An tráth bheirit laoich Laighean, cinn daighfhear cláir
na gcuradh
Buaidh eachtrann an chraoi chuinse, bídh m'aigneadh
suilbhir subhach.
Aonghus mac Doighri Í Dhálaigh.
Cuiream síos annso ar dtús, ar nós ar
sinsear, áit, aimsir, agus fáth na sgríbhinne seo.
I dtaobh na háite, tá a fhios agaibh féin
cá bhfuiltí agus mise anois .i. i seomraidhibh
na hÁrdchraoibhe, agus nach fiosach do gach aithid
agaibh, má thráchtaim ar uair nó aimsir, gurab
é seo an t-aonmhadh lá fichead de'n Mhárta,
'sa' bhliadhain naoi gcéad déag. Maidir
leis an bhfáth, agus do féadfaidh nach dtuigeann
sibh sin comh maith, is é is ionráidhte dham
gurab amhlaidh badh mhaith liom clú agus modh agus
onóir agus comóradh do thabhairt indiu do dhuine
de laochraidh Laighean, an mhéid is féidir
liom sin do dhéanamh. Go deimhin dearbhtha
dhíbh, is mór do leigeadh laochradh Laighean i
bhfaillighe le déidheanaighe. Cluintear a
lán ar Eoghan Ó Néill, ar Aodh Ruadh
Ó Domhnaill, ar Ó Súileabháin Béarra agus ar
Iarla Deas-Mhumhan, acht cia chuala mórán
de sgéaltaibh riamh ar Art Mac Murchudha
Caomhánach, ar Uaithne Ó Mórdha, ar Ruaidhrí
óg Ó Mórdha, ar Dhomhnall Spáinneach
Caomhánach, ar Aodh mhac Seagháin Uí Bhroin,
ar Fhiacha mhac Aodha Uí Bhroin ná ar Risteárd
Triall 'gar mian liom beagán tuarasgbhála
thabhairt air anocht?
Dob' fhéidir gurab í céad cheist do
fiafróchar díom, Ciar bh'é Risteárd Triall
agus ciar díobh é? Agus fós cia aca d'fholaibh
uaisle nó anuaisle an domhain dó nó cia de
chontaethibh Laighean i ngnáthuigheadh a bheith?
Déanfad dícheall ar na ceisteannaibh so
d'fhuasgailt, cé suarach le rádh mo chuid
eoluis air.
Ba de Thriallachaibh an Bhealaigh i gCondae
na hIar-Mhidhe do Risteárd agus ba dhearbh-
ráthair do Sir Seón Triall do mhair le linn
Ailíse bheith i gceannus Shasan. Sloinneadh
Normannach Triall, agus is dócha gur ó Sir Aodh
Triall do tháinig anall as Sasanaibh i
n-éinfheacht leis an Iuistís Filip ó Worcester
'san bhliadhain míle, céad, ochtmhogha a ceathair
do geineadh gach aon Triallach dá bhfuil
thuas ar thalamh na hÉireann 'mun dtaca
so. Dá réir sin, budh de Shean-Ghallaibh na
Triallaigh agus ní leigim a leas a rádh 'na
bpáirt gur gairid go rabhadar ní budh Ghaedh-
ealaighe, i dteangaidh ar aon nós, 'ná an
Ghaedhealtacht féin. Do chuadar do chomhnaidhe
i gCúigeadh Laighean agus is gearr go rángadar
i seilbh Fhear dTulcha le Muileann Chearr
na Midhe a ndeas agus caisleán mór aca ag
Bealach an Triallaigh i dtaobh thiar theas de'n
bharúntacht sain, áit i bhfuil sí ag teorann-
tacht le Muigh Chaisil.
I mbliadhain míle, cúig céad, nocha a sé
'seadh thosuigheas sgéal Risteáird Triaill.
Ba chaiptéin i n-arm na bainríoghna é go
nuige sin, acht fá cheann na bliadhna sain
d'éirigh sé amach agus do ghabh le hUa Néill.
Do chuir Ua Néill os cionn díorma dá
shluagh é, agus a fhad agus bhí i nGaedhealaibh an cogadh
do chur ar a namhaid, níor sgaradar le n-a
chéile. Thug Ua Néill ionntaoibh iomlán leis
an Triallach, agus is é toradh do thug an Triallach
ar Ua Néill síor-dhísle agus fíor-umhla. Rud
eile, ba sheasmhaighe an Triallach 'ná cách, óir
is é is fír-dhéidheanaighe do chuireadh cogadh
agus ní fios dúinn gur stad sé riamh de, a fhad
agus bhí sé beo.
Ná meastar gur fealladh ar an mbain-
ríoghan ag Risteárd Triall, má's cuirthe i
gcás go bhféadfaidhe a leithéid ag Gaedheal
ar bhainríoghan Shasan. Ar a aghaidh sin anonn,
is air-sean do fealladh ag an mbainríoghan.
Nach dó ba ghearánta nuair dob' éigean dó
labhairt mar so le hIarla Ur-Mhumhan?
Dubhairt sé go raibh togha na haithne ag an
riaghaltas ar a ainm agus gurab é féin do
mharbh dearbhráthair Mhic Mhathghamhna [i dtroid,
is dócha] agus gurab iomdha maith do rinne sé
dhóibh ag troid le muintir an tuaiscirt; gur
díoladh é asta so ag Sir Seón Perrot agus ag
Sir Uilliam Mac Uilliam, agus ar a shon sain
gurab iomdha uair do chuireadar i bpríosún
é gan fáth agus go dtug so air gabháil le hUa
Néill agus bheith ag foghnamh dhó an uair sin
féin, “agus is é do chuir uaidh mé,” ars' eisean,
“ré congnamh do thabhairt le Feidhlimidh mac
Aodha.”
Innistear fós ar an Triallach gur chomh-
dhalta é do Dhon Carolo, prionnsa na
Spáinne. Sin eisiompláir ar an modh agus an
onóir do-bheirthí do chloinn na nGaedheal i
gcríochaibh imchiana na Roinne Eorpa.
Ba mhór an cás leis an riaghaltas an
Triallach d'imtheacht uatha 'na dhíbhfeargach,
amhail adeirthí. Seo mar do sgríobh duine
aca i gceann na bliadhna míle, cúig céad,
nocha a sé: “Do badh leasuighthe, iomorro,
go luath, méirleachas an Triallaigh, óir do
bhíodh sé 'na chaiptéin, agus, tuilleadh fós, is de
bhunadh fóghanta é, agus é 'na dhearbhráthair ag
Sir Seón Triall ar a bhfuil teisd agus tuar-
asgbháil fíor-fhómósaidhe.” Nach ró-fhollus
as sain gur mór an meas do bhí ag lucht na
huachtaránachta air? Agus cár bh'iongnadh
dhóibh! Dob' é breitheamhnas do thug ughdar
Gaillbhéarla éigin air gur chalma an mílidh
é agus gurab é do dob' fhearr gliocas agus gasdacht,
fromhthacht agus fíreolas ar dhulaibh agus ghoisdíbh,
ar chleasaibh agus chluanaibh an chinéil chogaidh úd
ar a dtugaid Spáinnigh guerilla, agus nach é
amháin gur mhór le rádh é i dtaobh meisnighe
agus tairise do chur i n-a lucht leanamhna, acht
fós gurab é féin do lean d'á chúis (.i.
d'Éirinn) le deoin agus dísle, le linn feille
do dhéanamh do neach beagnach gach re huair
ar an gcoigéile dob' annsa leis, mar budh
eadh.
I mí na Bealtaine, 'sa' bhliadhain míle,
cúig céad, nocha a seacht do dóigheadh
Muilleann Cearr na Midhe i ngrís ag an
Triallach, agus bhí Muintir Fhearghail agus Nuinn-
seannaigh le n-a chois 'san turus sain.
Bhí cur síos ag lucht an riaghaltais ar an
Triallach do mharbhadh fó thrí, agus mar sin féin
d'éirigh sé beo arís, dálta Ioubert fá
láthair. Seo mar do sgríobh an Caiptéin
Proinnsias Croft chum Sir Roibeárd Cecil i
Meitheamh na bliadhna céadna: “An ficheadh
lá de'n mhí seo i láthair, do chuir Tighearna
Dealbhna fám' dhéin féin agus fá choinne caip-
téineach n-eile ré dul go Breifne, áit i raibh
iomad eallaigh ag lucht an mhéirleachais. Do
chaill an giolla an t-eolas i lár na hoidhche”
[dálta giolla Gatacre] “agus, roimh rochtain na
háite dhúinn, bhí an lá lér-ghlan lán-tsoill-
seach ann, agus an namhaid, bhí fios ár dteachta
aici, agus do thiomáineadar leo, ag dul i ndiaidh
a gcúil, agus furmhór a gcuid buair leo.
Gidheadh, do ghabhamar cúig céad ceann aca,
acht ní gan buillidhe do thabhairt, óir do bhí
d'fhiachaibh orainn troid le sgoith saighdiuirí
na méirleach agus neach éigin, an Caiptéin
Triall 'na cheannphort ortha, agus curadh calma
é agus fear do bhí 'na fhómósaidhe seal agus 'na
cheannphort i n-arm na bainríoghna. Do
throid an Triallach linn ceithre huaire éag-
samhla comh calma comh glic agus do chonncas
riamh i dtachraibh éadtroma, agus tháinig sé i
gcomhlann le n-ár gcuid fear; acht do
sgaoileadh urchar air 'san tachar deiridh, agus
do chonncas féin é ag tuitim fá dhó fá lár
agus lán-talamh, acht i ndeireadh na dála chuaidh
sé fán gcoill agus ní tháinig amach arís.
Saoilim gur marbhadh é. Do marbhadh dá
fhichid fear de thogha na ndíbhfeargach agus duine
nó beirt d'á gceannphortaibh san tachar
sain, dar liom-sa.” B'fhéidir gur bh'fhíor
dó sain, acht má b'fhíor, níor mharbh sé an
Triallach féin. Is fada bhí sé sin beo
beathadhach 'na dhéidh sin agus Sasanaigh 'na
gcrannra aige, ag siubhal agus ag síor-shiubhal
Bhreifne agus Laoighise agus Anghaile dhó, ag bris-
eadh agus ag aithbhriseadh ortha.
Seo litir eile do sgríobh Filip Mac Uilliam
chum an riaghaltais Oidhche Shamhna na bliadhna
céadna. Tuigthear dúinn aisti go rabhthas
go holc ag Sasanaibh i Laighnibh 'san uair sin:
“Tá an riaghaltas i ngéarbhruid agus i gconta-
bhairt, lucht na díbhfeirge ag rioth agus ag
ruagadh fá iomlán na Proibhinnse Gallda,
ionnus gurab ar éigin atá áit ar bith ann
nach mbíd siad ag marbhadh, ag dóghadh, ag
creachadh agus ag foghail, go mór-mhór i nUíbh
Fáilghe mar a bhfuil an tóiteán d'á adhnadh
arís. Do creachadh dúthaigh Sir Seoirse
Colley agus do dóigheadh í go fiú a gheata féin.
I Laoighis do thárla tachar idir buidhne bochta
bioth-chaillte na gCaiptéin úd Sentleger agus
Gifford i n-éinfheacht le beagán de shaor-
ghabháltaidhthibh na tíre sin agus an tréatúir
guasachtach úd an Triallach. Do mharbhadar
triocha fear d'á rácaíbh ifrinn agus é féin mar
an gcéadna, mar saoiltear gur buaileadh
é 'san taoibh chlí le sáthadh píce ar mhodh gur
conncas beagnach a leath do leith a chúil as,
agus is dóigh nach é a chuid éadaigh amháin do
goineadh agus cliseadh go glan ar a chuid feola;
acht do bhuain a chuid fear amach, ceithre
céad a líon, agus do hiomchradh eisean leo.
Do marbhadh fiche fear de thogha ár mbuidhean
'san tachar.” Acht níor cailleadh an Triallach
an uair sin acht a oiread.
Gníomh de ghníomharthaibh an Triallaigh:
I mí Nodlag na bliadhna céadna 'seadh do
bhí sé féin agus Uaithne mac Ruaidhrí óig Uí
Mhórdha agus an Nuinnseannach ag gabháil fá
Laoighis Laighean go dtángadar a fhad le
Port Laoighise.
Is amhlaidh do bhí an dá Chaiptéin de
Ghallaibh, mar atá Sir Warham Sentleger
agus Uilliam Hovenden, agus a mbuidhean saigh-
diuirí, agus iad istigh 'sa' phort. Thug an bhuidhean
Ghaedhealach fá ndeara gurab olc an faire
agus an forchoimeád do bhítheas do dhéanamh ar
namhaid, agus thugadar ionnsaighe agus amus ar an
bport gur bhuaineadar amach é do bhéim
chlaidhimh. Do briseadh ar Ghallaibh agus do
marbhadh Uilliam Hovenden 'san tachar sain,
agus do dóigheadh daingean agus baile Phuirt
Laoighise ag Gaedhealaibh. 'Sé deir dream
an riaghaltais gur bh'é cúis an tachair sin
moill do chuir an sirriam ar an eallach do
gealladh mar chíos dón bhuidhin Gaedhealaigh.
Is roimhe seo do buaileadh cath Bealaigh
an Triallaigh .i. an t-éacht is mó do chuir
ainm Risteáird Triaill i gclú agus i gcéim
i stair na hÉireann. [Ní has an gcath so
do hainmnigheadh an áit, mar do bhí an
t-ainm air leis na céadtaibh bliadhan roimh
aimsir an chatha.] Is mar so do thuit sé
amach. Do chuir an bhainríoghan Iustís nua
i nÉirinn 'sa' bhliadhain chéadna .i. míle, cúig
céad, nocha a seacht. Lord Borough dob' é
é. Tomás a ainm. Ní túisge tháinig i
n-Éirinn 'ná do bhuain stiúradh an chogaidh de
Sir Seón Noruis agus do ghlac féin as láimh é.
Is amhlaidh do mheabhruigh sé a chur ar Ghae-
dhealaibh, é féin do thabhairt amuis ar Ultaibh
agus Iarla Chilldara agus tighearnaí na Proibhinnse
Gallda le n-a chois, Sir Conues Clifort do
ghluaiseacht as Connachtaibh go Béal Átha
Seanaigh, agus an Barnallach óg, mac Thighearna
Thrimleastúin nó Bhaile an Trimléadaigh,
d'imtheacht as Muileann Chearr na Midhe, agus
an triúr so do theacht i gceann a chéile i
ngar do Bhéal Átha Seanaigh. Do chuir
Ó Néill agus Ó Domhnaill le chéile roimh ré chum
curtha 'na gcoinne. Do ghabh Ó Néill do
láimh cosnamh a chríche féin agus rug sé buaidh
ar an Iuistís ag Druim Fliuch, agus bhí d'fheabhas
an chosanta do rinne Ó Domhnaill go dtug
sé ar Sir Conues Clifort dul i ndiaidh a
chúil ar ais go Connachta, ar gcailleadh
a chuid gunnaidhe mór agus trosgáin agus lóin.
Maidir leis an treas sluagh do bhí fá'n
mBarnallach óg, níor bhaoghal go ndear-
módfadh Ó Néill é. Dá réir sin, do chuir
sé uaidh an Triallach i Laighnibh le cath do
thabhairt dó. Do ghluais an Triallach roimhe,
cúig céad fear toighte, tre cheartlár Bhreifne
go ráinig go bruach Locha Ainninn i ngar
do'n Mhuileann Chearr, áit i raibh sé féin agus
a chuid fear isna coilltibh ag leigean a
sgíste. Is é do furáileadh air ag Ó Néill
dul go háit i mbeadh sé féin agus Branaigh
agus Tuathalaigh agus Caomhánaigh agus Uí Mórdha
Laoighise agus Uí Chonchubhair ó bhFáilghe i gceann
a chéile. Ní luaithe chuala an Barnallach
sluagh an Triallaigh do bheith 'na ghoire agus 'na
ghaobhar 'ná do ghluais amach as an Muileann
Chearr, míle fear, agus budh mhian leis amus
do thabhairt air. Fuair an Triallach fios
na gluaiseachta so roimh ré agus do dhruid ó
Loch Ainninn 'san áird budh dheas gacha
ndíreach go dtáinig go Bealach an Triallaigh.
Do thriall sé eadarnaidhe iorghaile annsoin
fá chomhair an tsluaigh Ghallda, gur leag na
croinn gur chuir iad ar leathtaoibh na gcurrach
do shroich go colbha bóthair do gach leith. Do
órduigh annsin d'Uaithne mhac Ruaidhrí óig
Uí Mhórdha leath an tsluaigh do bhreith leis agus
dul i bhfolach i log do bhí 'san talamh fá
chumhdach doire. Is amhlaidh do thuig sé go
mb' éigean do Ghallaibh teacht le hais an
luig seo sul fá bhféadfaidís an t-amus do
thabhairt air.
Dála an Bharnallaigh óig, do conncas dó
go raibh an Triallach ag dul i ndiaidh a chúil,
ag déanamh ar Chill Bheagáin, agus do ghabh 'gá
leanamhaint go dian deifreach, béal a chinn
roimhe, gur fhág Uaithne mac Ruaidhrí óig
ar a chúlaibh. Le n-a linn sin, do phreab-
adar Gaedhil 'na seasamh agus do séideadh
suas na píobaidhe [sin a raibh mar chomhartha
aca ar Ghallaibh dá gcur féin idir dhá láthair
dhiubhraicthe.] Leis sin do thionntuigh an
Triallach a aghaidh ar Ghallaibh gur ghabh féin
agus Uaithne 'gá n-ionnsaighe. Sin chuca dá
dhíorma na nGaedheal, fuadar nimhe agus fíor-
bhuinne fútha, faobhar agus faghairt 'na súilibh,
fonn catha agus comhlainn agus coinghleice ortha,
go ndearnadar, dálta Iollainn Fhinn agus
Fhiachrach i n-“Oidheadh Chloinne hUisnigh,”
comhrac féigh fuilteach foirniata formadach,
neartmhar naimhdeamhail, teann tréanbhorb
tinneasach re Gallaibh. Ba mhór meanmnach
agus ba chalma cródha an seasamh do rinneadar
Gaill, acht ní raibh gar ná maith dhóibh ann.
Is amhlaidh do bhíodar i n-amhgar agus i n-anac-
air, i ndochar agus i ndócamhal ag docracht agus
deacracht na háite i rabhadar, Gaedhil ar a
n-aghaidh agus ar a gcúlaibh, agus currach agus sgonnsa
adhmaid ar gach taobh díobh ar mhodh nach
rabhadar acmhuinneach ar dhíth ná dhioghbháil
d'imirt ar a namhaid. Níor bh'fhada gur
briseadh orra, mar níor fhéadadar an for-
ruathar faobhrach agus an fogha forránach thug
Gaedhil fútha d'fhulang. Ní dheachaidh fear
innste sgéil ná maoidhte móir-ghníomh as an
láthair sin gan brón báis agus gairde saoghail
do thabhairt dó acht fear amháin do thum é féin
go brághaid i sgraith-bholgáin i lár seileas-
trom agus seisge. Do rinneadh príosúnach de'n
Bharnallach óg. I dtaobh Uaithne mhic Ruaidhrí
óig Uí Mhórdha, bhí do mhéad buile meanman
agus brotha míleadh agus buinne madhma d'imir sé
ar a naimhdibh an lá sain, gur at a lámh le
teann troda agus tréan-chomhlainn, ag sáthadh,
ag sáir-ghearradh agus ag síor-phionnsóireacht,
ar chor ná tugadh amach í as an dornchloidhe
gur líomhadh an chruaidh as a chéile le barra
cuimilte. Gurab é sin tuarasgbáil chatha
Bealaigh an Triallaigh go ruige sin.
Is iomdha tachar eile, ámh, i raibh an
Triallach ann. Innistear air go raibh sé i
láthair chatha Bealaigh na gclúmh, i n-aice
Phuirt Laoighise, áit i raibh luigheachán ag
Uíbh Mórdha fá chomhair an Iuistís an tIarla
of Essex. Do marbhadh cúig céad de
Ghallaibh 'san chath so agus bhí do mhéad clúmh a
gclogad d'fholuigh an áit d'éis an chatha
gurab as do hainmnigheadh é.
Deirthear fós gurab é an Triallach do
chuir ar gcumas d'Ua Domhnaill dul isteach
'sa' Mhumhain thar Sliabh Eibhlinne agus faire agus
forchoimeád dá ndéanamh ag Gallaibh ar gach
aon bhealach eile. Bhí sé i n-urthosach
Gaedheal ag cath Chinntsáile, agus creidthear
dúinn ó'n stair nach air-sean do bhí milleán
an bhriste sin. Thug sé cosnamh do Dhún
Buidhe ar an sluagh Ghallda, a fhad agus d'fhéad sé
é. Ní'l dá mhince dá dtairgthí breab nó duais
dó ó thaoiseachaibh Gall, nach amhlaidh is mó
d'eitigheadh sé ortha a glacadh, óir ní bhraith-
feadh sé Éire ar ór ná ar airgead ná ar
ionnmhas an domhain. Má's minic do briseadh
air le cogar feille fá choim, níor cuireadh
riamh fá chosaibh agus níor gabhadh é. Bhí seisean
go lán láidir ag cur an chogaidh agus 'gá theann-
adh le Gallaibh, d'éis imtheachta d'Ua Domh-
naill a hÉirinn, agus d'éis Uí Néill do ghéilleadh
do'n bhainríoghan, agus fá dheireadh thiar, nuair
do bhí an Mhumha 'na fásach air, níor smaoin
sé riamh ar thabhairt suas, acht d'fhág Deas-
Mhumha, agus do ghluais 'san áird budh thuaidh
gur shroich ceartlár Cúigidh Uladh. 'San
turus sain is eadh dob' éigean dó triall
ó'n sliabh is sia i gCiarraighe Luachra go
daingnibh Bhreifne. Go deimhin díbh, is maith
do thuill sé a shloinneadh féin do thabhairt
air, dá madh nach mbeadh sé riamh air roimhe
sin. Ní fios dúinn uair a bháis, nuair nach
bhfuil sgéal ar fághail air 'na dhéidh sin.
An féidir a cháineadh? Go fiosach damh-sa,
ní innsid a naimhde féin dúinn go raibh
sé go holc ná go fealltach leo i n-aon
tachar. Ní raibh gnó aige riamh de'n fheill-
bheirt. Má bhí sé i n-arm na bainríoghna i
dtosach, nach follus dúinn gur bh'éigean dó
sain, mar gur hiarradh air é ag an riaghaltas,
toisg gur de bhunadh Ghallda dhó agus é 'na
fhómósaidhe do rugadh 'san Phroibhinnse
Ghallda. Fuair sé nach raibh tairbhe dhó ann
agus do ghabh sé feasda le hUa Néill agus le
hÉirinn, cuspóir nár thréig riamh. Ní gábhadh
dham a rádh go raibh Gaedhilg agus neart
Gaedhilge ag an Triallach. Go deimhin is
i nGaillbhéarla bheith aige atá an t-amhras,
agus ní dóigh liom go raibh sé aige.
Má chífear choidhche 'san oileán so atá
bocht cráidhte brúighte fá chosaibh Gall
oighridhe ar an Triallach, cuirfead chum an
Áirdríogh athchuinge Aonghuis mhic Dhoighre Í
Dhálaigh, fileadh de Laighnibh:
Dia leo ag luighe 's ag éirghe, tréinfhir is treise
i dtachar,
Dia 'na seasamh 's 'na luighe leo, 's i dtráth churtha
an chatha.
Tagra
Triall = Tyrrell (the surname in the abstract);
Triallach, one of the Tyrrells; an Triallach, a particu-
lar one of the Tyrrells, now almost = Mr. Tyrrell.
Bealach an Triallaigh = Tyrrellspass, Co. Westmeath.
Bealach appears to have been understood in Leinster
as a pass or way leading from one country or district
to another. Cf. also Bealach na gclúmh (which occurs
in above treatise) = the Pass of Plumes near Mary-
borough. In the north of the present Leinster bealach
is the word for any road or way off the main-road, the
latter being called bóthar. In Co. Donegal, on the
other hand, bealach = the main-road, and bóthar is
merely a song-word, known in such poetic idioms as
buail an bóthar, &c. In Munster the case is reversed,
bóthar being the common word, and bealach (bal-oCH')
a song-word, though occasionally found also in names
of places (in this I write subject to correction.)
Sasanaigh 'na gcrannra aige, the English wearied
out by him. Cf., Tá mé 'mo chránnra = “I am wearied
out by it; “rinneadh cránnra de, “he was beat up by
trouble” (Co. Donegal). Crannra (also a Connacht
word) = a knot in wood, a wart on the hand or a corn
on the foot. The first sense is more usual in Con-
nacht, the two latter in Co. Donegal. The peculiar
and very expressive use of it in the clause in text, and
in the two instances quoted here, constitutes an idiom.
Rácaíbh ifrinn (= rakes of hell) may not be a per-
fectly strict translation of the “rakehells” of the
original, but it is thoroughly in accord with present
Irish usage. I prefer ráca of Ulster — e.g., a ráca
bhradaigh (Farney), to réic, as the former is a thoroughly
Gaelicised form.
Port Laoighise = Maryborough in the present
Queen's Co., the south-east part of which was formerly
called Laoighis, Leix. The latter has, however, been
revived as the name of a Parliamentary division.
Muileann Cearr na Midhe, Mullingar.
Trimleastún or Baile an Trimléadaigh = Trimbles-
town, formerly Trimletston. The analogues of both
of the forms in the text are found in native Leinster
literature of the time.
Sgraith-bholgáin, a quagmire. This expressive word
I heard once from a native of the easter part of Co.
Galway, and have never heard since. The literal
equivalent is, probably, “bubbling sod or sward,” cf.
bolgán uisge, a water-bubble. Another Co. Galway
term for “a quagmire” is sgraith-ghlugair, from
glugar = (?) gliogar, quaking, trembling, O'R., who
also gives sgrath-ghlugair, a quagmire.
Seosamh Laoide.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11