar ball. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services