Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. An Déid-dheas Chailín.
Title
Filidheacht. An Déid-dheas Chailín.
Author(s)
Ua Briain, An tAthair Pól,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Déid-dheas Chailín. An t-athair Pól Ua Briain cct. Tá déid-dheas chailín 'mo dhéidh i mBréach- mhuigh; 'Sé fáth mo bhuaidhridh nach bhfuil sí liom, Ar uaigneas coilleadh nó i ngleanntán sléibhe, Mar 'mbéidhinn dá bréagadh fá bhruach na dtom, Nó mar Naos mhach Uisle le n-' annsacht chéile Go rachainn féin leat-sa amach ar tuinn, Nó mar Iason calma le n-a ghrádh Médea Go n-éalochainn féin leat 'un na Gréige anonn. Chan mar gheall ar fhortun nó ar mhaoin an tsaoghail seo A rachainn féin leat-sa amach ar tuinn, Acht mar gheall ar aindir bhig na mion- chrobh méineamhail, Ar an eólus go gceanglachadh an chléir le n-a chéile sinn, I n-éis ar n-aistir ag teanamh an phléisiuir, Béidh deireadh an lae againn ar Hallaíbh Cuinn; Dhar ndóigh, dhá dtilleamuist a choidhche go hÉirinn, Ní bhéidheadh an Eaglais Ghaodhalach go gcorraidhe linn. Tá bráighe is gile aicí 'ná an chorr leathadach; Tá a píob mar sliabh-shneachta tainidh slim; Tá com mar chailce aicí nó an sneachta ar thaobh chnuic; Tá cíocha réidhe le n-a brollach cruinn. Acht amháin a peacaidh tá sí gan aon locht, 'S tá annsacht chéad fear i lár a cuim. Tá gach ball de'n mnaoi so ag teacht le n-a chéile. Mac-a-samhailt a sgéimhe char tharraing peann. Dhá bhfuighinn-se an ghéag seo, chan iarfainn spré léi, Acht shaothrachainn féin cibé chaithfeadh sinn; Ní bhéidheadh orainn easbhaidh i n-aice a chéile, Agus bhearfadh Saeras ar ndóchaint duinn. A phlúr gach deagh-chroidheach ar thoiseach sgéimhe, Má dhiúltais féin me ná téana moill, Acht gléas go tapaidh 's bíodh mo chomhraidh réidh leat, Agus córuigh féin me le cré 'sa chill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services