Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caint Sgurtha - Póilín.
Title
Caint Sgurtha - Póilín.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PÓILÍN Seo é an t-ainm do bhí ar ghasún do rinne taithighe tamall fad ó shoin i mbaile bheag i gcondae Mhuigheo. Ní raibh fios a shloin- nidh ag aon dhuine — go deimhin is baramhail dam nach raibh fhios aige fhéin é, mar nach raibh ann acht díleachta bocht gan a sháith céille do fágadh ar fán do bhárr bliadhanta na ngorta ag iarraidh a choda, gur chrap sé faoi ar an mbaile s' againne. Bhí se go h-an-chneasta agus 'na theachtaire maith, acht cé ar bith turus dá gcuirfidhe é ní leigfeadh de an sodar madaidh sin go dtigeadh sé ar ais arís. Gidh go mbudh mhór a thrácht ar púcaidhibh agus ar sídheógaibh, ní raibh eagla ar bith air rompa, agus níor bh' fhearr leis dó bheith amuigh 'sa' lá 'ná ann- san oidhche. Budh mhinic linne, i n-ár n-ógánaigh, ag féachaint sgannradh do bhaint as, mar go raibh faitchíos mór orainn fhéin, ag dul na bealaigh do Phól leis féin san oidhche, acht níor éirigh linn ariamh. Oidhche dá raibh sé le tigheacht a bhaile tríd Pháirc an leasa — áit i raibh cáil mhór “daoine maithe” ann — chuaidh buidhean gearr-bhodach i n-a airicis le sgeiteadh do thabhairt dó. Bhí an ghealach na suidhe, agus chuir duine aca braithlín 'na thimcheall is shuidh sé i mbéal bearnach do bhí ar chloidhe mór na Páirce. Níor bh' fhada gur mhothuigheadar Pól ag tigheacht 'na shodar agus séideán ann. Nuair do thainic sé foigseacht cúpla peasa ó'n bhearnaigh chonnaic sé an rud mór geal roimhe agus rinne sé stad. “M'anam,” ar sé, “go bhfuil tusa annsin.” “Bamh! a Phóil, íosfaidh mé thú,” arsa giolla an bhraithlín. “Diabhal tharad do chuirfinn é, dá mbéar- fá orm,” arsa Pól, “is tú an taidhbhse is mó do casadh orm ariamh.” “Acht cad do dheunfad anois? Ní thig liom fanamhaint annso ar feadh na h-oidhche,” ar sé, ag dear- cadh síos agus suas gach taobh de'n bhearnaigh, acht budh léir dhó nach raibh dul as aige. “Is fearr dham a bhladar,” agus ghlaoidh sé amach, “A! greann, greann, a thaidhbhse! Fág an bhearnaigh!” B'éigean dho'n taidhbhse agus an chuid eile dhá chomhluadar do bhí i bhfolach ar chúl an chloidhe gáire do leigean
uatha. Leis sin thug Pól ruiteach amach tharsta agus chaith an taidhbhse an braithlín dhe agus ghlaoidheadar 'na dhiaidh, “Is sinne atá ann, a Phóil, fan linn, fan linn.” “Tá fhios agam gur tú atá ann, a thaidhbhse ghránda,” arsa Pól, acht 'n uair do dhearc sé taobh thiar dhe is connaic sé an chuid eile dhíobh, chualadar é a' rádh leis fhéin, “Órú, órú, nár mhaith sin púca ná dhá cheann, acht is de mhuintir an diabhail an tríomhadh ceann!” is d' imthigh uata 'na tháinrith go dtí teach a lóistín, is bhris sé isteach i mullach mhuin- tire an tighe. “Arú, creud tá ort, a Phóil”? ars iadsan. “Á, ná bígidh ag caint,” arsa Pól, “acht las coinneal dam go bhfeicidh mé an rachfainn i laige,” mar dubhradh dá bhfeicfeadh duine taidhbhse go rachadh sé i laige chomh luath is thiucfadh sé i láthair soluis. Sin deireadh mo sgéil-se ar Póilín. Seaghán Ua Ruaidhrí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services