Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.

Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



Do thóg Fionn lámh os a cheann agus do thug
cead athaisg agus uraghaill agus úrlabhra dhó, agus
d'fhiafruigh sgéal dhe cia aca d'fholaibh
uaisle no anuaisle an domhain é, nó cia do
thrí rannaibh an domhain i ngnáthuigheadh a
bheith nó créad dob' oifig no céird dó nó
créad do-bheir each gan giolla aige no créad
dob' ainm dó re siubhal na gcríoch nó le
taisteal na talmhan.



Is annsain do shuidh an fear mór i bhfiadh-
naise Fhinn agus is é ro ráidh, “Inneósad duit,
a Fhinn, gach nídh d'fhiafruighis díom, cia aca
d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain
dom: ní fhuil m' uaisle ná m'athardha
agam ná mo ghéaga geinealaigh ná mo chraobha
coimhneasa; agus dá mbeith, do-bhéarfainn
duit-se a fhios. An dara nídh d'fhiafruighis
díom cia do rannaibh an domhain i ngnáth-
uighim a bheith. Is fomhór foirtil fíorchalma
me as tuaisceart Lochlann agus ní ghnáthuighim
aon rann áirithe do'n domhan acht ag siubhal
ar mhaithibh agus mhór-uaislibh an domhain mhóir ag
fagháil tuillimh agus tuarastail uatha do cheann
aimsire agus ógláchais do dhéanamh dóibh, agus do
chualas do chlú agus t'ealadha agus t'árdnós-sa, a
Fhinn,” ar sé, “i mbéalaibh suadh agus seanchaidhe
agus lucht léighte laoidh agus leabhar agus inniste
maitheasa agus uilc agus cuarduighthe na cruinne


L. 484


re haoir agus re hadhmholadh, agus ar ha hádhbharaibh
sin thángas dod' ionnsuighe ar fheabhas do
thuarasgbhála, agus dob' áil liom bheith go ceann
bliadhna agat agus breith mo bhéil féin d'fhagháil
uait i gcionn bliadhna. Agus na neithe
eile d'fhiafruighis díom, créad tug each gan
giolla agam no créad dob' ainm dom re
siubhal an domhain? Ní gan ádhbhar atáim
gan giolla, óir is éigean dom biadh agus deoch
céad fear d'fhagháil gach ló go n-oidhche, agus
gibé triath nó tighearna ag a mbím, atá do
mhéid mo mhuirearaighe féin gur leór dom é
agus gan giolla do bheith agam, agus an Giolla
Deacair is ainm dom, agus ní gan ádhbhar a
tugadh an ainm sin orm, óir ní fhuil san
domhan mhór aon duine le ar deacra lá
maoine ná maitheasa do dhéanamh ná me, agus
ar dheacracht mo fhreastail, agus is iad sin mo
sgéala féin, agus is iad ro fhiafruighis díom, a
Fhinn, agus tuilleadh fós, dá fheabhas agus bhíthear
liom, is baoghal gurab guith a dheireadh.”
“Níor éaras-sa aon duine ariamh fa thuilleamh
ná tuarastal,” ar Fionn, “agus ní éarfad
thusa anois.” Tugadar a lámha i láimh a
chéile iar sin, agus ceanglaid a gconnradh le
chéile go ceann bliadhna.



Is annsain d'fhiafruigh an Giolla Deacair
do Chonán mhac Mórna cia aca ba mhó tuar-
astal marcaigh san bhFéinn ná tuarastal
coisidhe. Adubhairt Conán go raibh a dhá
oiread ris an gcoisidhe ag an marcach.
“Maiseadh,” ar an giolla, “cuirim féin
d'fhiadhnaise ar mhaithibh agus ar mhór-uaislibh na
Féinne atá annso, dá dtograinn féin sin,
gurab ar each a bheinn féin ag teacht do bhar
n-ionsuighe, agus go bhfuil each agam gidh nach
bhfuil giolla agam, agus an nídh do ghnáthuighim
a dhéanamh rem' each do-ghéana me anois ris
é, óir leigfead d'ionnsuighe na heachraidhe is
neasa dhom é, agus cuirim ar do choimirce-se
é, a Fhinn, agus ar choimirce a bhfuil annso it'
fhochair d'Fhiannaibh Éireann é,” ar an Giolla
Deacair. Leis sin do bhain an t-adhastar
d'á each agus do leig imeasg eachraidhe na
Féinne é, agus gidh truagh teirc-fheólach do bhí,
agus gidh gur meirtneach meirbh míolúthmhar agus
gidh gur leisg ludartha, ní ar ithe ná ar
inghilt feir ná fásaigh tug a aghaidh, acht do
chuaidh fa'n eachraidh agus do chuir a ghearr-
earball goisdeach garbh-ruainneach i n-a
cheart-cholg-sheasamh, agus do thóg an dá chois
deiridh go deagh-thapaidh agus do nocht na fiacla
fada fír-ghéara agus an drandal dhuibseach
dubhghránna, agus is chomhluath do chiorrbhadh agus do
chomhmarbhadh agus do chomhbhriseadh sé na heach-
radha le n-a cheann agus le n-a chosaibh do leith
a thosaigh agus a dheiridh, agus do theasg le n-a
fhiaclaibh iad. Acht dob' é deireadh na dála
nár fhág aon each amháin d'eachraidh na Féinne
nach tug easbaidh coise nó cluaise, leathshúil
no leithcheann, no ainimh bhiothbhuan éigin nach
féadfaidhe a leigheas ná a leasughadh go
bruinne an bhrátha orra, sul d'éaluigh sé riú.
Agus iar milleadh agus iar gcórughadh eachraidhe
uile na Féinne dhó mar sin, d'ionnsuigh sé
each Chonáin Mhaoil mhic Mhórna do bhí ar
fhéar-ghort dath-álainn leis féin ó'n eachraidh
eile agus dob' áil leis an cleas céadna a
dhéanamh ris. Mar do chonnairc Conán Maol
sin, adubhairt ris an nGiolla Deacair éirghe
agus breith ar a each agus gan a leigean dó a each
féin do mhilleadh ná do mhíochórughadh ní budh
mó, nó go n-eireóchadh féin agus go leigfeadh a
inchinn tré innistribh a chinn agus a cheann-mhullaigh
gan cáirde gan fuireach. Adubhairt an
Giolla Deacair ná rachadh féin dá fhóirithin
ó nach raibh giolla aige, agus nach raibh cumas a
eadrána aige féin acht maille leis an adhas-
tar a chur air, agus a bheith i láimh duine; agus dá
ndéantaoi sin ris, do-gheóbhadh bás de'n
ghorta; agus nár bheag leis a bheith d'á chong-
bháil an tan do bheith sé ag siubhal nó ag sír-


L. 485


imtheacht re cois a thighearna, nó an uair do
bheith sé ag imtheacht le toisg no le turus
dó féin.



Dála Chonáin, d'éirigh go dísgir dána
deagh-thapadh agus go bríoghmhar borb baois-
chéillidhe agus do rug ar an adhastar agus do ghluais
roimhe i n-a bhuinneadhaibh bríoghmhara rachtacha
iongantacha, agus gér dheacair breith ar an each
sain an Ghiolla Dheacair, do rug air, agus do
chuir an t-adhastar ris, agus tug leis i bhfiadhnaise
Fhinn é, agus adubhairt go feargach fuasaoideach
fír-neimhneach muna mbeadh ar son Fhinn go
mbrisfeadh sé a chloigeann gan fuireach, agus
adubhairt gurab iomdha droch-fhéinnidhe fuair
Fionn riamh agus nach fuair féinnidhe budh mheasa
ná marcach an eich sin. Mar sin dó athadh
fada ar adhastar ag Conán agus nár bh'áil leis
an nGiolla Deacair a ghlacadh uadh agus nach
mó do ghlac aon duine eile uaidh é.



“A Chonáin mhic Mhórna,” ar Fearghus
Finnbhéil, “is fada go ndéantá-sa giollai-
dheacht do churadh no do chaithmhíleadh san
domhan, agus tuig gur mór an táir agus an tarcuisne
dhuit ort féin, an t-óglach ar ar locadar
fir Éireann uile giollaidheacht do dhéanamh
dhó ar olcas a chrotha agus a dheilbhe agus ar anuaisle
a fhola, tú féin a bheith ag giollaidheacht dó,
agus is éagcóir, má's ar olca leis an each sain
an Ghiolla Dheacair atá tú, nach ar a mhuin a
théighir agus cnuic, coillte agus cabháin agus tulaigh
taobh-áilne agus madhmanna mór-shliabh agus beanna
allta buan-árda do thaistealughadh agus do
thimcheallughadh leis nó go mbrisfeadh a
chroidhe i n-a chliabh le siubhal agus le saothar.
Éirgheann Conán an tan sin le greasacht an
fhileadh ar mhuin eich an Ghiolla Dheacair do
bhaoith-léim éadtrom eadarbhusach agus buail-
eann a dhá láimh 's a dhá chois i n-aoinfheacht i
n-a chliathánaibh agus gidh go mbudh bheag gluai-
seacht fhuilt nó fionnaidh, ní dheárna each an
Ghiolla Dheacair go beag ná go mór leis sin.



“Aithnighim féin, a Chonáin,” ar Fearghus,
“an t-ádhbhar fá nach siubhlann an t-each
sain fút-sa, eadhón, marcach ró-throm do
chleacht sé bheith air, agus go rachadh uimhir is
comhthrom leis d'Fhiannaibh Éireann ar a mhuin
ní chuirfeadh sé aon chor de.” Is annsain
d'fhiafruigh Conán cia aca d'Fhiannaibh Éireann
do chomhaontóchadh leis féin do dhíoghailt
easonóra eachraidhe na Féinne ar an gcapall
sain? Adubhairt Art óg mac Mórna go
rachadh féin air i n-éiric a eachraidhe do
mhilleadh agus do mhíochórughadh dhó. Adubhairt
Caol-chródha cath-bhuileach an nídh céadna,
“agus mise,” ar Aonghus mac Airt óig mhic
Mhórna, “agus mise,” ar Dáire duanach mac
Mórna. Cia trácht do chuadar ceithre fir
deag de Chlannaibh Mórna agus do chlannaibh
Baoisgne air, agus do ghabhadar uile da chomh-
bhualadh agus dá chomhbhrúghadh i n-aoinfheacht agus
níor bh'fheirrde dhóibh, óir níor ghluais sé sin
aon troigh amháin d'áit a chos acht ag luighe
fútha seal agus ag éirghe arís.



“A Fhinn mhic Chumhaill,” ar an Giolla
Deacair “ní bheidh me féin níos sia im' óglach
agat agus imtheóchad rómham, agus ní fhanfad ní
bhus faide agaibh-se, agus a Fhianna Éireann,” ar
sé “gidh gairid ó thánag féin chugaibh, is fada
liom é go deimhin, agus dom' dhóigh, is tuarasg-
bháil bhréige do chuaidh oraibh, agus mar shaoilim, is
mór an masla agus an míochlú, an táir agus
tarcaisce dhuit me féin do theacht chugaibh
do'n turus-so, óir gidh mór do theist agus do
thuarasgbháil riamh gus indiu, is deimhin go
rachaidh an oiread de tháir agus de mhíochlú ort
óm' theacht chugaibh, agus ní fhuil contabhairt, a
Fhinn, ná gurab aithreach leat me féin
d'fhostadh agus tuarastal do ghealladh dhom, agus
munab aithreach, ní fuileóngthá an díoghal úd
a thabhairt ar m'each id' fhiadhnaise gan
ádhbhar.”



As a haithle sin d'éirigh an Giolla Deacair


L. 486


go meirbh míolúthmhar agus go leasg liodartha
agus do cheileabhruigh d'Fhionn agus d'Fhiannaibh
Éireann, an mhéid do bhí ar an láthair sin
díobh. “Ná himigh,” ar Fionn, “agus gach ar
gheallas duit, comhaillfead dhuit é gan con-
tabhairt.” “Truaighe sain, ar an Giolla
Deacair, “do-bheirim-se féin briathar, dá
mbudh í an oidhche anocht an oidhche dhéidheanach
de'n bhliadhain, agus an gníomh úd do dhéanamh
orm nach fanfainn lem' thuarastal a thógbháil
i mbárach gan imtheacht anois, agus ó thuigim
bhar miosgais dhom, ní fhanfad agat níos
faide, agus bhéarfad bhar dteist agus bhar dtuarasg-
bháil liom ar feadh na gcríoch, agus adubhairt an
laoidh:—



Béidhead-sa anois ag dealchadh, a Fhinn,
riot-sa agus ret Fhiannaibh
Ní fhuil acht mearchadh do laoch teacht dod'
iarraidh.



Fionn — Guith orainn ná tabhair-se agus ná
himthigh uainn fa dhólás:
Luighim-se fám' armaibh gaisgidh nár
chailleas riamh ar óglách;
Da bhfanfá-sa im' fhochair feadh
bliadhna, a Ghiolla Dheacair,
Do-bhéarfainn gan gó dhuit ar
ghealas 'n-a dheaghaidh.



Giolla D.— Dá mbeidheadh de'n bhliadhain acht
aon ló gan caitheamh
Ní fhanfainn id' fhiadhnaise tré n-a
ndearnais fúm do mhagadh
Cuirim suas dod' mhuinteardhas, a
Fhinn, gidh maith do theastas
'San bhFéinn ó nach fuilingtear me
ag imtheacht uaibh-se biad feasta.



(Ní críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services