Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. Do thóg Fionn lámh os a cheann agus do thug cead athaisg agus uraghaill agus úrlabhra dhó, agus d'fhiafruigh sgéal dhe cia aca d'fholaibh uaisle no anuaisle an domhain é, nó cia do thrí rannaibh an domhain i ngnáthuigheadh a bheith nó créad dob' oifig no céird dó nó créad do-bheir each gan giolla aige no créad dob' ainm dó re siubhal na gcríoch nó le taisteal na talmhan. Is annsain do shuidh an fear mór i bhfiadh- naise Fhinn agus is é ro ráidh, “Inneósad duit, a Fhinn, gach nídh d'fhiafruighis díom, cia aca d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain dom: ní fhuil m' uaisle ná m'athardha agam ná mo ghéaga geinealaigh ná mo chraobha coimhneasa; agus dá mbeith, do-bhéarfainn duit-se a fhios. An dara nídh d'fhiafruighis díom cia do rannaibh an domhain i ngnáth- uighim a bheith. Is fomhór foirtil fíorchalma me as tuaisceart Lochlann agus ní ghnáthuighim aon rann áirithe do'n domhan acht ag siubhal ar mhaithibh agus mhór-uaislibh an domhain mhóir ag fagháil tuillimh agus tuarastail uatha do cheann aimsire agus ógláchais do dhéanamh dóibh, agus do chualas do chlú agus t'ealadha agus t'árdnós-sa, a Fhinn,” ar sé, “i mbéalaibh suadh agus seanchaidhe agus lucht léighte laoidh agus leabhar agus inniste maitheasa agus uilc agus cuarduighthe na cruinne
re haoir agus re hadhmholadh, agus ar ha hádhbharaibh sin thángas dod' ionnsuighe ar fheabhas do thuarasgbhála, agus dob' áil liom bheith go ceann bliadhna agat agus breith mo bhéil féin d'fhagháil uait i gcionn bliadhna. Agus na neithe eile d'fhiafruighis díom, créad tug each gan giolla agam no créad dob' ainm dom re siubhal an domhain? Ní gan ádhbhar atáim gan giolla, óir is éigean dom biadh agus deoch céad fear d'fhagháil gach ló go n-oidhche, agus gibé triath nó tighearna ag a mbím, atá do mhéid mo mhuirearaighe féin gur leór dom é agus gan giolla do bheith agam, agus an Giolla Deacair is ainm dom, agus ní gan ádhbhar a tugadh an ainm sin orm, óir ní fhuil san domhan mhór aon duine le ar deacra lá maoine ná maitheasa do dhéanamh ná me, agus ar dheacracht mo fhreastail, agus is iad sin mo sgéala féin, agus is iad ro fhiafruighis díom, a Fhinn, agus tuilleadh fós, dá fheabhas agus bhíthear liom, is baoghal gurab guith a dheireadh.” “Níor éaras-sa aon duine ariamh fa thuilleamh ná tuarastal,” ar Fionn, “agus ní éarfad thusa anois.” Tugadar a lámha i láimh a chéile iar sin, agus ceanglaid a gconnradh le chéile go ceann bliadhna. Is annsain d'fhiafruigh an Giolla Deacair do Chonán mhac Mórna cia aca ba mhó tuar- astal marcaigh san bhFéinn ná tuarastal coisidhe. Adubhairt Conán go raibh a dhá oiread ris an gcoisidhe ag an marcach. “Maiseadh,” ar an giolla, “cuirim féin d'fhiadhnaise ar mhaithibh agus ar mhór-uaislibh na Féinne atá annso, dá dtograinn féin sin, gurab ar each a bheinn féin ag teacht do bhar n-ionsuighe, agus go bhfuil each agam gidh nach bhfuil giolla agam, agus an nídh do ghnáthuighim a dhéanamh rem' each do-ghéana me anois ris é, óir leigfead d'ionnsuighe na heachraidhe is neasa dhom é, agus cuirim ar do choimirce-se é, a Fhinn, agus ar choimirce a bhfuil annso it' fhochair d'Fhiannaibh Éireann é,” ar an Giolla Deacair. Leis sin do bhain an t-adhastar d'á each agus do leig imeasg eachraidhe na Féinne é, agus gidh truagh teirc-fheólach do bhí, agus gidh gur meirtneach meirbh míolúthmhar agus gidh gur leisg ludartha, ní ar ithe ná ar inghilt feir ná fásaigh tug a aghaidh, acht do chuaidh fa'n eachraidh agus do chuir a ghearr- earball goisdeach garbh-ruainneach i n-a cheart-cholg-sheasamh, agus do thóg an dá chois deiridh go deagh-thapaidh agus do nocht na fiacla fada fír-ghéara agus an drandal dhuibseach dubhghránna, agus is chomhluath do chiorrbhadh agus do chomhmarbhadh agus do chomhbhriseadh sé na heach- radha le n-a cheann agus le n-a chosaibh do leith a thosaigh agus a dheiridh, agus do theasg le n-a fhiaclaibh iad. Acht dob' é deireadh na dála nár fhág aon each amháin d'eachraidh na Féinne nach tug easbaidh coise nó cluaise, leathshúil no leithcheann, no ainimh bhiothbhuan éigin nach féadfaidhe a leigheas ná a leasughadh go bruinne an bhrátha orra, sul d'éaluigh sé riú. Agus iar milleadh agus iar gcórughadh eachraidhe uile na Féinne dhó mar sin, d'ionnsuigh sé each Chonáin Mhaoil mhic Mhórna do bhí ar fhéar-ghort dath-álainn leis féin ó'n eachraidh eile agus dob' áil leis an cleas céadna a dhéanamh ris. Mar do chonnairc Conán Maol sin, adubhairt ris an nGiolla Deacair éirghe agus breith ar a each agus gan a leigean dó a each féin do mhilleadh ná do mhíochórughadh ní budh mó, nó go n-eireóchadh féin agus go leigfeadh a inchinn tré innistribh a chinn agus a cheann-mhullaigh gan cáirde gan fuireach. Adubhairt an Giolla Deacair ná rachadh féin dá fhóirithin ó nach raibh giolla aige, agus nach raibh cumas a eadrána aige féin acht maille leis an adhas- tar a chur air, agus a bheith i láimh duine; agus dá ndéantaoi sin ris, do-gheóbhadh bás de'n ghorta; agus nár bheag leis a bheith d'á chong- bháil an tan do bheith sé ag siubhal nó ag sír-
imtheacht re cois a thighearna, nó an uair do bheith sé ag imtheacht le toisg no le turus dó féin. Dála Chonáin, d'éirigh go dísgir dána deagh-thapadh agus go bríoghmhar borb baois- chéillidhe agus do rug ar an adhastar agus do ghluais roimhe i n-a bhuinneadhaibh bríoghmhara rachtacha iongantacha, agus gér dheacair breith ar an each sain an Ghiolla Dheacair, do rug air, agus do chuir an t-adhastar ris, agus tug leis i bhfiadhnaise Fhinn é, agus adubhairt go feargach fuasaoideach fír-neimhneach muna mbeadh ar son Fhinn go mbrisfeadh sé a chloigeann gan fuireach, agus adubhairt gurab iomdha droch-fhéinnidhe fuair Fionn riamh agus nach fuair féinnidhe budh mheasa ná marcach an eich sin. Mar sin dó athadh fada ar adhastar ag Conán agus nár bh'áil leis an nGiolla Deacair a ghlacadh uadh agus nach mó do ghlac aon duine eile uaidh é. “A Chonáin mhic Mhórna,” ar Fearghus Finnbhéil, “is fada go ndéantá-sa giollai- dheacht do churadh no do chaithmhíleadh san domhan, agus tuig gur mór an táir agus an tarcuisne dhuit ort féin, an t-óglach ar ar locadar fir Éireann uile giollaidheacht do dhéanamh dhó ar olcas a chrotha agus a dheilbhe agus ar anuaisle a fhola, tú féin a bheith ag giollaidheacht dó, agus is éagcóir, má's ar olca leis an each sain an Ghiolla Dheacair atá tú, nach ar a mhuin a théighir agus cnuic, coillte agus cabháin agus tulaigh taobh-áilne agus madhmanna mór-shliabh agus beanna allta buan-árda do thaistealughadh agus do thimcheallughadh leis nó go mbrisfeadh a chroidhe i n-a chliabh le siubhal agus le saothar. Éirgheann Conán an tan sin le greasacht an fhileadh ar mhuin eich an Ghiolla Dheacair do bhaoith-léim éadtrom eadarbhusach agus buail- eann a dhá láimh 's a dhá chois i n-aoinfheacht i n-a chliathánaibh agus gidh go mbudh bheag gluai- seacht fhuilt nó fionnaidh, ní dheárna each an Ghiolla Dheacair go beag ná go mór leis sin. “Aithnighim féin, a Chonáin,” ar Fearghus, “an t-ádhbhar fá nach siubhlann an t-each sain fút-sa, eadhón, marcach ró-throm do chleacht sé bheith air, agus go rachadh uimhir is comhthrom leis d'Fhiannaibh Éireann ar a mhuin ní chuirfeadh sé aon chor de.” Is annsain d'fhiafruigh Conán cia aca d'Fhiannaibh Éireann do chomhaontóchadh leis féin do dhíoghailt easonóra eachraidhe na Féinne ar an gcapall sain? Adubhairt Art óg mac Mórna go rachadh féin air i n-éiric a eachraidhe do mhilleadh agus do mhíochórughadh dhó. Adubhairt Caol-chródha cath-bhuileach an nídh céadna, “agus mise,” ar Aonghus mac Airt óig mhic Mhórna, “agus mise,” ar Dáire duanach mac Mórna. Cia trácht do chuadar ceithre fir deag de Chlannaibh Mórna agus do chlannaibh Baoisgne air, agus do ghabhadar uile da chomh- bhualadh agus dá chomhbhrúghadh i n-aoinfheacht agus níor bh'fheirrde dhóibh, óir níor ghluais sé sin aon troigh amháin d'áit a chos acht ag luighe fútha seal agus ag éirghe arís. “A Fhinn mhic Chumhaill,” ar an Giolla Deacair “ní bheidh me féin níos sia im' óglach agat agus imtheóchad rómham, agus ní fhanfad ní bhus faide agaibh-se, agus a Fhianna Éireann,” ar sé “gidh gairid ó thánag féin chugaibh, is fada liom é go deimhin, agus dom' dhóigh, is tuarasg- bháil bhréige do chuaidh oraibh, agus mar shaoilim, is mór an masla agus an míochlú, an táir agus tarcaisce dhuit me féin do theacht chugaibh do'n turus-so, óir gidh mór do theist agus do thuarasgbháil riamh gus indiu, is deimhin go rachaidh an oiread de tháir agus de mhíochlú ort óm' theacht chugaibh, agus ní fhuil contabhairt, a Fhinn, ná gurab aithreach leat me féin d'fhostadh agus tuarastal do ghealladh dhom, agus munab aithreach, ní fuileóngthá an díoghal úd a thabhairt ar m'each id' fhiadhnaise gan ádhbhar.” As a haithle sin d'éirigh an Giolla Deacair
go meirbh míolúthmhar agus go leasg liodartha agus do cheileabhruigh d'Fhionn agus d'Fhiannaibh Éireann, an mhéid do bhí ar an láthair sin díobh. “Ná himigh,” ar Fionn, “agus gach ar gheallas duit, comhaillfead dhuit é gan con- tabhairt.” “Truaighe sain, ar an Giolla Deacair, “do-bheirim-se féin briathar, dá mbudh í an oidhche anocht an oidhche dhéidheanach de'n bhliadhain, agus an gníomh úd do dhéanamh orm nach fanfainn lem' thuarastal a thógbháil i mbárach gan imtheacht anois, agus ó thuigim bhar miosgais dhom, ní fhanfad agat níos faide, agus bhéarfad bhar dteist agus bhar dtuarasg- bháil liom ar feadh na gcríoch, agus adubhairt an laoidh:— Béidhead-sa anois ag dealchadh, a Fhinn, riot-sa agus ret Fhiannaibh Ní fhuil acht mearchadh do laoch teacht dod' iarraidh. Fionn — Guith orainn ná tabhair-se agus ná himthigh uainn fa dhólás: Luighim-se fám' armaibh gaisgidh nár chailleas riamh ar óglách; Da bhfanfá-sa im' fhochair feadh bliadhna, a Ghiolla Dheacair, Do-bhéarfainn gan gó dhuit ar ghealas 'n-a dheaghaidh. Giolla D.— Dá mbeidheadh de'n bhliadhain acht aon ló gan caitheamh Ní fhanfainn id' fhiadhnaise tré n-a ndearnais fúm do mhagadh Cuirim suas dod' mhuinteardhas, a Fhinn, gidh maith do theastas 'San bhFéinn ó nach fuilingtear me ag imtheacht uaibh-se biad feasta. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services