Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. A Charaid Dhílis.
Title
Filidheacht. A Charaid Dhílis.
Author(s)
Ó hAnnáin, Seaghán Óg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A CHARAID DHÍLIS. I. A charaid dhílis, is beag a shaoil mé go sgarfá díom go rachthá in-sa' chré, Gomh liacht lá is oidhche is thainic tú i dtaoibh seo, — dar a' leóca! char mhian leat ach' mur mbéidhinn. 'Sé do chómhradh caoin deas a shlad mo chroidhe 'stigh, d'fhág me choidhche faoi bhrón ró-ghéar; Do ghean má sgaoil tú ar bheagán maoine, is mairg a thaobhfadh a'n fhear óg 'do dhéidh. II. 'Sé do thriall os fairrge d'fhág ar cearr me, — rinn tú dearmad ró-mh'r 'do dhéidh: D'fhág tú do leanbh beag annseo ag fann- ghul; d'fhág tú mise i n-angar aige brígh gach sgéil.
Nach truagh an char dhuit-se 'nois mo mharbhadh, 's gomh liacht gealladh thug tú i dtús ó'n chléir; Bhuain tú annsacht gach óigfhir cean díom, 's is duine gann me, faraor! 'do dhéidh. III. Nuair a théim-sa 'n a' tsráide is 'tchím gach stáidbhean le n-a grádh fir ag cómhrádh ciúin, 'Sé thig na fástuighthe thríd mo chnámhaibh le corp náire fá do shiúbhal. Dhá mbéidhinn 'mo ráca ó d'oil mo mháthair me, 's gan agam áití i mbuainfinn fúm, Badh leór a ráidhtigh de, ar m'fhágáil, gan fios, ádhbhar, no leithsgéal súl. IV. 'Sé do thriall as Éirinn, a stóir, a bhuaidhir me, agus in-sna réagúin udaidh i mbíonn tú ánn, Ar cheasta an t-éag bheith 'teacht fád' fhéachaint, is gan mise fhéin bheith os cionn do chláir. Gheana tú bréagach uile-go-léir iad le neart na féile tá i gcroidhe do láir; Gheobhaidh mise féirín uait, má's féadal, le cuidiughadh Dé, ach' tú 'pilleadh slán.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services