Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gnó lín-éadaigh
Title
Gnó lín-éadaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gnó lín-éadaigh Taobh amuich d'fheilmeóreacht, nó saothrughadh talmhan ní'l gnó eile in Éirinn bhaineas le sógh na tíre chomh mór le gnó lín-éadaigh. Is é an gnó ealadhanach amháin atá dá leanamhaint go thairbheach in Éirinn agus gidh gur i gcathair amháin, .i. i mBéilfeirsde, atá an gnó so suidhte beagnach go léir, tá an t-airgead deantar as sgapuighthe an so is an siúd thríd Uladh, ag díol ar lín agus ar earraidhe eile. Céad bliadhain ó shoin bhí an gnó féin leathta an fúd na h-Uladh agus is tearc teaghlach san gCúigeadh thuaith nach raibh ag saothrughadh páidhe ar shníomhadh nó ar fhigheadóireacht; agus bhí an túirne agus an seól le fághail i ngach uile cearn d'Uladh. Chuir Riaghaltas Éireann lucht coimheada ós cionn an gnó so agus rinneadar an dream sin sgrúdadh ar gach gréasán lín éadaigh agus ar gach beart snáth-lín agus cáineadh díth tomhais nó lucht ar bith eile i gceachtar aca. D'fhás an gnó lín éadaigh fá 'n aire so agus mheuduigh go mór acht tháinig athrughadh mór ó shoin. D'imthigh Riaghaltas Éireann, tháinig sáslach (machinery) agus cúmhacht gaile isteach in aghaidh lín éadaigh d'ull- mhughadh, tugadh an chuid is mó de'n gnó isteach 'un na mbailteadh mór agus thoisigh an gnó so ag meathadh agus ag dul ar gcúl. Ní'l sé imthighthe fós, ámh, siúd is nach bhfuil sé chomh láidir a's bhí. Bhí aimsear dona aca san ngnó so anurraidh agus briseadh roinnt cuideachdán do bhí ceangailte leis. Barraidheacht de'n éadach a's de'n shnáth do bhí d'á ndéanamh agus d'á gcur ar an margadh agus laghaduigh sin an luach. Cuireadh ar bun cumann de lucht déanta an éadaigh agus cineadarsan comhairle gan oiread do dhéanamh. Cheannaigheadar na tighthe agus na tógmhála ó'n dream do bhí briste agus d' iompuigh iad chum gnóthadh eile. Tá luacha 'san ngnó lín-éadaigh ag eirghe ó shoin agus béidh tairbhe go leór san ngnó so, tá súil againn, ó so amach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services