Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Eoghan Ruad Ua Súiliobháin ag moladh Mháire inghean Ghiobúin.

Title
Filidheacht. Eoghan Ruad Ua Súiliobháin ag moladh Mháire inghean Ghiobúin.
Author(s)
Ua Súiliobháin, Eoghan Ruad, Mac Tíre
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 57


EOGHAN RUADH UA SÚILEABHÁIN cct.



Ag moladh Mháire inghean Ghiobúin.



I.
Dá mbadh éigs' mé cheapadh duanta re
fuaimint is laoidhte
Go téagsach uamach siosgaidhthe i gcaomh-
fhuirinn cómhad,
Tréithe is teasdas buadhach leinbh uasail do
ríomhthar,
Sgéimh a gruadh 's a fionna-chruith tá séimh
sultmhar sóghach.
Is dréimreach dathach dualach a cuacha 's a
buidhe tiugh
Go péarlach sguabach muirireach a slaoda
go bróg;
Is saor dom mheas 's is stuamdha neamh-
ghruamach gan daoilcheas
A heudan suaimhneach sionnanda lér'
creuchtadh míle treon.
Is caol a braoith
Mar aon dais pinn
O chléireach chruinn,
Ar dearc gam smól;
A beul tais binn
Mar séise sidhe
Ar theudaibh sing
Do spreagadh ceól.
Tá gile an lile
'Na leacain snuighte
Ag caismirt ris na caora';
Is míonla módhamhail
Gan phuimp cidh hóg
An reultan mhórdha mhaisea-
mhail,



Ríoghan shuaidh-gheal thaitneamhach gan cheach-
taireacht 'n-a clódh.



II.
A brághaid mar eala ag gluasacht ar chuan-
shleasaibh taoide
'S a déide dlútha miona curtha ar aol-
dath gan smól;
A bán-chródh bheartas sluaighte i dtreas-
ruatharaibh caoinsgur,
Éisg, is trúip, is duille coille ar neumh-
bhrataibh sróil,
Gáir ag ealta' i mbuaic chluthmhair uachtar-
aigh gach croinn ghlais
Géis, is c'lúir, 's gach uile luibhe, faol-
choin, is róin,
Báid is barca a' luasgadh go luaimneach re
gaoith ghlain,
Saothar siubhlach sionnaigh ghlic, dá
dtraocadh ar tóir,



Is geur 's is cruinn
Gan leunadh a cíocha
Néata ar clídh
Mar sneachta ló
Is gach geug do'n rímh
Le chéile a' tidheacht
Go meur a troighe
Gan easbaidh i gcóir.



Is miolla séimh 'sas banamhail an ainnir
chneasda mhaordha,
Bheir claoidhte slógh
Gan bhrígh gan treoir
I dtím chirt tóirse 's anafaidh
An tráth chíd an ógh rug barra
cruith
Ó gach leanbh ins a' gcóig.


L. 58


III.
Stáid-bhean ghasda ghruaidh-gheal do chuaine
na ríogh-fhlaith
Is feusdach fionntach freasdalach i
n-aolbhrog re cóip,
D'fhás do cheap na suairc-fhear do bhuadhaigh
ceannas críche
'S ba treun lúthmhar gaisgeamhail roimh
bhéimeannaibh leomhain;
Táin do chleachdadh duanta bleacht suadha
agus draoithe,
Féile, flúirse, is fairsinge gan seunadh
gan gó;
Rás ar eachaibh gruagacha, luadhaill, rith, is
aoibhneas,
Géime lúith, is acfuinn neirt, tar treun-
aibh i dtóir.
Bé do phríomh-fhuil
Récs do shín
Ó 'n nGréig le flít
Do bharcaibh seoil.
Geug do chraoibh
Na laoch ba fíochda
Léidmheach laochda
Lá i dtóir.
Buidhean le faobhar i dtreasaibh
clisde a'caismirt i n-am éigin
Fuair meidhir is scóip
Is cíos le cóir
I gcríochaibh Fódhla
Fearann-ghlas,
Saoithe cródha is dragain eilte
Ó 'r sgagadh ise a dtóis.



IV.
Is áluinn aibidh snuaidhgheal an tsuaire
dheagh-ghníomhach
Geur-shearc suadh fá choimirc uile an
bheul mhilis óg;
Bheir fáilte, fleadh, is fuasgailt, do chuaine
na daoirse
Is bíd cléir is uaisle ar mhinic-chuireadh
i gcoimhdeacht na hógh.
A cháil do leath, 's a tuairisg go cuantaibh
na tíre;
I gcéimibh buadha tar bhruinnghealaibh tá
an chraibh aice fós;
Tá mánlaith, taise, is suairceas go buadhach
'n-a gnaoi ghlan,
Preumh do ghluais ó ghile bhile re saor-
mhéin na slógh
Reultan eolais
Béitheadh Fodhla
An mhaighdean óg so
Is greanta gnúis;
Caongla óir
Is blaodhm gan smól
Noch d'éirigh as fróstach
Cheart Ghiobúin,
Guidhim di Críost mar thear-
mainn
Dá hanacal ar bhaoghal,
Is céile congantach
Seunmhar súgach
Treudach trúpach
Fearannach
Nár chlaon le Lútar cealgach, 's nach
staonfadh dá nós.



V.
Guidhim réimeas mar ba dual do'n chruadh-
churadh ó 'r shíolraigh,
An chéithleann bhéasach cheannasach rug
céim barra ar óghaibh,
I méin, i meas, i mórdhacht, i n-uaisleacht,
's i ngníomharthaibh,
I gcéill, i ngné, i gcarthanacht, i scéimh
chrotha is clódh;
Go seudach seasgair suaimhneach, go suairc
soilbh saoirseach
'S i ngaortha a' réidhteach ceasnuighthe agus
geur-bhruide slógh;
A réim gan meath gan buidhreamh, gan
duairceas na daoirse
Gan bhéim gan bhaoghal gan bhasgadh ar bith,
gan leunadh ná brón.


L. 59


Geuga groidhe
Do'n Ghreug-fhuil ríoghdha
Sheumuis chroidheamhail thapa is
Sheoin;
Gan eug go dtíd
Re chéile an dís
I gcéin dar tuinn
Fá ghradam mhór.
Ba gheurach gáir a marcraidh
'Gabháil sealbh cirt a sinsear.
Is saordha sóghach
Re méin do'n sgeól
Do thaosgfainn beoir
Is beathuisge
'S bheidheadh soillse lóchrann
lasamhail
Im' chaol chrobh gach neóin.



CEANGAL.



Ní'l fann ná mearughadh ar ghlan-chrú
an leinbh so adubhart,
Báb do cheart-chnú gaisgeamhail Ridire an
Dúin,
Mánlach banamhail geanamhail miochair
deaghchlúmhail,
Is í Máire shnaiseach, geal-phlúr Clainne
Ghiobúin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services