Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.

Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus A Chuideachtan.
Author(s)
Ní,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 464


TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACHAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



Lá dá raibh Fionn Mac Cumhaill mhic Airt
mhic Thréanmhóir uí Bhaoisgne mhic Shuaithe
shaidhbhir mhic Dháire dhuinn mhic Treunchalma
i n-Almhain luchtmhair lán-aoibhinn Laighean
iar n-ól fleadh measgaighthe meadhar-chaoin i
dtús samhraidh shéimh-ghrianaigh, agus do
bhíodar maithe agus mór-uaisle na Féinne i
n-a fhochair agus adubhradar gur mhithid dóibh
dul do sheilg, d'fhiadhach agus d'fhian-chosgairt
fá chnocaibh agus fá fhoithribh, fá fhásachaibh agus fá
ghleanntaibh na hÉireann, óir is amhlaidh do
chaitheadh Fionn agus Fiann Éireann a n-aimsir,
dá leith do dhéanamh de'n bhliadhain agus leath
dhíobh sain do chaitheamh le seilg, le fiadhach agus
le fian-chosgairt, is é sin o Bhealtaine go
Samhain, agus coinmheadh a mhuintire re h-ucht
fuachta agus ansheasgaireacht ar bhrughaibh agus ar
bhiadhtachaibh na hÉireann ó Shamhain go Beal-
taine. Do rinneadh cómhairle leo cia an
cúigeadh de chúigeadhaibh na hÉireann i n-a
rachadaois do dhéanamh seilge ar dtús, agus is
í cómhairle ar ar chinneadar seilg dá
chúigeadh mór-mhaiseacha na Mumhan do dhéanamh
ar dtús.



Dála Fhinn agus na Féinne do ghabhadar rómpa
i réidh-ghiorra gacha sligheadh agus i n-athghairid
gacha conaire agus gach caoimh-eolais a hAlmhain
luchtmhair lán-aoibhinn Laighean agus is é slighe
do ghabadar rómpa, eadhón, do chríochaibh Ó
bhFáilghe agus do leathtaoibh bhFear gCeall agus do
Bhrosnachaibh Bladhma agus do dhá shliabh déag
Fheidhilimthi agus do Chlumhail mhic Iughoine agus do
Dhruim Ghallchoille ris a ráidhtear Cnoc Áine
an tan so, agus do sreathadh agus do suidheadh an
tseilg sin leo fá Thulaigh na Fairsinge ris a
ráidhtear Árd Phádruig anois, agus fá Chead
amhra Sléibhe Chaoin ris a ráidhtear an Sliabh
Riabhach agus i gCoill na ndruadh ris a ráidhtear
Críoch Fearnmhuighe agus fá fhearannaibh urthor-
thacha Uí Liatháin agus fá chríochaibh bhFearmuighe
ris a ráidhtear Uí Chonaill Ghabhra agus fá chrío-
chaibh comháilne Chonnraoi agus fá shléibhte ur-
árda Iarluachra Deaghadh, agus fá Loch Léin
linnfhiaclach, agus fá chiumhsaibh na Suire sreabh-
uaithne agus fá Dhún Iasgach, agus fá shléibhtibh cómh-
thulcha cor-chnocacha Cuanach, agus fá mhághaibh
fearann-ghlúnaibh mBan bhFionn, agus fá oir-
thearaibh Ur-Mhumhan ar gcéadna, agus fá chrío-
chaibh áilne éagsamhlacha Luimnigh, agus fá fhiodh
mhór na Creatluighe, agus fá imeallaibh árd-
gharbha Máine, agus fá iartharaíbh urárda Iar-
Mhumhan, agus as sain go Bealach géag-shruthach
gorm-ghlaiseach Ghabhráin.



Cia trácht ní raibh mágh ná mothar ná
mórshliabh, fiodh ná fásach, fothar ná fán-
ghleann an dá Chúigeadh Mumhan nach raibh
taoiseach naonbhair d'Fhiannaibh Éireann ag
déanamh fiadhach agus fianchosgair an lá sain, agus
is é ionad i n-ar shuidh Fionn féin i n-a dhúmha
seilge an lá sain i nDruim Collchoille ris
a ráidhtear Cnoc Áine an tan so; agus ro
fhansad drong dána deagh-laoch i n-a fhochair
ann, mar atá Oisín feardha feadhm-láidir


L. 465


fíor-ardhachta mac Fhinn, Osgar anghlonnach
mac Oisín, Goll mear-mheanmnach mór-
ghlonnach mac Mórna, Caolchródha cathbhuil-
leach mac Mórna, Sgiathbhreach mac Dathchaoin
fear iomchair sgéithe Fhinn; trí mic Aon-
chearda Béarra, eadhón Glas, Gearr, agus Gabha,
Caoilte mac Rónáin, Diarmuid déid-gheal
dreas-sholais Ó Duibhne, Liagán Luaimneach
ó Luachair Dheaghaidh, Conán maol mallachtach
mac Mórna, eadhón, fear mísgéimhe agus mío-
labhartha na Féinne, Fionn bán mac Bhrea-
sail uí Bhaoisgne, agus Fearghus ó Finn, an
file.



Do sgaoil an Fhiann iar sin dá ngadhraibh
sporacha ceólbhinne fá na feadhaibh agus fá na
gleanntaibh diamhaire do-eolais, agus fá na
foraoisibh fíor-achrannacha, agus budh bhinn le
Fionn gotha na ngadhar agus glaodhach grodmhar
na ngasradh, feadghail na bhfear fiadhaigh,
torann agus tormán treathan-mhór na dtréan-
fhear, luadhaill lán-lúthmhar na laochraidhe agus
greasacht lán-ghasta na bhféinnidhe bhfíor-
ardhachta is na fothraibh, is na fásachaibh agus is
na fán-ghleanntaibh i n-a úr-thimcheall do gach
leith.



Is annsain d'fhiafruigh Fionn de'n druing
do bhí i n-a fhochair agus i n-a fharradh cia aca
do rachadh d'fhoraire agus d'fhorchoimeád dóibh.
Do fhreagair Fionn Bán mac Bhreasail uí
Bhaoisgne agus adubhairt go rachadh féin d'fhor-
choimeád dóibh, agus do chuaidh ar árd na tulcha
do bhí i gcomhfhogus dó agus do bhí ag machtnamh
agus ag mór-fhéachain na gceithre n-árd i n-a
thimcheall, mar atá soir agus siar, ba dheas agus
ba thuaidh, agus níor chian go bhfaca san árd
anoir gach ndíreach an fear mór fada
fíor-ghránna féith-reamhar foirtill feadmh-
láidir agus an t-andúil diabhlaidhe doibhealbhach
frithshúileach, agus an moghaidh modartha mísgia-
mhach; agus é ciar coirthighthe cnáimh-reamhar
crom-cheannach corp-ghránna cros-fhiaclach.
Is amhlaidh bhí an t-óglach sain agus sgiath mór
mísgiamhach míleata duibhseach dubh-ghorm
dath-ghránna ar stuaidhleirg a dhroma aige,
agus claidheamh garbh-cham clan-altach gleóidh-
bhéimneannach mall-bhearnach glas-iarainn ar
a chois-tsliasaid clí; agus dá shléigh siothfhada
sár-leathna slinn-ghéara i n-a láimh nár tóg-
bhadh amach i ndáil éachta ná áthais le cian
d'aimsir roimhe sin; agus lorg-fhearsad imrea-
mhar iarnaidhe san láimh eile aige; agus níor
mó slad-fhód imtheachta seisrighe damh ná
gach fód dá mbaineadh an leathan-lorg sain
as an dtalamh trom-fhódach i n-a dhiaidh; agus
capall cnámhach ciardubh críon-altach creat-
lom cruth-luinneach i n-a dhiaidh agus é más-chaol
más-mhaol mór-mhongach maol-ghuailneach
mall meirtneach mall-chéimneach míodh-dhatha-
mhail; agus é leasg liodarach lag-chosach lán-
truagh lán-ghránna lom-asnach, agus brat breac
bog-bhriste bog-shnáithe um an bhfear mór
féin ar uachtar a earraidh agus a éididh, agus ba
mó ná fuaim tuinne treathan-mhóire tréan-
aidhbhle i n-aimsir athfhuair earraigh ag teacht
d'ionnsaighe cuain agus calphuirt fuaim gach
buille bríoghmhair bailc-neartmhair borb-
láidir da mbuaileadh an fear mór de'n
lorg-fhearsaid iarainn do bhí i n-a láimh ar an
oillphéist capaill ag iarraidh aistir agus im-
theachta air, agus is iongnadh nach tairngeadh a
cheann as a mhuinéal leis gach tarraing agus
leis gach fásgadh fuinneamhach fíor-ardhachta
sár-láidir dá dtugadh sé ar an gcapall i n-a
dhiaidh, agus dob' iongnadh nach dtairngeadh an
phéist capaill lámh an fhir mhóir as compar a
chléibh agus a chroidhe leis gach sughadh agus leis gach
fásgadh feardha fuinnmhidhe fíor-ardhachta
feadhm-láidir dá dtugadh ar a thóin siar le
leisge aistir ná imtheacht a dhéanamh.



Dála Fhinn bháin uí Bhaoisgne, mar do
chonnairc sé ag teacht fá'n dtoichim agus fá'n
dtuarasgbháil sin é do ghabh iongantas agus


L. 466


úrghráin adhbhal-mhór roimhe é agus d'éirigh i n-a
sheasamh agus do thóg a earradh agus a éideadh os
mhaolaibh a mhás agus do ghluais i n-a chasánaibh
géar-luatha glan-reatha agus i n-a chéimeannaibh
tailc-iorrtha troigh-éasgaidh i gcionn aistir
agus imtheachta le rabhadh agus le sgéalaibh chum
Finn mhic Cumhaill agus na Féinne, an mhéid do
bhí ar an láthair sin díobh. Is amhlaidh do bhí
Fionn an tan sin agus a mhac muirneach meadhrach
maiseach mórdhálach míleadhta mear-chalma,
eadhón, Oisín mhac Fhinn, agus fithcheall cuanna
ceardamhail caomh-álainn i n-a bhfiadhnaise
agus iad ag imirt uirri go fáthach fíor-ghlic
foistineach deagh-bheartach, agus ro bheannuigh
Fionn Bán de bhriathraibh míne milse maordha
macánta dhóibh. D'fhreagair an Rí Féinne
Fionn an beannachadh agus d'fhiafruigh dhe créad
do ghluais é ó'n obair do ghabh sé i láimh agus gur
mhaith an obair faire agus forchoimeád do
dhéanamh dhó féin, “agus an mhéid d'aidhmhilleadh
do rinnsead Tuatha Dé Danann orainn riamh
gach uair do bhámar ag seilg agus ag fiadhach
na críche-se.” D'innis Fionn Bán an toisg
agus an turus fá 'dtáinig sé féin dá ionnsaighe
agus thug tuarasgbháil an fhir mhóir uadh mar is
fearr do bhí aige agus adubhairt nár chóir dhó
féin a shamhail nó a leithéid do leigean chuca,
agus é bheith i seilbh choimeádta do dhéanamh
dóibh. Ní cian do bhádar annsain go bhfaca-
dar an fear mór fada fíor-ghránna agus déanamh
madramhail mursanta meirgeach mío-dhatha-
mhail air agus an capall i n-a dhiaidh, agus gidh gur
ghearr uatha é, is fada bhí sé dá rochtain le
maille agus le meirtnighe an tsiubhail do bhí
faoi, acht do ráinig chuca fá dheireadh, agus ní
dhearna túrnamh ná comhnaidhe go ráinig i
bhfiadhnaise Fhinn. Annsain d'fhill a ghlún agus
do chrom a cheann agus d'fhéach a cholann agus thug
comhartha umhla agus urrama agus postraladh do'n
rígh Féinne.



(Ní críoch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services