Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Parraisde na g-Ceall i g-Conndae Dhúin na nGall

Title
Parraisde na g-Ceall i g-Conndae Dhúin na nGall
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Parraisde na g-Ceall i g-Conndae Dhúin
na nGall



Parraisde na g-Ceall is ainm do'n pharraisde seo
a bh-fuilim mo chomhnuidhe ann agus is é an fáth d'ar
tugadh an t-ainm seo air mar bhí mórán cill (ceall)
no teach pobal fad ó shoin, i m-baile bheag ann, a
d-tugthar na Cealla Beaga air. Tá'n baile seo air
thaoibh na fairrge agus taithnigheann sé go mór leis na
h-asdranaibh a thig air chuairt ann agus deirid gur
fallain agus deas an áit é. Ta cuan maith, mór
againn, a tá dómhain go leór aig long air bith agus tá
fasgadh ann ó'n uile ghaoith a shéideas. Tá dhá theach
soluis taobh amuigh de'n chuan le eólas a thabhairt do
na longaibh a theacht isteach san oidhche. Is go cuan na
g-Ceall m-Beag do tháinic an luingis Spáinighe le
airgead agus airm chuig Aodh Ruadh Ui Dómhnaill agus
Aodh Uí Néill i n-aimsir na bain-ríoghna Isebeal. Ní'l
acht fá thuairim naoi g-céad daoineadh san m-baile acht
tá sé aig fás le tamall, gidh go bh-fuil na daoine aig
imtheacht as an tír thart fá d-taoibh de. Righneadh teach
pobail úr ann i n-aimsir an droch-shaoghail a chongbhóchadh
trí mhíle duine. Tá leac leachda i d-taoibh na bhalla
ann agus deiridh gur ó cionn Néill Ghairbh Mac Suibhne
bhí sé. Tugadh an leachda seo as sean reilig a tá i
bPuinnte Charaige 'n Rois (St. John's Point) agus
deirtear nach bh-fuil aon cheann i n-Éirinn cosamhail
leis acht leachda amháin eile atá anns an taoibh shoir
de'n chondae seo.



Chuir an t-Easbóg Ua Dómhnaill sgoil mór suas
anns na Ceallaibh fá thuairim trí m-bliadhain ó shoin fá
choinne céird do mhúnadh do dhíleachtaibh agus do bhoch-
danaibh agus tá níos mó 'ná céad óganach de'n chineal
sin aca ann anois agus is fearr sin go mór aca 'ná
bheith aig dul thart thríd an tír aig iarraidh a g-coda
agus aig foghluim fallsachda agus spadantuis agus
b'fhéidir níos measa. Mar a g-céadna chuidigh sé
gnó eile do chur ar bun a tá aig dul ann tosuigh go
breágh againn, sé sin fígheadóireachd eudach-ualáir.
Bronnadh an cheud eudach a figheadh air an Easbog maith
seo agus bhí sé aige air Aonach Tíre Chonaill fa
Shamhain seo chuaidh thart. B'fhiú níos mó 'ná fiche
punt é.


L. 21


Ní'l ceann air bith de na sean chealltrachaibh le
fághail san áit seo anois nó fios cá rabh siad, acht
ceann amháin a tá air mhullach carraige, taobh astigh de
bheul an chuain. Tá tobar naomhtha aig bun na earraighe-
a d-tugthar tobar Chaitríne air agus tigeann an
iomad daoineadh ann leis an turas do shiubhal go
h-airighthe lá Chaitríne, an cúigeadh lá air fhichid de
mhí na Shamhna.



Thug na Lochlannaighe cuairt go minic air na Ceal-
laibh m-beaga fad ó shoin agus d'fhág siad a lorg air
an áit agus is minic a chualas go dearn cuid díobh áit
chomhnuidhe ann. Tá treibh daoineadh againn ann seo
go fóil a bh-fuil Lochlannach ortha mar ainm agus is
dóighche liom gur as tír na Lochlann do tháinic siad i
d-toiseach.



Tá'n bóthar iarainn aig teacht chomh fada leis na
Ceallaibh anois agus is cómhgarach an dóigh siúbhail é le
taoibh a bheith air chóisde. Bóthar cumhang díobh seo
atá an ó'n tSrathbán anuas agus ní ritheann an traen
chomh gasda ortha leis na bóthraibh leathana. Ní'l
easbhuigh sliabh nó cnoc nó carraig orrainn anns an áit
seo mar tá siad againn go fairsing agus síleann na
coigcríoch a thig chugainn air cuairt gur meunra dúinn,
acht is é ár m-barramhail féin go bh-feudfamaois cuid
aca do mhalairt gan bris nó díoghbháil air bith a dhéanadh
do'n tír.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services