Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Eadtromuigheadh trosgadh an charghais i ndíoghóis
Bhaile ath' Cliath mar gheall ar an slaghadán-mór atá go
leathan ann 'san aimsir seo. Tá an triuch leis imeasg
na n-aosánach ann. Deirthear gurab é fé ndeara na
h-aicidí sin a bheith chomh h-olc agus táid, an fhuacht agus
an teas a bheith ag rith ar a chéile mar tá siad le coici-
gheas. Ba mheasa ná sain an aimsir lasmuigh d'Éirinn.
Bhí sneachta go glúnaibh ortha i Sasana.
Is clos dúinn go dtáinig sgata bitheamhnach go Bhaile
ath' Cliath ó Lúnduin seachtmhain ó shoin i gcomhair na
Casga. Thugadar mná le na gcois i dtreo ná béadh
aon droch-amhras ortha agus bhíodar idir fhear agus
mhnaoi gabhtha san éadach is daoire. Fé dhéin na
dteampaull atá lán gach oidhche do'n tseachtmhain seo
thángadar do réir cosamhlacht. Tá súil ag na constá-
blaibh na ndiaidh, mar aon tairbhe dhóibh é.
Tá mór-ghearán ag eirghe ó gach aon taobh ar na
bóithribh iarainn seo againn agus nÉirinn. Nuair tugadh
cead dá lucht stiúrtha na bóithre seo do dhéanamh is fé
thuairim maitheasa do dhéanamh do'n dúthaigh é - sé sin
adeir an dlighe linn. Acht bíonn an dlighe cam go minic.
Is é cúram lucht stiúrtha na mbóthar a bpócaidhe féin
do líonadh, agus an phighinn is aoirde bhaint amach. Tá
na cumainn phuiblidhe ar fuaid na hÉireann 'ghá iarraidh
ar an Riaghaltas na bóithre iarainn do thógaint fé na
gcúram féin agus an dlighe chur i bhfeidhm. Tá gairm
amuigh ar chomh-thionól phuiblidhe ag Méire Bhaile ath' Cliath
i gcómhair an 19mhadh lá déag d'Abrán leis an intinn
sin.
Fuarthas cionntach fear do mhuintir Mhac hÉil ag na
siseonaibh móra i gConndae Muigh Eó gur imir sé droch-
úsáid ar mháthair a chéile do chuir chum báis í. Níor
tugadh breith fós air.
Marbhadh sglábhaidhe bhí ag obair ag saor i mBaile
ath' Cliath tamall ó shoin, agus bhain a bhaintreabhach dhá
chéad púnt le dlighe do'n mhaighisdir an lá fé dheireadh
mar gheall ar a bhás.
Bhí Seaghan Ó Dubhghaill, fear muc do sgóladh, ag
obair le na chéird i dtigh búistéara i mBaile ath' Cliath
an tseachtmhain seo ghabh tharainn nuair sgein muc na
choinne agus chaith isteach san uisge beirbhthe é. Cailleadh
gan mhoill é.
Tháinig maith-shluagh mór Éireannach i gceann a chéile
i Manchester i Sasana an oidhche fé dheireadh ag éis-
teacht le Seaghan Diolúin agus le Tomás ua Conchubhair,
Feisirí. Dubhairt an Diolúnach go mbéadh na hÉirean-
naigh chomh comhachtach anois agus bhíodar riamh i dtigh
Feise na Sacsan acht go dtuigidís a chéile agus an
réidhteach a bheith eatortha. Obair gan tábhacht, ar
seisean, is eadh bheith ag cur i n-aghaidh ár hamhad nó go
reidhtighmíd féin le chéile. Ní mór ná gur cuma dhúinn
linn nó 'nár gcoinne aon chomhluadar Sasanach an fhaid
is bheidh an sgeul mar tá againn sa bhaile. Cuirimís
ár dteach féin i gcóir, ar dhtúis, ar sé, agus éistfidh an
Sasanach go cneasda linn na dhiaidh sin.
Ní mór an muinighin atá aige deireadh bheith leis an
imreasán de bhárr an agallaimh atá le bheith i mBaile
ath' Cliath an ceathramhadh lá d'Abrán. B'é a cheannas
féin, adeir sé, ba leath-sgeul ag a eascáirdíbh go dtí
seo, acht gheobhaid siad leath-sgeul éigin eile feasda
chum bheith i n-achran a chéile.
Seo sómpla ar an gcuma tá gnó na hÉireann dá
dhéanamh sa bhFeis. Tá an fear thall ag meudughadh a
ghléis cogaidh an aimsir seo, agus mhol an Fheis na
milleoin airgid sa mbreis chuige sin an lá eile.
Leagfar níos mó ná milleoin eile cána ar Éirinn dá
dhruim sin, acht níor chuir na choinne as Éirinn sa bhFeis
acht aon tseisear amháin.
Feargus Finn-bhéil