Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Eoghan Ruad Ua Súiliobháin ag moladh Mháire inghean Ghiobúin.
Title
Filidheacht. Eoghan Ruad Ua Súiliobháin ag moladh Mháire inghean Ghiobúin.
Author(s)
Ua Súiliobháin, Eoghan Ruad, Mac Tíre
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EOGHAN RUADH UA SÚILEABHÁIN cct. Ag moladh Mháire inghean Ghiobúin. I. Dá mbadh éigs' mé cheapadh duanta re fuaimint is laoidhte Go téagsach uamach siosgaidhthe i gcaomh- fhuirinn cómhad, Tréithe is teasdas buadhach leinbh uasail do ríomhthar, Sgéimh a gruadh 's a fionna-chruith tá séimh sultmhar sóghach. Is dréimreach dathach dualach a cuacha 's a buidhe tiugh Go péarlach sguabach muirireach a slaoda go bróg; Is saor dom mheas 's is stuamdha neamh- ghruamach gan daoilcheas A heudan suaimhneach sionnanda lér' creuchtadh míle treon. Is caol a braoith Mar aon dais pinn O chléireach chruinn, Ar dearc gam smól; A beul tais binn Mar séise sidhe Ar theudaibh sing Do spreagadh ceól. Tá gile an lile 'Na leacain snuighte Ag caismirt ris na caora'; Is míonla módhamhail Gan phuimp cidh hóg An reultan mhórdha mhaisea- mhail, Ríoghan shuaidh-gheal thaitneamhach gan cheach- taireacht 'n-a clódh. II. A brághaid mar eala ag gluasacht ar chuan- shleasaibh taoide 'S a déide dlútha miona curtha ar aol- dath gan smól; A bán-chródh bheartas sluaighte i dtreas- ruatharaibh caoinsgur, Éisg, is trúip, is duille coille ar neumh- bhrataibh sróil, Gáir ag ealta' i mbuaic chluthmhair uachtar- aigh gach croinn ghlais Géis, is c'lúir, 's gach uile luibhe, faol- choin, is róin, Báid is barca a' luasgadh go luaimneach re gaoith ghlain, Saothar siubhlach sionnaigh ghlic, dá dtraocadh ar tóir, Is geur 's is cruinn Gan leunadh a cíocha Néata ar clídh Mar sneachta ló Is gach geug do'n rímh Le chéile a' tidheacht Go meur a troighe Gan easbaidh i gcóir. Is miolla séimh 'sas banamhail an ainnir chneasda mhaordha, Bheir claoidhte slógh Gan bhrígh gan treoir I dtím chirt tóirse 's anafaidh An tráth chíd an ógh rug barra cruith Ó gach leanbh ins a' gcóig.
III. Stáid-bhean ghasda ghruaidh-gheal do chuaine na ríogh-fhlaith Is feusdach fionntach freasdalach i n-aolbhrog re cóip, D'fhás do cheap na suairc-fhear do bhuadhaigh ceannas críche 'S ba treun lúthmhar gaisgeamhail roimh bhéimeannaibh leomhain; Táin do chleachdadh duanta bleacht suadha agus draoithe, Féile, flúirse, is fairsinge gan seunadh gan gó; Rás ar eachaibh gruagacha, luadhaill, rith, is aoibhneas, Géime lúith, is acfuinn neirt, tar treun- aibh i dtóir. Bé do phríomh-fhuil Récs do shín Ó 'n nGréig le flít Do bharcaibh seoil. Geug do chraoibh Na laoch ba fíochda Léidmheach laochda Lá i dtóir. Buidhean le faobhar i dtreasaibh clisde a'caismirt i n-am éigin Fuair meidhir is scóip Is cíos le cóir I gcríochaibh Fódhla Fearann-ghlas, Saoithe cródha is dragain eilte Ó 'r sgagadh ise a dtóis. IV. Is áluinn aibidh snuaidhgheal an tsuaire dheagh-ghníomhach Geur-shearc suadh fá choimirc uile an bheul mhilis óg; Bheir fáilte, fleadh, is fuasgailt, do chuaine na daoirse Is bíd cléir is uaisle ar mhinic-chuireadh i gcoimhdeacht na hógh. A cháil do leath, 's a tuairisg go cuantaibh na tíre; I gcéimibh buadha tar bhruinnghealaibh tá an chraibh aice fós; Tá mánlaith, taise, is suairceas go buadhach 'n-a gnaoi ghlan, Preumh do ghluais ó ghile bhile re saor- mhéin na slógh Reultan eolais Béitheadh Fodhla An mhaighdean óg so Is greanta gnúis; Caongla óir Is blaodhm gan smól Noch d'éirigh as fróstach Cheart Ghiobúin, Guidhim di Críost mar thear- mainn Dá hanacal ar bhaoghal, Is céile congantach Seunmhar súgach Treudach trúpach Fearannach Nár chlaon le Lútar cealgach, 's nach staonfadh dá nós. V. Guidhim réimeas mar ba dual do'n chruadh- churadh ó 'r shíolraigh, An chéithleann bhéasach cheannasach rug céim barra ar óghaibh, I méin, i meas, i mórdhacht, i n-uaisleacht, 's i ngníomharthaibh, I gcéill, i ngné, i gcarthanacht, i scéimh chrotha is clódh; Go seudach seasgair suaimhneach, go suairc soilbh saoirseach 'S i ngaortha a' réidhteach ceasnuighthe agus geur-bhruide slógh; A réim gan meath gan buidhreamh, gan duairceas na daoirse Gan bhéim gan bhaoghal gan bhasgadh ar bith, gan leunadh ná brón.
Geuga groidhe Do'n Ghreug-fhuil ríoghdha Sheumuis chroidheamhail thapa is Sheoin; Gan eug go dtíd Re chéile an dís I gcéin dar tuinn Fá ghradam mhór. Ba gheurach gáir a marcraidh 'Gabháil sealbh cirt a sinsear. Is saordha sóghach Re méin do'n sgeól Do thaosgfainn beoir Is beathuisge 'S bheidheadh soillse lóchrann lasamhail Im' chaol chrobh gach neóin. CEANGAL. Ní'l fann ná mearughadh ar ghlan-chrú an leinbh so adubhart, Báb do cheart-chnú gaisgeamhail Ridire an Dúin, Mánlach banamhail geanamhail miochair deaghchlúmhail, Is í Máire shnaiseach, geal-phlúr Clainne Ghiobúin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services