Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Sgurtha - Póilín.

Title
Caint Sgurtha - Póilín.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

PÓILÍN



Seo é an t-ainm do bhí ar ghasún
do rinne taithighe tamall fad ó
shoin i mbaile bheag i gcondae
Mhuigheo. Ní raibh fios a shloin-
nidh ag aon dhuine — go deimhin is
baramhail dam nach raibh fhios aige fhéin é,
mar nach raibh ann acht díleachta bocht gan a
sháith céille do fágadh ar fán do bhárr
bliadhanta na ngorta ag iarraidh a choda,
gur chrap sé faoi ar an mbaile s' againne.
Bhí se go h-an-chneasta agus 'na theachtaire
maith, acht cé ar bith turus dá gcuirfidhe é
ní leigfeadh de an sodar madaidh sin go
dtigeadh sé ar ais arís. Gidh go mbudh mhór
a thrácht ar púcaidhibh agus ar sídheógaibh, ní
raibh eagla ar bith air rompa, agus níor bh'
fhearr leis dó bheith amuigh 'sa' lá 'ná ann-
san oidhche.



Budh mhinic linne, i n-ár n-ógánaigh, ag
féachaint sgannradh do bhaint as, mar go
raibh faitchíos mór orainn fhéin, ag dul na
bealaigh do Phól leis féin san oidhche, acht
níor éirigh linn ariamh.



Oidhche dá raibh sé le tigheacht a bhaile
tríd Pháirc an leasa — áit i raibh cáil mhór
“daoine maithe” ann — chuaidh buidhean
gearr-bhodach i n-a airicis le sgeiteadh do
thabhairt dó. Bhí an ghealach na suidhe, agus chuir
duine aca braithlín 'na thimcheall is shuidh sé
i mbéal bearnach do bhí ar chloidhe mór na
Páirce. Níor bh' fhada gur mhothuigheadar
Pól ag tigheacht 'na shodar agus séideán ann.
Nuair do thainic sé foigseacht cúpla peasa
ó'n bhearnaigh chonnaic sé an rud mór geal
roimhe agus rinne sé stad. “M'anam,” ar sé,
“go bhfuil tusa annsin.” “Bamh! a Phóil,
íosfaidh mé thú,” arsa giolla an bhraithlín.
“Diabhal tharad do chuirfinn é, dá mbéar-
fá orm,” arsa Pól, “is tú an taidhbhse is
mó do casadh orm ariamh.” “Acht cad do
dheunfad anois? Ní thig liom fanamhaint
annso ar feadh na h-oidhche,” ar sé, ag dear-
cadh síos agus suas gach taobh de'n bhearnaigh,
acht budh léir dhó nach raibh dul as aige.
“Is fearr dham a bhladar,” agus ghlaoidh sé
amach, “A! greann, greann, a thaidhbhse!
Fág an bhearnaigh!” B'éigean dho'n taidhbhse
agus an chuid eile dhá chomhluadar do bhí i
bhfolach ar chúl an chloidhe gáire do leigean


L. 18


uatha. Leis sin thug Pól ruiteach amach
tharsta agus chaith an taidhbhse an braithlín dhe agus
ghlaoidheadar 'na dhiaidh, “Is sinne atá
ann, a Phóil, fan linn, fan linn.” “Tá fhios
agam gur tú atá ann, a thaidhbhse ghránda,”
arsa Pól, acht 'n uair do dhearc sé taobh
thiar dhe is connaic sé an chuid eile dhíobh,
chualadar é a' rádh leis fhéin, “Órú, órú,
nár mhaith sin púca ná dhá cheann, acht is de
mhuintir an diabhail an tríomhadh ceann!”
is d' imthigh uata 'na tháinrith go dtí teach a
lóistín, is bhris sé isteach i mullach mhuin-
tire an tighe. “Arú, creud tá ort, a
Phóil”? ars iadsan. “Á, ná bígidh ag
caint,” arsa Pól, “acht las coinneal dam
go bhfeicidh mé an rachfainn i laige,” mar
dubhradh dá bhfeicfeadh duine taidhbhse go
rachadh sé i laige chomh luath is thiucfadh sé i
láthair soluis. Sin deireadh mo sgéil-se
ar Póilín.



Seaghán Ua Ruaidhrí.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services