Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gnó lín-éadaigh

Title
Gnó lín-éadaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gnó lín-éadaigh



Taobh amuich d'fheilmeóreacht, nó saothrughadh talmhan
ní'l gnó eile in Éirinn bhaineas le sógh na tíre chomh
mór le gnó lín-éadaigh. Is é an gnó ealadhanach amháin
atá dá leanamhaint go thairbheach in Éirinn agus gidh
gur i gcathair amháin, .i. i mBéilfeirsde, atá an gnó
so suidhte beagnach go léir, tá an t-airgead deantar
as sgapuighthe an so is an siúd thríd Uladh, ag díol ar
lín agus ar earraidhe eile.



Céad bliadhain ó shoin bhí an gnó féin leathta an fúd
na h-Uladh agus is tearc teaghlach san gCúigeadh thuaith
nach raibh ag saothrughadh páidhe ar shníomhadh nó ar
fhigheadóireacht; agus bhí an túirne agus an seól le
fághail i ngach uile cearn d'Uladh.



Chuir Riaghaltas Éireann lucht coimheada ós cionn an
gnó so agus rinneadar an dream sin sgrúdadh ar gach
gréasán lín éadaigh agus ar gach beart snáth-lín agus
cáineadh díth tomhais nó lucht ar bith eile i gceachtar
aca. D'fhás an gnó lín éadaigh fá 'n aire so agus
mheuduigh go mór acht tháinig athrughadh mór ó shoin.
D'imthigh Riaghaltas Éireann, tháinig sáslach (machinery)
agus cúmhacht gaile isteach in aghaidh lín éadaigh d'ull-
mhughadh, tugadh an chuid is mó de'n gnó isteach 'un na
mbailteadh mór agus thoisigh an gnó so ag meathadh
agus ag dul ar gcúl.



Ní'l sé imthighthe fós, ámh, siúd is nach bhfuil sé chomh
láidir a's bhí. Bhí aimsear dona aca san ngnó so
anurraidh agus briseadh roinnt cuideachdán do bhí
ceangailte leis. Barraidheacht de'n éadach a's de'n
shnáth do bhí d'á ndéanamh agus d'á gcur ar an margadh
agus laghaduigh sin an luach. Cuireadh ar bun cumann
de lucht déanta an éadaigh agus cineadarsan comhairle
gan oiread do dhéanamh. Cheannaigheadar na tighthe
agus na tógmhála ó'n dream do bhí briste agus d'
iompuigh iad chum gnóthadh eile. Tá luacha 'san ngnó
lín-éadaigh ag eirghe ó shoin agus béidh tairbhe go leór
san ngnó so, tá súil againn, ó so amach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services