Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Acht an Phárlamaid.

Title
Filidheacht. Acht an Phárlamaid.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ACHT AN PHÁRLAMAID.



Muiris Múinte Ó hEichthighearnáin cct.



A.D. 1709, an tan do cuireadh le hacht
Phárlamaid, na mionna chum na hEag-
laise.



A Dhia na bhfeart fuair peannaid, páis is
broid,
Thug iasg ar easaibh, teacht is trághadh ar
muir,
Ar gCliar beir leat no an glas atá orra
bris,
Ó hiadhadh a gclaib le hacht an Phárlamaid.



FREAGRA
ó'n Athair Conchubhar O Briain:



Tá bliadhain ag teacht le calm-thráth
chugainn,
Bliadhain do gheallfas ceart is cáil chomh-
thruim,
Bliadhain do leagfas reacht an Phárlamaid
Ar gCliar do bhasg ó ar na Sácraimint.
Dá dtrialladh feasta an fear sin dáirighthe
Ag riar na Breatan breath na fáistine,
Bheadh an Chliar so ag leathadh a gclab go
gáiritheach
'S is dian bheadh laiste ar chlab an Phár-
lamaid.


L. 23


Mar stiall an t-aingeal nasg an árd-
apstail
No an gliadhaire Sam gach spar is lán-
gheata,
Ní'l giabhann ná glas ná trap d'a ndeár-
nadar
Nách stiallfaidh mac an fhlatha an rábaire.



Cé heasbadhach ar nEaglais fá dhian-dligheadh
Gall,
'S gur achtadar na hAllmhuraigh ar gCliar
faoi gheall,
Geallaim duit nach fada bheid 'na dtighear-
naoibh teann
'S gur gairid go mbeidh an tAifreann fá
riar saoi i gceall.



FREAGRA
ó'n liaigh EOIN O CALLANÁIN:



A ghriainfhir ghartha ghasda gháirthigh
D'fhuil Bhriain na gcath do cheartuigh Fáil-
inis,
Mo chiach do chantain chneasta chráibhtheach
shuilt
Ag triall dom' ghar gan tapa acht ráidh-
teachas.



Mun' dtriallfaidh Mac dil Flatha an
Árd-Fhlaithis
Ag riar na mbeart 'nár measg i dtráth
anois,
Ní ciall a mheas go bhfaicfeam lá comhtruim
Acht biam 'nar spreas' go teacht do'n bhráth
chugainn.



Gach bliadhain ag teacht is measa tá aguinn
'S ár gCliar gan cealla acht bagairt báis
is bruid,
'Na ndiaidh gach seal le gcaithfid trácht tar
muir
Le riagail reachtmhar acht an Phárlamaid.



Cé fíochmhar seal Laoiseach i gcogadh na
stiall
Ag sír-ghreadadh tíortha le fortuille dhiain,
Níor shíleas go stríocfadh an grogaire liath
Gan taoiseach na nGaoidheal nglan i gcomh-
throm do thiacht.



Do-chím feasta críochnuighthe i ndonas go
dian
Na ríoghachta ar fad síoluighthe i ngoradh na
ngliadh
'S gan aoin-neach de'n ríoghraidh sin Chonaire
's Bhriain
Ar slighe theacht chum tíre acht 'na mbochtaibh
i gcian.



'S an fuigheallach beag cnaoidhte 'tá ag
cosnamh 'na ndiaidh
'Na gcaoiribh fá shaoil-chonaibh cosgartha i
gciach
'S fá dhaoirse gan sgaoileadh go soichid an
sliabh;
Mo ghuidhe leat go dtí sin 's a mholadh le Dia.



A CHRÍOCH.



Tagra.



Na bhfeart, of the miracles. Iadhadh, was shut. Calm-
thráth, time of bravery. Comhthrom, justice. Ar, prac-
tising, conducting. Dáirighthe, certain, particular.
Fáistine, prophecy. Gáiritheach, laughingly. Laiste,
a latch, lock. Stiall, rend, tear. Nasg, a knot, bond.
Gliadhaire, a strong man, a fighter, from gliadh, a
fight, a battle. Spar, a spar or stick of wood. Giabh-
ann (= géibheann), bondage, fetters. Rábaire, a person
who is not miserly. Easbadhach, in want. Achtadar,
they made law. Gartha, pleasant. Ceartuigh, set right.
Ráidhteachas, report. Bráth, till the coming of the Judg-
ement day. Ceall, a hermits cell (used here for place of
worship). Reachtmhar, legislative. Fíochmhar, angry,
fortuill, bravery, fortitude. Stíocfadh, draw back,
yield. Grogaire, a decrepit person. Tiacht = teacht.
Síluighthe, laid waste, depopulated. Goradh na ngliadh,
“ravages of war.” Ríoghradh, a dynasty. Cnaoidhte,
weak, spent, powerless. Cosgartha, destroying. Go
soichid an sliabh, till they reach the mountain, i.e., till
the last day.



Tadhg.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services