Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cnoc Chéin Mhic Cáinte.

Title
Cnoc Chéin Mhic Cáinte.
Author(s)
Ó Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CNOC CHÉIN MHIC CÁINTE.



Nídh do sháruigh ar Eoghan Ó
Comhraidhe, 'sé atáthar do
dhéanamh anois .i. fághail
Chnuic Chéin mhic Cáinte, áit
ar hadhlacadh Cian mac
Cáinte, d'éis Chloinne Tuireann dá
mharbhadh. Seo é an cur síos atá air i
“n-Oidheadh Chloinne Tuireann”:



“Do cuireadh Cian fá'n bhfeart arís iar
sin, agus do tógbhadh a lia ós a leacht, agus do
fearadh a chluiche caointe, agus do sgríobhadh a
ainm i n-ogham.



“Is ó Chian ainmneóchar an cnoc so,” ar
Lugh; “agus ná foillsigheadh neach an gníomh
so nó go bhfoillsighead-sa é”, ar sé; agus
adubhairt an laoidh so síos:—



‘Ó Chian ainmneóchar an cnoc,
Gé 'tá ina ionad fhornocht;
Mór an gníomh do rónadh ann,
Fionghail ar Thuath Dé Danann.



Mic Tuireann do rinne an gníomh,
Innisim daoibh-se tré fhíor;
Adeirim libh — ní sgéal gua -
Tiocfaidh re a n-ua, 's a n-iarnua.



Trí mic Cáinte — cródha an dream -
Agus Clann Tuireann Bigreann
Is de dorála bás Chéin,
A mbeith cómhárd i gcóimhchéim.



Is briste mo chroidhe im' chliabh,
Ó nach maireann an curadh Cian;
Do Chloinn Dealbhaoith — ní sgéal
gó -
Go mbeidh uile fá iarghnó.’”



Sin thuas ádhbhar “Oidhidh Chloinne Tuir-
eann.” Acht munab é an fhionghail sin, ní
bheidheadh an deigh-sgéal sin againn. Nach
iniarrtha dhúinn, mar sin, eolas ceart do
chur ar uaigh Chéin mhic Cáinte a dtáinig an
sgéal uile d'á mharbhadh? Do shaoil Eoghan
Ó Comhraidhe gur ar Árd Chéin i n-aice
Dhroma Ineasclainn fá a sé do mhíltibh
taobh theas do'n Tráigh-bhaile do hadhlacadh
Cian. Acht caidé adubhairt Lugh Lámhfhada?
Mar so do tharngair sé: “Ó Chian ainm-
neóchar an cnoc.” Maiseadh, is é ainm do
bheidheadh ar an gcnoc ar a laighead “Cnoc
Chéin,” agus ní hé amháin go bhfuil sin air, acht
is é ainm atá air ag lucht Gaedhilge na
dúithche sin go dtí an lá atá indiu ann
“Cnoc Chéin mhic Cáinte” agus ní hi n-aice
Dhroma Ineasclainn atá sé, acht fá dhá
mhíle go leith taobh thiar thuaidh do'n Tráigh-
bhaile (nó Sráid-bhaile, amhail is mince
deirthear) agus corradh is míle ó Dhún Deal-
gan (nó Dhealgain, mar bhíthear dá rádh i
gcoitchinne anois i nGaedhilg). Comhalladh
tarngaire Logha Lámhfhada sin gan bhréag
gan chlaon. Is fíor go bhfuil ath-ainm air
anois fós .i. Cillín. Is uaidh do tháinig sin
ó chill do bhíodh ag á bhun. Do bhí an chill
seo ar bhruach na linne. Do lean ainm na
cille sin do'n bhaile agus do tugadh ar an
gcnoc féin é fá dheóidh. Tá, mar déarfá,
dhá bhinn ar an gcnoc, nó b'fhéidir gur dá
chnoc atá ann: Cillín Mór nó Cnoc Chéin
mhic Cáinte an cnoc mór agus Cillín Beag an
cnoc beag. Cillín an cnoc uile. An
sean-ainm is mó agus is mince cluintear ag


L. 43


Gaedilgeóiríbh agus Killin Hill do-bheir lucht
Béarla air. Is é ainm atá ar an linn úd,
do réir Bhriain Uí Luain, “Linn na fuinn-
seoige.”



Mo ghreadán cráidhte! do truailligheadh
agus do sladadh uaigh Chéin, agus do sgaipeadh a
cuid cloch le fán, agus do leigeadh (má's é
féin do hadhlacadh ann agus cad as nach é agus
a ainm féin ar an áit?) a luaithre le
gaoith! Ní'l mallacht dá mhéad nach cuirthe
leis an danar dúr dána damanta do-
eoluis do rinne a uathbhásaighe sin do chreich
agus a aidhmhilltighe sin do sgrios ar uaigh
ársanta do tháinig slán chugainn ó aimsir
Thuath De Danann anuas. 'Sa' bhliadhain
ocht gcéad déag 's an tseiseadh bliadhain
fichead do rinneadh an choir sin, beagnach i
lár na haoise seo na healadhan, ag bastún
Saxanaigh gan foghlaim gan eolus! Cúradh
a gcroidhe ar lucht ealadhan agus eoluis na
haimsire sin nár chuir i gcoinne gnótha
creachadóireachta na péisteoige gránna!
Bhuain sé fiche troigh de bhárr an chnuic, mar
gheall ar aol le n-a losgadh, agus do sgaip sé
clocha na huaighe ar fud na dúithche! Truagh
nach thíos i bPoll Tighe an Liabáin a bhí sé!
Sin í an áit ar bheithte dhó ann. Do mhill
sé an uaigh! Dho mhill sé an linn! Do
mhill sé an t-amharc! Dho mhill sé an cnoc!
Ní'l nídh dár bhuain do'n chnoc nachar mhill
sé é! Agus is mór is caillte sinne d'á
dhruim! Truagh nach anois an t-am roimh
leagadh an fhearta! I n-a éagmuis sin, is
ceart dúinn bheith buidheach do Thomás
Wright do tharraing cosamhlacht an chnuic
agus na huaighe go ceart cruinn le haghaidh
Louthiana tá céad is ceathracha bliadhain agus
brabach o shoin.



Ceapaim, na fíoghairí nó na comharthaidhe
úd do fríth ar grafadh ar thaoibh istigh do
chlochaibh an leachta, gur bh'iad ainm Chéin mhic
Cáinte i n-ogham Thuath Dé Danann iad.
Sin mar atá sé 'sa' sgéal .i. “do sgríobhadh
a ainm i n-ogham.” Deir Tomás Wright
gur bh'ionann iad agus a raibh graftha ar
chlochaibh Achaidh Aldai i Mughdhornaibh
Breagh. Tá an ghraifneoireacht fós ann-
san uaimh sin agus tá a shamhail le feicsin go
fairsing ar Shliabh na Caillighe i n-aice
Seanchaisleáin an Fhásaigh i gCondae na
Midhe. 'Siad Tuatha Dé Danann do thóg
na fearta so uile, i n-éinfheacht le huamhaibh
Dhubhaidh agus Cnoghbha, do réir an tseanchais,
agus cad as nach é ogham Thuath Dé Danann an
cineál graifneoireachta fríth ionnta?



Ó's fíor go bhfuil Cnoc Chéin mhic Cáinte
d'ainm ar an gcnoc, agus go raibh uaigh Chéin
mhic Cáinte ar a mhullach le fíor-ghoirid agus
go bhfríth cnámha duine i mballán agus iad
loisgthe agus a shleagh ann-san uaigh nuair do
hosgladh í, cad as nach é Cian mac Cáinte
do hadhlacadh ann? 'Sé go cinnte, dom'
bharamhail. Deir Dubhghlas de Híde agus M.
D'Arbois de Jubainville nach raibh ann-sna
Tuathaibh Dé Danann so acht déithe agus gurab
amhlaidh do rinneadh daoine dhíobh i ndeireadh
thiar. Seo ceist agam orra: Ó's dearbh,
dar liom-sa, go bhfríth cnámha Chéin mhic
Cáinte, duine de Thuathaibh Dé Danann,
istigh i n-a uaigh féin, nach bhfágann sain go
raibh sé 'na dhuine? Agus ó táid cuid mhór
do na feartaibh eile do thóg Tuatha Dé
Danann, do réir an tseanchais, ar fághail
indiu, agus fíor-chuma na sean-ársaidheachta
orra, nach deimhin gur dhaoine iad? Cia
heile do thóg na fearta? Déithe, an eadh?
Ní dhearna déithe riamh dadaidh dá leithéid;
ní rabhadar ann chum a dhéanta. Daoine
do thóg, agus is iad Tuatha Dé Danann na
daoine sin. B'fhéidir, ámh, gur tríd a chéile
do cuireadh déithe agus daoine. 'Sé mheasaim
gur dhéithe an Daghdha, Oghmha, Ealathan, &c.
Cad chuige nach ceart a chreideamhain gur
cuireadh Cian i mullach an chnuic, go háirithe
nuair fríth cnámha duine agus a shleagh ann, agus
go bhfuil a ainm féin ar an uaigh leis na


L. 44


ciantaibh? Ní creidte dhúinn go ndearna
sé muc dhraoidheachta de féin, acht is
tuairim láidir a chreideamhain gur marbhadh
ann é na cianta ó shoin, gurab ann do
cuireadh é.



Is aoibhinn álainn an cnoc Cillín Mór.
Má téidhthear chuige, ag gabháil bealach
Droichid an Chroinn, atchífear coill chluth-
mhar chraobhach uime ó n-a bhun go dtí n-a
bhárr, agus cibé ar bith áit nach coill is úr
uaine an féar le feicsin, go háirithe fá
bhun na coilleadh agus ar Chillín Bheag; go
dearbhtha, ní hiongnadh Úr-chnoc Chéin mhic
Cáinte do thabhairt air. Tá an t-amharc
breaghdha ann go seadh acht an choill bheith ag
fás go mullach go tiugh agus go dlúith. Bhí sé
doineannta, an lá chuadhas ar mo ruaig
ann, acht má bhí féin, is fíor a rádh gur
bhuaineas aer as an ruaig sin.



Seo é ádhbhar an cheoil, dar liom-sa:
Peadar Ó Doirnín agus Mághnus MhacÁrd-
ghaile beirt fhileadh do bhí i ngrádh le Nuala i
n-éinfheacht. Rinneadar an t-suirghe i ndán,
ag éad (nó ag formad) le n-a chéile, agus cibé
aca dob' fhearr filidheacht, is deimhin gurab
é an t-úcaire dob' fhearr le Nuala mar
chéile, agus measaim féin gurab é dob' fhearr
di mar nuachar. Féadfaidhe gurab é
déantús Pheadair Uí Dhoirnín is binne, acht
má's é féin, ní holc an t-amhrán “Nuala” agus
seo é déanamh atá air .i. ocht línte i ngach
ceathramhain agus ar a shon sin tá do mhéad a
n-athruighthe nach bhfuil ceathramha ar bith
aca ar aon nós ar fad le cách eile. Acht
is mithid dúinn amhrán Pheadair do chur
síos agus ag so 'nar ndiaidh é:



ÚR-CHNOC CHÉIN MHIC CÁINTE.



Peadar Ó Doirnín cct.



I.
A phlúir na maighdeán 's úire gné
Thug clú le sgéimh ó'n Ádhamhchloinn;
A chúil na bpéarlaí, a rúin na héigse,
Noch dhúbluigheas féile 's fáilte;
A ghnúis mar ghréin i dtús gach lae ghil
A mhúchas léan led' gháire:
'Sé mo chumha gan mé 's tú, a shiúir linn
féin
'Sa dún sin Chéin mhic Cáinte!



II.
Táim brúighte i bpéin, gan suan gan néal,
Ded' chumha, a ghéig is áille,
'S gur tú mo raeghin i gcúigibh Éireann,
Cúis nach séanaim áthais de.
Dá siubhailfeá, a réalt gan smúid, liom
féin,
Badh súgach saor mo shláinte;
Gheabhfá plúr is méad is cnúsach craobh
'Sa' dún so Chéin mhic Cáinte.



III.
A shuairc-bhean shéimh na gcuach-bhfolt
péarlach,
Gluais liom féin ar báll beag,
Tráth 's buailte cléir is tuata féin
I suan faoi éadchaibh bána,
Ó thuaidh, go mbéidheam 'bhfad uatha 'raon,
Teach nua-chruth gréine 'mbárach,
Gan ghuais le chéile i n-uaigneas aerach
'San uaimh sin Chéin mhic Cáinte.



IV.
Cluinfir uaill na ngadhar ar luas i ndéidh
Bhriain luaimnigh bhéarnaigh 'bhfáschaibh,
Is fuaim guth béilbhinn cuach is smaolach
Suarc ar ghéagaibh 'n-áltaibh.
I bhfuar-linn tséimh 'tchífir sluagh-bhuidhean
éisg
A' ruagadh 'chéile ar snámh ann;
'S an cuan gur léar dhuit uait i gcéin
Ó nua-Chnoc Chéin mhic Cáinte.



V.
A rúin mo chléibh, mar súd ab' fhéarr dhuit
Tús do shaoghail a chaitheamh liom,


L. 45


'S ní 'gclúid faoi léan ag búircín bréan
'Gcionn túrna 's péire cárda;
Gheabhair ceol na dtéad le luas na méar
'Gad dhúisiughadh, 's bhéarsaidhe grádh' fós;
Oir ní'l dún fá'n ghréin comh súgach aerach
Le h-Úr-chnoc Chéin mhic Cáinte.


L. 46


Ag so freaghra ar an amhran so thuas
ó Mhághnus (?) Mhac Árdghaile dar bha
chomhainm "an t-Úcaire":



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services