Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. An Sean-Chapall Bán.
Title
Filidheacht. An Sean-Chapall Bán.
Author(s)
Bhailis, Séamus,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SEAN-CHAPALL BÁN. Séamus Bhailis (nó Breathnach) cct. I. Nuair a bhí mise ag Tuathal 's mé óg, is againn bhí spórs is buaidh: Nuair a bheireadh sé leis mé 'un aonaigh i dtoiseach a bhínn gach uair; Ar philleadh 'na bhaile domh aríst, is ghníodh sé mo shlíocadh suas, Mar mheannán go gcorfainn le díomus ar maidin fá'n mhín seo thuas. II. Thug sé do Chaimbéal faraor mé 's b'aith- reach domh fhéin mo chuairt: Mo cheangal i sean-teach gan díon 's an sruth ann aníos 's anuas. Bhí mionna air nach bhfuighinn-se greim bídh 's nach gcaillfeadh liom pighinn ná a luach, 'S mé ag éisdeacht le tormán píob gur briseadh mo chroidhe le cumhaidh. III. A Chaimbéil, dá dtuigtheá mo chás, ní fhuig- feá mé ar lár ag an tsaoghal: Nuair a bhí tú 'sa' tsean-teach fá á'ró, chuir mé ort sgáth 'gus díon; Tharraing mé soic agus málaidhe, clocha agus ádhmad tighe; Threabhainn an talamh 'sa' mhárta is d'fhuir- sinn go sásta aríst. IV. Fá Shamhain nuair a ghannuigh an féar 's nach raibh aige gléas le n-a fhághail, Mhionnuigh nach dtiubhradh domh sméar dá bhfeiceadh sé mé ag fághail bháis. Ghlac seisean sean-spáid bheag ghéar agus casúr maith tréan dhá lámh, Do mo bhonnaibh gur bhuain sé go géar gur chuir sé mé i néaltaibh báis. V. A Chaimbéil, nuair fhágfas tú an saoghal, go dtuga tú a n-íoc go cruaidh; Is cinnte, is tú ghealuigh mo dhlaoigh 'gus d'fhág tú mo chroidhe 'na ghual. Ní'l duine dá dtiocfadh 'un tighe nach gcoisgeoradh a chroidhe go cruaidh, — Ag mionnughadh nach bhfuighinn-se greim bídh, 's bhí críth ar mo chroidhe le fuacht! VI. Ag musgladh ar maidin Dia hAoine, bhí mé ag an Mhaoil ar teód, Ceangailte i leathtaoibh an tighe ar bhocán ag taoibh na bó. Nuair a chruinnigh siad 's caitheadh na díslí, chluinfidhe in gach taoibh a ngleó; Bhí cuid acu ag sgreadadh 's ag caoineadh agus Nicidh 'na shuidhe ag gabháil cheóil. VII. Mo mhallacht do'n dís bhuachaill óg a lean an bhean óg 'sa' tslighe; Le heagla go gcluinfidhe a gcómhrádh chuir siad mé 'ar ndóigh 'sa' díg. Níor fhág siad teach reaca ar an ród nár sgairt siad ar mórán dighe, 'S ba chuma cia ghoirfeadh an bheóir acht chaith- feadh an óigbhean a íoc. VIII. Nuair a bhí mé seal tamaill 'sa' díogaidh, is mheas mé gur chlaoite an dóigh, D'amhairc mé uaim ar gach taoibh go bhfeicinn an dís fear óg; Ghearr mé soir trasna na Maoile, an aith- ghiorra aníos Gleann Dómhain, Is tá mé 'nois thoir ag Druim Chaoin 's mo mhallacht dá dtaoibh do'n abhainn. Nótaidhe. B. = Brighid Ní Bhaoighill. O. U. = an dá chóibh ó'n Oileán Úr. S. = Séamus Bhailis. I. Is againn bhí: bhí agam, B.; thug se domh, O. Ú. spórsa (S): 'sport' ag cách. Buaidh: leasughadh é seo
uaim féin; 'greann' atá aca uile, agus an focal 'am' 'n-ár ndiaidh fá ndear, gan amhras. A bhínn: go mbínn, O. U. Gach uair (leasughadh): 'ach a'n uair, S., gach am, B., O. U. Ar philleadh 'na bhaile domh (S.): Nuair a bheireadh sé a bhaile mé B, O. U. Go gcorfainn .i. go ndéanfainn macnas nó súgradh. II. B'aithreach: b'aithrighe, S. ann (S.): 'orm' ag cách. Bhí mionna air nach bhfuighinn-se greim bídh (S.): 'Mhionnuigh nach dtiubhradh greim bídh domh' ag cách. Briseadh (O.Ú.): bhris siad, S., B. III. Seo mar atá an cheathramha so ag Séamas Bhailis anois (agus na trí cóibeanna eile ag teacht go dlúith le chéile ar mar chuireamar síos í!): A Champbell, dá ndearcthá ar ghach gábhadh a dtug mé ó'n bhás thú riamh, Ag tarraingt a gcuid soic agus málaidhe, clocha agus ádhmad tighe; Nuair a bhí tusa i sean-teach fá á'ró, d'fhág mé ort sgáth 'gus díon, &c. IV. Aige: nó acu, B. 's nach raibh acu: a Champbell 's gan, S. Do mo bhonnaibh gur bhuain sé (B., O. U.): Mo bhonna gur phioc sé S. V. Ag an bhfilidh féin ina aonar a fuaras an cheath- ramha so. Níor dho'n tsean-chuma í, go dearbhtha. Is cinnte .i. go deimhin. Choisgeoradh ó ‘cosgair’ .i. sgannruigh. VI. Ag musgladh ar maidin Dia hAoine (S.): Ar mhusgladh ar maidin domh aríst B., O. U. ag an Mhaoil (ag cách): ag an fhear mhaol, S. 'ar téad' atá aca uile agus is é an ceart 'ar téid': 'na dhiaidh sin, is do'n fhirinsgne 'téad' isna sanasánaibh ('téid ' 'na ghein- eamhnach) agus dá dhruim sin cuirim 'teód' síos mar ghioll ar an gcomhfhuaim dliththear do chách do na foclaibh deiridh. caitheadh (S.) ‘chroith siad’ ag cách. chluin- fidhe: chluinfeá, S. agus Nicidh: 's d'fhan Nickey, S. Ag gabháil (O. U.): ag dhul, S, S., B. VII. le heagla: ar eagla, O. U. go gcluinfidhe (S., O. U.): go gcluinfinn, B., O. U. chuir: chaith, S. Ar an ród: 'sa' ród, B. ghoirfeadh: sgairtfeadh, S. beoir .i. uisge beatha. a íoc: díol, Br. VIII. Nuair a bhí mé seal tamaill(O. U. I): Nuair a bhí mise seal, Br., Nuair a bhí me féin tamall, S. Do bhí an dara leath-bhonn ag B. mar so: D'amhairc mé thart ar gach taoibh díom. Is tá mé 'nois thoir ag Druim Chaoin: Is chuaidh mé as sin soir go Burndale, S.: Burndale atá aca uile ann, acht is beag nach aon áit amháin Burndale agus Druim Chaoin; Druim Chaoin an chuid is mó de Burndale. Tagartha ó Bhrighid Ní Bhaoighill. I. An mhín sin thuas .i. ailt bhán a bhí os cionn an tighe a dtugadh siad an Mhín air. [Ar an nGlaisigh atá teach Thuathail Uí Ghallchobhair, agus ní mór nach bhfuil sé os coinne tighe reaca Éamoinn Uí Mhuighe; do síneadh méar faoi dhúinn, an tráth bhíomar ag buaint fúinn ar Mhín na Gualann]. VI. A ngleó .i. collán bhí acu. [Is léire do'n fhear léighinn “gleó” 'ná “collán”, acht ní hé sin dálta do'n uile Ghaedhilgeóir]. VII. An óigbhean .i. an cailín aimsire, nó an cailín a bhí ar aimsir nó fosdach. Anois a léightheóir, is maith atá a fhios agam mé bheith ró-liosda ar fad duit. Táim dod' ghuidhe fám' leithsgéal do ghlacadh. Is leór ó Mhór a dícheall. Mac Tíre.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services