Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán Anall.

Title
Amhrán Anall.
Author(s)
Ó Murchadha, Domhnall,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AMHRÁN ANALL.



Philadelphia, Pa.,
An 3adh lá de mhí na Lughnasa, 1899.
Eoin MacNéill,
Baile-átha-cliath.



A Charaid Ionmhuin: Cuirim chugad-sa
agus chuig cairdibh na Gaedhilge, leis an
teachtaireacht seo, beart beag eile de
abhráin Thíre Chonaill. Is mór a' t-íongnadh
liom nár 'úbhairt sibh dadaídh i dtaobh an
mhéid a chur é chugaibh cheana. 'Nois i
ndiaidh an mhéid dochair a fuair mise uatha,
lé beagán beag sochair a dhéanadh do
theangaidh ar dtíre, tá dúil agam nach
ndéanfaidh bunadh Bhaile-átha-cliath leotha
mar rinne na Sacsanaigh lé sean-leabhartha
na h-Éireann .i. a gcur 'san áit nach
bhfeicfidh duine ar bith iad agus a bheith a'
rádh 'na dhiaidh sinn lé scolairí an domhain,
nach rabh a leithididh ann ariamh. Cidh nach
bhfuil siad críochnuighthe go ró-bhláthmhar go
fóill, is iarraidh iad ar chuma ar bith. Agus
tá port breágh deas fós lé gach uile abhrán
acú; agus d'fhéadfadh fear ceoil na
portannaí seo a thógbháil suas go réidh
agus a n-ainmneachaí a fhághail amach dhúinn,
dá dtéidheadh sé síos go Dún-na-nGall
imeasc na sean-daoiní agus iarraidh orthú
ceathramha ná dhó a ghabháil dhó, agus a bheith
a' cur leotha é féin 'san am céadna. Tá
dúil agam go bhfuil sibh a' dul ar aghaidh go
maith lé cúis na Gaedhilge i n-Éirinn. Slán
leat go gcluinidh tú uaim aríst.



Duit-se go measamhail,



Domhnall Ó Murchadha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services