Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caint Chumaisg - Blúire de Dhráma Gaedhealach.
Title
Caint Chumaisg - Blúire de Dhráma Gaedhealach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BLÚIRE DE DHRÁMA GAEDHEALACH. An oidhche roimh Cath Chluana Tairbh. Dúnlang óg agus an tsídh-bhean .i. a leannán sídhe féin. Dúnlang óg — “A stóir ghrianaigh, cad do dhorchuigh do shnódh grádhach geal? An le linn mise dul fé chath?” An leannán sídhe — “Inneósad duit gan mhoill Caidé an fáth fé ndeara mo ghné dul díom, Mar tuitfir-se agus tuit- fidh Brian, Tuitfidh sibh uile go léir ar aon-rian, Is bog dearg bheidh an mhágh i mbárach Le bhar gcuid fola go mórdhálach.” Dúnlang óg — Ma thuitfimíd-ne, tuitfidh Goill! Beidh Gaedheal ar an gcath 'na rígh; Ní comhrómhfar go lá an bhráith A dtuitfidh le n-ár dhá láimh 'sa' mháigh. An leannán sídhe — A Dhúnlaing, seachain an cath! Gheobhair céad agus bliadh- ain do ré, Agus seachain cath an aon-lae. Dúnlang óg — Fear agus céad do chlannaibh Luirc Tugadh Murchadh Mór thar ceann mo chuirp, Agus tabharfad-sa an corp séimhidh seang sin Thar ceann mic Áird- ríogh Éireann. An leannán sídhe — Tiocfaidh Pilib luach- mhar na long Agus Conchubhar na bhfonn bhfial; Diadh maiseach mac Sróil, ó'n namhaid riamh nachar thriall. Seisear caogad do chlannaibh ríogh nach beidh aon nídh dhíobh gan pheilm óir, Luaramh(?) agus gabhal tréan, cloidheamh ghéar agus culaidh sróil.
Dúnlang óg — Tiocfaidh Donnchadh, deagh- mhac Bhriain, go mbeidh 'na dhiaidh sin fiche céad Dos na fearaibh dob' áilne do Dhál Chais agus nach bhfilleadh aon fhear ó chéad. An leannán sídhe — Seo dhuit an brat draoi- dheachta, Agus cosnóchaidh sé thusa ó gach basgadh Agus rian cloidhim dá dtiocfaidh ort-sa. Dúnlang óg — Slán agus beannacht leat. Do chuaidh sé isteach 'sa' chath maidin i mbárach Aoine an Chéasta an lae sin; luigh sé isteach le Murchadh Mórach Briain ag gearradh na nDubh-Lochlannach. Do chualaidh Murchadh Mórach Briain sgrios-bhuillidhe Dhúnlaing. “Is iongnadh mór liom,” do ráidh Murchadh, “go gcloisim do bhuillidhe, a Dhúnlaing, agus nach bhfeicim tu.” “Ní bheidh an sgamall sain go bráth orm,” do ráidh Dúnlaing. Ní mó 'ná aga nuair a tháinig Mac Ríogh Lochlannaigh suas agus do bhain an ceann do Dhúnlaing. 'Na dhiaidh sin do bhain Murchadh an ceann do bheirt mhac Ríogh Loch- lann. Tháinig ann sin Gruagach Oileáin na n-Eun agus naonbhar dearbhráithreach céile dho, agus chuireadar cath ar Mhurcadh. Comh tiugh agus bhaineadh sé an ceann díobh léimeadh arís an ceann ar an gcolainn le geasaibh draoi- dheachta. Bhí sean-bhean Éireannach ag aodhaireacht leinbh i gcúirt an Ghruagaigh: Chonnairc sí an cath ar siúbhal agus na cinn ag léimeadh ar na colannaibh. Chuaidh sí ag triall ar mhnaoi an Ghruagaigh agus dubhairt léi gurbh olc an gnó bhí aice dhá dheunamh - óir b'í bean an Ghruagaigh bhí ag cur na ngeasa orthu - “Mar,” ar sise, “is beag an meas tá ag an ngruagach ort-sa, fad is maireann an bhean so áirighthe.” Phrioc an t-eud bean an Ghruagaigh, d'fhosgail sí an dorus thuaidh — dorus na draoidheachta. D'éirig an coileán con bhí i n-aice na teine agus chuir glom as; do chualathas ar fuid cúig cúige na h-Éireann an glom, mar bhí fhios ag an gcoileán go raibh an draoideacht imthighthe dhíobh ar fhosgailt an doruis. Fé 'n am sin do thuit an ceann do'n Ghruagach agus dos na naonbhar Dubh-Lochlan- nach. Do ghleus sí suas a capall ann sin agus ghluais sí go páirc an bhuailthe. Chonnairc sí Murchadh sínte 'sa' pháirc. Do bhagair lámh uirri, teacht fé na dhéin. Do tháinig sí, agus d'fiafruigh di caidé críoch an Ghruagaigh. D'fhreagair sí, “Mar ghlom coileáin do chualadh is mó.” “Imthigh go h-obann,” ar sé, “agus tabhair dam deoch do thobar na h-íce, agus inneósad duit gan cháim bás do naonbhair bráithreach i nDuirg Aoibhin” (Glas-Naoidhean). Thug sí an deoch chuige, agus dh'ól sé é agus dubhairt, “Cá tir no cá h-oileán duit, no cad í an áit as d' fhásais? Gur measa leat glom coileáin con 'ná bás naonbhair do chloinn do mháthar?” “Mise ingean Amhlaoibh Átha Cliath, Marcach na dtriath budh ghéire lann; Is mé bean Ghruagaigh Oileáin na n-Éan Is do gan bhréag rugas mo chlann.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services