Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Tí do Theastuigh Uainn - Caoineadh An Atar Eoghan O Gramhnaigh.

Title
An Tí do Theastuigh Uainn - Caoineadh An Atar Eoghan O Gramhnaigh.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 35


CAOINEADH
AN ATAR EOGHAN O GRAMHNAIGH.



A Chlanna Gaedheal an chroidhe,
Is doiligh an sgéal sa tír,
Flaith na féile 's na ndeigh-ghníomh,
An sagart léigheanta caoin,
An tAthair Eoghan, 'na luighe
Go fuar i gcré 'sa chill.
Och, ochón!



Mo chreach ghéar agus m'amhgar,
Is lag a shíleas an tSamhain-se
Go mbeadh do chorp breágh modhamhaile,
Go bocht agus go fann lag,
Ag neartughadh fáis an gheamhair ghlais;
Ná go mbeinn-se féin go canntlach
Atuirseach trom-ghuil
Ag ceapadh marbh-rann duit,
A Athair Eoghain Uí Ghramhnaigh.
Och, ochón!



Acht ní mar a síltear a fachtar
B'fhearr fhios ag Rígh na bhFlaitheas,
Moladh go deo len' ainm.
Is É do cheap an t-aga,
I bhfad roimh ré, dob' fhearr dod' anam
Éirghe as an talamh
Go glóire síoch na bhflaitheas.
Ní gearánta dhúinn ar A achtaibh,
Gidh mór an chaill ár gcara.
Och, ochón!



A chuisle an chroidhe 's na páirte,
Bhí a fhios agam an lá úd
Go raibh sgéal éigin bháis chugham,
Mar do taidhbhrigheadh dham trí trátha
Go gcaillfinn fiacail i mbáireach;
Do chonnac-sa ceithre cága
Ag teacht anoir ó'n dtráigh chugham;
Do chonnac agus sgamall dubh neamh-
ghnáthach,
Mar bheadh glóthach chiardhubh ghránda,
Ar leathadh trasna Chláir Luirc.
Ba ghoirid gur fíoradh an rádh dham,
Mar tháinig chughainn an tásg guirt
Go raibh t'anam áluinn
I measg aingeal láithreach
I gCúirt an Athar Neámhdha;
Go raibh sí tar éis an tsaoghail seo
fhágaint
Ar a mhalairt dob' fhearr d'áitreabh;
Agus Clanna Gaedheal dá bharr sain
Go buaidheartha gruadh-fhliuch cráidhte.
Och, ochón!



Mo bhriseadh croidhe is mo bhrón,
Ba dhoilighe linn sain mar sgeól
'Ná a dtáinig riamh 'nár dtreo,
'S 'ná a dtiocfaidh anall go deo;
Ár sgiath's ár gclogad gleoidh,
Tarbh tána na leoghan,
Oide béal-bhinn na n-óg,
Taitneamh na seanóir,
Ceap cosanta cóir
Teangadh Fearantais Eoghain,
Sagart ba néamhrach clódh,
B'umhal is ba dhiadha meoin,
Nár thaobhuigh an t-éitheach mar nós,
Acht an fhírinne d'fhuighlibh beoil,
An déirc do'n truagh 's do'n dreoil,
Eolas leathan do'n aineoil.
Nár ghrádhuigh an saoghal ná a bhaoth-
ghlóir
Acht Flaithis na Naomh is na nÓrd,
Táid sin 'na luighe leat fá'n bhfód,
Gan fagháil ar a gcasadh chughainn, a
Athair Eoghain.
Och, ochón!



Ní'l roinn de rannaibh na cruinne
Fá chuaird na gréine gile,
'Na bhfuil cuid dá laighead d'ár
gcineadh,
Nach deórach bheas gach duine
Ar bhfagháil táisg an Bhile
B'aoirde bláth de chrannaibh na coille.
Caoinfid go fíor-ghuirt do thuitim
Fá shaighead an chnámhaigh bhuile,
Nár fhág go fóill tu againne
Go bhfuighmís caoi ar a thuilleadh
De'n eolas uait-se a phiocadh,
'S ár múineadh go deo mar do rinnis,
Ó's tusa b'áluinn chuige,
A Athair Eoghain, a chumainn.
Och, ochón!



Mo dhiombáidh chroidhe 's mo léir ghuirt
Ní cloisfear arís tu, a chaomhthaigh,
Ag tabhairt comhairle chéille
chum buanuighthe na Gaedhilge.
Ní fheicfear a thuilleadh réidhteach
Ag teacht uait ar gach daor-cheist
I nIRISLEABHAR NA GAEDILGE


L. 36


Níor lugha an doigh is tréine
Dá bhfuair do chroidhe bocht féinidh
Ó'n mbreoidhteacht so do rinn t'éirleach,
A uain na foidhne 's na féile,
'Ná an doigh do chuaidh 'na géire
Tre lár croidhe na hÉireann
Nuair cualathas tásg t'éaga.
Is é thug fir gan áird gan éirim;
Is é thug mná ag stathadh a gcéabhfholt;
Is é thug leanbhaoi ag béicidh;
Is é thug beithidhigh ag sgréachaidh,
Ag bualadh 's ag basgadh a chéile,
do chuir an sgealg géim as;
Do chrith an sliabh go héachtach;
Do bhog is do rith na réalta
Anonn 's anall tre n-a chéile;
Do thuit an chlagairneach ó na spéar-
thaibh,
'S an ghaogh 'na hanfhaithe dá séideadh;
Is, a chara na n-ae istigh,
Cá bhfuigheam do shamhailt i n-aon chor?
Och, ochón!



Taoi sgartha linn, a annsaigh na páirte,
Gur dhual duit an umhlacht 'na ndéar-
nais,
Do sheachain an t-olc do ghnáthach,
'S do thaobhuigh an mhaith mar shubháilce.
Is a Dhian an bhFlaitheas, áilim
Tre n-ar fhulaing t'Aon-mhac 'sa pháis
ghuirt,
Go raibh anam ár gcarad láimh leat
I Ríoghacht na n-aingeal neamhdha.
Agus iarraim ar Mhuire mháthair,
Bhí riamh lán de ghrásaibh,
'S go bhfuil na cumhachta aici go láidir,
Le n-a headar-ghuidhe tráthamhail
Ionad dó do sholáthar
I measg na naomh-tháinte,
Agus abraimís go léir “Ámen.”



Tadhg O Donnchadha.
i mBaile Átha Cliat.
6/11/1899.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services