Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Reviews.

Title
Reviews.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

REVIEWS.



Transactions of the Gaelic Society of Inverness. Volume
XXI. 1896-97. Inverness. 1899.



Tá a lán mór ann-san leabhar so, agus snas maith
ar a fhurmhór. Ní fhuil acht dhá alt i nGaedhilg uile go
léir, mar atá Beagan Dhuilleag bho sheann bhardachd
Eilean-a'-cheo ag Niall Mac Leóid i nDún Éadain
agus Seana bheachdan agus seana chleachdaidhean ag
an ministéir ionurrama Eóin Mhac Ruaidhrí i Snui-
dheórd. Ní deacair ná doiligh atá ceachtar aca. Féad-
faidhe alt an mhinistéara do léigheadh gan mórán
eólais ar chanamhaint na hAlban. Is iongnadh linn a
laighead do sgríobhadh i nGaedhilg acht támaid dá
cheapadh gur leasg le sgríbhneóiríbh Gaedhealtachta na
hAlban a smaointe do shaothrughadh agus aisde do
chumadh tré Ghaedhilg. Tugmaid fó ndear, ar aon
nós, gurab annamh bhíthear ag sgríobhadh Gaedhilge
i n-Albain thar an méad Béarla cleachtthar — ar
ghnáthughadh lucht Gaedhilge féin atámaid ag trácht.



Mar sin féin, is mór atáid Gaedhealtacht Alban ag
saothrughadh a gcanamhna, dá míniughadh agus dá mion-
chuartughadh, agus le haghaidh a gcuid amhrán do thiom-
argadh, an mhéid is féidir leó d'fhághail ar marthain
aca, agus is maith is fiú dhóibh sin go deimhin. 'Siad
na hamhráin cuid is fearr dá bhfuil i nGaedhilg na
hAlban, do bhrígh, dar linn, go mbíonn an chaint agus
an casadh ar dóigh ionnta, agus nár bh'fhéidir aithris
do dhéanamh ar an Saixbhéarla 'na dtaobh, óir an dream
ó' bhfuarthas iad, is ró-bheag de'n teangaidh sin do bhí
ar tarraing aca le n-a milleadh. Sin é an fáth gurab
inléighte do Ghaedhealtacht Éireann iad, an mhéid is
eolgusach díobh. Maidir le caint sgurtha na nAlbanach,
ní dóigh linn go bhfuil 'san chuid is mó dhi acht aithris
agus síor-aithris ar Bhéarlachas agus an sgéal ag dul
i ndonacht ó bhliadhain go bliadhain.



Acht ní chum cáinte atámaid. Tá a lán d'amhránaibh
binne fá chló ann-san leabhar so. Cuirimís an ceann
beag so síos agus fír-bheagán athruighthe ó Éirinn ann.
Alasdar Mac Domhnaill a hInbhear Nois do chuir
i n-eagar. An déanamh atá air, i nUltaibh atá sé ar
fághail againn, dom' mheas —



A Fhleasgaigh is cumaire,
Chonnaic mé i ndé thú,
Ag díriughadh an mhullaigh,
's do ghunna ar dheigh-ghléasadh.
Hoireann is Ó,
Hí hurabhaidh Ó,
Hí hoireann is óró hó.



Ag díriughadh an mhullaigh,
'S do ghunna ar dheigh-ghléasadh;
Is t'iosgada geala
Fó bhreacán an fhéilidh.



T'iosgada geala
Fó bhreacán an fhéilidh;
Acht d'fhág tú an ghruagach
Dhonn gan éirghe;



D'fhág tú an ghruagach
Dhonn gan éirghe;
Dearg fhuil a croidhe
I mbrollach a léineadh.



Dearg fhuil croidhe
I mbrollach a léineadh;
Téirigh-se a bhaile
Is innis mar d'éirigh.



Téirigh-se a bhaile,
Is innis mar d'éirigh;
Innis d'á máthair,
Nach gcóruigh sí bréid uirr'.



Innis d'á máthair
Nach gcóruigh sí bréid uirr';
'S innis d'á hathair,
Nach dtig sé d'á réidhteach.



Innis dá hathair,
Nach dtig sé d'á réidhteach;
'S innis d'á bráithribh
Gur cráidhteach an sgéal é.



Innis d'á bráithribh
Gur cráidhteach an sgéal é —
An bhonóirseach bhuidhe
'Na luighe ar an déile.



An bhonóirseach bhuidhe
'Na luighe ar an déile;
An mulchán 'sa mheidhg
Mar d'fhág sí féin é;



An mulchán 'sa mheidhg
Mar d'fhág sí féin é;
An t-im ar an gcuinneoig
Mar d'fhág sí i ndé é.



An t-im ar an gcuinneoig
Mar d'fhág sí i ndé é;
An buachaill go galach,
'S an bhonóirseach déarach.


L. 475


An buachaill go galach,
'S an bhonóirseach déarach;
'S an bhó mhaol donn
Ar síor-ghéimnigh.



Ceapaimid gur doiligh sin do shárughadh le filidheacht
agus le simplidheacht lé chéile. 'Sé ádhbhar an cheóil ainnir
óg do fuair bás tré thionóisg do dhruim urchair ghunna
a searcrúin do sgaoileadh uirri le linn bheith ag uabhar
's ag aiteas leis.



Is maith na hamhráin úd do shaothruigh Niall Mac
Leóid Dúin Éadain Seann Bhardacht Eilean-a'-
Cheo. Is mór é binneas “Orain a' Ghunna” go
háirighthe. Tugaimís an chéad cheathramha agus ár
gcanamhain féin uirri:—



Tha'n oidhche 'n nochd gle fhuar
'S mi ri uallach mo chéile,
Ga giùlan air mo ghualainn
Cha tuairisgeul bréig e;
Cha 'n fhaod mi dol a dh'uaigneas
No chluaineis ri té' ile
'S cha 'n urrainn mi cur uam
Ged nach d'fhuair mi bho 'n chléir i.



Tá an oidhche 'nocht an-fhuar,
'S mé le h-ualach mo chéile,
'Gá hiomchur ar mo ghualainn —
Ní tuarasgbháil bhréige;
Ní fhéadaim dul ar uaigneas
Nó chualais le té eile,
'S ní thig liom í chur uaim
Gé nach bhfuair mé ó'n chléir í.



Nach follus as an méad sin gur ró-bheag le rádh a
bhfuil idir an dá chanamhain? Deir Niall Mac Leóid
gurab é Mac-an-Lighich file do rinne an t-amhrán so
“nuair do ghabh sé 'san arm i dtoiseach.” Dob' í a
chéile an gunna.



Alt foghanta fiúntach fírinneach is eadh “Mr. Skene
versus Dr. Skene” ag Alasdrom Mac Beathan, ollamh
Inbhir Nois. Saothar Skene leasuighthe ceartuighthe
aige. Seanchas Alban i n-aimsir na sean-Ghaedheal
glé glan uaidh. Sgéal na gCruithneach thíos gan chaime
gan chlaoine. Dálriada agus Cruithean-tuath os
comhair ár súl ar slighe i bhféadfaidhe a dtuigsint.
Ní hiongnadh linn anois teanga na gCruithneach d'im-
theacht a hAlbain comh h-aibéil, comh h-obann, comh
h-éasgaidh sin. Is ró-dhóigh gur Bhreathnaigh na Cruith-
nigh. Nach cuirthe i gcoimhmeas le n-a chéile an focal
Breathnaise Prydain (.i. Breatain) agus Cruithen-tuath, nídh
do rinneadh? Sórt Coimrige nó Breathnaise teanga
na gCruithneach, a n-abair an seanchas, dar le Mac
Beathan. Ní raibh leabhar ná léigheann riamh innte,
agus gan dálta a leithéide sin ar an nGaedhilg — nídh
do chuir an t-éag i ndán do theangaidh na gCruithneach.
As so is iontuigthe, an teanga nach léightear, nach
féidir di maireachtain beó, má bhíonn teanga eile ar
marthain 'san tír agus í d'á léigheadh. Tuigeam as soin
go bhfuil sé orainne ár dteanga-na do chur dh'á léigheadh
ar gach slighe i ngach aon chúil agus chearn is féidir linn.



Is binn na h-amhráin agus na rainn úd do chruinnigh
Séamus Mac Lagáin i ndeireadh na h-aoise seo chuaidh
thorainn (féach l. 214.) Is feárr go mór an litriughadh
do chleacht an Lagánach 'ná an litriughadh atá ar bun
anois i nAlbain. Cad chuige sin? An ag dul i
ndonacht atá léigheann na nAlbanach?



Is mór is ionmholta an trácht ar chanamhaint Árann
Alban dar céad-leathanach 229. Tá cur síos ar gach aon
nídh ann, agus foclóir fós. Ionluaidhte Briathar i gcéill
Scrioptúra, caoch .i. ar leath-shúil, caoraigh-bhrocach
.i. caora Albanach, caora agus aghaidh dhubh uirri, fàl .i.
boghaisín ar an ngréin nó ar an ngeallaigh, ealtag-
leuthraigh .i. míoltóg leathair (ialltóg leathair an
focal léigheanta). Is ionann pairt agus “cuid” againne:
bheil do lamhansa tioram? tha mo phairt-sa fliuch
(= tá mo chuid-se fliuch). Samhailt aithne = sórt
aithne nó aithne gan chuimhne. Srùbag .i. slug biotáille,
srùban (.i. braon biotáille): tha srùban air .i. tá póit
air; cuir i gcompráid leo so “srub” .i. biotáille,
focal airighthear i gCondae Mhuineacháin. Ní hannamh
“taca” (.i. tráth) againne leis. Aibeal (.i. mío-mhíunte)
= aibéil .i. tapaidh, altar = altmhar, bídean = bíodán,
caspainn (.i. coiscéim nó tuslóg) = coispean, focal ar
labhairt i Condae Mhuineacháin, agus i gCondae Árdamacha
cleighe .i. creabhar, cleabhar (Condae na Midhe)= cleg
i mBéarla do reir chanamhna, crotag = crotach, cuirliún
(Mumha), dàicheil = dóigheamhail. Eugnais = “eugnais”
(i gCondae Mhuineacháin); acht tá cur tré chéile annso
.i. eugmais (feugmhais) agus iongnais. 'Sa' Mhumhain
adeirthear éaghmhais agus iúghnais, agus tá fegooish ar fághail
i nGaedhilg Mhanann, im' thuairim. Poclach: cmh.
bacalainn, baclóg, &c. Racan = racán (Ulaidh). Sath
= saith, saoth: is saoth liom, acht saith, soith an fhuaim.
Sealbhan = sealbhán .i. tréad. Sothaisgean: airightear
“radharclan” i gCondae Árdamacha. Stuaic = staic
(Muineachán), acht is ionann stuaic i n-Éirinn agus ceann
gránna, má's fochmhaid buaintear as; ní féidir stuaic
agus stuagh do chur i gcoimhmeas lé chéile.



Maith linn an t-aguisín nó an t-ath-fhoclóir do chuir
Alasdrom Mac Beathan le n-a fhoclóir mhór .i. Further
Gaelic Words and Etymologies. Áirigh: tá so beó
i n-Ultaibh fós. Caog: cmh.“chaoch sí a súil orm”
(Muigheó) .i. do sméid (nó bagair) sí a súil orm.
Càradh = córughadh. Ceoban = ceobhrán, ceobhraon,
ceofrán, etc. Cìsean = ciseán, fàir = fair, the rising
of the sun, O'R. (maith an sgéal go bhfuil an focal so
beó fós, agus gaol aige le vasará, vâsará, ver, &c.).
Frith, frioth, .i. beag: ní dóigh linn gurab ionann so
agus fri (frith), re, acht is é frigh an focal; frigh .i.
míol beag bhíos i gcneas duine, go mór-mhór ar a
chionnachaibh, agus atá comh beag sain go dtugthar
ar nídh ar bith atá beag, go háirithe ar dhaoinibh .i.
seo leat, a fhrigh (a dhuine bhig). Geinn = dinn, ding,
agus geinn (O'R.) Iochd = iocht, focal labhairthear
i n-Ultaibh; laoir = liur? leòb = leadhb, léab; liod,
lid = lide (Connachta) .i. beagán de'n chóir nó de'n
ghaoith, ag trácht ar sheoltóireacht. Meilcheart .i.
fuachdán: ní le meilich atá a ghaol so; is minic agus
is leathan líonmhar an focal so i n-Éirinn, mar ní'l
aon chanamhaint nach bhfuil sé ar fághail innte, agus
is iomdha cor ann, acht an chéad tsiolla sínte i
gcomhnaidhe .i. míol-, míl-, míon-, mín-. Seo beagán de


L. 476


na coraibh atá ann: míolcheárd (Ciarraighe Luachra),
míolchartach (Uí Mhéith Mara), míolchartán, míonchartán,
míncheartán, míolchearta (Tír Chonaill). “Míol” an
chéad siolla gan amhras; míol éigin atá i mbonn na
coise é, dar le cách, agus tochas do theacht 'na
dhéidh; ní bhíonn acht ar dhaoinibh costarnochta. Ní
dóigh linn go bhfuil aon bhuaint ag mùsuinn le
múisiún. Oil, is oth liom: ní'l aon “oth” ann; “is
saith liom” an ceart. Ros = ros .i. síol lín. Seillean,
teillean, tilleag (.i. beach)= teileán (Muineachán) .i.
beach capaill — e.g., tá an teileán ag 'ul thart. Sgilig:
cmh. sgilige (Ciarraighe Luachra), sgileadh (Tír Chonaill).
Smeòrach = smólach; canamhaint is eadh smaolach.
Stabhaic = staic (Muineachán). Treisg, treisginn =
treisgin, treisginn (Muineachán); deir dream éigin
i gCondae Mhuineacháin “dreislinn, is dócha gurab
aon fhocal amháin iad.



Tá súil againn go mbeidh an chéad leabhar eile comh
maith leis an leabhar so.



Popular Studies in Mythology, Romance, and Folklore,
6d each (No. 4). King Arthur and his Knights,
a Survey of Arthurian Romance. By Jessie L.
Weston. Published by David Nutt, London 1899.



Ní beag le rádh an leabhrán so. Is maith an cur
síos ar an ádhbhar cainte é. Dar leis an ughdar, is í
litridheacht na n-Artúrach finnsgéalaidheacht náis-
iúnta Saxan, agus maidir le hArtúir féin, is é rud atá ann
laoch nó curadh náisiúnta na Saxanach. Tá cuma na con-
trála air sin, go háirithe nuair do-bheirthear i gcuimhne
gur de Bhreatnachaibh Artúir, acht ní fhuil ann acht
cuma. Cuireann an Mhaighistreás Weston ar ár súilibh
dúinn go soiléir agus go solusmhar nach ráinig riamh le
Beowulf ná le Siegfried ná le neach eile de laochraidh na
hAlmáine bheith na fhéinnidhe náisiúnta ag muintir
Shaxan. Wieland amháin do fuair beagán áite dhó
féin i Saxanaibh, agus go bhfuil iomrádh fós ann ar
Wayland Smith i sgéalaidheacht na ndaoine. 'Sé dob'
fháth le hArtúir do theacht chum tosaigh, an ghabháil
nó an chonncais do rinne na Normannaigh ar Shaxa-
naibh. Ní hé amháin gur chuir na Normannaigh
riaghaltas nua, dlighthe nua, uaisleacht nua, etc. ar
Shaxanaibh, acht is fíor go dtugadar léigheann agus
litridheacht nua dhóibh i n-éinfheacht leo, acht amháin
gur i Saixbhéarla do sgríobhadh. Is dócha go bhfuair
na Normannaigh an sgéalaidheacht so ó Bhreatúnaibh
na Frainnce thug ón mBreatain Mhóir i n-éinfheacht
le Normannaibh 'ná do aith-fhréamhaigh sí innti.
Bhí sí ag fás go hiongantach 'san Roinn Eórpa roimhe
sin. Do líon sí litridheachta na hAlmáine, na Frainnce
agus Tíre-fó-thuinn, agus ceapaimíd nach i n-éagmuis
bheagáin di atá litridheacht na hÉireann, siúd agus go
raibh a cinéil sgéalaidheachta féin aici riamh go fras
agus go fairsing. I mBreatain d'easgair sí acht as an
bhFrainnc do leath agus do leathnaigh sí ar fud domh-
ain na hEórpa. Má's maith le neach an sgéalaidh-
eacht so do thuigsint 'na ceart, cuireadh sé lorg ar an
leabhairín deas so.



Popular Studies in Mythology, Romance, and Folklore
(No. 3). Ossian and the Ossianic Literature. By
Alfred Nutt. Published by David Nutt,
London.



Tá cáil mhór sgoláire ar Alfred Nutt le fada go
mórmhór i leith fiannaídheachta agus finnsgéalaidh-
eachta na Gaedhilge do sgrúdughadh, agus tá tuilleadh
teisde le fághail feasda aige as an leabhrán so. Is mór
le rádh é gan amhras. Tá gach aon argóint is fearr
'ná a chéile thíos ag an ughdar le haghaidh a mheasta
féin ar an sgéal do dhearbhughadh agus do chur ar
bun daingean, agus is deimhin go bhfuil a lán de'n
cheart aige. Tá cur síos aige ar dtús ar Shéamus
Mhac an Phearsúin agus ar a leabhar-san “Ossian”,
agus ní hionráidhte d'éinneach nach cóir an bhreith
do thug sé aír. Maidir leis sin,“a sgéal féin, sgéal
gach éinneich.” Do thaobh staire Finn agus na Féinne
'sé mheasas sé, dar linn, nach fírinne atá innti, acht
finnsgéal filidheachta do bhí ag fás i n-aimsir fogha
Lochlannach. Ceapamuid go bhfuil an bhreith sin
ró-dhian uirthi. Cá bhfios dúinn nár mhair Fionn
agus an Fhiann 'san tríomhadh haois agus gur cuireadh
na Lochlannaigh i gcionn an sgéil i ndéidh a n-aimsire
sin, dálta mar do cuireadh anmanna Bhriain Bhóirmhe
agus Murchaidh in-san sgéalaidheacht i ndéidh catha
Cluana Tairbh, amhail adeir an t-ughdar féin tamall
anonn 'san leabhar? Is maith uaidh é seo: Thug sé
fá deara gur mhó go mór an tsuim do cuireadh i
sgéalaidheacht Chonculainn agus a chompánach roimh
aimsir Bhriain Bhóirmhe ná ar cuireadh de shuim i
bhfiannaidheacht, acht ó shoin anuas go mbíodh fiann-
aidheacht ag fás agus ag síor-fhás ar mhodh gurab í
féin cuid is mó ar fad d'ár gcuid sgéalaidheachta indiú.
'Sé an tsiocair do bhí leis sin, a n-abair sé, aird-righe
Éireann do bhuain do Dhál Chais de Uíbh Néill. Is
ró-dhóigh an fhírinne do bheith aige. Ní fheadra-
mar an ceart ceapadh na rannaidheachta nua do
leigean le hAlbain, óir is dóigh linn go bhfuil solaoidí
ar an rannaidheacht sain ar fághail i leabhraibh lámh
na hÉireann níos túisge 'ná an tseiseadh haois déag.
Fá dheireadh thiar thall, támuid dá rádh gur maith
thuigeas an t-ughdar a áilne agus a chaoimhe do
ceapadh an fhiannaidheacht. Maith linn nár leig sé
sin thairis.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services