Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mór Ní Odhráin.
Title
Mór Ní Odhráin.
Author(s)
Féach bailitheoir, Mac Tíre
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Boyle, Bridig
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MÓR NÍ ODHRÁIN. Lá amháin bhí Ó Domhnall thall annsin ionn- san chaisleán agus chuala sé iomrádh ar aois Mhóir Ní Odhráin. Ní chreidfeadh sé go rabh Mór Ní Odhráin cúig céad bliadhain a dh'aois go dtí go bhfaca sé í. D'imthigh sé siar go rabh sé ag an teach aicí — Teach Mhóir Ní Odhráin — an teach is fuide siar i nÉirinn. Bhí inghean is mac aicí ionn-san aois leanbaidhe 'na luighe ar dhá thaobh na teineadh, duine taobh thall agus duine i bhfus. D'fhiafruigh sé díobhtha cá rabh a máthair. Dubhairt siad-san go rabh sí ionn-san pháirc amuigh ag buachailleacht. Chuaidh sé amach 'un na páirce an áit i rabh sí ag buachailleacht. “A tusa Mór Ní Odhráin?” ar seisean. “Is mé,” ar sise. “Agus caidé an rud iad so atá taobh istigh ionn-san teach agat ionn-san aois leanbaidhe?” “Inghean agus mac,” ar sise. “Goidé an sgéal duit-se bheith comh hóg gasta agus iad-san comh sean?” “Tá, níor ith me aon ghreim ariamh go rabh ocras orm; níor ól me aon dheoch go mbeidheadh tart orm; níor shuidh me riamh ag an teinidh gan a bheith 'g obair — mar' bhfághainn obair agam fhéin, gheobhainn ag fear innteach eile e. Mar' gcreididh tú mé,” ar sise, “bhí me fiche bliadhain nuair a thainic mé chun an bhaile seo; ní'l aon bhliadhain ó shoin nár mharbh me mart; chaith me cnámha isteach ionn-san chófhra gach aon
uile bhliadhain ó shoin. Mar' gcreididh tú mé, gabh isteach agus conntais iad. Gabh isteach agus caith amach iad agus conntais isteach ar ais iad, agus go mbarramus tú go bhfuighid tú fíor go leór e.” Chonntais Ó Domhnaill isteach ar ais ionn- san chófhra iad. Bhí na cúig céad cnámh ann agus ní rabh dadaidh le deánamh aige annsin — ní rabh, faic — acht a theacht 'un an bhaile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services