Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Reviews.
Title
Reviews.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
REVIEWS. Transactions of the Gaelic Society of Inverness. Volume XXI. 1896-97. Inverness. 1899. Tá a lán mór ann-san leabhar so, agus snas maith ar a fhurmhór. Ní fhuil acht dhá alt i nGaedhilg uile go léir, mar atá Beagan Dhuilleag bho sheann bhardachd Eilean-a'-cheo ag Niall Mac Leóid i nDún Éadain agus Seana bheachdan agus seana chleachdaidhean ag an ministéir ionurrama Eóin Mhac Ruaidhrí i Snui- dheórd. Ní deacair ná doiligh atá ceachtar aca. Féad- faidhe alt an mhinistéara do léigheadh gan mórán eólais ar chanamhaint na hAlban. Is iongnadh linn a laighead do sgríobhadh i nGaedhilg acht támaid dá cheapadh gur leasg le sgríbhneóiríbh Gaedhealtachta na hAlban a smaointe do shaothrughadh agus aisde do chumadh tré Ghaedhilg. Tugmaid fó ndear, ar aon nós, gurab annamh bhíthear ag sgríobhadh Gaedhilge i n-Albain thar an méad Béarla cleachtthar — ar ghnáthughadh lucht Gaedhilge féin atámaid ag trácht. Mar sin féin, is mór atáid Gaedhealtacht Alban ag saothrughadh a gcanamhna, dá míniughadh agus dá mion- chuartughadh, agus le haghaidh a gcuid amhrán do thiom- argadh, an mhéid is féidir leó d'fhághail ar marthain aca, agus is maith is fiú dhóibh sin go deimhin. 'Siad na hamhráin cuid is fearr dá bhfuil i nGaedhilg na hAlban, do bhrígh, dar linn, go mbíonn an chaint agus an casadh ar dóigh ionnta, agus nár bh'fhéidir aithris do dhéanamh ar an Saixbhéarla 'na dtaobh, óir an dream ó' bhfuarthas iad, is ró-bheag de'n teangaidh sin do bhí ar tarraing aca le n-a milleadh. Sin é an fáth gurab inléighte do Ghaedhealtacht Éireann iad, an mhéid is eolgusach díobh. Maidir le caint sgurtha na nAlbanach, ní dóigh linn go bhfuil 'san chuid is mó dhi acht aithris agus síor-aithris ar Bhéarlachas agus an sgéal ag dul i ndonacht ó bhliadhain go bliadhain. Acht ní chum cáinte atámaid. Tá a lán d'amhránaibh binne fá chló ann-san leabhar so. Cuirimís an ceann beag so síos agus fír-bheagán athruighthe ó Éirinn ann. Alasdar Mac Domhnaill a hInbhear Nois do chuir i n-eagar. An déanamh atá air, i nUltaibh atá sé ar fághail againn, dom' mheas — A Fhleasgaigh is cumaire, Chonnaic mé i ndé thú, Ag díriughadh an mhullaigh, 's do ghunna ar dheigh-ghléasadh. Hoireann is Ó, Hí hurabhaidh Ó, Hí hoireann is óró hó. Ag díriughadh an mhullaigh, 'S do ghunna ar dheigh-ghléasadh; Is t'iosgada geala Fó bhreacán an fhéilidh. T'iosgada geala Fó bhreacán an fhéilidh; Acht d'fhág tú an ghruagach Dhonn gan éirghe; D'fhág tú an ghruagach Dhonn gan éirghe; Dearg fhuil a croidhe I mbrollach a léineadh. Dearg fhuil croidhe I mbrollach a léineadh; Téirigh-se a bhaile Is innis mar d'éirigh. Téirigh-se a bhaile, Is innis mar d'éirigh; Innis d'á máthair, Nach gcóruigh sí bréid uirr'. Innis d'á máthair Nach gcóruigh sí bréid uirr'; 'S innis d'á hathair, Nach dtig sé d'á réidhteach. Innis dá hathair, Nach dtig sé d'á réidhteach; 'S innis d'á bráithribh Gur cráidhteach an sgéal é. Innis d'á bráithribh Gur cráidhteach an sgéal é — An bhonóirseach bhuidhe 'Na luighe ar an déile. An bhonóirseach bhuidhe 'Na luighe ar an déile; An mulchán 'sa mheidhg Mar d'fhág sí féin é; An mulchán 'sa mheidhg Mar d'fhág sí féin é; An t-im ar an gcuinneoig Mar d'fhág sí i ndé é. An t-im ar an gcuinneoig Mar d'fhág sí i ndé é; An buachaill go galach, 'S an bhonóirseach déarach.
An buachaill go galach, 'S an bhonóirseach déarach; 'S an bhó mhaol donn Ar síor-ghéimnigh. Ceapaimid gur doiligh sin do shárughadh le filidheacht agus le simplidheacht lé chéile. 'Sé ádhbhar an cheóil ainnir óg do fuair bás tré thionóisg do dhruim urchair ghunna a searcrúin do sgaoileadh uirri le linn bheith ag uabhar 's ag aiteas leis. Is maith na hamhráin úd do shaothruigh Niall Mac Leóid Dúin Éadain Seann Bhardacht Eilean-a'- Cheo. Is mór é binneas “Orain a' Ghunna” go háirighthe. Tugaimís an chéad cheathramha agus ár gcanamhain féin uirri:— Tha'n oidhche 'n nochd gle fhuar 'S mi ri uallach mo chéile, Ga giùlan air mo ghualainn Cha tuairisgeul bréig e; Cha 'n fhaod mi dol a dh'uaigneas No chluaineis ri té' ile 'S cha 'n urrainn mi cur uam Ged nach d'fhuair mi bho 'n chléir i. Tá an oidhche 'nocht an-fhuar, 'S mé le h-ualach mo chéile, 'Gá hiomchur ar mo ghualainn — Ní tuarasgbháil bhréige; Ní fhéadaim dul ar uaigneas Nó chualais le té eile, 'S ní thig liom í chur uaim Gé nach bhfuair mé ó'n chléir í. Nach follus as an méad sin gur ró-bheag le rádh a bhfuil idir an dá chanamhain? Deir Niall Mac Leóid gurab é Mac-an-Lighich file do rinne an t-amhrán so “nuair do ghabh sé 'san arm i dtoiseach.” Dob' í a chéile an gunna. Alt foghanta fiúntach fírinneach is eadh “Mr. Skene versus Dr. Skene” ag Alasdrom Mac Beathan, ollamh Inbhir Nois. Saothar Skene leasuighthe ceartuighthe aige. Seanchas Alban i n-aimsir na sean-Ghaedheal glé glan uaidh. Sgéal na gCruithneach thíos gan chaime gan chlaoine. Dálriada agus Cruithean-tuath os comhair ár súl ar slighe i bhféadfaidhe a dtuigsint. Ní hiongnadh linn anois teanga na gCruithneach d'im- theacht a hAlbain comh h-aibéil, comh h-obann, comh h-éasgaidh sin. Is ró-dhóigh gur Bhreathnaigh na Cruith- nigh. Nach cuirthe i gcoimhmeas le n-a chéile an focal Breathnaise Prydain (.i. Breatain) agus Cruithen-tuath, nídh do rinneadh? Sórt Coimrige nó Breathnaise teanga na gCruithneach, a n-abair an seanchas, dar le Mac Beathan. Ní raibh leabhar ná léigheann riamh innte, agus gan dálta a leithéide sin ar an nGaedhilg — nídh do chuir an t-éag i ndán do theangaidh na gCruithneach. As so is iontuigthe, an teanga nach léightear, nach féidir di maireachtain beó, má bhíonn teanga eile ar marthain 'san tír agus í d'á léigheadh. Tuigeam as soin go bhfuil sé orainne ár dteanga-na do chur dh'á léigheadh ar gach slighe i ngach aon chúil agus chearn is féidir linn. Is binn na h-amhráin agus na rainn úd do chruinnigh Séamus Mac Lagáin i ndeireadh na h-aoise seo chuaidh thorainn (féach l. 214.) Is feárr go mór an litriughadh do chleacht an Lagánach 'ná an litriughadh atá ar bun anois i nAlbain. Cad chuige sin? An ag dul i ndonacht atá léigheann na nAlbanach? Is mór is ionmholta an trácht ar chanamhaint Árann Alban dar céad-leathanach 229. Tá cur síos ar gach aon nídh ann, agus foclóir fós. Ionluaidhte Briathar i gcéill Scrioptúra, caoch .i. ar leath-shúil, caoraigh-bhrocach .i. caora Albanach, caora agus aghaidh dhubh uirri, fàl .i. boghaisín ar an ngréin nó ar an ngeallaigh, ealtag- leuthraigh .i. míoltóg leathair (ialltóg leathair an focal léigheanta). Is ionann pairt agus “cuid” againne: bheil do lamhansa tioram? tha mo phairt-sa fliuch (= tá mo chuid-se fliuch). Samhailt aithne = sórt aithne nó aithne gan chuimhne. Srùbag .i. slug biotáille, srùban (.i. braon biotáille): tha srùban air .i. tá póit air; cuir i gcompráid leo so “srub” .i. biotáille, focal airighthear i gCondae Mhuineacháin. Ní hannamh “taca” (.i. tráth) againne leis. Aibeal (.i. mío-mhíunte) = aibéil .i. tapaidh, altar = altmhar, bídean = bíodán, caspainn (.i. coiscéim nó tuslóg) = coispean, focal ar labhairt i Condae Mhuineacháin, agus i gCondae Árdamacha cleighe .i. creabhar, cleabhar (Condae na Midhe)= cleg i mBéarla do reir chanamhna, crotag = crotach, cuirliún (Mumha), dàicheil = dóigheamhail. Eugnais = “eugnais” (i gCondae Mhuineacháin); acht tá cur tré chéile annso .i. eugmais (feugmhais) agus iongnais. 'Sa' Mhumhain adeirthear éaghmhais agus iúghnais, agus tá fegooish ar fághail i nGaedhilg Mhanann, im' thuairim. Poclach: cmh. bacalainn, baclóg, &c. Racan = racán (Ulaidh). Sath = saith, saoth: is saoth liom, acht saith, soith an fhuaim. Sealbhan = sealbhán .i. tréad. Sothaisgean: airightear “radharclan” i gCondae Árdamacha. Stuaic = staic (Muineachán), acht is ionann stuaic i n-Éirinn agus ceann gránna, má's fochmhaid buaintear as; ní féidir stuaic agus stuagh do chur i gcoimhmeas lé chéile. Maith linn an t-aguisín nó an t-ath-fhoclóir do chuir Alasdrom Mac Beathan le n-a fhoclóir mhór .i. Further Gaelic Words and Etymologies. Áirigh: tá so beó i n-Ultaibh fós. Caog: cmh.“chaoch sí a súil orm” (Muigheó) .i. do sméid (nó bagair) sí a súil orm. Càradh = córughadh. Ceoban = ceobhrán, ceobhraon, ceofrán, etc. Cìsean = ciseán, fàir = fair, the rising of the sun, O'R. (maith an sgéal go bhfuil an focal so beó fós, agus gaol aige le vasará, vâsará, ver, &c.). Frith, frioth, .i. beag: ní dóigh linn gurab ionann so agus fri (frith), re, acht is é frigh an focal; frigh .i. míol beag bhíos i gcneas duine, go mór-mhór ar a chionnachaibh, agus atá comh beag sain go dtugthar ar nídh ar bith atá beag, go háirithe ar dhaoinibh .i. seo leat, a fhrigh (a dhuine bhig). Geinn = dinn, ding, agus geinn (O'R.) Iochd = iocht, focal labhairthear i n-Ultaibh; laoir = liur? leòb = leadhb, léab; liod, lid = lide (Connachta) .i. beagán de'n chóir nó de'n ghaoith, ag trácht ar sheoltóireacht. Meilcheart .i. fuachdán: ní le meilich atá a ghaol so; is minic agus is leathan líonmhar an focal so i n-Éirinn, mar ní'l aon chanamhaint nach bhfuil sé ar fághail innte, agus is iomdha cor ann, acht an chéad tsiolla sínte i gcomhnaidhe .i. míol-, míl-, míon-, mín-. Seo beagán de
na coraibh atá ann: míolcheárd (Ciarraighe Luachra), míolchartach (Uí Mhéith Mara), míolchartán, míonchartán, míncheartán, míolchearta (Tír Chonaill). “Míol” an chéad siolla gan amhras; míol éigin atá i mbonn na coise é, dar le cách, agus tochas do theacht 'na dhéidh; ní bhíonn acht ar dhaoinibh costarnochta. Ní dóigh linn go bhfuil aon bhuaint ag mùsuinn le múisiún. Oil, is oth liom: ní'l aon “oth” ann; “is saith liom” an ceart. Ros = ros .i. síol lín. Seillean, teillean, tilleag (.i. beach)= teileán (Muineachán) .i. beach capaill — e.g., tá an teileán ag 'ul thart. Sgilig: cmh. sgilige (Ciarraighe Luachra), sgileadh (Tír Chonaill). Smeòrach = smólach; canamhaint is eadh smaolach. Stabhaic = staic (Muineachán). Treisg, treisginn = treisgin, treisginn (Muineachán); deir dream éigin i gCondae Mhuineacháin “dreislinn, is dócha gurab aon fhocal amháin iad. Tá súil againn go mbeidh an chéad leabhar eile comh maith leis an leabhar so. Popular Studies in Mythology, Romance, and Folklore, 6d each (No. 4). King Arthur and his Knights, a Survey of Arthurian Romance. By Jessie L. Weston. Published by David Nutt, London 1899. Ní beag le rádh an leabhrán so. Is maith an cur síos ar an ádhbhar cainte é. Dar leis an ughdar, is í litridheacht na n-Artúrach finnsgéalaidheacht náis- iúnta Saxan, agus maidir le hArtúir féin, is é rud atá ann laoch nó curadh náisiúnta na Saxanach. Tá cuma na con- trála air sin, go háirithe nuair do-bheirthear i gcuimhne gur de Bhreatnachaibh Artúir, acht ní fhuil ann acht cuma. Cuireann an Mhaighistreás Weston ar ár súilibh dúinn go soiléir agus go solusmhar nach ráinig riamh le Beowulf ná le Siegfried ná le neach eile de laochraidh na hAlmáine bheith na fhéinnidhe náisiúnta ag muintir Shaxan. Wieland amháin do fuair beagán áite dhó féin i Saxanaibh, agus go bhfuil iomrádh fós ann ar Wayland Smith i sgéalaidheacht na ndaoine. 'Sé dob' fháth le hArtúir do theacht chum tosaigh, an ghabháil nó an chonncais do rinne na Normannaigh ar Shaxa- naibh. Ní hé amháin gur chuir na Normannaigh riaghaltas nua, dlighthe nua, uaisleacht nua, etc. ar Shaxanaibh, acht is fíor go dtugadar léigheann agus litridheacht nua dhóibh i n-éinfheacht leo, acht amháin gur i Saixbhéarla do sgríobhadh. Is dócha go bhfuair na Normannaigh an sgéalaidheacht so ó Bhreatúnaibh na Frainnce thug ón mBreatain Mhóir i n-éinfheacht le Normannaibh 'ná do aith-fhréamhaigh sí innti. Bhí sí ag fás go hiongantach 'san Roinn Eórpa roimhe sin. Do líon sí litridheachta na hAlmáine, na Frainnce agus Tíre-fó-thuinn, agus ceapaimíd nach i n-éagmuis bheagáin di atá litridheacht na hÉireann, siúd agus go raibh a cinéil sgéalaidheachta féin aici riamh go fras agus go fairsing. I mBreatain d'easgair sí acht as an bhFrainnc do leath agus do leathnaigh sí ar fud domh- ain na hEórpa. Má's maith le neach an sgéalaidh- eacht so do thuigsint 'na ceart, cuireadh sé lorg ar an leabhairín deas so. Popular Studies in Mythology, Romance, and Folklore (No. 3). Ossian and the Ossianic Literature. By Alfred Nutt. Published by David Nutt, London. Tá cáil mhór sgoláire ar Alfred Nutt le fada go mórmhór i leith fiannaídheachta agus finnsgéalaidh- eachta na Gaedhilge do sgrúdughadh, agus tá tuilleadh teisde le fághail feasda aige as an leabhrán so. Is mór le rádh é gan amhras. Tá gach aon argóint is fearr 'ná a chéile thíos ag an ughdar le haghaidh a mheasta féin ar an sgéal do dhearbhughadh agus do chur ar bun daingean, agus is deimhin go bhfuil a lán de'n cheart aige. Tá cur síos aige ar dtús ar Shéamus Mhac an Phearsúin agus ar a leabhar-san “Ossian”, agus ní hionráidhte d'éinneach nach cóir an bhreith do thug sé aír. Maidir leis sin,“a sgéal féin, sgéal gach éinneich.” Do thaobh staire Finn agus na Féinne 'sé mheasas sé, dar linn, nach fírinne atá innti, acht finnsgéal filidheachta do bhí ag fás i n-aimsir fogha Lochlannach. Ceapamuid go bhfuil an bhreith sin ró-dhian uirthi. Cá bhfios dúinn nár mhair Fionn agus an Fhiann 'san tríomhadh haois agus gur cuireadh na Lochlannaigh i gcionn an sgéil i ndéidh a n-aimsire sin, dálta mar do cuireadh anmanna Bhriain Bhóirmhe agus Murchaidh in-san sgéalaidheacht i ndéidh catha Cluana Tairbh, amhail adeir an t-ughdar féin tamall anonn 'san leabhar? Is maith uaidh é seo: Thug sé fá deara gur mhó go mór an tsuim do cuireadh i sgéalaidheacht Chonculainn agus a chompánach roimh aimsir Bhriain Bhóirmhe ná ar cuireadh de shuim i bhfiannaidheacht, acht ó shoin anuas go mbíodh fiann- aidheacht ag fás agus ag síor-fhás ar mhodh gurab í féin cuid is mó ar fad d'ár gcuid sgéalaidheachta indiú. 'Sé an tsiocair do bhí leis sin, a n-abair sé, aird-righe Éireann do bhuain do Dhál Chais de Uíbh Néill. Is ró-dhóigh an fhírinne do bheith aige. Ní fheadra- mar an ceart ceapadh na rannaidheachta nua do leigean le hAlbain, óir is dóigh linn go bhfuil solaoidí ar an rannaidheacht sain ar fághail i leabhraibh lámh na hÉireann níos túisge 'ná an tseiseadh haois déag. Fá dheireadh thiar thall, támuid dá rádh gur maith thuigeas an t-ughdar a áilne agus a chaoimhe do ceapadh an fhiannaidheacht. Maith linn nár leig sé sin thairis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services