Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Acht an Phárlamaid.
Title
Filidheacht. Acht an Phárlamaid.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ACHT AN PHÁRLAMAID. Muiris Múinte Ó hEichthighearnáin cct. A.D. 1709, an tan do cuireadh le hacht Phárlamaid, na mionna chum na hEag- laise. A Dhia na bhfeart fuair peannaid, páis is broid, Thug iasg ar easaibh, teacht is trághadh ar muir, Ar gCliar beir leat no an glas atá orra bris, Ó hiadhadh a gclaib le hacht an Phárlamaid. FREAGRA ó'n Athair Conchubhar O Briain: Tá bliadhain ag teacht le calm-thráth chugainn, Bliadhain do gheallfas ceart is cáil chomh- thruim, Bliadhain do leagfas reacht an Phárlamaid Ar gCliar do bhasg ó ar na Sácraimint. Dá dtrialladh feasta an fear sin dáirighthe Ag riar na Breatan breath na fáistine, Bheadh an Chliar so ag leathadh a gclab go gáiritheach 'S is dian bheadh laiste ar chlab an Phár- lamaid.
Mar stiall an t-aingeal nasg an árd- apstail No an gliadhaire Sam gach spar is lán- gheata, Ní'l giabhann ná glas ná trap d'a ndeár- nadar Nách stiallfaidh mac an fhlatha an rábaire. Cé heasbadhach ar nEaglais fá dhian-dligheadh Gall, 'S gur achtadar na hAllmhuraigh ar gCliar faoi gheall, Geallaim duit nach fada bheid 'na dtighear- naoibh teann 'S gur gairid go mbeidh an tAifreann fá riar saoi i gceall. FREAGRA ó'n liaigh EOIN O CALLANÁIN: A ghriainfhir ghartha ghasda gháirthigh D'fhuil Bhriain na gcath do cheartuigh Fáil- inis, Mo chiach do chantain chneasta chráibhtheach shuilt Ag triall dom' ghar gan tapa acht ráidh- teachas. Mun' dtriallfaidh Mac dil Flatha an Árd-Fhlaithis Ag riar na mbeart 'nár measg i dtráth anois, Ní ciall a mheas go bhfaicfeam lá comhtruim Acht biam 'nar spreas' go teacht do'n bhráth chugainn. Gach bliadhain ag teacht is measa tá aguinn 'S ár gCliar gan cealla acht bagairt báis is bruid, 'Na ndiaidh gach seal le gcaithfid trácht tar muir Le riagail reachtmhar acht an Phárlamaid. Cé fíochmhar seal Laoiseach i gcogadh na stiall Ag sír-ghreadadh tíortha le fortuille dhiain, Níor shíleas go stríocfadh an grogaire liath Gan taoiseach na nGaoidheal nglan i gcomh- throm do thiacht. Do-chím feasta críochnuighthe i ndonas go dian Na ríoghachta ar fad síoluighthe i ngoradh na ngliadh 'S gan aoin-neach de'n ríoghraidh sin Chonaire 's Bhriain Ar slighe theacht chum tíre acht 'na mbochtaibh i gcian. 'S an fuigheallach beag cnaoidhte 'tá ag cosnamh 'na ndiaidh 'Na gcaoiribh fá shaoil-chonaibh cosgartha i gciach 'S fá dhaoirse gan sgaoileadh go soichid an sliabh; Mo ghuidhe leat go dtí sin 's a mholadh le Dia. A CHRÍOCH. Tagra. Na bhfeart, of the miracles. Iadhadh, was shut. Calm- thráth, time of bravery. Comhthrom, justice. Ar, prac- tising, conducting. Dáirighthe, certain, particular. Fáistine, prophecy. Gáiritheach, laughingly. Laiste, a latch, lock. Stiall, rend, tear. Nasg, a knot, bond. Gliadhaire, a strong man, a fighter, from gliadh, a fight, a battle. Spar, a spar or stick of wood. Giabh- ann (= géibheann), bondage, fetters. Rábaire, a person who is not miserly. Easbadhach, in want. Achtadar, they made law. Gartha, pleasant. Ceartuigh, set right. Ráidhteachas, report. Bráth, till the coming of the Judg- ement day. Ceall, a hermits cell (used here for place of worship). Reachtmhar, legislative. Fíochmhar, angry, fortuill, bravery, fortitude. Stíocfadh, draw back, yield. Grogaire, a decrepit person. Tiacht = teacht. Síluighthe, laid waste, depopulated. Goradh na ngliadh, “ravages of war.” Ríoghradh, a dynasty. Cnaoidhte, weak, spent, powerless. Cosgartha, destroying. Go soichid an sliabh, till they reach the mountain, i.e., till the last day. Tadhg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services