Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. A Charaid Dhílis.

Title
Filidheacht. A Charaid Dhílis.
Author(s)
Ó hAnnáin, Seaghán Óg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 27


A CHARAID DHÍLIS.



I.
A charaid dhílis, is beag a shaoil mé
go sgarfá díom go rachthá in-sa' chré,
Gomh liacht lá is oidhche is thainic tú i dtaoibh
seo, —
dar a' leóca! char mhian leat ach' mur
mbéidhinn.
'Sé do chómhradh caoin deas a shlad mo chroidhe
'stigh,
d'fhág me choidhche faoi bhrón ró-ghéar;
Do ghean má sgaoil tú ar bheagán maoine,
is mairg a thaobhfadh a'n fhear óg 'do
dhéidh.



II.
'Sé do thriall os fairrge d'fhág ar cearr
me, —
rinn tú dearmad ró-mh'r 'do dhéidh:
D'fhág tú do leanbh beag annseo ag fann-
ghul;
d'fhág tú mise i n-angar aige brígh gach
sgéil.


L. 28


Nach truagh an char dhuit-se 'nois mo mharbhadh,
's gomh liacht gealladh thug tú i dtús
ó'n chléir;
Bhuain tú annsacht gach óigfhir cean díom,
's is duine gann me, faraor! 'do dhéidh.



III.
Nuair a théim-sa 'n a' tsráide is 'tchím
gach stáidbhean
le n-a grádh fir ag cómhrádh ciúin,
'Sé thig na fástuighthe thríd mo chnámhaibh
le corp náire fá do shiúbhal.
Dhá mbéidhinn 'mo ráca ó d'oil mo mháthair
me,
's gan agam áití i mbuainfinn fúm,
Badh leór a ráidhtigh de, ar m'fhágáil,
gan fios, ádhbhar, no leithsgéal súl.



IV.
'Sé do thriall as Éirinn, a stóir, a bhuaidhir
me,
agus in-sna réagúin udaidh i mbíonn tú
ánn,
Ar cheasta an t-éag bheith 'teacht fád'
fhéachaint,
is gan mise fhéin bheith os cionn do
chláir.
Gheana tú bréagach uile-go-léir iad
le neart na féile tá i gcroidhe do láir;
Gheobhaidh mise féirín uait, má's féadal,
le cuidiughadh Dé, ach' tú 'pilleadh slán.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services