Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Feargus Finn-bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Eadtromuigheadh trosgadh an charghais i ndíoghóis Bhaile ath' Cliath mar gheall ar an slaghadán-mór atá go leathan ann 'san aimsir seo. Tá an triuch leis imeasg na n-aosánach ann. Deirthear gurab é fé ndeara na h-aicidí sin a bheith chomh h-olc agus táid, an fhuacht agus an teas a bheith ag rith ar a chéile mar tá siad le coici- gheas. Ba mheasa ná sain an aimsir lasmuigh d'Éirinn. Bhí sneachta go glúnaibh ortha i Sasana. Is clos dúinn go dtáinig sgata bitheamhnach go Bhaile ath' Cliath ó Lúnduin seachtmhain ó shoin i gcomhair na Casga. Thugadar mná le na gcois i dtreo ná béadh aon droch-amhras ortha agus bhíodar idir fhear agus mhnaoi gabhtha san éadach is daoire. Fé dhéin na dteampaull atá lán gach oidhche do'n tseachtmhain seo thángadar do réir cosamhlacht. Tá súil ag na constá- blaibh na ndiaidh, mar aon tairbhe dhóibh é. Tá mór-ghearán ag eirghe ó gach aon taobh ar na bóithribh iarainn seo againn agus nÉirinn. Nuair tugadh cead dá lucht stiúrtha na bóithre seo do dhéanamh is fé thuairim maitheasa do dhéanamh do'n dúthaigh é - sé sin adeir an dlighe linn. Acht bíonn an dlighe cam go minic. Is é cúram lucht stiúrtha na mbóthar a bpócaidhe féin do líonadh, agus an phighinn is aoirde bhaint amach. Tá na cumainn phuiblidhe ar fuaid na hÉireann 'ghá iarraidh ar an Riaghaltas na bóithre iarainn do thógaint fé na gcúram féin agus an dlighe chur i bhfeidhm. Tá gairm amuigh ar chomh-thionól phuiblidhe ag Méire Bhaile ath' Cliath i gcómhair an 19mhadh lá déag d'Abrán leis an intinn sin. Fuarthas cionntach fear do mhuintir Mhac hÉil ag na siseonaibh móra i gConndae Muigh Eó gur imir sé droch- úsáid ar mháthair a chéile do chuir chum báis í. Níor tugadh breith fós air. Marbhadh sglábhaidhe bhí ag obair ag saor i mBaile ath' Cliath tamall ó shoin, agus bhain a bhaintreabhach dhá chéad púnt le dlighe do'n mhaighisdir an lá fé dheireadh mar gheall ar a bhás. Bhí Seaghan Ó Dubhghaill, fear muc do sgóladh, ag obair le na chéird i dtigh búistéara i mBaile ath' Cliath an tseachtmhain seo ghabh tharainn nuair sgein muc na choinne agus chaith isteach san uisge beirbhthe é. Cailleadh gan mhoill é. Tháinig maith-shluagh mór Éireannach i gceann a chéile i Manchester i Sasana an oidhche fé dheireadh ag éis- teacht le Seaghan Diolúin agus le Tomás ua Conchubhair, Feisirí. Dubhairt an Diolúnach go mbéadh na hÉirean- naigh chomh comhachtach anois agus bhíodar riamh i dtigh Feise na Sacsan acht go dtuigidís a chéile agus an réidhteach a bheith eatortha. Obair gan tábhacht, ar seisean, is eadh bheith ag cur i n-aghaidh ár hamhad nó go reidhtighmíd féin le chéile. Ní mór ná gur cuma dhúinn linn nó 'nár gcoinne aon chomhluadar Sasanach an fhaid is bheidh an sgeul mar tá againn sa bhaile. Cuirimís ár dteach féin i gcóir, ar dhtúis, ar sé, agus éistfidh an Sasanach go cneasda linn na dhiaidh sin. Ní mór an muinighin atá aige deireadh bheith leis an imreasán de bhárr an agallaimh atá le bheith i mBaile ath' Cliath an ceathramhadh lá d'Abrán. B'é a cheannas féin, adeir sé, ba leath-sgeul ag a eascáirdíbh go dtí seo, acht gheobhaid siad leath-sgeul éigin eile feasda chum bheith i n-achran a chéile. Seo sómpla ar an gcuma tá gnó na hÉireann dá dhéanamh sa bhFeis. Tá an fear thall ag meudughadh a ghléis cogaidh an aimsir seo, agus mhol an Fheis na milleoin airgid sa mbreis chuige sin an lá eile. Leagfar níos mó ná milleoin eile cána ar Éirinn dá dhruim sin, acht níor chuir na choinne as Éirinn sa bhFeis acht aon tseisear amháin. Feargus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services