Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Parraisde na g-Ceall i g-Conndae Dhúin na nGall
Title
Parraisde na g-Ceall i g-Conndae Dhúin na nGall
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Parraisde na g-Ceall i g-Conndae Dhúin na nGall Parraisde na g-Ceall is ainm do'n pharraisde seo a bh-fuilim mo chomhnuidhe ann agus is é an fáth d'ar tugadh an t-ainm seo air mar bhí mórán cill (ceall) no teach pobal fad ó shoin, i m-baile bheag ann, a d-tugthar na Cealla Beaga air. Tá'n baile seo air thaoibh na fairrge agus taithnigheann sé go mór leis na h-asdranaibh a thig air chuairt ann agus deirid gur fallain agus deas an áit é. Ta cuan maith, mór againn, a tá dómhain go leór aig long air bith agus tá fasgadh ann ó'n uile ghaoith a shéideas. Tá dhá theach soluis taobh amuigh de'n chuan le eólas a thabhairt do na longaibh a theacht isteach san oidhche. Is go cuan na g-Ceall m-Beag do tháinic an luingis Spáinighe le airgead agus airm chuig Aodh Ruadh Ui Dómhnaill agus Aodh Uí Néill i n-aimsir na bain-ríoghna Isebeal. Ní'l acht fá thuairim naoi g-céad daoineadh san m-baile acht tá sé aig fás le tamall, gidh go bh-fuil na daoine aig imtheacht as an tír thart fá d-taoibh de. Righneadh teach pobail úr ann i n-aimsir an droch-shaoghail a chongbhóchadh trí mhíle duine. Tá leac leachda i d-taoibh na bhalla ann agus deiridh gur ó cionn Néill Ghairbh Mac Suibhne bhí sé. Tugadh an leachda seo as sean reilig a tá i bPuinnte Charaige 'n Rois (St. John's Point) agus deirtear nach bh-fuil aon cheann i n-Éirinn cosamhail leis acht leachda amháin eile atá anns an taoibh shoir de'n chondae seo. Chuir an t-Easbóg Ua Dómhnaill sgoil mór suas anns na Ceallaibh fá thuairim trí m-bliadhain ó shoin fá choinne céird do mhúnadh do dhíleachtaibh agus do bhoch- danaibh agus tá níos mó 'ná céad óganach de'n chineal sin aca ann anois agus is fearr sin go mór aca 'ná bheith aig dul thart thríd an tír aig iarraidh a g-coda agus aig foghluim fallsachda agus spadantuis agus b'fhéidir níos measa. Mar a g-céadna chuidigh sé gnó eile do chur ar bun a tá aig dul ann tosuigh go breágh againn, sé sin fígheadóireachd eudach-ualáir. Bronnadh an cheud eudach a figheadh air an Easbog maith seo agus bhí sé aige air Aonach Tíre Chonaill fa Shamhain seo chuaidh thart. B'fhiú níos mó 'ná fiche punt é.
Ní'l ceann air bith de na sean chealltrachaibh le fághail san áit seo anois nó fios cá rabh siad, acht ceann amháin a tá air mhullach carraige, taobh astigh de bheul an chuain. Tá tobar naomhtha aig bun na earraighe- a d-tugthar tobar Chaitríne air agus tigeann an iomad daoineadh ann leis an turas do shiubhal go h-airighthe lá Chaitríne, an cúigeadh lá air fhichid de mhí na Shamhna. Thug na Lochlannaighe cuairt go minic air na Ceal- laibh m-beaga fad ó shoin agus d'fhág siad a lorg air an áit agus is minic a chualas go dearn cuid díobh áit chomhnuidhe ann. Tá treibh daoineadh againn ann seo go fóil a bh-fuil Lochlannach ortha mar ainm agus is dóighche liom gur as tír na Lochlann do tháinic siad i d-toiseach. Tá'n bóthar iarainn aig teacht chomh fada leis na Ceallaibh anois agus is cómhgarach an dóigh siúbhail é le taoibh a bheith air chóisde. Bóthar cumhang díobh seo atá an ó'n tSrathbán anuas agus ní ritheann an traen chomh gasda ortha leis na bóthraibh leathana. Ní'l easbhuigh sliabh nó cnoc nó carraig orrainn anns an áit seo mar tá siad againn go fairsing agus síleann na coigcríoch a thig chugainn air cuairt gur meunra dúinn, acht is é ár m-barramhail féin go bh-feudfamaois cuid aca do mhalairt gan bris nó díoghbháil air bith a dhéanadh do'n tír.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services