An Déid-dheas Chailín.
An t-athair Pól Ua Briain cct.
Tá déid-dheas chailín 'mo dhéidh i mBréach-
mhuigh;
'Sé fáth mo bhuaidhridh nach bhfuil sí liom,
Ar uaigneas coilleadh nó i ngleanntán
sléibhe,
Mar 'mbéidhinn dá bréagadh fá bhruach
na dtom,
Nó mar Naos mhach Uisle le n-' annsacht
chéile
Go rachainn féin leat-sa amach ar tuinn,
Nó mar Iason calma le n-a ghrádh Médea
Go n-éalochainn féin leat 'un na Gréige
anonn.
Chan mar gheall ar fhortun nó ar mhaoin an
tsaoghail seo
A rachainn féin leat-sa amach ar tuinn,
Acht mar gheall ar aindir bhig na mion-
chrobh méineamhail,
Ar an eólus go gceanglachadh an chléir
le n-a chéile sinn,
I n-éis ar n-aistir ag teanamh an
phléisiuir,
Béidh deireadh an lae againn ar Hallaíbh
Cuinn;
Dhar ndóigh, dhá dtilleamuist a choidhche go
hÉirinn,
Ní bhéidheadh an Eaglais Ghaodhalach go
gcorraidhe linn.
Tá bráighe is gile aicí 'ná an chorr
leathadach;
Tá a píob mar sliabh-shneachta tainidh
slim;
Tá com mar chailce aicí nó an sneachta ar
thaobh chnuic;
Tá cíocha réidhe le n-a brollach cruinn.
Acht amháin a peacaidh tá sí gan aon locht,
'S tá annsacht chéad fear i lár a cuim.
Tá gach ball de'n mnaoi so ag teacht le n-a
chéile.
Mac-a-samhailt a sgéimhe char tharraing
peann.
Dhá bhfuighinn-se an ghéag seo, chan iarfainn
spré léi,
Acht shaothrachainn féin cibé chaithfeadh
sinn;
Ní bhéidheadh orainn easbhaidh i n-aice a
chéile,
Agus bhearfadh Saeras ar ndóchaint
duinn.
A phlúr gach deagh-chroidheach ar thoiseach
sgéimhe,
Má dhiúltais féin me ná téana moill,
Acht gléas go tapaidh 's bíodh mo chomhraidh
réidh leat,
Agus córuigh féin me le cré 'sa chill.