BLÚIRE DE DHRÁMA GAEDHEALACH.
An oidhche roimh Cath Chluana Tairbh.
Dúnlang óg agus an tsídh-bhean .i. a leannán
sídhe féin.
Dúnlang óg — “A stóir ghrianaigh, cad
do dhorchuigh do shnódh
grádhach geal?
An le linn mise dul fé
chath?”
An leannán sídhe — “Inneósad duit gan
mhoill
Caidé an fáth fé ndeara
mo ghné dul díom,
Mar tuitfir-se agus tuit-
fidh Brian,
Tuitfidh sibh uile go léir
ar aon-rian,
Is bog dearg bheidh an
mhágh i mbárach
Le bhar gcuid fola go
mórdhálach.”
Dúnlang óg — Ma thuitfimíd-ne, tuitfidh
Goill!
Beidh Gaedheal ar an
gcath 'na rígh;
Ní comhrómhfar go lá an
bhráith
A dtuitfidh le n-ár dhá
láimh 'sa' mháigh.
An leannán sídhe — A Dhúnlaing, seachain an
cath!
Gheobhair céad agus bliadh-
ain do ré,
Agus seachain cath an
aon-lae.
Dúnlang óg — Fear agus céad do chlannaibh
Luirc
Tugadh Murchadh Mór
thar ceann mo chuirp,
Agus tabharfad-sa an
corp séimhidh seang sin
Thar ceann mic Áird-
ríogh Éireann.
An leannán sídhe — Tiocfaidh Pilib luach-
mhar na long
Agus Conchubhar na bhfonn
bhfial;
Diadh maiseach mac
Sróil,
ó'n namhaid riamh
nachar thriall.
Seisear caogad do
chlannaibh ríogh
nach beidh aon nídh
dhíobh gan pheilm óir,
Luaramh(?) agus gabhal
tréan,
cloidheamh ghéar agus
culaidh sróil.
Dúnlang óg — Tiocfaidh Donnchadh, deagh-
mhac Bhriain,
go mbeidh 'na dhiaidh
sin fiche céad
Dos na fearaibh dob'
áilne do Dhál Chais
agus nach bhfilleadh aon
fhear ó chéad.
An leannán sídhe — Seo dhuit an brat draoi-
dheachta,
Agus cosnóchaidh sé
thusa ó gach basgadh
Agus rian cloidhim dá
dtiocfaidh ort-sa.
Dúnlang óg — Slán agus beannacht leat.
Do chuaidh sé isteach 'sa' chath maidin i
mbárach Aoine an Chéasta an lae sin; luigh
sé isteach le Murchadh Mórach Briain ag
gearradh na nDubh-Lochlannach. Do chualaidh
Murchadh Mórach Briain sgrios-bhuillidhe
Dhúnlaing. “Is iongnadh mór liom,” do ráidh
Murchadh, “go gcloisim do bhuillidhe, a
Dhúnlaing, agus nach bhfeicim tu.” “Ní bheidh
an sgamall sain go bráth orm,” do ráidh
Dúnlaing. Ní mó 'ná aga nuair a tháinig
Mac Ríogh Lochlannaigh suas agus do bhain an
ceann do Dhúnlaing. 'Na dhiaidh sin do bhain
Murchadh an ceann do bheirt mhac Ríogh Loch-
lann.
Tháinig ann sin Gruagach Oileáin na
n-Eun agus naonbhar dearbhráithreach céile dho,
agus chuireadar cath ar Mhurcadh. Comh tiugh agus
bhaineadh sé an ceann díobh léimeadh arís
an ceann ar an gcolainn le geasaibh draoi-
dheachta. Bhí sean-bhean Éireannach ag
aodhaireacht leinbh i gcúirt an Ghruagaigh:
Chonnairc sí an cath ar siúbhal agus na cinn ag
léimeadh ar na colannaibh. Chuaidh sí ag
triall ar mhnaoi an Ghruagaigh agus dubhairt
léi gurbh olc an gnó bhí aice dhá dheunamh -
óir b'í bean an Ghruagaigh bhí ag cur na
ngeasa orthu - “Mar,” ar sise, “is beag
an meas tá ag an ngruagach ort-sa, fad is
maireann an bhean so áirighthe.”
Phrioc an t-eud bean an Ghruagaigh,
d'fhosgail sí an dorus thuaidh — dorus na
draoidheachta. D'éirig an coileán con bhí i
n-aice na teine agus chuir glom as; do chualathas
ar fuid cúig cúige na h-Éireann an glom,
mar bhí fhios ag an gcoileán go raibh an
draoideacht imthighthe dhíobh ar fhosgailt an
doruis.
Fé 'n am sin do thuit an ceann do'n
Ghruagach agus dos na naonbhar Dubh-Lochlan-
nach.
Do ghleus sí suas a capall ann sin agus
ghluais sí go páirc an bhuailthe. Chonnairc
sí Murchadh sínte 'sa' pháirc. Do bhagair
lámh uirri, teacht fé na dhéin. Do tháinig sí,
agus d'fiafruigh di caidé críoch an Ghruagaigh.
D'fhreagair sí,
“Mar ghlom coileáin do chualadh is mó.”
“Imthigh go h-obann,” ar sé, “agus tabhair
dam deoch do thobar na h-íce, agus inneósad
duit gan cháim bás do naonbhair bráithreach
i nDuirg Aoibhin” (Glas-Naoidhean).
Thug sí an deoch chuige, agus dh'ól sé é agus
dubhairt,
“Cá tir no cá h-oileán duit, no cad í an
áit as d' fhásais?
Gur measa leat glom coileáin con 'ná
bás naonbhair do chloinn do mháthar?”
“Mise ingean Amhlaoibh Átha Cliath,
Marcach na dtriath budh ghéire lann;
Is mé bean Ghruagaigh Oileáin na n-Éan
Is do gan bhréag rugas mo chlann.”
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11