AN SEAN-CHAPALL BÁN.
Séamus Bhailis (nó Breathnach) cct.
I.
Nuair a bhí mise ag Tuathal 's mé óg, is
againn bhí spórs is buaidh:
Nuair a bheireadh sé leis mé 'un aonaigh i
dtoiseach a bhínn gach uair;
Ar philleadh 'na bhaile domh aríst, is ghníodh
sé mo shlíocadh suas,
Mar mheannán go gcorfainn le díomus ar
maidin fá'n mhín seo thuas.
II.
Thug sé do Chaimbéal faraor mé 's b'aith-
reach domh fhéin mo chuairt:
Mo cheangal i sean-teach gan díon 's an
sruth ann aníos 's anuas.
Bhí mionna air nach bhfuighinn-se greim bídh
's nach gcaillfeadh liom pighinn ná a
luach,
'S mé ag éisdeacht le tormán píob gur
briseadh mo chroidhe le cumhaidh.
III.
A Chaimbéil, dá dtuigtheá mo chás, ní fhuig-
feá mé ar lár ag an tsaoghal:
Nuair a bhí tú 'sa' tsean-teach fá á'ró, chuir
mé ort sgáth 'gus díon;
Tharraing mé soic agus málaidhe, clocha agus
ádhmad tighe;
Threabhainn an talamh 'sa' mhárta is d'fhuir-
sinn go sásta aríst.
IV.
Fá Shamhain nuair a ghannuigh an féar 's
nach raibh aige gléas le n-a fhághail,
Mhionnuigh nach dtiubhradh domh sméar dá
bhfeiceadh sé mé ag fághail bháis.
Ghlac seisean sean-spáid bheag ghéar agus
casúr maith tréan dhá lámh,
Do mo bhonnaibh gur bhuain sé go géar gur
chuir sé mé i néaltaibh báis.
V.
A Chaimbéil, nuair fhágfas tú an saoghal,
go dtuga tú a n-íoc go cruaidh;
Is cinnte, is tú ghealuigh mo dhlaoigh 'gus
d'fhág tú mo chroidhe 'na ghual.
Ní'l duine dá dtiocfadh 'un tighe nach
gcoisgeoradh a chroidhe go cruaidh, —
Ag mionnughadh nach bhfuighinn-se greim bídh,
's bhí críth ar mo chroidhe le fuacht!
VI.
Ag musgladh ar maidin Dia hAoine, bhí mé
ag an Mhaoil ar teód,
Ceangailte i leathtaoibh an tighe ar bhocán
ag taoibh na bó.
Nuair a chruinnigh siad 's caitheadh na díslí,
chluinfidhe in gach taoibh a ngleó;
Bhí cuid acu ag sgreadadh 's ag caoineadh agus
Nicidh 'na shuidhe ag gabháil cheóil.
VII.
Mo mhallacht do'n dís bhuachaill óg a lean
an bhean óg 'sa' tslighe;
Le heagla go gcluinfidhe a gcómhrádh chuir
siad mé 'ar ndóigh 'sa' díg.
Níor fhág siad teach reaca ar an ród nár
sgairt siad ar mórán dighe,
'S ba chuma cia ghoirfeadh an bheóir acht chaith-
feadh an óigbhean a íoc.
VIII.
Nuair a bhí mé seal tamaill 'sa' díogaidh,
is mheas mé gur chlaoite an dóigh,
D'amhairc mé uaim ar gach taoibh go bhfeicinn
an dís fear óg;
Ghearr mé soir trasna na Maoile, an aith-
ghiorra aníos Gleann Dómhain,
Is tá mé 'nois thoir ag Druim Chaoin 's mo
mhallacht dá dtaoibh do'n abhainn.
Nótaidhe.
B. = Brighid Ní Bhaoighill. O. U. = an dá chóibh ó'n
Oileán Úr. S. = Séamus Bhailis.
I. Is againn bhí: bhí agam, B.; thug se domh, O. Ú.
spórsa (S): 'sport' ag cách. Buaidh: leasughadh é seo
uaim féin; 'greann' atá aca uile, agus an focal 'am'
'n-ár ndiaidh fá ndear, gan amhras. A bhínn: go
mbínn, O. U. Gach uair (leasughadh): 'ach a'n uair, S.,
gach am, B., O. U. Ar philleadh 'na bhaile domh (S.): Nuair
a bheireadh sé a bhaile mé B, O. U. Go gcorfainn .i.
go ndéanfainn macnas nó súgradh.
II. B'aithreach: b'aithrighe, S. ann (S.): 'orm' ag
cách. Bhí mionna air nach bhfuighinn-se greim bídh (S.):
'Mhionnuigh nach dtiubhradh greim bídh domh' ag cách.
Briseadh (O.Ú.): bhris siad, S., B.
III. Seo mar atá an cheathramha so ag Séamas
Bhailis anois (agus na trí cóibeanna eile ag teacht go
dlúith le chéile ar mar chuireamar síos í!):
A Champbell, dá ndearcthá ar ghach gábhadh a dtug mé
ó'n bhás thú riamh,
Ag tarraingt a gcuid soic agus málaidhe, clocha agus
ádhmad tighe;
Nuair a bhí tusa i sean-teach fá á'ró, d'fhág mé ort
sgáth 'gus díon, &c.
IV. Aige: nó acu, B. 's nach raibh acu: a Champbell
's gan, S. Do mo bhonnaibh gur bhuain sé (B., O. U.):
Mo bhonna gur phioc sé S.
V. Ag an bhfilidh féin ina aonar a fuaras an cheath-
ramha so. Níor dho'n tsean-chuma í, go dearbhtha. Is
cinnte .i. go deimhin. Choisgeoradh ó ‘cosgair’ .i.
sgannruigh.
VI. Ag musgladh ar maidin Dia hAoine (S.): Ar
mhusgladh ar maidin domh aríst B., O. U. ag an Mhaoil
(ag cách): ag an fhear mhaol, S. 'ar téad' atá aca uile agus
is é an ceart 'ar téid': 'na dhiaidh sin, is do'n
fhirinsgne 'téad' isna sanasánaibh ('téid ' 'na ghein-
eamhnach) agus dá dhruim sin cuirim 'teód' síos mar ghioll
ar an gcomhfhuaim dliththear do chách do na foclaibh
deiridh. caitheadh (S.) ‘chroith siad’ ag cách. chluin-
fidhe: chluinfeá, S. agus Nicidh: 's d'fhan Nickey, S. Ag
gabháil (O. U.): ag dhul, S, S., B.
VII. le heagla: ar eagla, O. U. go gcluinfidhe
(S., O. U.): go gcluinfinn, B., O. U. chuir: chaith, S.
Ar an ród: 'sa' ród, B. ghoirfeadh: sgairtfeadh, S.
beoir .i. uisge beatha. a íoc: díol, Br.
VIII. Nuair a bhí mé seal tamaill(O. U. I): Nuair a
bhí mise seal, Br., Nuair a bhí me féin tamall, S. Do bhí
an dara leath-bhonn ag B. mar so: D'amhairc mé thart
ar gach taoibh díom. Is tá mé 'nois thoir ag Druim
Chaoin: Is chuaidh mé as sin soir go Burndale, S.:
Burndale atá aca uile ann, acht is beag nach aon áit
amháin Burndale agus Druim Chaoin; Druim Chaoin an
chuid is mó de Burndale.
Tagartha ó Bhrighid Ní Bhaoighill.
I. An mhín sin thuas .i. ailt bhán a bhí os cionn an tighe
a dtugadh siad an Mhín air. [Ar an nGlaisigh atá
teach Thuathail Uí Ghallchobhair, agus ní mór nach bhfuil sé
os coinne tighe reaca Éamoinn Uí Mhuighe; do síneadh
méar faoi dhúinn, an tráth bhíomar ag buaint fúinn ar
Mhín na Gualann].
VI. A ngleó .i. collán bhí acu. [Is léire do'n
fhear léighinn “gleó” 'ná “collán”, acht ní hé sin dálta
do'n uile Ghaedhilgeóir].
VII. An óigbhean .i. an cailín aimsire, nó an cailín
a bhí ar aimsir nó fosdach.
Anois a léightheóir, is maith atá a fhios agam mé bheith
ró-liosda ar fad duit. Táim dod' ghuidhe fám'
leithsgéal do ghlacadh. Is leór ó Mhór a dícheall.
Mac Tíre.