Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aodh Beag O Leórtha.

Title
Aodh Beag O Leórtha.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AODH BEAG O LEÓRTHA.



Bhí bean ann aon uair amháin, agus ní'l anois,
agus is cuma gá hacú bhí nó nach rabh. Bhí mac
aicí a rabh Aodh Beag O Leórtha air. Thainic
se isteach aon lá amháin chuige n-a mháthair.



“Fagh réidh cearc is bunnóg,” ars' eisean;
“go racha me a dh'iarraidh nighne an ríogh.”



Dubhairt a mháthair leis, “Ó, a mhic mhoir-
nigh, goidé chuir sin in do chionn? Nach muir-
bheochar thú, má théid tú a chomhair thighe an
ríogh? Chan fhuigheadh aon dhuine nighean an
ríogh acht an té bhainfeadh trí gháire aistí.”



Dubhairt se gan ghéilleadh dó sin go rachadh.



D'imthigh Aodh Beag O Leórtha is thug se
sean-bheitheach bán leis. Nuair a bhí se i
bhfogus do gheata an ríogh, chuaidh se a mhar-
caigheacht ar an tsean-bheitheach. Bheir greim
urbaill air is chuir se an beitheach ar ais 'un
an gheata. D'fhiostruigh fear an gheata dhe
goidé bhí a dhíth air. Dubhairt se go rabh se
ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí sí
thuas i mullach an tighe báirr is rinn sí gáire
mór.



“Tá trian do do nighin bainte agam, a
rí,” arsa Aodh Beag.



“Tá, le donas is le doghrainn daoi,” ars'
an rí.



D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lá ar(t) n-a
bháireach thug se boc gabhair leis. Chuaidh se
a mharcaigheacht ar an mboc. Bheir se greim
dhá adhairc air. D'fhiostruigh fear an gheata
gá rabh se ag dul. Dubhairt se go rabh se
ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh. Bhí inghean
an ríogh i mullach an tighe báirr is rinn sí
gáire mór eile.



“Tá dhá thrian do do nighin bainte agam,
a rí.”



“Tá, le donas is le doghrainn daoi,”
ars' an rí.



D'imthigh Aodh Beag a bhaile. Lár ar(t) n-a
bháireach thug se cráin mhuice leis. Nuair a
bhí se ag an gheata, chuaidh se a mharcaigheacht
ar an chráin is bheir se greim dhá chluais uirthí.



“Goidé tá a dhíth ort?” arsa fear an
gheata.



“Tá me ag dul a dh'iarraidh nighne an ríogh,”
arsa Aodh Beag.



Bhí sí thuas i mullach an tighe báirr is rinn
sí gaire mór eile.



“'Nois, a rí, tá do nighean bainte agam.”



“Tá, le donas agus le doghrainn daoi,” ars'


L. 480


an rí; “Chan fhaghann tú anois í,” adeir an
rí, “go mbeara tú cionn an fhathaigh thall
atá ins an choill chugam.”



D'éirigh Aodh Beag ar maidin. Char bh'fhada
gur chas fathach mór air.



“A rógaire 's a chnéamhaire,” ars' an fathach,
“goidé rug ag teacht a chomhair m'áite thú?
Is mór liom ionn i ngreim thú, 's is beag liom
ionn i ndá ghreim thú; ní'l acht sgubóg luaith-
readh ar bhárr mo theangadh ionnat.”



“Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh
shalaigh,” arsa Aodh Beag.



“Gá hacú is fhearr leat, coraidheacht nó
cruadh-chomhrac?” ars' an fathach.



“Is fhearr liom coraidheacht,” arsa Aodh
Beag.



Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh
cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad
creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán;
dhá dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain gur ag amharc ar an dís
seo thiocfadh. Char bh'fhada go dtug Aodh
Beag fásgadh dhó; chuir se go dtí n-a ghlúine
is-talamh e, [an] dara fásgadh go dtí bhásta
a bhrístí, [an] treas fásgadh go dtí ubhall a
sgórnaighe.



“Fód geárr glas uaim os do chionn, a
bhodaigh shalaigh.”



“A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana
(déan) thus sin; bheara me a bhfeil amuigh
's astigh agam duid, 's ná teana sin.”



“Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach,” arsa
Aodh Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi
n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuisleadh, gan
tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an
cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos air.



“Char bh'fhoráil duid,” ars' an cionn, “dhá
bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná
fir Éirinne nach sgaithfeadh é.”



“Bhí fhios agam fhéin sin,” arsa Aodh Beag.



Chaith sé an cionn trasna a ghualainne.
Bhí sé ag teacht a bhaile go tigh an ríogh. Chas
fear ar an mbealach air, ceangailte do
chrann. 'Sé an t-ainm a bhí air an Crochaire
Tárnochttha.



“A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh,” arsa 'n
Crochaire Tárnochttha, “sgaoil as seo me.”



“Chan fhuil baint agam duid, is geabhfa
me láimh leat,” arsa Aodh Beag.



D'imthigh Aodh Beag go tigh an ríogh. Chaith
se an cionn 'uig an rígh. Bhí an rí lán áthais
go rabh fathach marbh.



Lá ar(t) n-a bháireach d'imthigh Aodh Beag
'un na coilleadh is chonnaic se fathach mór ag
teacht. Thainic an fathach chuige.



“A rógaire 's a chnéamhaire, mharbh tú mo
dhearbhráthair i ndé. Is mór liom ionn i
ngreim thú 's is besag liom ionn i ndá ghreim;
ní'l acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo
theangadh ionnat.”



“Glór Dé os cionn do ghlóir, a bhodaigh
shalaigh; muirbhfidh mé thú fhéin i ndiú.”



Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh
cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad
creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán,
tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise le
neart, teann agus dochar ar an mball sin; dhá
dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain, gur ag amharc ar an
dís seo thiocfadh. Leis sin thug Aodh Beag
fásgadh dó agus chuir se go dtí n-a ghlúine is-
talamh é, [an] dara fásgadh go dtí bhásta a
bhrístí, an treas fásgadh go dtí ubhall a
sgórnaighe.



“Fód gearr glas uaim os do chionn, a
bhodaigh shalaigh.”



“A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná teana
thusa sin; bheara me a bhfuil amuigh 's astigh
agam duid.”



“Is liom fhéin sin ó do lá-sa amach,” arsa
Aodh Beag, ag caitheamh a chinn de, naoi
n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuisleadh,


L. 481


gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht ar an
cholainn aríst. Bhuail se bárr-chos air.



“Char bh'fhoráil duid,” ars' an cionn, “dhá
bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa ná
fir Éirinne nach sgaithfeadh é.”



Thug Aodh Beag an cionn leis trasna a
ghualainne go rabh se 'san áit i rabh an
Crochaire Tárnochttha.



“A Aodh Bhig Uí Leórtha, sgaoil as seo
me.”



“Chan fhuil baint agam duid, is geabhfa
me láimh leat.”



D'imthigh leis go tigh an ríogh agus cionn an
fhathaigh leis. Bhí an rí lán áthais go rabh an
dá fhathach marbh. Thug se isteach 'un tighe é,
agus thug se taogha gach bídh dó is raogha gach
dighe is fuair leabaidh dó.



Ar maidin d'éirigh Aodh Beag is chuaidh 'un
na coilleadh aríst. Chonnaic se fathach mór
ag teacht.



“A rógaire 's a chnéamhaire,” ars' an
fathach, “goidé bheir ag teacht fá mo chúirt,
fá mo chathair thú i ndéidh mo bheirt' dearbhrá-
thar a mharbhadh? Is mór liom ionn i ngreim
thú, is beag liom ionn i ndá ghreim thú, 's ní'l
acht sgubóg luaithreadh ar bhárr mo theangadh
ionnat.”



“Glór Dé os cionn do ghlóir,” arsa Aodh
Beag, “b'fhéadar go muirbhfinn thú fhéin i
ndiú.”



Bheir siad ar a chéile ins na snadhmannaibh
cruaidhe coraidheacht' go ndeanadh siad
creagán de'n mbogán, bogán de'n chreagán,
is tobar fíoruisge i lár na cloiche glaise le
neart, teann is dochar ar an mball sin; dhá
dtiocfadh duine ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain gur ag amharc ar an
dís seo thiocfadh. Thug Aodh fásgadh dó is
chuir se go dtí n-a ghlúine is-talamh é, [an]
dara fásgadh go dtí bhásta a bhrístí, [an]
treas fásgadh go dtí ubhall a sgórnaighe.



“Fód gearr glas uaim os do chionn, a
bhodaigh shalaigh.”



“A Aodh Bhig Uí Leórtha, ná teana thusa
sin; bheara me a bhfeil amuigh 's astigh agam
duid.”



“'S liom fhéin sin ó do lá-sa amach,”
arsa Aódh Beag, ag caitheamh a chinn de
naoi n-iomaire, naoi n-eitrinn, gan tuis-
leadh, gan tuirleadh. Bhí an cionn ag teacht
ar an cholainn aríst. Bhuail sé bárr-chos air.



“Char bh'fhoráil duid;” ars' an cionn;
“dhá bhfuighinn-se ar an cholainn aríst, tusa
ná fir Éirinne nach sgaithfeadh e.”



“Bhí fhios agam fhéin sin,” arsa Aodh Beag,
ag caitheamh an chinn trasna a ghualainne.
D'imthigh leis go rabh se ag Crochaire an
Tárnochttha.



“A Aodh Bhig Uí Leórtha, sgaoil as seo
me.”



Leig Aodh Beag an cionn síos ar an talamh,
sgaoil se an Crochaire Tárnochttha. Bheir
an Crochaire Tárnochttha ar Aodh Bheag, bhain
se a chuid éadaigh de is chuir se a chuid
éadaigh fhéin ar Aodh Bheag. Cheangail se
Aodh Beag do'n chrann. Thug se cionn an
fhathaigh leis go tigh an ríogh. Bhí an rí lán
áthais go rabh na fathaigh marbh. Shaoil se
gur'b é Aodh Beag a bhí aige. Bhí oidhche
spóirt is ceoil acú eadra sin is maidin.
Thug an Crocaire Tárnochttha nighean an
ríogh leis. Ar maidin, nuair a d'éirigh an
rí, bhí a nighean ar siubhal. Chuala se gur'b
é an Crochaire Tárnochttha thug a nighean leis.
Chuir se fir amach a chuartughadh Aodha Bhig.
Fuair siad ceangailte do'n chrann e.
Sgaoil siad e. Thug siad a bhaile go tigh
an ríogh e.



Bhí an rí dócrach buaidheartha gur tugadh
an bhean ar siubhal.



“Bheara me áit na bhfathach duid,” ars'
eisean le hAodh Beag, “acht fanach agam.”


L. 482


“Chan fhanaim,” arsa Aodh, “go racha me
a chuartughadh mo mhná.”



Fuair se réidh an chéarc 's an bhunnóg.
D'imthigh se leis gur chas abhainn air. Chuaidh
se a nighe a chos. Chonnaic se breac mór
'san abhainn. Dubhairt se leis an bhreac,



“Is maith agam thú le haghaidh mo bhun-
nóige.”



“A Aodh Bhig Uí Leórtha mhoirnigh, ná
teana thusa sin, 's ní'l a[on] chruadh-chás dha
mbeidh tú ionn nach gcuideacha me leat.”



D'imthigh leis gur chas cú bheag ghearr ghlas
ar thaoibh sléibhe air. Chuaidh se ag ithe greim.
D'iarr se ar an chú cuidiughadh leis.



Dubhairt an chú, “Chan fhiú duid mo leithid-
se i bhfad a bheith ar aon iúl leat.”



Chaith se a sháith de'n arán chuig an chú.



“Ní'l a[on] chruadh-chás,” ars' an chú, “dha
mbeidh tú choidhche ionn nach gcuideacha me
leat.”



D'imthigh Aodh Beag leis. Char stad se
go rabh se aige tigh an Chrochaire Tárnnochttha.
Chonnaic nighean an ríogh ag teacht e.



“Céad míle fáilte dhuid, a Aodh;” adeir
sí, “shaoil me nach bhfeicinn a choidhche thú.
Ní'l fhios agam goidé ghéanas me leat.
Nuair a thiocfas an fathach seo a bhaile,
muirbhfidh se thú.”



Bhí lá spóirt acú go rabh an tráth moille
ag teacht. Chuir sí Aodh Bheag i bhfolach.



Thainic an Crochaire Tárnochttha isteach,
sean-bheitheach leis trasna a ghualainne.
Tharraing thríd an teinidh is thríd an luaithridh
e is thríd na fiacla fada fuara is d'fhág
thuas e ar aon ghreim amháin.



“Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an
Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá
mo chúirt is fá mo chathair anocht.”



A rúin 's a ghrádh 's a mhic is fearr 'ná
an t-athair, bhí mise i mullach an tighe báirr;
bhí éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.”



“Ó, b'fhéadar soin, b'fhéadar soin,” ars'
eisean.



Chuaidh siad a luighe.



“'Nois;” arsa nighean an ríogh, “dhá
bhfuighfeá thusa bás, goidé ghéanainn-se 'sa
tír strainseartha so?”



“Ó! hó!” ars'eisean, “chan fhaghaim-sa
bás a choidhche; chan ionnam fhéin atá mh'anam.”



“Ó! is gá bhfeil sé?” arsa nighean an
ríogh.



“Tá se ins an mbáinseoig ghlas tá os
coinne an doruis.”



D'imthigh leis ar maidin. D'éirigh nighean
an ríogh is fuair sí rósaí is pamhsiní agus gach
aon seort dha rabh deas is chuir sí thart ar
an mbáinseoig e.



Ag teacht a bhaile dón Chrochaire Tár-
nochttha, bhí fiadh mór trasna a ghualainne
leis. Tharraing thríd an teinidh is thríd an
luaithridh e is thríd na fiacla fada fuara is
d'fhág thuas ar aon ghreim amháin e.



“Frú, frá, féasóg, mothuighim boladh an
Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh ag teacht fá
mo chúirt is fá mo chathair anocht.”



“A rúin 's a ghrádh, nach mbeidh sin ann,
fad is bheas mise ann?”



“Tá agus thuilleadh ann,” adeir se.



“Ó, bhí mise i mullach an tighe báirr, agus bhí
éanlaith beaga na hÉirinne ag luighe orm.”



“B'fhéadar soin, b'fhéadar soin,” ars'
eisean.



Chuaidh se amach.



“Goidé an sgéal do'n mbáinseoig a bheith
lán rósaí is pamhsiní?”



“Nár 'ubhairt tú,” arsa nighean an ríogh,
“gur sin an áit i rabh d'anam? Budh mhaith
liom a bheith moirneach ar an áit i rabh
d'anam.”



“Óch! Ó!” adeir se, “dhá mbéidheadh
fhios agad gá bhfuil m'anam, is cosmhail go
mbeifeá moirneach air?”


L. 483


“Bhéidhinn, bhéidhinn,” adeir sí, “moirneach
air.”



“Tá crann thíos annsin ar bhruach na
fairrge is tá tonnóg astigh 'sa chrann agus tá
uigh i dtóin na tonnóige agus astigh 'san uigh
atá m'anam, agus chan fhaghaim-sa bás a choidhche
go dtí go dtiocfadh Aodh Beag O Leórtha
atá i n-Éirinn 's go ngeárrfa sé an crann
leis an tuaigh bhriste bhearnach tá faoi'n
leabaidh, agus sin rud nach dtig a choidhche.”



Ar maidin lá ar(t) na bháireach, nuair a
d'imthigh an Crochaire Tárnochttha, d'imthigh
Aodh Beag is fuair se an tuagh. Thoisigh a
gheárradh an chroinn. Nuair a bhí an crann
i bhfogus do bheith geárrtha, léim tonnóg
amach as ins an fhairrge.



“A chú bheag gheárr ghlas a chas orm 'sa'
tsliabh, rith is gabh an tonnóg damh.”



Rith an chú is ghabh se an tonnóg dó. Thuit
an uigh as tóin na tonnóige.



“Ó, a bhreaic mhoirnigh chas orm, fagh an uigh
damh.”



Rith an breac is fuair se an uighe dó. Bhí
an Crochaire Tárnochtthá ag teacht, lán samh-
láis. Bheir Aodh Beag ar an uigh agus bhuail i
gclár an éadain e. Thuit se marbh. D'imthigh
Aodh Beag is bhain se an cionn de.



Chruinnigh siad a rabh a shaidhbhreas amuigh
's astigh aige. Thainic a bhaile go tigh an
ríogh. Bhí an rí lán-lúthghaireach fá Aodh
Bheag is fá n-a nighin a theacht a bhaile. Bhí
bainis lae is bliadhna acú, an lá deireannach
gómh maith leis an chead lá. Sin mo sgéal-
sa agus brobh in do bhéal-sa agus ceapaire fada
buidhe in mo bhéal-sa.



Tagra.



Chuige n-a mháthair = chum a mháthar. Nighean = inghean,
nighne = inghine, nighin = inghin. Fagh = fogh (fóbh), fagh-
aim = foghaim i bhfuaim. Moirneach = muirneach, moir-
nigh = muirnigh. Muirbheochar = muir'ea'ar i bhfuaim.
D'fhiostruigh = d'fhiosruigh. Urball = earball, urbaill
= earbaill. Lár art n-a bháireach = lá ar n-a bhárach.
Go mbeara tú = go mbeiridh tú. Is talamh = 'san
talamh. A bhfeil = a bhfuil. Eitrinn = eitreacha. Tuir-
leadh, s. a rolling down, O'R. Char bh'fhoráil duid =
níor bh'fholáir duit, níor mhór duit. Sgubóg .i. dúra-
dán nó greim beag; cmh. sgobadh, sgobaim, sgoballach
ag O'R. Éirinne = Éireann. Dócrach (= dócamhlach)
.i. iongantach, cruaidh, uathbhásach, 7c. An tráth moille
.i. an déidheanaighe. Báinseog = báinseach. Luaithre
(a.) luaithreadh (g.), luaithridh (t.), an díochlaonadh i
n-uachtar Uladh. Pamhsiní = posies is dóigh; deirtear
pamhsae agus pamhsaer i gConnachtaibh. Tonnóg .i. lacha,
Uigh = ugh, ubh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services