Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACHAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. Lá dá raibh Fionn Mac Cumhaill mhic Airt mhic Thréanmhóir uí Bhaoisgne mhic Shuaithe shaidhbhir mhic Dháire dhuinn mhic Treunchalma i n-Almhain luchtmhair lán-aoibhinn Laighean iar n-ól fleadh measgaighthe meadhar-chaoin i dtús samhraidh shéimh-ghrianaigh, agus do bhíodar maithe agus mór-uaisle na Féinne i n-a fhochair agus adubhradar gur mhithid dóibh dul do sheilg, d'fhiadhach agus d'fhian-chosgairt fá chnocaibh agus fá fhoithribh, fá fhásachaibh agus fá ghleanntaibh na hÉireann, óir is amhlaidh do chaitheadh Fionn agus Fiann Éireann a n-aimsir, dá leith do dhéanamh de'n bhliadhain agus leath dhíobh sain do chaitheamh le seilg, le fiadhach agus le fian-chosgairt, is é sin o Bhealtaine go Samhain, agus coinmheadh a mhuintire re h-ucht fuachta agus ansheasgaireacht ar bhrughaibh agus ar bhiadhtachaibh na hÉireann ó Shamhain go Beal- taine. Do rinneadh cómhairle leo cia an cúigeadh de chúigeadhaibh na hÉireann i n-a rachadaois do dhéanamh seilge ar dtús, agus is í cómhairle ar ar chinneadar seilg dá chúigeadh mór-mhaiseacha na Mumhan do dhéanamh ar dtús. Dála Fhinn agus na Féinne do ghabhadar rómpa i réidh-ghiorra gacha sligheadh agus i n-athghairid gacha conaire agus gach caoimh-eolais a hAlmhain luchtmhair lán-aoibhinn Laighean agus is é slighe do ghabadar rómpa, eadhón, do chríochaibh Ó bhFáilghe agus do leathtaoibh bhFear gCeall agus do Bhrosnachaibh Bladhma agus do dhá shliabh déag Fheidhilimthi agus do Chlumhail mhic Iughoine agus do Dhruim Ghallchoille ris a ráidhtear Cnoc Áine an tan so, agus do sreathadh agus do suidheadh an tseilg sin leo fá Thulaigh na Fairsinge ris a ráidhtear Árd Phádruig anois, agus fá Chead amhra Sléibhe Chaoin ris a ráidhtear an Sliabh Riabhach agus i gCoill na ndruadh ris a ráidhtear Críoch Fearnmhuighe agus fá fhearannaibh urthor- thacha Uí Liatháin agus fá chríochaibh bhFearmuighe ris a ráidhtear Uí Chonaill Ghabhra agus fá chrío- chaibh comháilne Chonnraoi agus fá shléibhte ur- árda Iarluachra Deaghadh, agus fá Loch Léin linnfhiaclach, agus fá chiumhsaibh na Suire sreabh- uaithne agus fá Dhún Iasgach, agus fá shléibhtibh cómh- thulcha cor-chnocacha Cuanach, agus fá mhághaibh fearann-ghlúnaibh mBan bhFionn, agus fá oir- thearaibh Ur-Mhumhan ar gcéadna, agus fá chrío- chaibh áilne éagsamhlacha Luimnigh, agus fá fhiodh mhór na Creatluighe, agus fá imeallaibh árd- gharbha Máine, agus fá iartharaíbh urárda Iar- Mhumhan, agus as sain go Bealach géag-shruthach gorm-ghlaiseach Ghabhráin. Cia trácht ní raibh mágh ná mothar ná mórshliabh, fiodh ná fásach, fothar ná fán- ghleann an dá Chúigeadh Mumhan nach raibh taoiseach naonbhair d'Fhiannaibh Éireann ag déanamh fiadhach agus fianchosgair an lá sain, agus is é ionad i n-ar shuidh Fionn féin i n-a dhúmha seilge an lá sain i nDruim Collchoille ris a ráidhtear Cnoc Áine an tan so; agus ro fhansad drong dána deagh-laoch i n-a fhochair ann, mar atá Oisín feardha feadhm-láidir
fíor-ardhachta mac Fhinn, Osgar anghlonnach mac Oisín, Goll mear-mheanmnach mór- ghlonnach mac Mórna, Caolchródha cathbhuil- leach mac Mórna, Sgiathbhreach mac Dathchaoin fear iomchair sgéithe Fhinn; trí mic Aon- chearda Béarra, eadhón Glas, Gearr, agus Gabha, Caoilte mac Rónáin, Diarmuid déid-gheal dreas-sholais Ó Duibhne, Liagán Luaimneach ó Luachair Dheaghaidh, Conán maol mallachtach mac Mórna, eadhón, fear mísgéimhe agus mío- labhartha na Féinne, Fionn bán mac Bhrea- sail uí Bhaoisgne, agus Fearghus ó Finn, an file. Do sgaoil an Fhiann iar sin dá ngadhraibh sporacha ceólbhinne fá na feadhaibh agus fá na gleanntaibh diamhaire do-eolais, agus fá na foraoisibh fíor-achrannacha, agus budh bhinn le Fionn gotha na ngadhar agus glaodhach grodmhar na ngasradh, feadghail na bhfear fiadhaigh, torann agus tormán treathan-mhór na dtréan- fhear, luadhaill lán-lúthmhar na laochraidhe agus greasacht lán-ghasta na bhféinnidhe bhfíor- ardhachta is na fothraibh, is na fásachaibh agus is na fán-ghleanntaibh i n-a úr-thimcheall do gach leith. Is annsain d'fhiafruigh Fionn de'n druing do bhí i n-a fhochair agus i n-a fharradh cia aca do rachadh d'fhoraire agus d'fhorchoimeád dóibh. Do fhreagair Fionn Bán mac Bhreasail uí Bhaoisgne agus adubhairt go rachadh féin d'fhor- choimeád dóibh, agus do chuaidh ar árd na tulcha do bhí i gcomhfhogus dó agus do bhí ag machtnamh agus ag mór-fhéachain na gceithre n-árd i n-a thimcheall, mar atá soir agus siar, ba dheas agus ba thuaidh, agus níor chian go bhfaca san árd anoir gach ndíreach an fear mór fada fíor-ghránna féith-reamhar foirtill feadmh- láidir agus an t-andúil diabhlaidhe doibhealbhach frithshúileach, agus an moghaidh modartha mísgia- mhach; agus é ciar coirthighthe cnáimh-reamhar crom-cheannach corp-ghránna cros-fhiaclach. Is amhlaidh bhí an t-óglach sain agus sgiath mór mísgiamhach míleata duibhseach dubh-ghorm dath-ghránna ar stuaidhleirg a dhroma aige, agus claidheamh garbh-cham clan-altach gleóidh- bhéimneannach mall-bhearnach glas-iarainn ar a chois-tsliasaid clí; agus dá shléigh siothfhada sár-leathna slinn-ghéara i n-a láimh nár tóg- bhadh amach i ndáil éachta ná áthais le cian d'aimsir roimhe sin; agus lorg-fhearsad imrea- mhar iarnaidhe san láimh eile aige; agus níor mó slad-fhód imtheachta seisrighe damh ná gach fód dá mbaineadh an leathan-lorg sain as an dtalamh trom-fhódach i n-a dhiaidh; agus capall cnámhach ciardubh críon-altach creat- lom cruth-luinneach i n-a dhiaidh agus é más-chaol más-mhaol mór-mhongach maol-ghuailneach mall meirtneach mall-chéimneach míodh-dhatha- mhail; agus é leasg liodarach lag-chosach lán- truagh lán-ghránna lom-asnach, agus brat breac bog-bhriste bog-shnáithe um an bhfear mór féin ar uachtar a earraidh agus a éididh, agus ba mó ná fuaim tuinne treathan-mhóire tréan- aidhbhle i n-aimsir athfhuair earraigh ag teacht d'ionnsaighe cuain agus calphuirt fuaim gach buille bríoghmhair bailc-neartmhair borb- láidir da mbuaileadh an fear mór de'n lorg-fhearsaid iarainn do bhí i n-a láimh ar an oillphéist capaill ag iarraidh aistir agus im- theachta air, agus is iongnadh nach tairngeadh a cheann as a mhuinéal leis gach tarraing agus leis gach fásgadh fuinneamhach fíor-ardhachta sár-láidir dá dtugadh sé ar an gcapall i n-a dhiaidh, agus dob' iongnadh nach dtairngeadh an phéist capaill lámh an fhir mhóir as compar a chléibh agus a chroidhe leis gach sughadh agus leis gach fásgadh feardha fuinnmhidhe fíor-ardhachta feadhm-láidir dá dtugadh ar a thóin siar le leisge aistir ná imtheacht a dhéanamh. Dála Fhinn bháin uí Bhaoisgne, mar do chonnairc sé ag teacht fá'n dtoichim agus fá'n dtuarasgbháil sin é do ghabh iongantas agus
úrghráin adhbhal-mhór roimhe é agus d'éirigh i n-a sheasamh agus do thóg a earradh agus a éideadh os mhaolaibh a mhás agus do ghluais i n-a chasánaibh géar-luatha glan-reatha agus i n-a chéimeannaibh tailc-iorrtha troigh-éasgaidh i gcionn aistir agus imtheachta le rabhadh agus le sgéalaibh chum Finn mhic Cumhaill agus na Féinne, an mhéid do bhí ar an láthair sin díobh. Is amhlaidh do bhí Fionn an tan sin agus a mhac muirneach meadhrach maiseach mórdhálach míleadhta mear-chalma, eadhón, Oisín mhac Fhinn, agus fithcheall cuanna ceardamhail caomh-álainn i n-a bhfiadhnaise agus iad ag imirt uirri go fáthach fíor-ghlic foistineach deagh-bheartach, agus ro bheannuigh Fionn Bán de bhriathraibh míne milse maordha macánta dhóibh. D'fhreagair an Rí Féinne Fionn an beannachadh agus d'fhiafruigh dhe créad do ghluais é ó'n obair do ghabh sé i láimh agus gur mhaith an obair faire agus forchoimeád do dhéanamh dhó féin, “agus an mhéid d'aidhmhilleadh do rinnsead Tuatha Dé Danann orainn riamh gach uair do bhámar ag seilg agus ag fiadhach na críche-se.” D'innis Fionn Bán an toisg agus an turus fá 'dtáinig sé féin dá ionnsaighe agus thug tuarasgbháil an fhir mhóir uadh mar is fearr do bhí aige agus adubhairt nár chóir dhó féin a shamhail nó a leithéid do leigean chuca, agus é bheith i seilbh choimeádta do dhéanamh dóibh. Ní cian do bhádar annsain go bhfaca- dar an fear mór fada fíor-ghránna agus déanamh madramhail mursanta meirgeach mío-dhatha- mhail air agus an capall i n-a dhiaidh, agus gidh gur ghearr uatha é, is fada bhí sé dá rochtain le maille agus le meirtnighe an tsiubhail do bhí faoi, acht do ráinig chuca fá dheireadh, agus ní dhearna túrnamh ná comhnaidhe go ráinig i bhfiadhnaise Fhinn. Annsain d'fhill a ghlún agus do chrom a cheann agus d'fhéach a cholann agus thug comhartha umhla agus urrama agus postraladh do'n rígh Féinne. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services