Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caint Chumaisg - Feis Thamhnaigh Mhullaigh
Title
Caint Chumaisg - Feis Thamhnaigh Mhullaigh
Author(s)
Máirtín, Máire,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÉIS THAMHNAIGH MHULLAIGH. Lá amháin bhí mise ag siubhal thríd Thamhnach Mhullaigh ag dul chum tsléibhe, Agus chonnaic mé an sealbhán daoine cruinn a dtug- ann siad an Féis air. Bhí siad ann, óg is sean, ó'n leanbh go dtí an liath; Aniar ó Mháilinn Bhig ar fad 's anuas ó Bhaile Átha Cliath. AN SGÉAL. Nuair a d'éirigh mé féin ar maidin an lae sin agus chuir mé orm mo bhróga, ni rabha dúil agam stopadh go dtí go dtreabhfainn na cnuic go dtéidhinn soir a fhad le Cruaich an Fhir Mhoir agus síos Ált an Fhir Mhóir agus go bhfeicinn an Fear Mór a bhfuil an cnoc sin ainmnighte as. Tá sé 'na sheasamh annsin 'na chloich i gcomórtas fir acht comh hárd le seachtar fear ar bith dhá bhfuil ann anois. Chuala mé ariamh, agus tá sé ráidhte, gur fear do na Fiannaibh é ar cuireadh draoidh- eacht air 'san am sin agus ar fágadh 'na sheasamh annsin é ó'n lá sin go dtí an lá indiú. Bhí mé féin ag tarrainnt air aniar an bealach mór nuair a chonnaic mé an seal- bhán daoine seo ag tigh na sgoile. Gheárr mé anall an currach atá eidir an sgoil agus an bealach mór agus sheas mé isteach faoi thom giumhais nuair an bhí an lá iongantach te. Níor aithin mise leath a rabha annsin. Níor aithin mé acht bunadh ár bparáiste féin agus na gcupla paráiste budh deise dí, acht bhí comh maith le míle beag daoine ann, acht sílim nach rabha cuid mhór ann amach as Éirinn. Smaoi'tigh mé ar an Fhear Mhór ar ais agus bhog mé soir ag cionn thighe na sgoile ag tarrainnt ar an chnoc nuair a dalladh mé annsin, acht, níor smaoi'tigh mé ar an Fhear Mór ar ais go deachaidh an ghrian 'na luighe. Bhí sealbhan daoine cruinn annsin, iad cóirighthe i n-éideadh ríghtí, A gcuid daoine toighte is cléirigh agus easbog le n-a bhriathra;
Rinn siad obair mhór ag tais'eant dúinne am Naoimh Pádraig, Agus i measg na n-uaisle uili-g' dho'n tír budh é an maighistir 'Cnáimhsighe ab' fheárr ann. AN SGÉAL. Bhí sealbhán mór daoine cruinn annsin i gcomórtas ríogh Theamhrach, a chéile agus a chuid daoine toighte uili-g'. Bhí maighistir 'Cnáimh- sighe annsin i gcomórtas le Pádraig, le briathra agus seanmóracha ag iarraidh bheith d'á dtionntodh 'na nGaedhil. Fá dheireadh thuit an bhean dhóigheamhail ar a glúinibh faoi. Thug sí isteach d'á chreideamh. Chrois agus chois- rig sé comh maith le trí chéad am, agus thuit an rí i luige nuair a thréig a chéile na Págánaigh. An chéad chás ar sgairteadh air, bhí lucht na tíre le trácht air: Goidé thug a leithid dho dheasgán cruinn faoi theas na gréine an lá sin? Labhair cúigear fear go hiongantach maith agus leóga an fear ab' fheárr ann, Tá sé 'na chomhnaidhe ar an Gharbhaigh, 'sé an t-ainm dó Eoghan Máirtín. AN SGÉAL. Ní bhéitheá tuirseach go bráthach ag éisdeacht leóbhtha ag caint fá dtaobh do'n Ghaedhilg agus goidé thug sinne d'á tabhairt chum cinn ar ais, acht bhí fear amháin ann, Eoghan Máirtín, agus chanfadh sé oiread do Ghaedhilg mhaith álainn ionn i leathuair agus dhéanfadh beirt fhear ar bith ionn i n-uair. An darna 'gus an tríomhadh cás, na sgoláirí 's a bhfoghluim, A sgríobhadh do'n chuid is fheárr agus a léigheadh mar budh chóir dóibh. Ní thainic le duine ar bith a rádh go rabha níos fheárr i n-Éirinn, Acht an té ab' fheárr do'n Iomlán, budh é a ainm Pádraig 'Sléibhín. AN SGÉAL. Is mór an seasamh ainme do'n áit na sgoláirí maithe a bheith ann, agus is mór an t-ádh do Thamhnach Mhullaigh a leithid dho mhaighistir a theacht 'na measg, nuair is goirid an t-am ó thoisigh siad ag feóghluim uili-g'. Acht tá stócach beag amháin ann a thainic as Albain, tá dhá bhliadhain ó shoin, dh'ionnsuidhe ar a athair mór, agus ní shílim go bhfuil níos fheárr 'ná é d'á aois ná d'á mhéad i n-Éirinn ag Béarla ná Gaedhilg. An ceathramhadh cás ar sgairteadh air, an sean-cheól a bhí riamh ann, Agus b'fhiú duit a dhul giota maith, dá mbéidheadh do chroidhe go híseal; Ghlacfadh sé breitheamh a bheáirdigh thabhairt, ná bhí siad uili-g' aoibhinn, Acht an té a deárnadh raogha de, budh é a ainm Conall MhagIantaigh. AN SGÉAL. Sílim go bhfuil an ceól sin in mo chluasa' go fóil agus, nuair a théidhim dho luighe agus chod- luighim, sílim go bhfuil mé ag éisdeacht leóbhtha i gcomhnaidhe. Bhí beirt chailíní do na Creagaigh ann, bheir siad bárr maitheasa ar an méad mná dh'ar chuala mé ag gabhail cheóil ariamh, agus leóga dubhairt Eoghan Máirtín “Neillidh bhán dheas” go hiongantach maith agus budh mhaith uadh é, acht dubhairt Conall Mhag- iantaigh abhrán fá dtaobh do chnocán atá thuas ag bárr Thamhnaigh Mhullaigh i mbun an tsléibhe a dtugann siad Mín an Fhiaidh air agus budh é a dearnas raogha de do'n iomlán. An cúigeadh cás ar sgairteadh air ranntracha 'gus sgéaltaí Fá dtaobh do Éirinn fad ó shoin, na Fiannaibh 's a gcuid tréarthaí; D'innis cúigear iongantais mhóra, acht leóga an cionn ab' fheárr ann Sgéal beag iongantach greannmhar deas a d'innis Máire Máirtín. AN SGÉAL. D'innis siad iongantais mhóra, má bhí siad uili-g' fíor, acht d'innis Máire Máirtín sgéal beag fá fhortún bheirte bhuachaillí óg agus budh é b'fheárr acú uili-g'. D'amhairc mé féin thart agus bhí an ghrian ag
gobadh síos ar chúl Bheannchair. D'amhairc mé soir bealach an chnuic ar ais agus smaoi'tigh mé ar an Fhear Mhór agus bhí sé ró-mhall agam le tarrainnt air. D'amhairc mé annsin síos ar mo bhróga' agus, dar liom féin, tá siad i bhfad níos truime 'ná dá dtreabhfainn na curraigh agus na habracha seo go Cruaich an Fhir Mhóir, agus chuala mé i bhfad níos mó fá Éirinn. Acht leóga, glacfa mé lá eile le dhul a dh'amharc ar an Fhear Mhór. MÁIRE MÁIRTÍN. Tagra. Máire Ní Mhic Fhionnlaoigh is ainm agus sloinneadh ó cheart do'n té do chum, acht is í bean Phádraig Máirtín í, agus bean óg atá innte go fóil. As Paráiste Inbhir Náile í, acht tá sí anois 'na comhnaidhe ag a fear i dTamhnach Mhullaigh ar Bhruach Locha Iasg le Dún na nGall anoir a dtuaidh. Tá sise agus a fear, a gcuid cloinne — trí cloiginn déag a líon agus an mháthair mhór, i n-éintigheas. Ní leigthear a leas a chur síos orra go bhfuil Gaedhilg bhlasda aca uile go léir. Thuill Máire an luach saothair fá sgéaluidheacht 'san bhfeis do cruinnigheadh i dTamhnach Mhullaigh. Tá do mhéad na meisnighe do chuir sin innte nachar stad sí riamh ó shoin acht ag cumadh aisdí uaithe féin i nGaedhilg. Sin thuas ceann aca ar Fheis Thamhnaigh Mhullaigh féin. Bíodh geall gurab í céad aisde í dá ndearna sí, agus is mór is ionmholta í fá chur chuige. Is dócha gur ar lorg na cainte cumaisg do rinne sí í. Tá sí gan eolas léighte ná sgríobhtha, acht má tá féin, tá teanga mhaith fhíor- bhlasda Gaedhilge aici, amhail dob' fhollus do'n té do bheidheadh ag éisdeacht léithi ar na Frasaibh. Má mhol sí a n-iomad í féin agus cách, ní tógtha uirthe é; is deimhin go bhfuil sí ag cur i gcéill nach í féin atá ag innsin an sgéil, acht duine éigin eile. Sealbhán .i. buidhean. An Féis (a' Féis) = an Fheis (ní canamhaint an focal). Ó Mháilinn Bhig .i. Pádraig Ó Beirn do rugadh ann. Ó Bhaile Átha Cliath .i. an Laoideach. Ar fágadh 'na sheasamh annsin é .i. do fágadh 'na sheasamh annsin: gléas aimhdhíreach i n-áit gléis dírigh; cmh. “Bean Orpheus ar lean sé féin í” ag Art Mhac Cobhthaigh Budh deise .i. budh goire. Smaoi'tigh = smaointigh = smuaintigh .i. smuain. 'Na nGaedhil .i. 'na gCríosduidhthibh. Deasgán = sealbhán .i. buidhean. Ionn i leathuair, ionn i n-uair: tá an gnás so ar buil i nAlbain comh maith céadna. Nach aisdeach an réamh- shuidhiughadh d'athrádh acht is dócha go gceapthar 'i' do bheith ró-lag ann féin. A bheáirdigh (an bheáirdigh?) ó'n bhfocal Saixbhéarla verdict. Nach Gaedhealach an cor do cuireadh 'sa' bhfocal! Ná = nó = ó. Aoibhinn .i. áluinn, deas: Sin í ciall do bhuain Máire Máirtín féin as, acht tá an gnás an-chosmhail le focal Béarla éigin (even). I gcomhnaidhe .i. go seadh, go fóil. Bheir = rug: tá so ar fhághail i nIar-Mhumhain mar an gcéadna Raogha = rogha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services