Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Reviews.
Title
Reviews.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
REVIEWS
“An t-Európach, Irisleabhar il-teangadh na hEuropa. Athcliath, Meitheamh, 1899, Dá phinginn, 20 centimes.” Printed by Patrick O'Brien, 46 Cuffe- street, Dublin. Subscription for one year, 1s. 6d., post free. Fuaramar le fír-dhéidheanaighe an chéad uimhir de'n pháipéar bheag so. Gaedhilg is mó atá ann, acht tá beagáinín beag fá chló aige i bhFrainncis, i nGearmáinis agus i Spáinis comh maith céadna. Ní maith linn an teideal atá air. Go deimhin, is ar an dtuathal do ceapadh é. “An t-Eorpach” an ceart. Ba chuirthe “na hEorpa” ann leis i n-ionad “na hEuropa”. Mic léighinn Ghaedhealacha Choláiste na Tríonóide do chuir ar bun “An t-Európach” (tá súil againn go gcuirfear an ceart síos i mbárr na hathuimhreach). Tá cead cló ann ag teangaidh Eorpaigh ar bith, acht an Ghaedhilg bheith 'na prímh-theangaidh agus an Fhrainncis 'na haiththean- gaidh. Ní'l slighe ar bith do'n Ghaill-bhéarla. Tá sin mar is cóir. 'Sí aisde is fearr dá bhfuil ann “Seachain an chaora.” Ó's dearbh gur fíor-sgoláire agus file an té do sgríobh, ní raibh aon bhaoghal ar fheabhas na cainte sgurtha agus na dtrí gceathramhan atá ag á bhun. 'Na dhiaidh sin, ní holc na haisdí eíle. Maidir le “Comh- rádh Antoine,” tá an chaint go deas, acht cá bhfuil an mhéadaireacht? Siúd agus go bhfuil tuathal nó dhó i n-Oisín, etc., tá caint bhríoghmhar ann, acht gan greim docht ag an bhfilidh ar cheart na méadaireachta. B'fhéidir, ámh, gur lean sé lorg duine éigin do bhí ar an gcéad Oireachtas. Má lean, ní tógtha air féin é, acht ar an bhfear chinn riain. “Eachtra an dá lioprachán” agus “An Preabadóir” na sgríbhinní eile atá fá chló. Beidh fáilte againn roimh an gceud uimhir eile de'n “Európach”. Teacht an tseagail a theacht. Cionnus breith ar na sé huaireantaibh 'sa' bhliadhain, má théid sé níos sia ar gcúl?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services