Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cnoc Chéin Mhic Cáinte.
Title
Cnoc Chéin Mhic Cáinte.
Author(s)
Ó Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CNOC CHÉIN MHIC CÁINTE. Nídh do sháruigh ar Eoghan Ó Comhraidhe, 'sé atáthar do dhéanamh anois .i. fághail Chnuic Chéin mhic Cáinte, áit ar hadhlacadh Cian mac Cáinte, d'éis Chloinne Tuireann dá mharbhadh. Seo é an cur síos atá air i “n-Oidheadh Chloinne Tuireann”: “Do cuireadh Cian fá'n bhfeart arís iar sin, agus do tógbhadh a lia ós a leacht, agus do fearadh a chluiche caointe, agus do sgríobhadh a ainm i n-ogham. “Is ó Chian ainmneóchar an cnoc so,” ar Lugh; “agus ná foillsigheadh neach an gníomh so nó go bhfoillsighead-sa é”, ar sé; agus adubhairt an laoidh so síos:— ‘Ó Chian ainmneóchar an cnoc, Gé 'tá ina ionad fhornocht; Mór an gníomh do rónadh ann, Fionghail ar Thuath Dé Danann. Mic Tuireann do rinne an gníomh, Innisim daoibh-se tré fhíor; Adeirim libh — ní sgéal gua - Tiocfaidh re a n-ua, 's a n-iarnua. Trí mic Cáinte — cródha an dream - Agus Clann Tuireann Bigreann Is de dorála bás Chéin, A mbeith cómhárd i gcóimhchéim. Is briste mo chroidhe im' chliabh, Ó nach maireann an curadh Cian; Do Chloinn Dealbhaoith — ní sgéal gó - Go mbeidh uile fá iarghnó.’” Sin thuas ádhbhar “Oidhidh Chloinne Tuir- eann.” Acht munab é an fhionghail sin, ní bheidheadh an deigh-sgéal sin againn. Nach iniarrtha dhúinn, mar sin, eolas ceart do chur ar uaigh Chéin mhic Cáinte a dtáinig an sgéal uile d'á mharbhadh? Do shaoil Eoghan Ó Comhraidhe gur ar Árd Chéin i n-aice Dhroma Ineasclainn fá a sé do mhíltibh taobh theas do'n Tráigh-bhaile do hadhlacadh Cian. Acht caidé adubhairt Lugh Lámhfhada? Mar so do tharngair sé: “Ó Chian ainm- neóchar an cnoc.” Maiseadh, is é ainm do bheidheadh ar an gcnoc ar a laighead “Cnoc Chéin,” agus ní hé amháin go bhfuil sin air, acht is é ainm atá air ag lucht Gaedhilge na dúithche sin go dtí an lá atá indiu ann “Cnoc Chéin mhic Cáinte” agus ní hi n-aice Dhroma Ineasclainn atá sé, acht fá dhá mhíle go leith taobh thiar thuaidh do'n Tráigh- bhaile (nó Sráid-bhaile, amhail is mince deirthear) agus corradh is míle ó Dhún Deal- gan (nó Dhealgain, mar bhíthear dá rádh i gcoitchinne anois i nGaedhilg). Comhalladh tarngaire Logha Lámhfhada sin gan bhréag gan chlaon. Is fíor go bhfuil ath-ainm air anois fós .i. Cillín. Is uaidh do tháinig sin ó chill do bhíodh ag á bhun. Do bhí an chill seo ar bhruach na linne. Do lean ainm na cille sin do'n bhaile agus do tugadh ar an gcnoc féin é fá dheóidh. Tá, mar déarfá, dhá bhinn ar an gcnoc, nó b'fhéidir gur dá chnoc atá ann: Cillín Mór nó Cnoc Chéin mhic Cáinte an cnoc mór agus Cillín Beag an cnoc beag. Cillín an cnoc uile. An sean-ainm is mó agus is mince cluintear ag
Gaedilgeóiríbh agus Killin Hill do-bheir lucht Béarla air. Is é ainm atá ar an linn úd, do réir Bhriain Uí Luain, “Linn na fuinn- seoige.” Mo ghreadán cráidhte! do truailligheadh agus do sladadh uaigh Chéin, agus do sgaipeadh a cuid cloch le fán, agus do leigeadh (má's é féin do hadhlacadh ann agus cad as nach é agus a ainm féin ar an áit?) a luaithre le gaoith! Ní'l mallacht dá mhéad nach cuirthe leis an danar dúr dána damanta do- eoluis do rinne a uathbhásaighe sin do chreich agus a aidhmhilltighe sin do sgrios ar uaigh ársanta do tháinig slán chugainn ó aimsir Thuath De Danann anuas. 'Sa' bhliadhain ocht gcéad déag 's an tseiseadh bliadhain fichead do rinneadh an choir sin, beagnach i lár na haoise seo na healadhan, ag bastún Saxanaigh gan foghlaim gan eolus! Cúradh a gcroidhe ar lucht ealadhan agus eoluis na haimsire sin nár chuir i gcoinne gnótha creachadóireachta na péisteoige gránna! Bhuain sé fiche troigh de bhárr an chnuic, mar gheall ar aol le n-a losgadh, agus do sgaip sé clocha na huaighe ar fud na dúithche! Truagh nach thíos i bPoll Tighe an Liabáin a bhí sé! Sin í an áit ar bheithte dhó ann. Do mhill sé an uaigh! Dho mhill sé an linn! Do mhill sé an t-amharc! Dho mhill sé an cnoc! Ní'l nídh dár bhuain do'n chnoc nachar mhill sé é! Agus is mór is caillte sinne d'á dhruim! Truagh nach anois an t-am roimh leagadh an fhearta! I n-a éagmuis sin, is ceart dúinn bheith buidheach do Thomás Wright do tharraing cosamhlacht an chnuic agus na huaighe go ceart cruinn le haghaidh Louthiana tá céad is ceathracha bliadhain agus brabach o shoin. Ceapaim, na fíoghairí nó na comharthaidhe úd do fríth ar grafadh ar thaoibh istigh do chlochaibh an leachta, gur bh'iad ainm Chéin mhic Cáinte i n-ogham Thuath Dé Danann iad. Sin mar atá sé 'sa' sgéal .i. “do sgríobhadh a ainm i n-ogham.” Deir Tomás Wright gur bh'ionann iad agus a raibh graftha ar chlochaibh Achaidh Aldai i Mughdhornaibh Breagh. Tá an ghraifneoireacht fós ann- san uaimh sin agus tá a shamhail le feicsin go fairsing ar Shliabh na Caillighe i n-aice Seanchaisleáin an Fhásaigh i gCondae na Midhe. 'Siad Tuatha Dé Danann do thóg na fearta so uile, i n-éinfheacht le huamhaibh Dhubhaidh agus Cnoghbha, do réir an tseanchais, agus cad as nach é ogham Thuath Dé Danann an cineál graifneoireachta fríth ionnta? Ó's fíor go bhfuil Cnoc Chéin mhic Cáinte d'ainm ar an gcnoc, agus go raibh uaigh Chéin mhic Cáinte ar a mhullach le fíor-ghoirid agus go bhfríth cnámha duine i mballán agus iad loisgthe agus a shleagh ann-san uaigh nuair do hosgladh í, cad as nach é Cian mac Cáinte do hadhlacadh ann? 'Sé go cinnte, dom' bharamhail. Deir Dubhghlas de Híde agus M. D'Arbois de Jubainville nach raibh ann-sna Tuathaibh Dé Danann so acht déithe agus gurab amhlaidh do rinneadh daoine dhíobh i ndeireadh thiar. Seo ceist agam orra: Ó's dearbh, dar liom-sa, go bhfríth cnámha Chéin mhic Cáinte, duine de Thuathaibh Dé Danann, istigh i n-a uaigh féin, nach bhfágann sain go raibh sé 'na dhuine? Agus ó táid cuid mhór do na feartaibh eile do thóg Tuatha Dé Danann, do réir an tseanchais, ar fághail indiu, agus fíor-chuma na sean-ársaidheachta orra, nach deimhin gur dhaoine iad? Cia heile do thóg na fearta? Déithe, an eadh? Ní dhearna déithe riamh dadaidh dá leithéid; ní rabhadar ann chum a dhéanta. Daoine do thóg, agus is iad Tuatha Dé Danann na daoine sin. B'fhéidir, ámh, gur tríd a chéile do cuireadh déithe agus daoine. 'Sé mheasaim gur dhéithe an Daghdha, Oghmha, Ealathan, &c. Cad chuige nach ceart a chreideamhain gur cuireadh Cian i mullach an chnuic, go háirithe nuair fríth cnámha duine agus a shleagh ann, agus go bhfuil a ainm féin ar an uaigh leis na
ciantaibh? Ní creidte dhúinn go ndearna sé muc dhraoidheachta de féin, acht is tuairim láidir a chreideamhain gur marbhadh ann é na cianta ó shoin, gurab ann do cuireadh é. Is aoibhinn álainn an cnoc Cillín Mór. Má téidhthear chuige, ag gabháil bealach Droichid an Chroinn, atchífear coill chluth- mhar chraobhach uime ó n-a bhun go dtí n-a bhárr, agus cibé ar bith áit nach coill is úr uaine an féar le feicsin, go háirithe fá bhun na coilleadh agus ar Chillín Bheag; go dearbhtha, ní hiongnadh Úr-chnoc Chéin mhic Cáinte do thabhairt air. Tá an t-amharc breaghdha ann go seadh acht an choill bheith ag fás go mullach go tiugh agus go dlúith. Bhí sé doineannta, an lá chuadhas ar mo ruaig ann, acht má bhí féin, is fíor a rádh gur bhuaineas aer as an ruaig sin. Seo é ádhbhar an cheoil, dar liom-sa: Peadar Ó Doirnín agus Mághnus MhacÁrd- ghaile beirt fhileadh do bhí i ngrádh le Nuala i n-éinfheacht. Rinneadar an t-suirghe i ndán, ag éad (nó ag formad) le n-a chéile, agus cibé aca dob' fhearr filidheacht, is deimhin gurab é an t-úcaire dob' fhearr le Nuala mar chéile, agus measaim féin gurab é dob' fhearr di mar nuachar. Féadfaidhe gurab é déantús Pheadair Uí Dhoirnín is binne, acht má's é féin, ní holc an t-amhrán “Nuala” agus seo é déanamh atá air .i. ocht línte i ngach ceathramhain agus ar a shon sin tá do mhéad a n-athruighthe nach bhfuil ceathramha ar bith aca ar aon nós ar fad le cách eile. Acht is mithid dúinn amhrán Pheadair do chur síos agus ag so 'nar ndiaidh é: ÚR-CHNOC CHÉIN MHIC CÁINTE. Peadar Ó Doirnín cct. I. A phlúir na maighdeán 's úire gné Thug clú le sgéimh ó'n Ádhamhchloinn; A chúil na bpéarlaí, a rúin na héigse, Noch dhúbluigheas féile 's fáilte; A ghnúis mar ghréin i dtús gach lae ghil A mhúchas léan led' gháire: 'Sé mo chumha gan mé 's tú, a shiúir linn féin 'Sa dún sin Chéin mhic Cáinte! II. Táim brúighte i bpéin, gan suan gan néal, Ded' chumha, a ghéig is áille, 'S gur tú mo raeghin i gcúigibh Éireann, Cúis nach séanaim áthais de. Dá siubhailfeá, a réalt gan smúid, liom féin, Badh súgach saor mo shláinte; Gheabhfá plúr is méad is cnúsach craobh 'Sa' dún so Chéin mhic Cáinte. III. A shuairc-bhean shéimh na gcuach-bhfolt péarlach, Gluais liom féin ar báll beag, Tráth 's buailte cléir is tuata féin I suan faoi éadchaibh bána, Ó thuaidh, go mbéidheam 'bhfad uatha 'raon, Teach nua-chruth gréine 'mbárach, Gan ghuais le chéile i n-uaigneas aerach 'San uaimh sin Chéin mhic Cáinte. IV. Cluinfir uaill na ngadhar ar luas i ndéidh Bhriain luaimnigh bhéarnaigh 'bhfáschaibh, Is fuaim guth béilbhinn cuach is smaolach Suarc ar ghéagaibh 'n-áltaibh. I bhfuar-linn tséimh 'tchífir sluagh-bhuidhean éisg A' ruagadh 'chéile ar snámh ann; 'S an cuan gur léar dhuit uait i gcéin Ó nua-Chnoc Chéin mhic Cáinte. V. A rúin mo chléibh, mar súd ab' fhéarr dhuit Tús do shaoghail a chaitheamh liom,
'S ní 'gclúid faoi léan ag búircín bréan 'Gcionn túrna 's péire cárda; Gheabhair ceol na dtéad le luas na méar 'Gad dhúisiughadh, 's bhéarsaidhe grádh' fós; Oir ní'l dún fá'n ghréin comh súgach aerach Le h-Úr-chnoc Chéin mhic Cáinte.
Ag so freaghra ar an amhran so thuas ó Mhághnus (?) Mhac Árdghaile dar bha chomhainm "an t-Úcaire":
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services