Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhrán Anall.
Title
Amhrán Anall.
Author(s)
Ó Murchadha, Domhnall,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMHRÁN ANALL. Philadelphia, Pa., An 3adh lá de mhí na Lughnasa, 1899. Eoin MacNéill, Baile-átha-cliath. A Charaid Ionmhuin: Cuirim chugad-sa agus chuig cairdibh na Gaedhilge, leis an teachtaireacht seo, beart beag eile de abhráin Thíre Chonaill. Is mór a' t-íongnadh liom nár 'úbhairt sibh dadaídh i dtaobh an mhéid a chur é chugaibh cheana. 'Nois i ndiaidh an mhéid dochair a fuair mise uatha, lé beagán beag sochair a dhéanadh do theangaidh ar dtíre, tá dúil agam nach ndéanfaidh bunadh Bhaile-átha-cliath leotha mar rinne na Sacsanaigh lé sean-leabhartha na h-Éireann .i. a gcur 'san áit nach bhfeicfidh duine ar bith iad agus a bheith a' rádh 'na dhiaidh sinn lé scolairí an domhain, nach rabh a leithididh ann ariamh. Cidh nach bhfuil siad críochnuighthe go ró-bhláthmhar go fóill, is iarraidh iad ar chuma ar bith. Agus tá port breágh deas fós lé gach uile abhrán acú; agus d'fhéadfadh fear ceoil na portannaí seo a thógbháil suas go réidh agus a n-ainmneachaí a fhághail amach dhúinn, dá dtéidheadh sé síos go Dún-na-nGall imeasc na sean-daoiní agus iarraidh orthú ceathramha ná dhó a ghabháil dhó, agus a bheith a' cur leotha é féin 'san am céadna. Tá dúil agam go bhfuil sibh a' dul ar aghaidh go maith lé cúis na Gaedhilge i n-Éirinn. Slán leat go gcluinidh tú uaim aríst. Duit-se go measamhail, Domhnall Ó Murchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services