Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Tí do Theastuigh Uainn - Caoineadh An Atar Eoghan O Gramhnaigh.
Title
An Tí do Theastuigh Uainn - Caoineadh An Atar Eoghan O Gramhnaigh.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CAOINEADH AN ATAR EOGHAN O GRAMHNAIGH. A Chlanna Gaedheal an chroidhe, Is doiligh an sgéal sa tír, Flaith na féile 's na ndeigh-ghníomh, An sagart léigheanta caoin, An tAthair Eoghan, 'na luighe Go fuar i gcré 'sa chill. Och, ochón! Mo chreach ghéar agus m'amhgar, Is lag a shíleas an tSamhain-se Go mbeadh do chorp breágh modhamhaile, Go bocht agus go fann lag, Ag neartughadh fáis an gheamhair ghlais; Ná go mbeinn-se féin go canntlach Atuirseach trom-ghuil Ag ceapadh marbh-rann duit, A Athair Eoghain Uí Ghramhnaigh. Och, ochón! Acht ní mar a síltear a fachtar B'fhearr fhios ag Rígh na bhFlaitheas, Moladh go deo len' ainm. Is É do cheap an t-aga, I bhfad roimh ré, dob' fhearr dod' anam Éirghe as an talamh Go glóire síoch na bhflaitheas. Ní gearánta dhúinn ar A achtaibh, Gidh mór an chaill ár gcara. Och, ochón! A chuisle an chroidhe 's na páirte, Bhí a fhios agam an lá úd Go raibh sgéal éigin bháis chugham, Mar do taidhbhrigheadh dham trí trátha Go gcaillfinn fiacail i mbáireach; Do chonnac-sa ceithre cága Ag teacht anoir ó'n dtráigh chugham; Do chonnac agus sgamall dubh neamh- ghnáthach, Mar bheadh glóthach chiardhubh ghránda, Ar leathadh trasna Chláir Luirc. Ba ghoirid gur fíoradh an rádh dham, Mar tháinig chughainn an tásg guirt Go raibh t'anam áluinn I measg aingeal láithreach I gCúirt an Athar Neámhdha; Go raibh sí tar éis an tsaoghail seo fhágaint Ar a mhalairt dob' fhearr d'áitreabh; Agus Clanna Gaedheal dá bharr sain Go buaidheartha gruadh-fhliuch cráidhte. Och, ochón! Mo bhriseadh croidhe is mo bhrón, Ba dhoilighe linn sain mar sgeól 'Ná a dtáinig riamh 'nár dtreo, 'S 'ná a dtiocfaidh anall go deo; Ár sgiath's ár gclogad gleoidh, Tarbh tána na leoghan, Oide béal-bhinn na n-óg, Taitneamh na seanóir, Ceap cosanta cóir Teangadh Fearantais Eoghain, Sagart ba néamhrach clódh, B'umhal is ba dhiadha meoin, Nár thaobhuigh an t-éitheach mar nós, Acht an fhírinne d'fhuighlibh beoil, An déirc do'n truagh 's do'n dreoil, Eolas leathan do'n aineoil. Nár ghrádhuigh an saoghal ná a bhaoth- ghlóir Acht Flaithis na Naomh is na nÓrd, Táid sin 'na luighe leat fá'n bhfód, Gan fagháil ar a gcasadh chughainn, a Athair Eoghain. Och, ochón! Ní'l roinn de rannaibh na cruinne Fá chuaird na gréine gile, 'Na bhfuil cuid dá laighead d'ár gcineadh, Nach deórach bheas gach duine Ar bhfagháil táisg an Bhile B'aoirde bláth de chrannaibh na coille. Caoinfid go fíor-ghuirt do thuitim Fá shaighead an chnámhaigh bhuile, Nár fhág go fóill tu againne Go bhfuighmís caoi ar a thuilleadh De'n eolas uait-se a phiocadh, 'S ár múineadh go deo mar do rinnis, Ó's tusa b'áluinn chuige, A Athair Eoghain, a chumainn. Och, ochón! Mo dhiombáidh chroidhe 's mo léir ghuirt Ní cloisfear arís tu, a chaomhthaigh, Ag tabhairt comhairle chéille chum buanuighthe na Gaedhilge. Ní fheicfear a thuilleadh réidhteach Ag teacht uait ar gach daor-cheist I nIRISLEABHAR NA GAEDILGE
Níor lugha an doigh is tréine Dá bhfuair do chroidhe bocht féinidh Ó'n mbreoidhteacht so do rinn t'éirleach, A uain na foidhne 's na féile, 'Ná an doigh do chuaidh 'na géire Tre lár croidhe na hÉireann Nuair cualathas tásg t'éaga. Is é thug fir gan áird gan éirim; Is é thug mná ag stathadh a gcéabhfholt; Is é thug leanbhaoi ag béicidh; Is é thug beithidhigh ag sgréachaidh, Ag bualadh 's ag basgadh a chéile, do chuir an sgealg géim as; Do chrith an sliabh go héachtach; Do bhog is do rith na réalta Anonn 's anall tre n-a chéile; Do thuit an chlagairneach ó na spéar- thaibh, 'S an ghaogh 'na hanfhaithe dá séideadh; Is, a chara na n-ae istigh, Cá bhfuigheam do shamhailt i n-aon chor? Och, ochón! Taoi sgartha linn, a annsaigh na páirte, Gur dhual duit an umhlacht 'na ndéar- nais, Do sheachain an t-olc do ghnáthach, 'S do thaobhuigh an mhaith mar shubháilce. Is a Dhian an bhFlaitheas, áilim Tre n-ar fhulaing t'Aon-mhac 'sa pháis ghuirt, Go raibh anam ár gcarad láimh leat I Ríoghacht na n-aingeal neamhdha. Agus iarraim ar Mhuire mháthair, Bhí riamh lán de ghrásaibh, 'S go bhfuil na cumhachta aici go láidir, Le n-a headar-ghuidhe tráthamhail Ionad dó do sholáthar I measg na naomh-tháinte, Agus abraimís go léir “Ámen.” Tadhg O Donnchadha. i mBaile Átha Cliat. 6/11/1899.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services