Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Staraidheacht Nua-Dhéanta - Éacht an Triallaigh.
Title
Staraidheacht Nua-Dhéanta - Éacht an Triallaigh.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÉACHT AN TRIALLAIGH. An tráth bheirit laoich Laighean, cinn daighfhear cláir na gcuradh Buaidh eachtrann an chraoi chuinse, bídh m'aigneadh suilbhir subhach. Aonghus mac Doighri Í Dhálaigh. Cuiream síos annso ar dtús, ar nós ar sinsear, áit, aimsir, agus fáth na sgríbhinne seo. I dtaobh na háite, tá a fhios agaibh féin cá bhfuiltí agus mise anois .i. i seomraidhibh na hÁrdchraoibhe, agus nach fiosach do gach aithid agaibh, má thráchtaim ar uair nó aimsir, gurab é seo an t-aonmhadh lá fichead de'n Mhárta, 'sa' bhliadhain naoi gcéad déag. Maidir leis an bhfáth, agus do féadfaidh nach dtuigeann sibh sin comh maith, is é is ionráidhte dham gurab amhlaidh badh mhaith liom clú agus modh agus onóir agus comóradh do thabhairt indiu do dhuine de laochraidh Laighean, an mhéid is féidir liom sin do dhéanamh. Go deimhin dearbhtha dhíbh, is mór do leigeadh laochradh Laighean i bhfaillighe le déidheanaighe. Cluintear a lán ar Eoghan Ó Néill, ar Aodh Ruadh Ó Domhnaill, ar Ó Súileabháin Béarra agus ar Iarla Deas-Mhumhan, acht cia chuala mórán de sgéaltaibh riamh ar Art Mac Murchudha Caomhánach, ar Uaithne Ó Mórdha, ar Ruaidhrí óg Ó Mórdha, ar Dhomhnall Spáinneach Caomhánach, ar Aodh mhac Seagháin Uí Bhroin, ar Fhiacha mhac Aodha Uí Bhroin ná ar Risteárd Triall 'gar mian liom beagán tuarasgbhála thabhairt air anocht? Dob' fhéidir gurab í céad cheist do fiafróchar díom, Ciar bh'é Risteárd Triall agus ciar díobh é? Agus fós cia aca d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain dó nó cia de chontaethibh Laighean i ngnáthuigheadh a bheith? Déanfad dícheall ar na ceisteannaibh so d'fhuasgailt, cé suarach le rádh mo chuid eoluis air. Ba de Thriallachaibh an Bhealaigh i gCondae na hIar-Mhidhe do Risteárd agus ba dhearbh- ráthair do Sir Seón Triall do mhair le linn Ailíse bheith i gceannus Shasan. Sloinneadh Normannach Triall, agus is dócha gur ó Sir Aodh Triall do tháinig anall as Sasanaibh i n-éinfheacht leis an Iuistís Filip ó Worcester 'san bhliadhain míle, céad, ochtmhogha a ceathair do geineadh gach aon Triallach dá bhfuil thuas ar thalamh na hÉireann 'mun dtaca so. Dá réir sin, budh de Shean-Ghallaibh na Triallaigh agus ní leigim a leas a rádh 'na bpáirt gur gairid go rabhadar ní budh Ghaedh- ealaighe, i dteangaidh ar aon nós, 'ná an Ghaedhealtacht féin. Do chuadar do chomhnaidhe i gCúigeadh Laighean agus is gearr go rángadar i seilbh Fhear dTulcha le Muileann Chearr na Midhe a ndeas agus caisleán mór aca ag Bealach an Triallaigh i dtaobh thiar theas de'n bharúntacht sain, áit i bhfuil sí ag teorann- tacht le Muigh Chaisil. I mbliadhain míle, cúig céad, nocha a sé 'seadh thosuigheas sgéal Risteáird Triaill. Ba chaiptéin i n-arm na bainríoghna é go nuige sin, acht fá cheann na bliadhna sain d'éirigh sé amach agus do ghabh le hUa Néill. Do chuir Ua Néill os cionn díorma dá shluagh é, agus a fhad agus bhí i nGaedhealaibh an cogadh do chur ar a namhaid, níor sgaradar le n-a chéile. Thug Ua Néill ionntaoibh iomlán leis an Triallach, agus is é toradh do thug an Triallach ar Ua Néill síor-dhísle agus fíor-umhla. Rud eile, ba sheasmhaighe an Triallach 'ná cách, óir is é is fír-dhéidheanaighe do chuireadh cogadh agus ní fios dúinn gur stad sé riamh de, a fhad agus bhí sé beo. Ná meastar gur fealladh ar an mbain- ríoghan ag Risteárd Triall, má's cuirthe i gcás go bhféadfaidhe a leithéid ag Gaedheal ar bhainríoghan Shasan. Ar a aghaidh sin anonn, is air-sean do fealladh ag an mbainríoghan.
Nach dó ba ghearánta nuair dob' éigean dó labhairt mar so le hIarla Ur-Mhumhan? Dubhairt sé go raibh togha na haithne ag an riaghaltas ar a ainm agus gurab é féin do mharbh dearbhráthair Mhic Mhathghamhna [i dtroid, is dócha] agus gurab iomdha maith do rinne sé dhóibh ag troid le muintir an tuaiscirt; gur díoladh é asta so ag Sir Seón Perrot agus ag Sir Uilliam Mac Uilliam, agus ar a shon sain gurab iomdha uair do chuireadar i bpríosún é gan fáth agus go dtug so air gabháil le hUa Néill agus bheith ag foghnamh dhó an uair sin féin, “agus is é do chuir uaidh mé,” ars' eisean, “ré congnamh do thabhairt le Feidhlimidh mac Aodha.” Innistear fós ar an Triallach gur chomh- dhalta é do Dhon Carolo, prionnsa na Spáinne. Sin eisiompláir ar an modh agus an onóir do-bheirthí do chloinn na nGaedheal i gcríochaibh imchiana na Roinne Eorpa. Ba mhór an cás leis an riaghaltas an Triallach d'imtheacht uatha 'na dhíbhfeargach, amhail adeirthí. Seo mar do sgríobh duine aca i gceann na bliadhna míle, cúig céad, nocha a sé: “Do badh leasuighthe, iomorro, go luath, méirleachas an Triallaigh, óir do bhíodh sé 'na chaiptéin, agus, tuilleadh fós, is de bhunadh fóghanta é, agus é 'na dhearbhráthair ag Sir Seón Triall ar a bhfuil teisd agus tuar- asgbháil fíor-fhómósaidhe.” Nach ró-fhollus as sain gur mór an meas do bhí ag lucht na huachtaránachta air? Agus cár bh'iongnadh dhóibh! Dob' é breitheamhnas do thug ughdar Gaillbhéarla éigin air gur chalma an mílidh é agus gurab é do dob' fhearr gliocas agus gasdacht, fromhthacht agus fíreolas ar dhulaibh agus ghoisdíbh, ar chleasaibh agus chluanaibh an chinéil chogaidh úd ar a dtugaid Spáinnigh guerilla, agus nach é amháin gur mhór le rádh é i dtaobh meisnighe agus tairise do chur i n-a lucht leanamhna, acht fós gurab é féin do lean d'á chúis (.i. d'Éirinn) le deoin agus dísle, le linn feille do dhéanamh do neach beagnach gach re huair ar an gcoigéile dob' annsa leis, mar budh eadh. I mí na Bealtaine, 'sa' bhliadhain míle, cúig céad, nocha a seacht do dóigheadh Muilleann Cearr na Midhe i ngrís ag an Triallach, agus bhí Muintir Fhearghail agus Nuinn- seannaigh le n-a chois 'san turus sain. Bhí cur síos ag lucht an riaghaltais ar an Triallach do mharbhadh fó thrí, agus mar sin féin d'éirigh sé beo arís, dálta Ioubert fá láthair. Seo mar do sgríobh an Caiptéin Proinnsias Croft chum Sir Roibeárd Cecil i Meitheamh na bliadhna céadna: “An ficheadh lá de'n mhí seo i láthair, do chuir Tighearna Dealbhna fám' dhéin féin agus fá choinne caip- téineach n-eile ré dul go Breifne, áit i raibh iomad eallaigh ag lucht an mhéirleachais. Do chaill an giolla an t-eolas i lár na hoidhche” [dálta giolla Gatacre] “agus, roimh rochtain na háite dhúinn, bhí an lá lér-ghlan lán-tsoill- seach ann, agus an namhaid, bhí fios ár dteachta aici, agus do thiomáineadar leo, ag dul i ndiaidh a gcúil, agus furmhór a gcuid buair leo. Gidheadh, do ghabhamar cúig céad ceann aca, acht ní gan buillidhe do thabhairt, óir do bhí d'fhiachaibh orainn troid le sgoith saighdiuirí na méirleach agus neach éigin, an Caiptéin Triall 'na cheannphort ortha, agus curadh calma é agus fear do bhí 'na fhómósaidhe seal agus 'na cheannphort i n-arm na bainríoghna. Do throid an Triallach linn ceithre huaire éag- samhla comh calma comh glic agus do chonncas riamh i dtachraibh éadtroma, agus tháinig sé i gcomhlann le n-ár gcuid fear; acht do sgaoileadh urchar air 'san tachar deiridh, agus do chonncas féin é ag tuitim fá dhó fá lár agus lán-talamh, acht i ndeireadh na dála chuaidh sé fán gcoill agus ní tháinig amach arís. Saoilim gur marbhadh é. Do marbhadh dá
fhichid fear de thogha na ndíbhfeargach agus duine nó beirt d'á gceannphortaibh san tachar sain, dar liom-sa.” B'fhéidir gur bh'fhíor dó sain, acht má b'fhíor, níor mharbh sé an Triallach féin. Is fada bhí sé sin beo beathadhach 'na dhéidh sin agus Sasanaigh 'na gcrannra aige, ag siubhal agus ag síor-shiubhal Bhreifne agus Laoighise agus Anghaile dhó, ag bris- eadh agus ag aithbhriseadh ortha. Seo litir eile do sgríobh Filip Mac Uilliam chum an riaghaltais Oidhche Shamhna na bliadhna céadna. Tuigthear dúinn aisti go rabhthas go holc ag Sasanaibh i Laighnibh 'san uair sin: “Tá an riaghaltas i ngéarbhruid agus i gconta- bhairt, lucht na díbhfeirge ag rioth agus ag ruagadh fá iomlán na Proibhinnse Gallda, ionnus gurab ar éigin atá áit ar bith ann nach mbíd siad ag marbhadh, ag dóghadh, ag creachadh agus ag foghail, go mór-mhór i nUíbh Fáilghe mar a bhfuil an tóiteán d'á adhnadh arís. Do creachadh dúthaigh Sir Seoirse Colley agus do dóigheadh í go fiú a gheata féin. I Laoighis do thárla tachar idir buidhne bochta bioth-chaillte na gCaiptéin úd Sentleger agus Gifford i n-éinfheacht le beagán de shaor- ghabháltaidhthibh na tíre sin agus an tréatúir guasachtach úd an Triallach. Do mharbhadar triocha fear d'á rácaíbh ifrinn agus é féin mar an gcéadna, mar saoiltear gur buaileadh é 'san taoibh chlí le sáthadh píce ar mhodh gur conncas beagnach a leath do leith a chúil as, agus is dóigh nach é a chuid éadaigh amháin do goineadh agus cliseadh go glan ar a chuid feola; acht do bhuain a chuid fear amach, ceithre céad a líon, agus do hiomchradh eisean leo. Do marbhadh fiche fear de thogha ár mbuidhean 'san tachar.” Acht níor cailleadh an Triallach an uair sin acht a oiread. Gníomh de ghníomharthaibh an Triallaigh: I mí Nodlag na bliadhna céadna 'seadh do bhí sé féin agus Uaithne mac Ruaidhrí óig Uí Mhórdha agus an Nuinnseannach ag gabháil fá Laoighis Laighean go dtángadar a fhad le Port Laoighise. Is amhlaidh do bhí an dá Chaiptéin de Ghallaibh, mar atá Sir Warham Sentleger agus Uilliam Hovenden, agus a mbuidhean saigh- diuirí, agus iad istigh 'sa' phort. Thug an bhuidhean Ghaedhealach fá ndeara gurab olc an faire agus an forchoimeád do bhítheas do dhéanamh ar namhaid, agus thugadar ionnsaighe agus amus ar an bport gur bhuaineadar amach é do bhéim chlaidhimh. Do briseadh ar Ghallaibh agus do marbhadh Uilliam Hovenden 'san tachar sain, agus do dóigheadh daingean agus baile Phuirt Laoighise ag Gaedhealaibh. 'Sé deir dream an riaghaltais gur bh'é cúis an tachair sin moill do chuir an sirriam ar an eallach do gealladh mar chíos dón bhuidhin Gaedhealaigh. Is roimhe seo do buaileadh cath Bealaigh an Triallaigh .i. an t-éacht is mó do chuir ainm Risteáird Triaill i gclú agus i gcéim i stair na hÉireann. [Ní has an gcath so do hainmnigheadh an áit, mar do bhí an t-ainm air leis na céadtaibh bliadhan roimh aimsir an chatha.] Is mar so do thuit sé amach. Do chuir an bhainríoghan Iustís nua i nÉirinn 'sa' bhliadhain chéadna .i. míle, cúig céad, nocha a seacht. Lord Borough dob' é é. Tomás a ainm. Ní túisge tháinig i n-Éirinn 'ná do bhuain stiúradh an chogaidh de Sir Seón Noruis agus do ghlac féin as láimh é. Is amhlaidh do mheabhruigh sé a chur ar Ghae- dhealaibh, é féin do thabhairt amuis ar Ultaibh agus Iarla Chilldara agus tighearnaí na Proibhinnse Gallda le n-a chois, Sir Conues Clifort do ghluaiseacht as Connachtaibh go Béal Átha Seanaigh, agus an Barnallach óg, mac Thighearna Thrimleastúin nó Bhaile an Trimléadaigh, d'imtheacht as Muileann Chearr na Midhe, agus an triúr so do theacht i gceann a chéile i ngar do Bhéal Átha Seanaigh. Do chuir
Ó Néill agus Ó Domhnaill le chéile roimh ré chum curtha 'na gcoinne. Do ghabh Ó Néill do láimh cosnamh a chríche féin agus rug sé buaidh ar an Iuistís ag Druim Fliuch, agus bhí d'fheabhas an chosanta do rinne Ó Domhnaill go dtug sé ar Sir Conues Clifort dul i ndiaidh a chúil ar ais go Connachta, ar gcailleadh a chuid gunnaidhe mór agus trosgáin agus lóin. Maidir leis an treas sluagh do bhí fá'n mBarnallach óg, níor bhaoghal go ndear- módfadh Ó Néill é. Dá réir sin, do chuir sé uaidh an Triallach i Laighnibh le cath do thabhairt dó. Do ghluais an Triallach roimhe, cúig céad fear toighte, tre cheartlár Bhreifne go ráinig go bruach Locha Ainninn i ngar do'n Mhuileann Chearr, áit i raibh sé féin agus a chuid fear isna coilltibh ag leigean a sgíste. Is é do furáileadh air ag Ó Néill dul go háit i mbeadh sé féin agus Branaigh agus Tuathalaigh agus Caomhánaigh agus Uí Mórdha Laoighise agus Uí Chonchubhair ó bhFáilghe i gceann a chéile. Ní luaithe chuala an Barnallach sluagh an Triallaigh do bheith 'na ghoire agus 'na ghaobhar 'ná do ghluais amach as an Muileann Chearr, míle fear, agus budh mhian leis amus do thabhairt air. Fuair an Triallach fios na gluaiseachta so roimh ré agus do dhruid ó Loch Ainninn 'san áird budh dheas gacha ndíreach go dtáinig go Bealach an Triallaigh. Do thriall sé eadarnaidhe iorghaile annsoin fá chomhair an tsluaigh Ghallda, gur leag na croinn gur chuir iad ar leathtaoibh na gcurrach do shroich go colbha bóthair do gach leith. Do órduigh annsin d'Uaithne mhac Ruaidhrí óig Uí Mhórdha leath an tsluaigh do bhreith leis agus dul i bhfolach i log do bhí 'san talamh fá chumhdach doire. Is amhlaidh do thuig sé go mb' éigean do Ghallaibh teacht le hais an luig seo sul fá bhféadfaidís an t-amus do thabhairt air. Dála an Bharnallaigh óig, do conncas dó go raibh an Triallach ag dul i ndiaidh a chúil, ag déanamh ar Chill Bheagáin, agus do ghabh 'gá leanamhaint go dian deifreach, béal a chinn roimhe, gur fhág Uaithne mac Ruaidhrí óig ar a chúlaibh. Le n-a linn sin, do phreab- adar Gaedhil 'na seasamh agus do séideadh suas na píobaidhe [sin a raibh mar chomhartha aca ar Ghallaibh dá gcur féin idir dhá láthair dhiubhraicthe.] Leis sin do thionntuigh an Triallach a aghaidh ar Ghallaibh gur ghabh féin agus Uaithne 'gá n-ionnsaighe. Sin chuca dá dhíorma na nGaedheal, fuadar nimhe agus fíor- bhuinne fútha, faobhar agus faghairt 'na súilibh, fonn catha agus comhlainn agus coinghleice ortha, go ndearnadar, dálta Iollainn Fhinn agus Fhiachrach i n-“Oidheadh Chloinne hUisnigh,” comhrac féigh fuilteach foirniata formadach, neartmhar naimhdeamhail, teann tréanbhorb tinneasach re Gallaibh. Ba mhór meanmnach agus ba chalma cródha an seasamh do rinneadar Gaill, acht ní raibh gar ná maith dhóibh ann. Is amhlaidh do bhíodar i n-amhgar agus i n-anac- air, i ndochar agus i ndócamhal ag docracht agus deacracht na háite i rabhadar, Gaedhil ar a n-aghaidh agus ar a gcúlaibh, agus currach agus sgonnsa adhmaid ar gach taobh díobh ar mhodh nach rabhadar acmhuinneach ar dhíth ná dhioghbháil d'imirt ar a namhaid. Níor bh'fhada gur briseadh orra, mar níor fhéadadar an for- ruathar faobhrach agus an fogha forránach thug Gaedhil fútha d'fhulang. Ní dheachaidh fear innste sgéil ná maoidhte móir-ghníomh as an láthair sin gan brón báis agus gairde saoghail do thabhairt dó acht fear amháin do thum é féin go brághaid i sgraith-bholgáin i lár seileas- trom agus seisge. Do rinneadh príosúnach de'n Bharnallach óg. I dtaobh Uaithne mhic Ruaidhrí óig Uí Mhórdha, bhí do mhéad buile meanman agus brotha míleadh agus buinne madhma d'imir sé ar a naimhdibh an lá sain, gur at a lámh le teann troda agus tréan-chomhlainn, ag sáthadh,
ag sáir-ghearradh agus ag síor-phionnsóireacht, ar chor ná tugadh amach í as an dornchloidhe gur líomhadh an chruaidh as a chéile le barra cuimilte. Gurab é sin tuarasgbáil chatha Bealaigh an Triallaigh go ruige sin. Is iomdha tachar eile, ámh, i raibh an Triallach ann. Innistear air go raibh sé i láthair chatha Bealaigh na gclúmh, i n-aice Phuirt Laoighise, áit i raibh luigheachán ag Uíbh Mórdha fá chomhair an Iuistís an tIarla of Essex. Do marbhadh cúig céad de Ghallaibh 'san chath so agus bhí do mhéad clúmh a gclogad d'fholuigh an áit d'éis an chatha gurab as do hainmnigheadh é. Deirthear fós gurab é an Triallach do chuir ar gcumas d'Ua Domhnaill dul isteach 'sa' Mhumhain thar Sliabh Eibhlinne agus faire agus forchoimeád dá ndéanamh ag Gallaibh ar gach aon bhealach eile. Bhí sé i n-urthosach Gaedheal ag cath Chinntsáile, agus creidthear dúinn ó'n stair nach air-sean do bhí milleán an bhriste sin. Thug sé cosnamh do Dhún Buidhe ar an sluagh Ghallda, a fhad agus d'fhéad sé é. Ní'l dá mhince dá dtairgthí breab nó duais dó ó thaoiseachaibh Gall, nach amhlaidh is mó d'eitigheadh sé ortha a glacadh, óir ní bhraith- feadh sé Éire ar ór ná ar airgead ná ar ionnmhas an domhain. Má's minic do briseadh air le cogar feille fá choim, níor cuireadh riamh fá chosaibh agus níor gabhadh é. Bhí seisean go lán láidir ag cur an chogaidh agus 'gá theann- adh le Gallaibh, d'éis imtheachta d'Ua Domh- naill a hÉirinn, agus d'éis Uí Néill do ghéilleadh do'n bhainríoghan, agus fá dheireadh thiar, nuair do bhí an Mhumha 'na fásach air, níor smaoin sé riamh ar thabhairt suas, acht d'fhág Deas- Mhumha, agus do ghluais 'san áird budh thuaidh gur shroich ceartlár Cúigidh Uladh. 'San turus sain is eadh dob' éigean dó triall ó'n sliabh is sia i gCiarraighe Luachra go daingnibh Bhreifne. Go deimhin díbh, is maith do thuill sé a shloinneadh féin do thabhairt air, dá madh nach mbeadh sé riamh air roimhe sin. Ní fios dúinn uair a bháis, nuair nach bhfuil sgéal ar fághail air 'na dhéidh sin. An féidir a cháineadh? Go fiosach damh-sa, ní innsid a naimhde féin dúinn go raibh sé go holc ná go fealltach leo i n-aon tachar. Ní raibh gnó aige riamh de'n fheill- bheirt. Má bhí sé i n-arm na bainríoghna i dtosach, nach follus dúinn gur bh'éigean dó sain, mar gur hiarradh air é ag an riaghaltas, toisg gur de bhunadh Ghallda dhó agus é 'na fhómósaidhe do rugadh 'san Phroibhinnse Ghallda. Fuair sé nach raibh tairbhe dhó ann agus do ghabh sé feasda le hUa Néill agus le hÉirinn, cuspóir nár thréig riamh. Ní gábhadh dham a rádh go raibh Gaedhilg agus neart Gaedhilge ag an Triallach. Go deimhin is i nGaillbhéarla bheith aige atá an t-amhras, agus ní dóigh liom go raibh sé aige. Má chífear choidhche 'san oileán so atá bocht cráidhte brúighte fá chosaibh Gall oighridhe ar an Triallach, cuirfead chum an Áirdríogh athchuinge Aonghuis mhic Dhoighre Í Dhálaigh, fileadh de Laighnibh: Dia leo ag luighe 's ag éirghe, tréinfhir is treise i dtachar, Dia 'na seasamh 's 'na luighe leo, 's i dtráth churtha an chatha. Tagra Triall = Tyrrell (the surname in the abstract); Triallach, one of the Tyrrells; an Triallach, a particu- lar one of the Tyrrells, now almost = Mr. Tyrrell. Bealach an Triallaigh = Tyrrellspass, Co. Westmeath. Bealach appears to have been understood in Leinster as a pass or way leading from one country or district to another. Cf. also Bealach na gclúmh (which occurs in above treatise) = the Pass of Plumes near Mary- borough. In the north of the present Leinster bealach is the word for any road or way off the main-road, the latter being called bóthar. In Co. Donegal, on the other hand, bealach = the main-road, and bóthar is merely a song-word, known in such poetic idioms as buail an bóthar, &c. In Munster the case is reversed, bóthar being the common word, and bealach (bal-oCH') a song-word, though occasionally found also in names of places (in this I write subject to correction.) Sasanaigh 'na gcrannra aige, the English wearied out by him. Cf., Tá mé 'mo chránnra = “I am wearied out by it; “rinneadh cránnra de, “he was beat up by
trouble” (Co. Donegal). Crannra (also a Connacht word) = a knot in wood, a wart on the hand or a corn on the foot. The first sense is more usual in Con- nacht, the two latter in Co. Donegal. The peculiar and very expressive use of it in the clause in text, and in the two instances quoted here, constitutes an idiom. Rácaíbh ifrinn (= rakes of hell) may not be a per- fectly strict translation of the “rakehells” of the original, but it is thoroughly in accord with present Irish usage. I prefer ráca of Ulster — e.g., a ráca bhradaigh (Farney), to réic, as the former is a thoroughly Gaelicised form. Port Laoighise = Maryborough in the present Queen's Co., the south-east part of which was formerly called Laoighis, Leix. The latter has, however, been revived as the name of a Parliamentary division. Muileann Cearr na Midhe, Mullingar. Trimleastún or Baile an Trimléadaigh = Trimbles- town, formerly Trimletston. The analogues of both of the forms in the text are found in native Leinster literature of the time. Sgraith-bholgáin, a quagmire. This expressive word I heard once from a native of the easter part of Co. Galway, and have never heard since. The literal equivalent is, probably, “bubbling sod or sward,” cf. bolgán uisge, a water-bubble. Another Co. Galway term for “a quagmire” is sgraith-ghlugair, from glugar = (?) gliogar, quaking, trembling, O'R., who also gives sgrath-ghlugair, a quagmire. Seosamh Laoide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services