Tar Lear
"Is mór, taidhbhseach, iad adharca na mbó thar lear"
Is fíor gur soilbhir, saidhbhir an tír Aimeriocá, acht
atá teist níos mó uirthi ar an dtaobh so uisge 'ná
thuilleann sí. Tá an iomad Éireannaigh adeir linn go
dtuilleann sí mórán grádha uainn-ne, mar go bhfuair
mórán d'ár ndaoinibh beatha mhaith innte. Ní fhuil ins
an mhéid sin acht leath na fírinne.
Cuireann gach aon spadalach é féin suas 'na bhreitheamh
orainn-ne ag tabhairt cómhairle dhúinn an rud ceart,
dar leis, do dhéanamh. Cloisimíd gur bhfeárr do na
hÉireannaigh fanamhaint sa bhaile agus oibriughadh annso
chómh saotharach a's do righnid annsud. Is annamh gur
duine fóghanta a leithéid seo de chómhairleóir agus is
annamh do chuir sé riamh lá maith oibre dhe. Dá mbadh
linn tír na hÉireann, agus ár Riaghail féin, ní dócha gur
gábhadh dúinn bheith ag brath ar Aimeriocá chun slighe
bheatha d'fhághail, siúd a's go rachadh cuid againn ann pé
sgéal é. Acht ní linn Éire, fairíor. Tá cuid mhaith dhi
ag tighearnaibh talmhan agus ag daoinibh díomhaine eile agus ní
fhuil leighis 'ná neart againn ar dhul tar lear.
Mo shlán beo leo so go bhfuil sé riachtanach ortha tír
a sinnsear d'fhágaint. Tá treabha eile níos oireamh-
naighe ná ár ndaoine-ne chum slighe mhaireamhaint
d'fhághail tar sáile. Bíodh a mhilleán sain ar Sheághan
Bhuidhe agus ar an saghas múinte fhuighmíd ins na sgoile-
annaibh ag baile - múineadh nách bhfuil ciall ná éifeacht
leis. Múintear do na Siairmínigh, na Suidigh, agus do
threibhibh eile na hEórpa, ceárda agus aicillídheacht lámh ins
na sgoileannaibh, atá úsáideach dhóibh ins na tíorthaibh i
gcéin, agus atá fulachtas nó cócaireacht, fritheóltacht,
fuagháil, agus iomad eolais eile, múinte do na cailínibh
ag baile do gheallann tuarasdal maith dhóibh tar lear.
Is mór an iongnadh liom go bhfuil beatha chómh maith
ag cuid d'ár ndaoinibh i nAimeiriocá agus a leithéid sin
d'fhaillighe atá tabhartha leo ag an Riaghailtas sa' bhaile.
Teasbánan sain go soilléir gur breágh é inntin ár
ndaoine agus nách bhfuil ar druím an domhain aon treabh
is clisde ná iad dá bhfuighfidís a gceart.
Acht i dtaobh cúis ár ngrádha do Aimeiriocá ní chreidim
féin go bhfuil fáth ná chiall leis sin. Féachamaois i
gceart ar so. Fuair ár gcineadh obair le déanamh ann
mar fuair gach cineadh eile, ní mó a's ní lúgha, agus ba
mhaith an mhaise dhóibh é mar atáid ineámhail ar an obair
do dhéanamh. I n-ionad sinne bheith buidheach, measaim
gur ar na hAimeiriocánaigh atá an dualgus bheith
buidheach dínn-ne.
Thugamar na fir is feárr agus na mná is mánla atá
thall dóibh. Muna mbiaidh go raibh na hÉireannaigh i
mbeárna an bhaoghail i n-aimsir Chogaidh na gCarad do
gheabhadh an Taobh Teas de chosaibh ins an Taobh Thuaidh.
Cia choisg an ruagadh ag Macha na dTarbh? Cia bhris
an brúsgar an namhaid fíochmhar i gCúm Seanabannda?
Cia bhrúcht nós tuinne rabhartha thré gach beárna
cosgairt, laetheannta an éirligh móir ag Geitisbiora?
Cia h-iad go deimhin acht buidhean chosgarthach Cláir
Liorc.
Mar sin féin, atá dream thall do mheasaim áitreamh
orainn gur de'n tSagsan-treibh gach áiteóir i nAimer-
iocá! Is iad so lucht na mbonnaidhe móra, agus an lín-
éadaigh mhín. Tá sparáin troma acu. Tá crot maith
ortha, agus ceannaighthe shleamhain.
Leigid siad pililiú luathgháireach asda nuair adeir
Seághan Buidhe leo gurab iad a bhraithreacha iad. Tá a
níos mó cúmhachta acu leis ins an Riaghaltas ná shamh-
luighmíd. Tá caidreamh acu le mórán daoinibh saidhbhre
agus tigearnaibh i Sasana thré chleamhnas agus ar chumaibh eile
ná luaidhim an cor so, agus atáid siad féin agus na Sasanaigh
ag oibriúghadh go folaightheach chum Cáirdeas Cogaidh do
snadhmadh idir na Stáitibh agus an Bhreatain Mór. Tá na
hÉireannaigh 'na choinnibh seo, nídh nách iongnadh, acht
deir Seaghan Buidhe ná'r cheart dhóibh sin, mar gur léis
féin iad. "Is de'n tSagsan-treibh sibh!" adeir sé leo.
"Féach an teanga sain agaibh d'á chleachtadh - Béarla
binn ar mo nós féin," adeir se. Aontuigheann páipéir
Lúnduin leis seo. Deirid gurab é an Sacsbhéarla
teanga dhúthchais gach duine do rugadh i nAimeiriocá, agus
da réir sin, gibé ball de roinn na hEórpa thángadar
as gur cóir Sagsan-threibh do ghlaodhach ortha. Sasanach
gan Béarla, Frangcach gan Fraingcis, Éireannach gan
Gaedhilg. Mo léir ghoim a cháirde, is greannamhar an
sgeal é! Is ait an smuaineadh é!
Tá na hAimeriocánaigh i nInnsibh Philipín ag cur
cogaidh anois. Leigeadar ortha gur mhar mhaithe leis na
h-Innseoiribh thángadar ann ar dtúis. Do bhuadhdar ar
na Spáinnigh, acht tá droch-ionntaoibh ag an h-áiteoirí
asda. Táid siad, ag iarraidh an rith do chur ar na
h-Aimeriocánaigh dá dheasgaibh sin. Bhí bruighean-fhuil-
teach acu an lá fá dheireadh ag Paisig. Buadhadh ar na
Philipínigh bochta agus d'fhóbair ná h-eirígheadh leis an
Taoiseach atá ortha. Aigináldo is ainm do. Is suarach
ná'r rug na h-Aimeriocánaigh air. Ba dhóich le duine
go bhfuil talamh a ndóthain acu cheana gan dúil do bheith
acu ins na h-Innsibh Philipín.
Má's iad an Sagsan-treibh iad táid siad ag déanamh
mar ba dhual dóibh - ag creachadh a's ag cosgairt, a's ag
goid tailimh daoine eile.
"Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait."
Goilleann sé orm, ámhach, gur Éireannaigh an chuid
is mó d'á saighdiúraibh. Tá an iomad Feisirí i dTeach
Riaghaltais Aimeriocá adeir go bhfuil droch-fhuadar fá
an Riaghaltas, agus mórán thall seachas na nÉireannaigh,
cheapann go bhfuil an t-Uachdarán Mac Fhionnlaoigh ag
dul ar aimhleas.
Do b'fhearr liom ná leigfeadh na hÉireannaigh do
lucht na mbonnaidhe móra Nua Eabhrac agus Bhaisintiún an
cath agus an cogadh do chur. Má bheidheas an báire leis
na hAimeriocánaibh, ó is deárthach go mbéidh, beidhid
siad go láidir ins na Farraigibh Oirthear. Reidhteóchaidh
an méid sin go dian mhaith le Seághan Buidhe. Deirthear
go bhfuil seisean a ngríosúghadh, i gcómhair congnamh
do bheith aige i n-aghaidh na Rúisíneach, agus na bhFranncach,
atá ag sanntúghadh chum na Síne do roinnt eatortha
ar ball.
Conán Maol
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11