Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Reviews.

Title
Reviews.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

REVIEWS


L. 32


“An t-Európach, Irisleabhar il-teangadh na hEuropa.
Athcliath, Meitheamh, 1899, Dá phinginn, 20
centimes.” Printed by Patrick O'Brien, 46 Cuffe-
street, Dublin. Subscription for one year, 1s. 6d.,
post free.



Fuaramar le fír-dhéidheanaighe an chéad uimhir de'n
pháipéar bheag so. Gaedhilg is mó atá ann, acht tá
beagáinín beag fá chló aige i bhFrainncis, i nGearmáinis
agus i Spáinis comh maith céadna. Ní maith linn an
teideal atá air. Go deimhin, is ar an dtuathal do
ceapadh é. “An t-Eorpach” an ceart. Ba chuirthe
“na hEorpa” ann leis i n-ionad “na hEuropa”. Mic
léighinn Ghaedhealacha Choláiste na Tríonóide do chuir
ar bun “An t-Európach” (tá súil againn go gcuirfear an
ceart síos i mbárr na hathuimhreach). Tá cead cló ann
ag teangaidh Eorpaigh ar bith, acht an Ghaedhilg bheith
'na prímh-theangaidh agus an Fhrainncis 'na haiththean-
gaidh. Ní'l slighe ar bith do'n Ghaill-bhéarla. Tá sin
mar is cóir. 'Sí aisde is fearr dá bhfuil ann “Seachain
an chaora.” Ó's dearbh gur fíor-sgoláire agus file an té
do sgríobh, ní raibh aon bhaoghal ar fheabhas na cainte
sgurtha agus na dtrí gceathramhan atá ag á bhun. 'Na
dhiaidh sin, ní holc na haisdí eíle. Maidir le “Comh-
rádh Antoine,” tá an chaint go deas, acht cá bhfuil an
mhéadaireacht? Siúd agus go bhfuil tuathal nó dhó i
n-Oisín, etc., tá caint bhríoghmhar ann, acht gan greim
docht ag an bhfilidh ar cheart na méadaireachta.
B'fhéidir, ámh, gur lean sé lorg duine éigin do bhí ar an
gcéad Oireachtas. Má lean, ní tógtha air féin é, acht ar
an bhfear chinn riain. “Eachtra an dá lioprachán”
agus “An Preabadóir” na sgríbhinní eile atá fá chló.
Beidh fáilte againn roimh an gceud uimhir eile de'n
“Európach”. Teacht an tseagail a theacht. Cionnus
breith ar na sé huaireantaibh 'sa' bhliadhain, má théid sé
níos sia ar gcúl?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services