Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aodh Beag O Leórtha.
Title
Aodh Beag O Leórtha.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AODH BEAG O LEÓRTHA. Bhí bean ann aon uair amháin, agus ní'l anois, agus is cuma gá hacú bhí nó nach rabh. Bhí mac aicí a rabh Aodh Beag O Leórtha air. Thainic se isteach aon lá amháin chuige n-a mháthair. “Fagh réidh cearc is bunnóg,” ars' eisean; “go racha me a dh'iarraidh nighne an ríogh.” Dubhairt a mháthair leis, “Ó, a mhic mhoir- nigh, goidé chuir sin in do chionn? Nach muir- bheochar thú, má théid tú a chomhair thighe an ríogh? Chan fhuigheadh aon dhuine nighean an ríogh acht an té bhainfeadh trí gháire aistí.” Dubhairt se gan ghéilleadh dó sin go rachadh. D'imthigh Aodh Beag O Leórtha is thug se sean-bheitheach bán leis. Nuair a bhí se i bhfogus do gheata an ríogh, chuaidh se a mhar- caigheacht ar an tsean-bheitheach. Bheir greim urbaill air is chuir se an beitheach ar ais 'un an gheata. D'fhiostruigh fear an gheata dhe goidé bhí a dhíth air. Dubhairt se go rabh se ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí sí thuas i mullach an tighe báirr is rinn sí gáire mór. “Tá trian do do nighin bainte agam, a rí,” arsa Aodh Beag. “Tá, le donas is le doghrainn daoi,” ars' an rí. D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lá ar(t) n-a bháireach thug se boc gabhair leis. Chuaidh se a mharcaigheacht ar an mboc. Bheir se greim dhá adhairc air. D'fhiostruigh fear an gheata gá rabh se ag dul. Dubhairt se go rabh se ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí inghean an ríogh i mullach an tighe báirr is rinn sí gáire mór eile. “Tá dhá thrian do do nighin bainte agam, a rí.” “Tá, le donas is le doghrainn daoi,” ars' an rí. D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lár ar(t) n-a bháireach thug se cráin mhuice leis. Nuair a bhí se ag an gheata, chuaidh se a mharcaigheacht ar an chráin is bheir se greim dhá chluais uirthí. “Goidé tá a dhíth ort?” arsa fear an gheata. “Tá me ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh,” arsa Aodh Beag. Bhí sí thuas i mullach an tighe báirr is rinn sí gaire mór eile. “'Nois, a rí, tá do nighean bainte agam.” “Tá, le donas agus le doghrainn daoi,” ars'
an rí; “Chan fhaghann tú anois í,” adeir an rí, “go mbeara tú cionn an fhathaigh thall atá ins an choill chugam.” D'éirigh Aodh Beag ar maidin. Char bh'fhada gur chas fathach mór air. “A rógaire 's a chnéamhaire,” ars' an fathach, “goidé rug ag teacht a chomhair m'áite thú? Is mór liom ionn i ngreim thú, 's is beag liom ionn i ndá ghreim thú; ní'l acht sgubóg luaith- readh ar bhárr mo theangadh ionnat.” “Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh shalaigh,” arsa Aodh Beag. “Gá hacú is fhearr leat, coraidheacht nó cruadh-chomhrac?” ars' an fathach. “Is fhearr liom coraidheacht,” arsa Aodh Beag. Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go huachtar an domhain gur ag amharc ar an dís seo thiocfadh. Char bh'fhada go dtug Aodh Beag fásgadh dhó; chuir se go dtí n-a ghlúine is-talamh e, [an] dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, [an] treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe. “Fód geárr glas uaim os do chionn, a bhodaigh shalaigh.” “A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana (déan) thus sin; bheara me a bhfeil amuigh 's astigh agam duid, 's ná teana sin.” “Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach,” arsa Aodh Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuisleadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos air. “Char bh'fhoráil duid,” ars' an cionn, “dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne nach sgaithfeadh é.” “Bhí fhios agam fhéin sin,” arsa Aodh Beag. Chaith sé an cionn trasna a ghualainne. Bhí sé ag teacht a bhaile go tigh an ríogh. Chas fear ar an mbealach air, ceangailte do chrann. 'Sé an t-ainm a bhí air an Crochaire Tárnochttha. “A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh,” arsa 'n Crochaire Tárnochttha, “sgaoil as seo me.” “Chan fhuil baint agam duid, is geabhfa me láimh leat,” arsa Aodh Beag. D'imthigh Aodh Beag go tigh an ríogh. Chaith se an cionn 'uig an rígh. Bhí an rí lán áthais go rabh fathach marbh. Lá ar(t) n-a bháireach d'imthigh Aodh Beag 'un na coilleadh is chonnaic se fathach mór ag teacht. Thainic an fathach chuige. “A rógaire 's a chnéamhaire, mharbh tú mo dhearbhráthair i ndé. Is mór liom ionn i ngreim thú 's is besag liom ionn i ndá ghreim; ní'l acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo theangadh ionnat.” “Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh shalaigh; muirbhfidh mé thú fhéin i ndiú.” Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán, tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise le neart, teann agus dochar ar an mball sin; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go huachtar an domhain, gur ag amharc ar an dís seo thiocfadh. Leis sin thug Aodh Beag fásgadh dó agus chuir se go dtí n-a ghlúine is- talamh é, [an] dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, an treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe. “Fód gearr glas uaim os do chionn, a bhodaigh shalaigh.” “A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana thusa sin; bheara me a bhfuil amuigh 's astigh agam duid.” “Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach,” arsa Aodh Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuisleadh,
gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail se bárr-chos air. “Char bh'fhoráil duid,” ars' an cionn, “dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne nach sgaithfeadh é.” Thug Aodh Beag an cionn leis trasna a ghualainne go rabh se 'san áit i rabh an Crochaire Tárnochttha. “A Aodh Bhig Uí Leórtha, sgaoil as seo me.” “Chan fhuil baint agam duid, is geabhfa me láimh leat.” D'imthigh leis go tigh an ríogh agus cionn an fhathaigh leis. Bhí an rí lán áthais go rabh an dá fhathach marbh. Thug se isteach 'un tighe é, agus thug se taogha gach bídh dó is raogha gach dighe is fuair leabaidh dó. Ar maidin d'éirigh Aodh Beag is chuaidh 'un na coilleadh aríst. Chonnaic se fathach mór ag teacht. “A rógaire 's a chnéamhaire,” ars' an fathach, “goidé bheir ag teacht fá mo chúirt, fá mo chathair thú i ndéidh mo bheirt' dearbhrá- thar a mharbhadh? Is mór liom ionn i ngreim thú, is beag liom ionn i ndá ghreim thú, 's ní'l acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo theangadh ionnat.” “Glór Dé os cionn do ghlóir,” arsa Aodh Beag, “b'fhéadar go muirbhfinn thú fhéin i ndiú.” Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán, is tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise le neart, teann is dochar ar an mball sin; dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go huachtar an domhain gur ag amharc ar an dís seo thiocfadh. Thug Aodh fásgadh dó is chuir se go dtí n-a ghlúine is-talamh é, [an] dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, [an] treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe. “Fód gearr glas uaim os do chionn, a bhodaigh shalaigh.” “A Aodh Bhig Uí Leórtha, ná teana thusa sin; bheara me a bhfeil amuigh 's astigh agam duid.” “'S liom fhéin sin ó do lá-sa amach,” arsa Aódh Beag, ag caitheamh a chinn de naoi n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuis- leadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos air. “Char bh'fhoráil duid;” ars' an cionn; “dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná fir Éirinne nach sgaithfeadh e.” “Bhí fhios agam fhéin sin,” arsa Aodh Beag, ag caitheamh an chinn trasna a ghualainne. D'imthigh leis go rabh se ag Crochaire an Tárnochttha. “A Aodh Bhig Uí Leórtha, sgaoil as seo me.” Leig Aodh Beag an cionn síos ar an talamh, sgaoil se an Crochaire Tárnochttha. Bheir an Crochaire Tárnochttha ar Aodh Bheag, bhain se a chuid éadaigh de is chuir se a chuid éadaigh fhéin ar Aodh Bheag. Cheangail se Aodh Beag do'n chrann. Thug se cionn an fhathaigh leis go tigh an ríogh. Bhí an rí lán áthais go rabh na fathaigh marbh. Shaoil se gur'b é Aodh Beag a bhí aige. Bhí oidhche spóirt is ceoil acú eadra sin is maidin. Thug an Crocaire Tárnochttha nighean an ríogh leis. Ar maidin, nuair a d'éirigh an rí, bhí a nighean ar siubhal. Chuala se gur'b é an Crochaire Tárnochttha thug a nighean leis. Chuir se fir amach a chuartughadh Aodha Bhig. Fuair siad ceangailte do'n chrann e. Sgaoil siad e. Thug siad a bhaile go tigh an ríogh e. Bhí an rí dócrach buaidheartha gur tugadh an bhean ar siubhal. “Bheara me áit na bhfathach duid,” ars' eisean le hAodh Beag, “acht fanach agam.”
“Chan fhanaim,” arsa Aodh, “go racha me a chuartughadh mo mhná.” Fuair se réidh an chéarc 's an bhunnóg. D'imthigh se leis gur chas abhainn air. Chuaidh se a nighe a chos. Chonnaic se breac mór 'san abhainn. Dubhairt se leis an bhreac, “Is maith agam thú le haghaidh mo bhun- nóige.” “A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana thusa sin, 's ní'l a[on] chruadh-chás dha mbeidh tú ionn nach gcuideacha me leat.” D'imthigh leis gur chas cú bheag ghearr ghlas ar thaoibh sléibhe air. Chuaidh se ag ithe greim. D'iarr se ar an chú cuidiughadh leis. Dubhairt an chú, “Chan fhiú duid mo leithid- se i bhfad a bheith ar aon iúl leat.” Chaith se a sháith de'n arán chuig an chú. “Ní'l a[on] chruadh-chás,” ars' an chú, “dha mbeidh tú choidhche ionn nach gcuideacha me leat.” D'imthigh Aodh Beag leis. Char stad se go rabh se aige tigh an Chrochaire Tárnnochttha. Chonnaic nighean an ríogh ag teacht e. “Céad míle fáilte dhuid, a Aodh;” adeir sí, “shaoil me nach bhfeicinn a choidhche thú. Ní'l fhios agam goidé ghéanas me leat. Nuair a thiocfas an fathach seo a bhaile, muirbhfidh se thú.” Bhí lá spóirt acú go rabh an tráth moille ag teacht. Chuir sí Aodh Bheag i bhfolach. Thainic an Crochaire Tárnochttha isteach, sean-bheitheach leis trasna a ghualainne. Tharraing thríd an teinidh is thríd an luaithridh e is thríd na fiacla fada fuara is d'fhág thuas e ar aon ghreim amháin. “Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht.” A rúin 's a ghrádh 's a mhic is fearr 'ná an t-athair, bhí mise i mullach an tighe báirr; bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.” “Ó, b'fhéadar soin, b'fhéadar soin,” ars' eisean. Chuaidh siad a luighe. “'Nois;” arsa nighean an ríogh, “dhá bhfuighfeá thusa bás, goidé ghéanainn-se 'sa tír strainseartha so?” “Ó! hó!” ars'eisean, “chan fhaghaim-sa bás a choidhche; chan ionnam fhéin atá mh'anam.” “Ó! is gá bhfeil sé?” arsa nighean an ríogh. “Tá se ins an mbáinseoig ghlas tá os coinne an doruis.” D'imthigh leis ar maidin. D'éirigh nighean an ríogh is fuair sí rósaí is pamhsiní agus gach aon seort dha rabh deas is chuir sí thart ar an mbáinseoig e. Ag teacht a bhaile dón Chrochaire Tár- nochttha, bhí fiadh mór trasna a ghualainne leis. Tharraing thríd an teinidh is thríd an luaithridh e is thríd na fiacla fada fuara is d'fhág thuas ar aon ghreim amháin e. “Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá mo chúirt is fá mo chathair anocht.” “A rúin 's a ghrádh, nach mbeidh sin ann, fad is bheas mise ann?” “Tá agus thuilleadh ann,” adeir se. “Ó, bhí mise i mullach an tighe báirr, agus bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.” “B'fhéadar soin, b'fhéadar soin,” ars' eisean. Chuaidh se amach. “Goidé an sgéal do'n mbáinseoig a bheith lán rósaí is pamhsiní?” “Nár 'ubhairt tú,” arsa nighean an ríogh, “gur sin an áit i rabh d'anam? Budh mhaith liom a bheith moirneach ar an áit i rabh d'anam.” “Óch! Ó!” adeir se, “dhá mbéidheadh fhios agad gá bhfuil m'anam, is cosmhail go mbeifeá moirneach air?”
“Bhéidhinn, bhéidhinn,” adeir sí, “moirneach air.” “Tá crann thíos annsin ar bhruach na fairrge is tá tonnóg astigh 'sa chrann agus tá uigh i dtóin na tonnóige agus astigh 'san uigh atá m'anam, agus chan fhaghaim-sa bás a choidhche go dtí go dtiocfadh Aodh Beag O Leórtha atá i n-Éirinn 's go ngeárrfa sé an crann leis an tuaigh bhriste bhearnach tá faoi'n leabaidh, agus sin rud nach dtig a choidhche.” Ar maidin lá ar(t) na bháireach, nuair a d'imthigh an Crochaire Tárnochttha, d'imthigh Aodh Beag is fuair se an tuagh. Thoisigh a gheárradh an chroinn. Nuair a bhí an crann i bhfogus do bheith geárrtha, léim tonnóg amach as ins an fhairrge. “A chú bheag gheárr ghlas a chas orm 'sa' tsliabh, rith is gabh an tonnóg damh.” Rith an chú is ghabh se an tonnóg dó. Thuit an uigh as tóin na tonnóige. “Ó, a bhreaic mhoirnigh chas orm, fagh an uigh damh.” Rith an breac is fuair se an uighe dó. Bhí an Crochaire Tárnochtthá ag teacht, lán samh- láis. Bheir Aodh Beag ar an uigh agus bhuail i gclár an éadain e. Thuit se marbh. D'imthigh Aodh Beag is bhain se an cionn de. Chruinnigh siad a rabh a shaidhbhreas amuigh 's astigh aige. Thainic a bhaile go tigh an ríogh. Bhí an rí lán-lúthghaireach fá Aodh Bheag is fá n-a nighin a theacht a bhaile. Bhí bainis lae is bliadhna acú, an lá deireannach gómh maith leis an chead lá. Sin mo sgéal- sa agus brobh in do bhéal-sa agus ceapaire fada buidhe in mo bhéal-sa. Tagra. Chuige n-a mháthair = chum a mháthar. Nighean = inghean, nighne = inghine, nighin = inghin. Fagh = fogh (fóbh), fagh- aim = foghaim i bhfuaim. Moirneach = muirneach, moir- nigh = muirnigh. Muirbheochar = muir'ea'ar i bhfuaim. D'fhiostruigh = d'fhiosruigh. Urball = earball, urbaill = earbaill. Lár art n-a bháireach = lá ar n-a bhárach. Go mbeara tú = go mbeiridh tú. Is talamh = 'san talamh. A bhfeil = a bhfuil. Eitrinn = eitreacha. Tuir- leadh, s. a rolling down, O'R. Char bh'fhoráil duid = níor bh'fholáir duit, níor mhór duit. Sgubóg .i. dúra- dán nó greim beag; cmh. sgobadh, sgobaim, sgoballach ag O'R. Éirinne = Éireann. Dócrach (= dócamhlach) .i. iongantach, cruaidh, uathbhásach, 7c. An tráth moille .i. an déidheanaighe. Báinseog = báinseach. Luaithre (a.) luaithreadh (g.), luaithridh (t.), an díochlaonadh i n-uachtar Uladh. Pamhsiní = posies is dóigh; deirtear pamhsae agus pamhsaer i gConnachtaibh. Tonnóg .i. lacha, Uigh = ugh, ubh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services