TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.
D'fhiafruigh Oisín mac Finn de'n Rígh
Féinne cá líon do rachadh leis do thóruigheacht
a mhuintire. “Is beag liom a bhfuil annso
d'Fhiannaibh Éireann a dhul liom,” ar Fionn.
“Ná habair sin,” ar Oisín, “óir ní beag
linn oiread a ndeachaidh uainn de'n Fhéinn
do dhul ann, agus acht go roigfeam féin
a chéile an deichneabhar ar fhichid, ní fhuil
críoch ná cineadhach san gcruinne i n-a
racham nach caithfadh bheith umhal urramach
dúinn, ar ais nó ar éigean.” “Mai-
seadh,” ar Fionn, “is cead liom-sa an nídh
is cead libh-se, agus tógbhaidh féin na cúig feara
déag is fearr lámhach agus is mionca do fromhadh
i n-am imreasáin agus easaonta de'n Fhéinn, agus
féachain cia fhuigfeam i n-áirdcheannas na
hÉireann im' ionad-sa ós cionn na Féinne
go teacht dúinn tar ár n-ais arís.” Is í
comhairle ar ar cinneadh leó, Oisín mac Fhinn
d'fhágbháil os cionn na Féinne go filleadh
dóibh arís, óir is é budh shine agus budh oirbheart-
aighe do chloinn an Ríogh Féinne. Agus is
iad so drong do dheagh-laochaibh do chuaidh le
Fionn san turus sain, i. Diarmuid déad-bhán
dreach-sholais ó Duibhne, Osgar anghlonnach
mac Oisín, Goll glac-láidir mac Mórna,
trí mic Aonchearda Béarra, eadhón, Glas,
Gearr, agus Gabha, Sgiathbhreac mac Dathchaoin;
fear iomchair sgéithe Fhinn, Caoilte mac
Rónáin, Caolchródha céadghoineach ó Neamhain;
agus trí mic an Ríogh Féinne, eadhón, Iollann
faobhar-dhearg mac Fhinn, agus Aodh Beag mac
Fhinn, agus Fearghus finnbhéil, file na Féinne,
Fionn mac Glóir, rí Féine d'Fhéinn Uladh,
darab ionann máthair dó féin, agus d'Fhionn, óir
dob' í Muireann Munchaomh inghean Thaidhg
draoi mhic Nuadhat a máthair araon, agus Fear-
dhach agus Foiltleabhar, dhá mhac ríogh na hIndia
maille riú. Tiomnann Fionn an drong
deagh-laoch do bhí i n-a fhochair ag dul leis san
turus sain. Ceileabhrar d'Oisín agus do
mhaithibh na Féinne, agus budh déar-chaointeach
dobrónach do bhádar leith ar leith ar sgaradh
leó le chéile, agus adubhairt Oisín an rann agus
d'fhreagair Fionn dó amhail isbeart:—
Oisín.—
Tusa ar eachtra ag imtheacht, a Fhinn
arm-ruaidh fhuiligh,
Do theacht id luing leabhair go hIath
Éireann fuinn fhuinidh.
Fionn.—
Tusa uain ag anmhain gan baoghal
gan anbhuain
A ruisg mhíonla mhaill-réidh, a dhuis
dhíona daghshluaigh.
Oisín.—
M'éacht ort, a Fhinn Almhan, éacht is
oircheas d'fhógra,
T'iompódh san gcuan chéadna go
fionn-chlár fuar Fódla;
Mise uaibh ag fanamhain, cá bhfuil
céim is usa?
Ag cur do chlú i gcathaibh is dearbh
go rachaidh tusa.
A haithle na laoidhe sin do chuireadar
amach go mear-chalma míleadhta mór-
aigeantach a long luchtmhar leabhar-bhláith
agus a mbarc bheann-chorrach bhroinn-fhairsing
bhréid-leathan 'san sál-mhuir linn-fhuar lán-
doimhin ró-fhairrsing go soindíreach, agus Foilt-
leabhar mac ríogh na hIndia an t-eólaighe ag
déanamh eólais dóibh ar chorr-thosach na
luinge, ag leanamhaint luirg an Ghiolla
Dheacair agus a chapaill; agus d'fhiafruigh Fionn
d'Fheardhach mac ríogh na hIndia, créad do-
ghéanfadaois re a raibh do luingeas diomhaoin
aca? “Do-ghéan-sa a gcur ar neimh-nídh tré
ghaois agus tré gheintlidheacht na healadhna
draoidheachta atá agam nó go mbeith i n-eas-
bhaidh ort acht an long i n-a bhfuilir-se dhíobh,
agus dá mbeith práidhinn agat leó, d'fhéadfainn-
se do dhóithin long agus luath-bharc do dhéanamh
dhuit le prap na súl, nó le haithghearr aon-
uaire.” Suidheas Feardhach ar dheireadh na
luinge, agus do shuidh Fionn agus a mhuinntir ar
shleasaibh seas-árda sár-dhaingne na síoth-
bhairce, agus gabhaid chuca annsain rámha slinn-
leathna síth-righne seang-mhulcha i n-a ndóidíbh
daingne do-sgaoilte dath-áilne donn-
ingneacha, agus do rinneadar iomramh dian
dásachtach doi-eadrana go rángadar i
gcrioslachaibh fuara fliuch-lingtheacha fionn-
ghlasa fíor-dhoimhne foghairt-ghearánach na
fraoch-fhairrge, agus mar rángadar annsain
d'éirigh an dubh-fhairrge dóibh i n-a dromann-
aibh dána dásachta do-sgaoilte agus i n-a
gleanntaibh garbh-liatha glór-uallacha gráin-
doiligh gorm-reamhra agus i n-a srothaibh saidhbhre
sár-luatha siansánacha siubhlaidhe sár-bhriste,
agus i n-a gcuasánaibh cáinteacha cioth-mhóra agus
i n-a broinntibh breacmhara bárr-cheathachacha
buan-chubhracha, agus i n-a motharaibh mór-thonn-
acha mí-chéilidhe, agus freagrann an ghaoth go
fuasaoideach féidhm-láidir fulaing-thréan
ris na Féinnibh, ionnus gur thúrnadar
mongair agus meadair anfach na mara de'n
mheasgadh sain go raibh go féith-chiuin fasaidh
fíor-mhín.
Níor chian dóibh iar sin go bhfacadar an
fhaill mhór agus an charraig chorr chiardubh cheann-
gharbh chomhdhaigean, agus Foiltleabhair mac ríogh
na hIndia ag leanmhain luirg an Ghiolla
Deacair go díreach deagh-thapaidh chum na
cairrge réamhráidhte, agus budh haidhbhseach agus
budh hárd ur-ghránna leo a haoirde suas
i néalaibh na fíormaimeinte, agus budh sleamhaine
trá 'ná com amh-eascoine gach slios slim-
réidh de'n ruadh-charraig doi-réidh sin, agus ní
raibh conaire ná slighe aca i rachadaois suas
uirre, agus ní fhuaradar lorg an Ghiolla Dheacair
ná a ghearráin uaithi i n-aon áird d'áirdibh an
domhain, agus ro budh holc agus budh himshníomhach
le Fionn agus le Fiannaibh Éireann gan ar
gcumas dóibh a muinntir do leanamhaint
tairis sin, do bhrígh nach bhfuaradar slighe ná
conaire i rachadaois suas ar an gcarraig.
“Créad an mhaith atá dhúinn,” ar Fearghus
Finnbhéil, file na Féinne, “an tí do hoileadh,
do leasuigheadh agus do lán-mhúineadh ag
Manannán mong-bhuidhe mór-cheardach mac
Lir i dTír trácht-mhín Tairngire agus ag Aonghus
ilcheardach mac an Daghda san Bhrugh ós
Bóinn, agus an tí ag á bhfuil gach céird agus ealadhan
agus cumhachta dá raibh aca-san de dhíoghluim
deagh-fhoghlamtha de ghlan-mheabhair, agus ná téid
sé do léim éadtrom eadarbhuasach, do thoradh
a ealadhan agus a dhraoidheachta, do dhéanamh
teórannn dúinn agus do thabhairt sgéala dhúinn
ón gcarraig, agus gur cinnte linn gurab ann-
so suas do ghabh ár muinntir agus gur dóigh
linn gurab ann atá árus comhnuidhte an
Ghiolla Dheacair?” Iar gclos athaisg an
draoi do Dhiarmuid ó Duibhne, do ghabh náire
agus imdheargadh é agus is é adubhairt, “is chugam-
sa adeirir sin, a Fhearghuis.” “Is chugat do
deimhin,” ar Fearghus. Ro éirigh Diarmuid
iar sin, agus gabhas a iorradh agus a iolfhaobhar
chuige agus do rinne ar a dhá shligh síoth-fhada
slinn-ghéara, agus do ghabh sleagh díobh in gach
láimh leis, eadhón, an Crannbhuidhe agus an Ga
Dearg a n-anmanna, agus tug criothnughadh
curadh air féin, agus d'éirigh go hur-éadtrom
éanamhail eadarbhuasach do chleasaibh cóimh-
neartmhara a cholna, d'urlannaibh a shleagh agus
do chrannaibh a chraoisighe nó gur ghabh leithead
a dhá gheal-bhonn de'n fhearann áluinn fhéar-
uaine ar mhullach na cairrge ceann-ghairbhe
cloch-aimhréidhe thuas. Agus ar rochtain ann-
sain dó, d'fhéach ar a mhuinntir uaidh síos ro
fhágaibh san luing dá éis. Fá leór d'ádhbhar
uathbháis agus ur-ghráine leis silleadh agus féachain
orra le n-a fhad agus le n-a mheirtnighe uaidh
síos do bhádar, agus féachain an tír ar gach
taobh de, agus do chonnairc sé na mágha mion-
sgothacha mór-fhairsinge agus na tulcha torthacha
taitneamhacha taobh-uaine agus na cnuic inbheacha
ur-aoibhne, agus budh mhór an tógbháil uaille agus
droch-aigeanta agus an sgrios maoithe agus do-
mheanman bheith ag silleadh agus ag sár-fhéachain
orra, óir budh bhinn uaill sreabh, ceól éan,
dórd beach agus foghar gaoithe innti. Ro ghabh
Diarmuid ag siubhal na críche: níor chian dó
iar sin go bhfaca an tulach árd úr-aoibhinn
fhéar-uaine, agus bile bioth-áluinn buan-torthach
fleasgach foi-ghéagach i gceart-mheadhón na
tulcha agus cairthe chloiche chaomh-áluinn i n-a
seasamh le taobh an bhile agus tobar linn-ghlas
glan-fhuar re taoibh na cairthe agus ní fhaca aon
duine timcheall an tobair ná na tulcha, agus
d'ionnsuigh Diarmuid an tobar, óir budh
luinneach lúthgháireach leis a fhagáil ar an
ádhbhar go raibh sé lán do thart agus do throm-
íotaidh d'éis a bhfuair sé d'olc agus d'anfhorlann
ar muir agus ar mór-fhairrge, agus níor fuilngeadh
leis a bheith ag á fheitheamh i bhfad an tan do
chrom ag ól dighe, agus comh luath agus chrom a
cheann do chuala trost agus torann trom-ádhbhal
agus do shaoil gurab léir-shluaigh agus iomad
sochaidhe agus iolar curadh agus caithmhíleadh do bhí
ag teacht i n-a fhochair, agus do thógaibh a cheann
go dísgir dícheallach agus ní fhaca aon duine agus
ó nach faca, d'fhill a dhá ghlúin ghasta ghlé-
geala dath-áilne deagh-chumtha faoi arís, agus
dob' áil leis cosg a íotadh de'n uisge d'ól,
agus do chuala trost budh seacht mó 'ná an chéad
uair, agus do thógaibh a cheann go dána deagh-
thapaidh agus ní fheadair créad do-ghní an torann.
“Atá dóigh agam,” ar Diarmuid, “gurab
de chomhachtaibh an tobair-se gan leigean do
dhuine deoch d'ól as acht amhlaidh so.” Iar
sin do thug Diarmuid súil i n-a thimcheall, agus
do chonnairc corn cóimhfhleasgach cumhdaighthe
ar bheinn na cairrge, agus do ghlac é, agus do chuir
sa tobar é, agus d'ibh deoch as. As a haithle
sin d'féach Diarmuid thairis, agus do chonnairc
an t-aon-óglach áluinn iolbhuadhach dá ionn-
suighe anoir gach ndíreach agus trealamh troda
agus teagmhála, agus greann gaisgidh agus gnímh-éacht
air, agus fraoch feirge fíor-mhóire agus inneall áigh
agus iomghona air, agus brat sgiamhdha sgárlóide
ar uachtar a earraidh agus a éididh air, agus fleasg
fhionn-bhuidhe fhíor-órdha d'ór áluinn aith-
leaghtha ar uachtar a aighthe agus a éadain air
nach sgaoileadh an ghaoth an folt fuathan-chaol
fíor-áluinn for-órdha do bhí le cleith a chinn
agus a cheann-mhullaigh, agus eas áluinn go niamhdha
solusmhar idir a throighthibh agus an talamh agus
adubhairt, “A mhic uí Dhuibhne, dar liom féin,
is fada fairsing Éire iath-ghlas oileánach
fút, agus dób' iomdha a huisgeadha glan-fhuara
sár-mhilse linn-fhuara, agus fásaigh diamhaire
fiadhaigh agus gan teacht d'ól uisge mo thobair-
se ná ag fiadhach m'fhoraoise, agus ní leigfead
leat fó chéad-uair é.
Is annsain d'ionnsuighe Diarmuid agus an
Gruagach a chéile, agus do chuireadar glún le
gliaidh agus troigh re taca, agus aghaidh re h-iomghoin,
agus do-rónsad comhrac toll-bhorb tinneasnach
torann-tréan ainmhín eascáirdeamhail mar
dhá leomhan luaith-leadartha nó mar dhá na-
thair nimhe no mar choigeadal tuinne treathan-
mhóire ag buain re ciumhsaidh cuain no
caladhphuirt: dob' é sin sraoineadh, searnadh
agus athchumadh do bhádar an dís laoch sain do
thabhairt ar a chéile. Fá tosach do'n oidhche agus
fá deireadh do'n lá an tan sain. Dála
an Ghruagaigh, an tan d'airigh an bhrígh agus a
neart dá thréigean d'éirigh de bhaoith-léim
éadtrom de chleasaibh cóimhneartmhara a
cholna, agus do chuaidh san tobar, agus do sluigeadh
i bhfíor-íochtar an tobair é, agus do shaoil
Diarmuid gurab a bháthadh do rinneadh 'san
tobar, agus suidheann go fadthuirseach ós ur
an tobair, agus dob' olc leis a mheanmain iar
ndul d'á chéile chomhraic uaidh, agus fá doilghe
leis ná sain gan sgéala bheith aige d'Fhionn
ná d'Fhiannaibh Éireann ar gach nídh dár
imthigh air féin, agus is í comhairle ar ar chinn
sé uir-sheasamh agus comhuidhe do dhéanamh in-
san chrích sin an oidhche sin, agus súil le sgéala
d'fhagháil ar n-a bhárach, agus do ghluais ar fud
na foraoise fiaidh do bhí i gcomhfhogus dó, agus
do chuir a mhéar i suainimh shíoda na sleighe
séanta soi-dhiubhraigthe do bhí aige agus tug
urchar áthasach uir-mhisnigh do'n óig-ealta
fiaidh adchonnairc gur léig chum láir agus lán-
talmhan fiadh aca, agus do chuir ar bhearaibh
fada fionn-choille i n-a mhíribh, agus ro fhadaidh
toirt teineadh treathan-mhóire as a haithle,
agus ro bheirbh an fheoil, agus ro chaith a leór-dhóithin agus
d'ibh a sháith de'n fhíoruisge i n-a dhiaidh, agus do
chodail as a haithle sin go dtáinig an lá go
n-a lán-tsoillse ar n-a bhárach. Ro éirigh
Diarmuid go moch-dheadhail na maidne, agus do
chuaidh i gceart-mheadhón a airm, agus a éididh agus
a iolfhaobhair, agus do chuaidh go hur an tobair,
agus gidh moch do chuaidh ann do fuair an
Gruagach ar a chionn ann, agus is é ro
ráidh, “A mhic uí Dhuibhne, is bárr do chuir
tú ar gach aon olc dá ndeárna tú dom féin,
ar a dtabhair tú de tháire agus de tharcuisne
dhom, tú d'fhanmhaint aréir im' fhoraois,
m'fhaidh do mharbhadh dhuit agus uisge mo thobair
d'ól. Dob' fhairsinge Éire iath-ghlas oileánach
fút chum gach neith dhíobh sain d'fhagháil innti,
agus fós budh chóra dhuit bheith ag suirghe agus
ag saobh-shúgradh le mnáibh míonla mullach-
dhonna mong-réidhe agus le banntracht mhilis bhinn-
bhriathraigh agus re béibh suairce so-charthannacha
agus re clannaibh ríogh agus tighearnaidhe na hÉir-
eann, mar do chleachtais riamh, ná bheith ag
déanamh díoghaltais, agus díbhfeirge orm-sa, agus
is dearbh nach léigfead leat gan díoghalt
é.” As a haithle sin d'éirigh Diarmuid agus an
Gruagach d'ionnsuighe a chéile, agus do-rónsad
comhrac féigh fuilteach faobhrach cródha calma
cóimhneartmhar re chéile. Cidh trácht, do bhí
Diarmuid agus an Gruagach trí lá, diaidh
i ndiaidh, ag comhrag re chéile, agus d'imthigheadh
an Gruagach san dtobar gach n-oidhche dhíobh,
agus ní dheachaidh Diarmuid ar feadh na haimsire
sin re sgéala chum a mhuinntire, acht do
mharbhadh fiadh gach n-oidhche agus do chaitheadh a
leór-dhóithin de féin agus d'uisge an tobair,
óir fá gnáthach le Diarmuid gan fuigheall
a fheóla ná a bhídh do chaitheadh choidhche, agus is
uime sin do mharbhadh fiadh gach n-oidhche.
(Ní críoch).