Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Chumaisg - Feis Thamhnaigh Mhullaigh

Title
Caint Chumaisg - Feis Thamhnaigh Mhullaigh
Author(s)
Máirtín, Máire,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926





FÉIS THAMHNAIGH MHULLAIGH.



Lá amháin bhí mise ag siubhal thríd Thamhnach Mhullaigh
ag dul chum tsléibhe,
Agus chonnaic mé an sealbhán daoine cruinn a dtug-
ann siad an Féis air.
Bhí siad ann, óg is sean, ó'n leanbh go dtí an liath;
Aniar ó Mháilinn Bhig ar fad 's anuas ó Bhaile Átha
Cliath.



AN SGÉAL.



Nuair a d'éirigh mé féin ar maidin an
lae sin agus chuir mé orm mo bhróga, ni rabha
dúil agam stopadh go dtí go dtreabhfainn
na cnuic go dtéidhinn soir a fhad le Cruaich
an Fhir Mhoir agus síos Ált an Fhir Mhóir agus go
bhfeicinn an Fear Mór a bhfuil an cnoc sin
ainmnighte as. Tá sé 'na sheasamh annsin 'na
chloich i gcomórtas fir acht comh hárd le
seachtar fear ar bith dhá bhfuil ann anois.



Chuala mé ariamh, agus tá sé ráidhte, gur
fear do na Fiannaibh é ar cuireadh draoidh-
eacht air 'san am sin agus ar fágadh 'na sheasamh
annsin é ó'n lá sin go dtí an lá indiú.



Bhí mé féin ag tarrainnt air aniar an
bealach mór nuair a chonnaic mé an seal-
bhán daoine seo ag tigh na sgoile. Gheárr
mé anall an currach atá eidir an sgoil agus an
bealach mór agus sheas mé isteach faoi thom
giumhais nuair an bhí an lá iongantach te.
Níor aithin mise leath a rabha annsin. Níor
aithin mé acht bunadh ár bparáiste féin agus na
gcupla paráiste budh deise dí, acht bhí comh
maith le míle beag daoine ann, acht sílim
nach rabha cuid mhór ann amach as Éirinn.



Smaoi'tigh mé ar an Fhear Mhór ar ais agus
bhog mé soir ag cionn thighe na sgoile ag
tarrainnt ar an chnoc nuair a dalladh mé
annsin, acht, níor smaoi'tigh mé ar an Fhear
Mór ar ais go deachaidh an ghrian 'na luighe.



Bhí sealbhan daoine cruinn annsin, iad cóirighthe i
n-éideadh ríghtí,
A gcuid daoine toighte is cléirigh agus easbog le n-a
bhriathra;


L. 467


Rinn siad obair mhór ag tais'eant dúinne am Naoimh
Pádraig,
Agus i measg na n-uaisle uili-g' dho'n tír budh é an
maighistir 'Cnáimhsighe ab' fheárr ann.



AN SGÉAL.



Bhí sealbhán mór daoine cruinn annsin
i gcomórtas ríogh Theamhrach, a chéile agus a chuid
daoine toighte uili-g'. Bhí maighistir 'Cnáimh-
sighe annsin i gcomórtas le Pádraig, le
briathra agus seanmóracha ag iarraidh bheith d'á
dtionntodh 'na nGaedhil. Fá dheireadh thuit
an bhean dhóigheamhail ar a glúinibh faoi.
Thug sí isteach d'á chreideamh. Chrois agus chois-
rig sé comh maith le trí chéad am, agus thuit an
rí i luige nuair a thréig a chéile na Págánaigh.



An chéad chás ar sgairteadh air, bhí lucht na tíre le
trácht air:
Goidé thug a leithid dho dheasgán cruinn faoi theas na
gréine an lá sin?
Labhair cúigear fear go hiongantach maith agus leóga an
fear ab' fheárr ann,
Tá sé 'na chomhnaidhe ar an Gharbhaigh, 'sé an t-ainm dó
Eoghan Máirtín.



AN SGÉAL.



Ní bhéitheá tuirseach go bráthach ag éisdeacht
leóbhtha ag caint fá dtaobh do'n Ghaedhilg
agus goidé thug sinne d'á tabhairt chum cinn ar
ais, acht bhí fear amháin ann, Eoghan Máirtín,
agus chanfadh sé oiread do Ghaedhilg mhaith álainn
ionn i leathuair agus dhéanfadh beirt fhear ar
bith ionn i n-uair.



An darna 'gus an tríomhadh cás, na sgoláirí 's a
bhfoghluim,
A sgríobhadh do'n chuid is fheárr agus a léigheadh mar budh
chóir dóibh.
Ní thainic le duine ar bith a rádh go rabha níos fheárr i
n-Éirinn,
Acht an té ab' fheárr do'n Iomlán, budh é a ainm
Pádraig 'Sléibhín.



AN SGÉAL.



Is mór an seasamh ainme do'n áit na
sgoláirí maithe a bheith ann, agus is mór an t-ádh
do Thamhnach Mhullaigh a leithid dho mhaighistir
a theacht 'na measg, nuair is goirid an t-am
ó thoisigh siad ag feóghluim uili-g'. Acht tá
stócach beag amháin ann a thainic as Albain,
tá dhá bhliadhain ó shoin, dh'ionnsuidhe ar a
athair mór, agus ní shílim go bhfuil níos fheárr
'ná é d'á aois ná d'á mhéad i n-Éirinn ag
Béarla ná Gaedhilg.



An ceathramhadh cás ar sgairteadh air, an sean-cheól a
bhí riamh ann,
Agus b'fhiú duit a dhul giota maith, dá mbéidheadh do
chroidhe go híseal;
Ghlacfadh sé breitheamh a bheáirdigh thabhairt, ná bhí siad
uili-g' aoibhinn,
Acht an té a deárnadh raogha de, budh é a ainm Conall
MhagIantaigh.



AN SGÉAL.



Sílim go bhfuil an ceól sin in mo chluasa'
go fóil agus, nuair a théidhim dho luighe agus chod-
luighim, sílim go bhfuil mé ag éisdeacht
leóbhtha i gcomhnaidhe. Bhí beirt chailíní do
na Creagaigh ann, bheir siad bárr maitheasa
ar an méad mná dh'ar chuala mé ag gabhail
cheóil ariamh, agus leóga dubhairt Eoghan Máirtín
“Neillidh bhán dheas” go hiongantach maith agus
budh mhaith uadh é, acht dubhairt Conall Mhag-
iantaigh abhrán fá dtaobh do chnocán atá
thuas ag bárr Thamhnaigh Mhullaigh i mbun
an tsléibhe a dtugann siad Mín an Fhiaidh
air agus budh é a dearnas raogha de do'n
iomlán.



An cúigeadh cás ar sgairteadh air ranntracha 'gus
sgéaltaí
Fá dtaobh do Éirinn fad ó shoin, na Fiannaibh 's a
gcuid tréarthaí;
D'innis cúigear iongantais mhóra, acht leóga an cionn
ab' fheárr ann
Sgéal beag iongantach greannmhar deas a d'innis
Máire Máirtín.



AN SGÉAL.



D'innis siad iongantais mhóra, má bhí siad
uili-g' fíor, acht d'innis Máire Máirtín
sgéal beag fá fhortún bheirte bhuachaillí óg
agus budh é b'fheárr acú uili-g'.



D'amhairc mé féin thart agus bhí an ghrian ag


L. 468


gobadh síos ar chúl Bheannchair. D'amhairc
mé soir bealach an chnuic ar ais agus smaoi'tigh
mé ar an Fhear Mhór agus bhí sé ró-mhall agam
le tarrainnt air. D'amhairc mé annsin
síos ar mo bhróga' agus, dar liom féin, tá siad
i bhfad níos truime 'ná dá dtreabhfainn na
curraigh agus na habracha seo go Cruaich an
Fhir Mhóir, agus chuala mé i bhfad níos mó fá
Éirinn. Acht leóga, glacfa mé lá eile le
dhul a dh'amharc ar an Fhear Mhór.



MÁIRE MÁIRTÍN.



Tagra.



Máire Ní Mhic Fhionnlaoigh is ainm agus sloinneadh ó
cheart do'n té do chum, acht is í bean Phádraig Máirtín
í, agus bean óg atá innte go fóil. As Paráiste Inbhir
Náile í, acht tá sí anois 'na comhnaidhe ag a fear i
dTamhnach Mhullaigh ar Bhruach Locha Iasg le Dún na
nGall anoir a dtuaidh. Tá sise agus a fear, a gcuid
cloinne — trí cloiginn déag a líon agus an mháthair mhór,
i n-éintigheas. Ní leigthear a leas a chur síos orra go
bhfuil Gaedhilg bhlasda aca uile go léir. Thuill Máire
an luach saothair fá sgéaluidheacht 'san bhfeis do
cruinnigheadh i dTamhnach Mhullaigh. Tá do mhéad na
meisnighe do chuir sin innte nachar stad sí riamh ó shoin
acht ag cumadh aisdí uaithe féin i nGaedhilg. Sin thuas
ceann aca ar Fheis Thamhnaigh Mhullaigh féin. Bíodh geall
gurab í céad aisde í dá ndearna sí, agus is mór is
ionmholta í fá chur chuige. Is dócha gur ar lorg na
cainte cumaisg do rinne sí í. Tá sí gan eolas léighte
ná sgríobhtha, acht má tá féin, tá teanga mhaith fhíor-
bhlasda Gaedhilge aici, amhail dob' fhollus do'n té do
bheidheadh ag éisdeacht léithi ar na Frasaibh. Má mhol
sí a n-iomad í féin agus cách, ní tógtha uirthe é; is
deimhin go bhfuil sí ag cur i gcéill nach í féin atá ag
innsin an sgéil, acht duine éigin eile.



Sealbhán .i. buidhean. An Féis (a' Féis) = an Fheis (ní
canamhaint an focal). Ó Mháilinn Bhig .i. Pádraig
Ó Beirn do rugadh ann. Ó Bhaile Átha Cliath .i. an
Laoideach. Ar fágadh 'na sheasamh annsin é .i. do fágadh
'na sheasamh annsin: gléas aimhdhíreach i n-áit gléis
dírigh; cmh. “Bean Orpheus ar lean sé féin í” ag Art
Mhac Cobhthaigh Budh deise .i. budh goire. Smaoi'tigh =
smaointigh = smuaintigh .i. smuain. 'Na nGaedhil .i. 'na
gCríosduidhthibh. Deasgán = sealbhán .i. buidhean. Ionn
i leathuair, ionn i n-uair: tá an gnás so ar buil i
nAlbain comh maith céadna. Nach aisdeach an réamh-
shuidhiughadh d'athrádh acht is dócha go gceapthar 'i'
do bheith ró-lag ann féin. A bheáirdigh (an bheáirdigh?)
ó'n bhfocal Saixbhéarla verdict. Nach Gaedhealach an
cor do cuireadh 'sa' bhfocal! Ná = nó = ó. Aoibhinn
.i. áluinn, deas: Sin í ciall do bhuain Máire Máirtín
féin as, acht tá an gnás an-chosmhail le focal Béarla
éigin (even). I gcomhnaidhe .i. go seadh, go fóil. Bheir =
rug: tá so ar fhághail i nIar-Mhumhain mar an gcéadna
Raogha = rogha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services