Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. D'fhiafruigh Oisín mac Finn de'n Rígh Féinne cá líon do rachadh leis do thóruigheacht a mhuintire. “Is beag liom a bhfuil annso d'Fhiannaibh Éireann a dhul liom,” ar Fionn. “Ná habair sin,” ar Oisín, “óir ní beag linn oiread a ndeachaidh uainn de'n Fhéinn do dhul ann, agus acht go roigfeam féin a chéile an deichneabhar ar fhichid, ní fhuil críoch ná cineadhach san gcruinne i n-a racham nach caithfadh bheith umhal urramach dúinn, ar ais nó ar éigean.” “Mai- seadh,” ar Fionn, “is cead liom-sa an nídh is cead libh-se, agus tógbhaidh féin na cúig feara déag is fearr lámhach agus is mionca do fromhadh i n-am imreasáin agus easaonta de'n Fhéinn, agus féachain cia fhuigfeam i n-áirdcheannas na hÉireann im' ionad-sa ós cionn na Féinne go teacht dúinn tar ár n-ais arís.” Is í comhairle ar ar cinneadh leó, Oisín mac Fhinn d'fhágbháil os cionn na Féinne go filleadh dóibh arís, óir is é budh shine agus budh oirbheart- aighe do chloinn an Ríogh Féinne. Agus is iad so drong do dheagh-laochaibh do chuaidh le Fionn san turus sain, i. Diarmuid déad-bhán dreach-sholais ó Duibhne, Osgar anghlonnach mac Oisín, Goll glac-láidir mac Mórna, trí mic Aonchearda Béarra, eadhón, Glas, Gearr, agus Gabha, Sgiathbhreac mac Dathchaoin; fear iomchair sgéithe Fhinn, Caoilte mac Rónáin, Caolchródha céadghoineach ó Neamhain; agus trí mic an Ríogh Féinne, eadhón, Iollann faobhar-dhearg mac Fhinn, agus Aodh Beag mac Fhinn, agus Fearghus finnbhéil, file na Féinne, Fionn mac Glóir, rí Féine d'Fhéinn Uladh, darab ionann máthair dó féin, agus d'Fhionn, óir dob' í Muireann Munchaomh inghean Thaidhg draoi mhic Nuadhat a máthair araon, agus Fear- dhach agus Foiltleabhar, dhá mhac ríogh na hIndia maille riú. Tiomnann Fionn an drong deagh-laoch do bhí i n-a fhochair ag dul leis san turus sain. Ceileabhrar d'Oisín agus do mhaithibh na Féinne, agus budh déar-chaointeach dobrónach do bhádar leith ar leith ar sgaradh leó le chéile, agus adubhairt Oisín an rann agus d'fhreagair Fionn dó amhail isbeart:— Oisín.— Tusa ar eachtra ag imtheacht, a Fhinn arm-ruaidh fhuiligh, Do theacht id luing leabhair go hIath Éireann fuinn fhuinidh. Fionn.— Tusa uain ag anmhain gan baoghal gan anbhuain A ruisg mhíonla mhaill-réidh, a dhuis dhíona daghshluaigh.
Oisín.— M'éacht ort, a Fhinn Almhan, éacht is oircheas d'fhógra, T'iompódh san gcuan chéadna go fionn-chlár fuar Fódla; Mise uaibh ag fanamhain, cá bhfuil céim is usa? Ag cur do chlú i gcathaibh is dearbh go rachaidh tusa. A haithle na laoidhe sin do chuireadar amach go mear-chalma míleadhta mór- aigeantach a long luchtmhar leabhar-bhláith agus a mbarc bheann-chorrach bhroinn-fhairsing bhréid-leathan 'san sál-mhuir linn-fhuar lán- doimhin ró-fhairrsing go soindíreach, agus Foilt- leabhar mac ríogh na hIndia an t-eólaighe ag déanamh eólais dóibh ar chorr-thosach na luinge, ag leanamhaint luirg an Ghiolla Dheacair agus a chapaill; agus d'fhiafruigh Fionn d'Fheardhach mac ríogh na hIndia, créad do- ghéanfadaois re a raibh do luingeas diomhaoin aca? “Do-ghéan-sa a gcur ar neimh-nídh tré ghaois agus tré gheintlidheacht na healadhna draoidheachta atá agam nó go mbeith i n-eas- bhaidh ort acht an long i n-a bhfuilir-se dhíobh, agus dá mbeith práidhinn agat leó, d'fhéadfainn- se do dhóithin long agus luath-bharc do dhéanamh dhuit le prap na súl, nó le haithghearr aon- uaire.” Suidheas Feardhach ar dheireadh na luinge, agus do shuidh Fionn agus a mhuinntir ar shleasaibh seas-árda sár-dhaingne na síoth- bhairce, agus gabhaid chuca annsain rámha slinn- leathna síth-righne seang-mhulcha i n-a ndóidíbh daingne do-sgaoilte dath-áilne donn- ingneacha, agus do rinneadar iomramh dian dásachtach doi-eadrana go rángadar i gcrioslachaibh fuara fliuch-lingtheacha fionn- ghlasa fíor-dhoimhne foghairt-ghearánach na fraoch-fhairrge, agus mar rángadar annsain d'éirigh an dubh-fhairrge dóibh i n-a dromann- aibh dána dásachta do-sgaoilte agus i n-a gleanntaibh garbh-liatha glór-uallacha gráin- doiligh gorm-reamhra agus i n-a srothaibh saidhbhre sár-luatha siansánacha siubhlaidhe sár-bhriste, agus i n-a gcuasánaibh cáinteacha cioth-mhóra agus i n-a broinntibh breacmhara bárr-cheathachacha buan-chubhracha, agus i n-a motharaibh mór-thonn- acha mí-chéilidhe, agus freagrann an ghaoth go fuasaoideach féidhm-láidir fulaing-thréan ris na Féinnibh, ionnus gur thúrnadar mongair agus meadair anfach na mara de'n mheasgadh sain go raibh go féith-chiuin fasaidh fíor-mhín. Níor chian dóibh iar sin go bhfacadar an fhaill mhór agus an charraig chorr chiardubh cheann- gharbh chomhdhaigean, agus Foiltleabhair mac ríogh na hIndia ag leanmhain luirg an Ghiolla Deacair go díreach deagh-thapaidh chum na cairrge réamhráidhte, agus budh haidhbhseach agus budh hárd ur-ghránna leo a haoirde suas i néalaibh na fíormaimeinte, agus budh sleamhaine trá 'ná com amh-eascoine gach slios slim- réidh de'n ruadh-charraig doi-réidh sin, agus ní raibh conaire ná slighe aca i rachadaois suas uirre, agus ní fhuaradar lorg an Ghiolla Dheacair ná a ghearráin uaithi i n-aon áird d'áirdibh an domhain, agus ro budh holc agus budh himshníomhach le Fionn agus le Fiannaibh Éireann gan ar gcumas dóibh a muinntir do leanamhaint tairis sin, do bhrígh nach bhfuaradar slighe ná conaire i rachadaois suas ar an gcarraig. “Créad an mhaith atá dhúinn,” ar Fearghus Finnbhéil, file na Féinne, “an tí do hoileadh, do leasuigheadh agus do lán-mhúineadh ag Manannán mong-bhuidhe mór-cheardach mac Lir i dTír trácht-mhín Tairngire agus ag Aonghus ilcheardach mac an Daghda san Bhrugh ós Bóinn, agus an tí ag á bhfuil gach céird agus ealadhan agus cumhachta dá raibh aca-san de dhíoghluim deagh-fhoghlamtha de ghlan-mheabhair, agus ná téid sé do léim éadtrom eadarbhuasach, do thoradh a ealadhan agus a dhraoidheachta, do dhéanamh
teórannn dúinn agus do thabhairt sgéala dhúinn ón gcarraig, agus gur cinnte linn gurab ann- so suas do ghabh ár muinntir agus gur dóigh linn gurab ann atá árus comhnuidhte an Ghiolla Dheacair?” Iar gclos athaisg an draoi do Dhiarmuid ó Duibhne, do ghabh náire agus imdheargadh é agus is é adubhairt, “is chugam- sa adeirir sin, a Fhearghuis.” “Is chugat do deimhin,” ar Fearghus. Ro éirigh Diarmuid iar sin, agus gabhas a iorradh agus a iolfhaobhar chuige agus do rinne ar a dhá shligh síoth-fhada slinn-ghéara, agus do ghabh sleagh díobh in gach láimh leis, eadhón, an Crannbhuidhe agus an Ga Dearg a n-anmanna, agus tug criothnughadh curadh air féin, agus d'éirigh go hur-éadtrom éanamhail eadarbhuasach do chleasaibh cóimh- neartmhara a cholna, d'urlannaibh a shleagh agus do chrannaibh a chraoisighe nó gur ghabh leithead a dhá gheal-bhonn de'n fhearann áluinn fhéar- uaine ar mhullach na cairrge ceann-ghairbhe cloch-aimhréidhe thuas. Agus ar rochtain ann- sain dó, d'fhéach ar a mhuinntir uaidh síos ro fhágaibh san luing dá éis. Fá leór d'ádhbhar uathbháis agus ur-ghráine leis silleadh agus féachain orra le n-a fhad agus le n-a mheirtnighe uaidh síos do bhádar, agus féachain an tír ar gach taobh de, agus do chonnairc sé na mágha mion- sgothacha mór-fhairsinge agus na tulcha torthacha taitneamhacha taobh-uaine agus na cnuic inbheacha ur-aoibhne, agus budh mhór an tógbháil uaille agus droch-aigeanta agus an sgrios maoithe agus do- mheanman bheith ag silleadh agus ag sár-fhéachain orra, óir budh bhinn uaill sreabh, ceól éan, dórd beach agus foghar gaoithe innti. Ro ghabh Diarmuid ag siubhal na críche: níor chian dó iar sin go bhfaca an tulach árd úr-aoibhinn fhéar-uaine, agus bile bioth-áluinn buan-torthach fleasgach foi-ghéagach i gceart-mheadhón na tulcha agus cairthe chloiche chaomh-áluinn i n-a seasamh le taobh an bhile agus tobar linn-ghlas glan-fhuar re taoibh na cairthe agus ní fhaca aon duine timcheall an tobair ná na tulcha, agus d'ionnsuigh Diarmuid an tobar, óir budh luinneach lúthgháireach leis a fhagáil ar an ádhbhar go raibh sé lán do thart agus do throm- íotaidh d'éis a bhfuair sé d'olc agus d'anfhorlann ar muir agus ar mór-fhairrge, agus níor fuilngeadh leis a bheith ag á fheitheamh i bhfad an tan do chrom ag ól dighe, agus comh luath agus chrom a cheann do chuala trost agus torann trom-ádhbhal agus do shaoil gurab léir-shluaigh agus iomad sochaidhe agus iolar curadh agus caithmhíleadh do bhí ag teacht i n-a fhochair, agus do thógaibh a cheann go dísgir dícheallach agus ní fhaca aon duine agus ó nach faca, d'fhill a dhá ghlúin ghasta ghlé- geala dath-áilne deagh-chumtha faoi arís, agus dob' áil leis cosg a íotadh de'n uisge d'ól, agus do chuala trost budh seacht mó 'ná an chéad uair, agus do thógaibh a cheann go dána deagh- thapaidh agus ní fheadair créad do-ghní an torann. “Atá dóigh agam,” ar Diarmuid, “gurab de chomhachtaibh an tobair-se gan leigean do dhuine deoch d'ól as acht amhlaidh so.” Iar sin do thug Diarmuid súil i n-a thimcheall, agus do chonnairc corn cóimhfhleasgach cumhdaighthe ar bheinn na cairrge, agus do ghlac é, agus do chuir sa tobar é, agus d'ibh deoch as. As a haithle sin d'féach Diarmuid thairis, agus do chonnairc an t-aon-óglach áluinn iolbhuadhach dá ionn- suighe anoir gach ndíreach agus trealamh troda agus teagmhála, agus greann gaisgidh agus gnímh-éacht air, agus fraoch feirge fíor-mhóire agus inneall áigh agus iomghona air, agus brat sgiamhdha sgárlóide ar uachtar a earraidh agus a éididh air, agus fleasg fhionn-bhuidhe fhíor-órdha d'ór áluinn aith- leaghtha ar uachtar a aighthe agus a éadain air nach sgaoileadh an ghaoth an folt fuathan-chaol fíor-áluinn for-órdha do bhí le cleith a chinn agus a cheann-mhullaigh, agus eas áluinn go niamhdha solusmhar idir a throighthibh agus an talamh agus adubhairt, “A mhic uí Dhuibhne, dar liom féin, is fada fairsing Éire iath-ghlas oileánach
fút, agus dób' iomdha a huisgeadha glan-fhuara sár-mhilse linn-fhuara, agus fásaigh diamhaire fiadhaigh agus gan teacht d'ól uisge mo thobair- se ná ag fiadhach m'fhoraoise, agus ní leigfead leat fó chéad-uair é. Is annsain d'ionnsuighe Diarmuid agus an Gruagach a chéile, agus do chuireadar glún le gliaidh agus troigh re taca, agus aghaidh re h-iomghoin, agus do-rónsad comhrac toll-bhorb tinneasnach torann-tréan ainmhín eascáirdeamhail mar dhá leomhan luaith-leadartha nó mar dhá na- thair nimhe no mar choigeadal tuinne treathan- mhóire ag buain re ciumhsaidh cuain no caladhphuirt: dob' é sin sraoineadh, searnadh agus athchumadh do bhádar an dís laoch sain do thabhairt ar a chéile. Fá tosach do'n oidhche agus fá deireadh do'n lá an tan sain. Dála an Ghruagaigh, an tan d'airigh an bhrígh agus a neart dá thréigean d'éirigh de bhaoith-léim éadtrom de chleasaibh cóimhneartmhara a cholna, agus do chuaidh san tobar, agus do sluigeadh i bhfíor-íochtar an tobair é, agus do shaoil Diarmuid gurab a bháthadh do rinneadh 'san tobar, agus suidheann go fadthuirseach ós ur an tobair, agus dob' olc leis a mheanmain iar ndul d'á chéile chomhraic uaidh, agus fá doilghe leis ná sain gan sgéala bheith aige d'Fhionn ná d'Fhiannaibh Éireann ar gach nídh dár imthigh air féin, agus is í comhairle ar ar chinn sé uir-sheasamh agus comhuidhe do dhéanamh in- san chrích sin an oidhche sin, agus súil le sgéala d'fhagháil ar n-a bhárach, agus do ghluais ar fud na foraoise fiaidh do bhí i gcomhfhogus dó, agus do chuir a mhéar i suainimh shíoda na sleighe séanta soi-dhiubhraigthe do bhí aige agus tug urchar áthasach uir-mhisnigh do'n óig-ealta fiaidh adchonnairc gur léig chum láir agus lán- talmhan fiadh aca, agus do chuir ar bhearaibh fada fionn-choille i n-a mhíribh, agus ro fhadaidh toirt teineadh treathan-mhóire as a haithle, agus ro bheirbh an fheoil, agus ro chaith a leór-dhóithin agus d'ibh a sháith de'n fhíoruisge i n-a dhiaidh, agus do chodail as a haithle sin go dtáinig an lá go n-a lán-tsoillse ar n-a bhárach. Ro éirigh Diarmuid go moch-dheadhail na maidne, agus do chuaidh i gceart-mheadhón a airm, agus a éididh agus a iolfhaobhair, agus do chuaidh go hur an tobair, agus gidh moch do chuaidh ann do fuair an Gruagach ar a chionn ann, agus is é ro ráidh, “A mhic uí Dhuibhne, is bárr do chuir tú ar gach aon olc dá ndeárna tú dom féin, ar a dtabhair tú de tháire agus de tharcuisne dhom, tú d'fhanmhaint aréir im' fhoraois, m'fhaidh do mharbhadh dhuit agus uisge mo thobair d'ól. Dob' fhairsinge Éire iath-ghlas oileánach fút chum gach neith dhíobh sain d'fhagháil innti, agus fós budh chóra dhuit bheith ag suirghe agus ag saobh-shúgradh le mnáibh míonla mullach- dhonna mong-réidhe agus le banntracht mhilis bhinn- bhriathraigh agus re béibh suairce so-charthannacha agus re clannaibh ríogh agus tighearnaidhe na hÉir- eann, mar do chleachtais riamh, ná bheith ag déanamh díoghaltais, agus díbhfeirge orm-sa, agus is dearbh nach léigfead leat gan díoghalt é.” As a haithle sin d'éirigh Diarmuid agus an Gruagach d'ionnsuighe a chéile, agus do-rónsad comhrac féigh fuilteach faobhrach cródha calma cóimhneartmhar re chéile. Cidh trácht, do bhí Diarmuid agus an Gruagach trí lá, diaidh i ndiaidh, ag comhrag re chéile, agus d'imthigheadh an Gruagach san dtobar gach n-oidhche dhíobh, agus ní dheachaidh Diarmuid ar feadh na haimsire sin re sgéala chum a mhuinntire, acht do mharbhadh fiadh gach n-oidhche agus do chaitheadh a leór-dhóithin de féin agus d'uisge an tobair, óir fá gnáthach le Diarmuid gan fuigheall a fheóla ná a bhídh do chaitheadh choidhche, agus is uime sin do mharbhadh fiadh gach n-oidhche. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services