Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mór Ní Odhráin.

Title
Mór Ní Odhráin.
Author(s)
Féach bailitheoir, Mac Tíre
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Boyle, Bridig
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MÓR NÍ ODHRÁIN.



Lá amháin bhí Ó Domhnall thall annsin ionn-
san chaisleán agus chuala sé iomrádh ar aois
Mhóir Ní Odhráin. Ní chreidfeadh sé go rabh
Mór Ní Odhráin cúig céad bliadhain a dh'aois
go dtí go bhfaca sé í.



D'imthigh sé siar go rabh sé ag an teach
aicí — Teach Mhóir Ní Odhráin — an teach is
fuide siar i nÉirinn. Bhí inghean is mac aicí
ionn-san aois leanbaidhe 'na luighe ar dhá
thaobh na teineadh, duine taobh thall agus duine
i bhfus.



D'fhiafruigh sé díobhtha cá rabh a máthair.
Dubhairt siad-san go rabh sí ionn-san pháirc
amuigh ag buachailleacht. Chuaidh sé amach
'un na páirce an áit i rabh sí ag buachailleacht.



“A tusa Mór Ní Odhráin?” ar seisean.



“Is mé,” ar sise.



“Agus caidé an rud iad so atá taobh
istigh ionn-san teach agat ionn-san aois
leanbaidhe?”



“Inghean agus mac,” ar sise.



“Goidé an sgéal duit-se bheith comh hóg
gasta agus iad-san comh sean?”



“Tá, níor ith me aon ghreim ariamh go
rabh ocras orm; níor ól me aon dheoch go
mbeidheadh tart orm; níor shuidh me riamh
ag an teinidh gan a bheith 'g obair — mar'
bhfághainn obair agam fhéin, gheobhainn ag
fear innteach eile e. Mar' gcreididh tú
mé,” ar sise, “bhí me fiche bliadhain nuair
a thainic mé chun an bhaile seo; ní'l aon
bhliadhain ó shoin nár mharbh me mart; chaith
me cnámha isteach ionn-san chófhra gach aon


L. 463


uile bhliadhain ó shoin. Mar' gcreididh tú
mé, gabh isteach agus conntais iad. Gabh isteach
agus caith amach iad agus conntais isteach ar ais iad,
agus go mbarramus tú go bhfuighid tú fíor go
leór e.”



Chonntais Ó Domhnaill isteach ar ais ionn-
san chófhra iad. Bhí na cúig céad cnámh ann
agus ní rabh dadaidh le deánamh aige annsin —
ní rabh, faic — acht a theacht 'un an bhaile.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services